Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label afraic werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label afraic werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-10-27

Briseann briathra srónacha

 

John Maguire, Tadhg Mac Dhonnagáin,
Sinéad Ní Scolaí Barzaz, Antain Mac Lochlainn
 

Oíche Céadaoin bhí mé in Áras na Scríbhneoirí do sheoladh Tír Bheag, aistriúchán Antain Mhic Lochlainn ar Petit Pays le  Gaël Faye

Tá Barzaz ag athghaibhniú naisc na nGaeil le litríocht an bhfrancafón. Litríocht ina bhfuil guthanna na pobail faoi chois le clos ann chomh maith le guthanna La Grande Nation.  Francach ó thaobh a athair, Tútsaí ó thaobh a mháthair é Gaby, atá bunaithe go scaoilte ar Gaël Faye féin.  Corr scáfar ina scéal briseadh amach faltanas a chruthaigh agus a chothaigh na coilínithe. 

Thug John Maguire, a sheol an leabhar, léargas dúinn ar an gcúlra staire. Ladar na nGearmánach, na Beilgigh agus na Francaigh sa scéal, iadsan a chruthaigh agus a chothaigh deighilt eitneach san áit nach raibh ann dáiríre ach deighilt aicmeach. Ladar ag na Francaigh fós sa scéal, iad ag iarraidh an Francafóin a chosaint ar leathnú an Bhéarla - teanga a bhí tógtha chucu féin acu siúd a theith go dtí Uganda.  

Fuaireamar blaiseadh freisin de cheol Gaël Faye. Chuala duine den aos liteartha thall na hamhráin céanna agus d'aithin an mianach iontu. Spreag sí Gaël Faye le tabhairt faoina scéala scríobh; scríobh sé an t-úrscéal cumhachtach seo.

Tá leisce orm an scéal a mhilleadh, mar sin ní habróidh mé ach go bhfuil níos mó na teacht in inmhe ghnáth déagóra meánaicmeach i gceist - go bhfuil tragóid ceantar na Locha Móra, atá fós ag dul ar aghaidh, léirithe i saol an déagóra céanna.

Bildungsroman a thug John Maguire ar an saothar; ach tá níos mó na Bildung (i. oideachas, tógáil, oiliúint, múnlú) i gceist. 

Tá fiacha troma orainne san Eoraip, a bharr buntáiste as an gcoilíniú agus atá fós ag cuir ladar i scéal na hAfraice. Ar a laghad ba cheart dúinn aithne a chuir ar thoradh ár ngníomhartha agus gníomhartha ár sinsir. (Ní ghéillim go bhfuil Éireannaigh saor ón smál - cinnte, rinneadh coilíniú orainne - ach bhí amhais Éireannacha ann. Agus misinéirí. Bhí cuid acu báúil leis na cultúir dúchais; ach cuid eile acu scaip siad doiscéal feabhas an chine ghil agus a chultúir. 

Caithfear léamh!



2020-11-28

Diabhal ar an gCros

Is amhlaidh, nuair a tháinig an athdhianghlasáil agus dúnadh na leabharlainne gur cheannaigh mé leagan Kindle Devil on the Cross le Ngũgĩ wa Thiong'o. Seo an chéad úrscéal a scríobh sé ina theanga dhúchais. Scríobhadh an t-úrscéal ar pháipéar leithris sa ghéibheann, áit a raibh sé curtha gan triail i ndiaidh dó bheith gníomhach le meitheal pobail ag scríobh agus ag léiriú dráma.

Scéal - idir réalaíoch agus osréalach - Warĩĩnga atá ann, bean óg a bhfuil corr curtha ina chinniúint toisc gur bhréag seanfhear saibhir í ach dhíbir uaithi é nuair a d'éirigh sí torrach. Ag tús an úrscéil tá an cuma air go bhfuil sí tar éis a saol a chuir le chéile arís, ach ansin cailleann sí a post mar rúnaí cionn is nach bhfuil sí toilteanach luí leis an bas. Tréigean a leannán í mar go gcreideann sé gur ghéill sí. Díbríonn an tiarna talún as a hárasán í.

