Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label narnia werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label narnia werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2023-04-14

Ceist na gCalarméin


Spreagtha ag leabharmheas Eoin Ó Murchú ar an Capall agus a Ghiolla.

Is maith liom C. S. Lewis. Ach is fear dá aicme, dá ré agus dá threibh é, agus níl sé saor ó chlaonta. Is fabhalscéalta Críostaí iad scéalta Narnia, cé nach gá iad a léamh mar sin. (Agus ní sin léamh Antain Mhic Lochlainn orthu, gan amhras).

Tá go leor plé déanta ar Cheist Susan - an ceathrú duine de Chlann Pensenvie. Sa leabhar deireanach, An Chath Deireadh, deirtear nach "cara le Narnia feasta í", é le tuiscint go bhfuil sí meallta ag miangas an tsaoil. Is iomaí léamh ar a scéal, agus is cosúil go ndúirt Lewis féin nach raibh ar a chumas a scéal a scríobh i gceart - le tuiscint nach raibh sí damnaithe go hiomlán aige. (Rinne Neil Gaiman scéal dorcha as nach raibh mé in ann meabhair a bhaint as).

Mura bhfuil dul amú orm, tá ceist na gCalarméin luaite ina réamhrá ag Antain (níl an leabhar le lámh anois agam). Is i dtír na gCalarméin atá insint An Capall agus a Ghiolla lonnaithe don gcuid is mó. Tarlaíonn an scéal le linn do na ceathrar Pensevie a bheith i gcoróin i Narnia i ndiaidh dóibh an Bandraoi a chloí. Tá cosúlachtaí go leor idir na Calarméin agus na hArabaigh feodacha. Ríocht mór fairsing. Codarsnacht idir é agus tír bheag saor Narnia agus an tír beag eile sa scéal (nach bhfuil a ainm ag teacht liom agus é seo a bhreacadh ar bhus.)

Narnia tír na saoirse agus laochra an scéil ag iarraidh éalú chuige. Rí dhamhna na Calarméine ag iarraidh seilbh ar ais nó ar éigin a fháil ar na tíortha beaga. 

Cruálach sotalach atá uasaicme na Calarméine san insint, agus sleamhain glic fealltach an chosmhuintir. An eile naimhdeach. Tá na cosúlachtaí le dearcadh na nEorpach ar impireacht na Tuirce follasach.

Luaitear na Calarméin go tánaisteach i Turas siúlóir na camhaoire, agus tá siad lárnach sa Chath Deireadh. Tá pearsa uasal Calarméineach sa scéal sin, ach shílfeá go bhfuil sé sin féin ag treisiú na claontuairimí.

Níl fhios agam cad é an dóigh ceart plé lena leithéid sa litríocht. Is dócha nach bhfuil éalú uaidh, mar tá namhad de dhíth ar aon laoch, agus más ar thaobh na saoirse agus na gile atá an laoch ní mór don namhaid bheith ar thaobh na daoirse agus an dorchadais. 

Is dócha áfach gur comhartha maith é go mothaím míchompord. 

Agus sin mo racht go n-uige seo. 


2008-07-03

Dar an Leon!

Chonaic mé an dara gála de Chroinicí Narnia le mo ghasúr dé Domhnaigh - Prince Caspian

Do léigh - agus bhain mé taitneamh as leabhair Lewis i mo dhéaga luath, agus tá siad athléite agam cúpla uair ó shin.

Tá an scannán rud beag níos dorcha na na leabhair, ach is dóigh liom go bhfuil sé dílis.

Tá Caspian an scannáin níos sine agus aibí ná sa leabhar; agus tá an imreas idir é agus Peter ana inchreidte, agus tugann sé deis tionchar an uabhair ar an ngníomh a ríomhadh. Thaitneoidh sin le Lewis, is dóigh liom. Bhí an cathú dóibh araon cabhair a ghlacadh ón gCailleach Bán ana mhaith.

Thaitin carachtar Trumpkin go mór liom - an cancrán agnóiseach le croí órga.

Bhí na carachtar ar fad spéisiúil - an Ghinearáil Telmarach réabtha idir a choinsias agus a dhualgas, an Rí uaillmhianach, brúidiúil agus a chomhairleoirí sleamhna. Bhí creideamh láidir neamhurchóideach Lucy ann, agus síol saoltachas Susan le feiscint.

Rud spéisiúil eile - bhí canúint Easpáinneach ag na Telmaraigh san scannán. N'fheadar an comhtharlú a bhí ann, toisc an aisteoir i bpáirt Chaspian a bheith den cine úd. Bhíodh tráth ann gur ó Oirthear na hEorpa na "drochdhaoine" i scannán, rud a d'oir don bholscaireacht an ré úd.

Bhí an tírdhreach (an Nua-Shéalainn, sílim) go hálainn ar fad.

Tríd is tríd, leagan mhaith de scéal maith.