Tá comhairle amháin a thug na sean Gréagaigh págánta, Giúdaigh an tSean Tiomna agus ag oidí móra na Críostaíochta sna meánaoiseanna a bhfuil neamhaird iomlán déanta ag córas eacnamaíochta na linne seo de. Dúirt na daoine seo ar fad linn gan airgead a thabhairt ar iasacht ar ús - ach is airgead ar ús - infheistíocht - bun agus barr ár gcóras.Táimid ar fad ceangailte isteach sa chóras ar an iliomad slite - ag íoc ús ar mhorgáistí agus iasachtaí. Ach freisin ag brath ar ús a fháil i scéimeanna árachais agus pinsean. Agus tá tionchar thar a bheith casta aige seo ar an ngeilleagar tré chéile.
Nuair a thosaigh córas an stocmhalartáin ar dtúis, sna tithe caife, is éard a bhí i gceist ná fir gnó ag teacht i gcabhair ar a chéile, farasbarr duine amháin ag cuidiú le leachtacht gnó eile, go dtí go dtáinig a long i dtír. Thuig na hamhantraithe seo an baol, agus an brabach; ba den ghnó iad.
Ach anois, tá ár bpingineacha uile ag dul isteach in oll-chistí infheistíochta, agus córas thar a bheith casta idirghabhálaithe idir na foinsí airgid agus iad siúd a bhfuil siad de dhíth orthu. Níl aon nasc idir an fiontraí agus an fiontar. Níl aon suim sna torthaí fad théarmacha - praghas an lae agus torthaí na ráithe amháin a shocraíonn luach saothar an idirghabhálaí, agus atá mar slat tomhais aige chun airgead a bhogadh sall is anall.
Rud a chothaíonn bréag geilleagair, agus easpa straitéise. Tá taicticí níos tábhachtaí - cuma na maitheasa a chuir ar na torthaí ráithe, agus moladh a fháil ó na anailísithe - arbh minic gur Tadhg an dá thaobhanna iad, ag cuir comhairle ar infheisteoirí agus feidhmeannaigh, agus ag saothrú as suas agus anuas na stoic chomh maith. Bíonn gné láidir nasctha le praghas an stoic in íocaíocht na feidhmeannaigh - idir roghanna stoic agus bónais.
Rud a fhágann na fostaithe thíos leis an scéal go minic. Agus, gan amhras an pobal a mbíonn orthu íoc bealach amháin nó bealach eile as an easpa straitéis.