Cosctar í as lámh a chur ina bás féin, agus taistealaíonn sí abhaile go dtí a ceantar dúchais Ilmorog. Ar tacsaí roinnte, áit a mbíonn allagar faoi cás Chéinia idir na paisinéirí. Faigheann siad uilig cuireadh ag cóisir lucht gadaíochta. 

Cóisir is comórtas sách osréalach atá ann, agus tagann deireadh leis nuair a thugann slua den gcosmhuintir faoi ach go gcoscann an phéas go foréigeanach iad.

Tugann na heachtraí misneach do Warĩĩnga a haisling bheith ina hinnealtóir a chuir i gcrích. Filleann sí ar an oideachas, faigheann sí obair mar mheicneoir chun íoc as, fásann caidreamh idir í agus duine eile de na paisinéirí ar cumadóir ceoil é.

Bíonn an dara turas go hIlmorog i gceist chun a gealltanas a fhógairt dá teaghlach féin agus dá theaghlach saibhir siúd - ach cuirtear corr eile san scéal ansin. 

Úrscéal cumhachtach polaitíochta atá ann, agus an réalachas ina orlaí tríd an osréalachas agus taibhrimh Warĩĩnga. 

Níl aon réiteach néata i gceist ach agraíonn an údar a chás (Marxach) go láidir agus go sciliúil, agus de réir mar a thugann Warĩĩnga droim láimhe do sodar i ndiaidh na huaisle eachtrannacha is ea téann sí i gcumas agus in áilleacht. 

Lón machnaimh agus léamh taitneamhach araon. 

2020-05-12

Ngũgĩ wa Thiong’o

Lé cúpla bliain anois táim ag léamh corr leabhar as Béarla le húdar éagsúla ón Afraic. Léigh mé úrscéal fhada casta Ben Okri The Famished Road.

Faoi láthair (le bac sealadach ó Covid-19) táim ag treabhadh tríd saothair Ngũgĩ wa Thiong'o. De bhrí go bhfuil mé á fháil ón leabharlann agus de réir mar a thagann teideal faoi mo bhráid is meascán mearaí atá léite agam idir úrscéalta agus cuimhní cinn. 

Tá an dá rud fite fuaite le chéile feictear dom de bharr a óige i gcoilíneacht. Deartháir leis i bpéas na Sasanach, deartháir eile leis in Airm na Talún agus Saoirse, ar ar bhaist na Sasanaigh an Mau Mau. É ar a dhícheall oideachas a fháil chun rud a dhéanamh ar a mháthair. Ach gan éalú aige ón méid a bhí ag titim amach cé gurbh tearmann áirithe scoil agus ollscoil dó. 

Níl na cuimhní cinn a bhaineann lena streachailt leis na deachtóireachtaí iar neamhspleáchas léite agam fós, a spreag úrscéalta spéisiúla. 

Ná níor éirigh liom fós teacht ar a shaothar faoi díchoilíniú na hintinne. 

Ach tá an méid a léigh mé, idir ficsean agus dírbheathaisnéis, iontach spéisiúil agus spreagúil. 

Leanfaidh mé orm! 

Is dóigh liom go bhfuil cás na hÉireann eisceachtúil, ach go bhfuil rudaí le foghlaim againn ó údair na hAfraice atá ag iarraidh a gcultúr a athshealbhú. 

Ach ní mór dúinn aithint go raibh lámh againn sa choilíniú freisin agus gur bhaineamar mar tír agus pobal brabach áirithe as. Agus mar a luaigh mé agus Dúdhúchas Uí Máille a phlé agam tá mé idir dhá chomhairle faoi ról - nó róil - misinéirí as Éirinn. Is le misinéirí Protastúnacha Sasanacha is mó a bhí Ngũgĩ wa Thiong'o ag plé, ar ndóigh, nó le heaglaisí Afracacha a d'eascair astu. 

Tá marana le déanamh. 

