Tháinig sé go pras. Is maith liom é! Is maith liom an leagan amach A5. Tá sé léite ag duine de mo mhic, agus thaitin sé leis. Ní raibh deis ag an duine eile fós - beidh súil agam léirmheas a mhealladh uaidh siúd nuair é fhilleann sé ó champa gasóga.
Meascán mhaith de phíosaí gairide - sceitseanna - agus scéalta atá ann.
Má tá sé le bheith buan, tá roinnt oibre le déanamh ar an leagan amach. Mar shampla, ag tús an iris tá sraith greannán aon leathanach de chuid Dab's. Bheadh sé níos fearr, dar liom, na píosaí seo a scaipeadh tríd an iris, idir na píosaí fada.
Bhí sé deacair a dhéanamh amach cár stop scéal amháin, agus cár thosaigh an chéad scéal eile. Bheidh teideal de dhíth ar roinnt de na píosaí, seachas, mar atá, nod bheag ag barr an leathanaigh.
I measc na údar eile tá
- Bob Byrne (a bhfuil tuairimí láidre aige faoin nGaeilge!) [Teidí le Eidí - measartha]
- Alan Nolan [Na Bleachtairí Óga - an mhaith! Scéal iomlán, ach féidearthachtaí sraithe mhaithe]
- Finnbarr Christie & Stephen Downey [Bliain a hAon - níor thuig mé é! Is dócha go bhfuil mé ró shean. Caithfidh mé ceist a chuir an na buachaillí. Mionrud eagarthóireachta - a Haon atá sa teideal, seachas a hAon]
- Julian Neel [Lou, cartún gan focail, go maith]
- Mike Lynch/John Cullen [Dúréalta - n'fheadar. B'fhéidir go bhfuil gá le réamhfhocal nó rud éigin. Níor thuig mé an scéal. Ach féidearthachtaí ann]
- Philip Barrett [Nicól Óg. Iontach! Scéal iomlán, féidearthachtaí sraithe, an-spraoi.]
- Loic Nicolof [Léo Passion Rugby, an-mhaith ar fad,]
Tá an obair curtha isteach ag foireann RíRá, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leo forbairt a dhéanamh ar an iris. Má éiríonn liomsa roinnt focail a mhealladh ó mo chlann mic, cuirfidh mé leis an léirmheas seo!
Beidh mé ag súil leis an gcéad eagrán eile...