Anseo thíos an méid atá léite agam go n-uige seo :






Weep Not, Child - úrscéal
Wizard of the crow - úrscéal
Petals of blood - úrscéal

Dreams in a time of war : a childhood memoir
In the house of the interpreter : a memoir
Birth of a dream weaver : a writer's awakening.
The Trial of Dedan Kimathi - dráma 

2019-06-01

Mo mháthair ag an mBainis Ríoga

Agus mé ag fás aníos bhí tréan rudaí ón Afraic sa tigh. Druma. Coinnleoir copair. Seithe liopaird fiú. D'imigh dhá tua as radharc nuair a d'éirigh comhraic aonair inár measc rud beag ró dháiríre...

Bhí fhios agam go raibh seal caite ag mo mháthair san Saimbia roimh pósadh di, ag múineadh scoile. (Chuala ó shin gurb amhlaidh gur bhailigh sí léi mar gur mheas sí go raibh suirí ag teacht idir m'athair agus staidéir dá chéim!)

Bhí fhios agam go raibh bean ón Afraic ina cónaí linn agus mé ana-óg - agus go raibh sí ag bainis mo mháthair roimhe.

Níor thuig mé go dtí traidhfil blianta ó shin go mba ball de theaghlach ríoga thall í agus gur chiallaigh na bráisléid eabhair a chaitheadh mó mháthair go minic go raibh sí glactha ina deirfiúr fola aici agus ríoga dá réir! Agus gurb iad na mná san sliocht sin a bhíonn ag rialú (go deasghnách, le hais an rialtas daonlathach).

Le déanaí thug aint liom nuachtán ón Afraic dúinn ón uair úd ina raibh tuairisc ar an mbainis, agus sonra tugtha don aoi aduaidh as Éirinn ann.

Agus go deimhin ról na manaigh Éireannacha i gceiliúradh na bainise, rud a bhí suntasach is cosúil i 1967.

Tá tagairt ann freisin don "latest polyester fabric" i gculaith dhubh an grúim.

Tá an nuachtán dhá-theangach (níl mé cinnte cé an teanga áitiúil).

2017-12-14

Nnedi Okorafor

Nasc a scaip Neil Gaiman d'alt a spreag mo shuim i Nnedi Okorafor. Bhí a scríobhnóireacht samhlaíoch molta san alt aige agus ag Ursula le Guin, beirt a bhfuil ana mheas ar a shaothar agam.
Scríobh mé anseo cheana faoi Binti, an chéad leabhar a léigh mé. A bhuí le córas iontach na leabharlanna, tá an dara imleabhar léite freisin agam (agus an tríú réamh cheannaithe don Kindle). Tá trí leabhar eile léite freisin agam.
I Lagoon tagann eachtardhomhandaigh go farraigí Nairobi ag cuir corr suntasach i saol na tíre sin; corr a fheicimid tríd súile triúr a thugann na eachtardhomhandaigh le chéile d'fhonn idirghabháil a dheánamh dóibh.
Baineann The Book of Phoenix le todhchaí ina bhfuil comhlacht príobháideach i mbun innealtóireacht ar dhaoine, ag cruthú neacha le hollchumhachtaí. Is bean de bhunadh na hAfraice í Phoenix, níl sí saolaithe ach dhá bhliain ach de bharr an t-innealtóireacht uirthi tá cuma daichead bliain uirthi. Déanann sí, agus roinnt eile do na neacha atá curtha as a riocht muirthéacht. Tá go leor breise sa scéal ach tá drogall orm é a mhilleadh!
Úrscéal cumhachtach pianmhar is ea Who fears death? Ewu (baolach i Yoruba) í laoch an scéal, Onyesonwu (igbo ar 'cé air a bhfuil eagla roimh an bás?').  Gineadh í nuair a éignigh fear Nuru (Arabach) a máthair Okeke (Afracach). I domhain iar apacailipteach tá creideamh ann gurb iad na hOkeke atá ciontach as, agus gur dual do na Nuru sclábhaithe a dheánamh daoibh. Tá col agus eagla roimh Ewu fearacht Onyesonwu. Diaidh ar ndiaidh tuigeann sí gur asarlaí í, cumhacht aici a cruth a athrú. Tugann sí aghaidh ar a hathair chun an sean reacht a scrios agus a gceart a bhaint amach do Okeke.
Tá na scéalta ar fad báite i mbéaloideas agus creidimh na hAfraice. Pléitear caidreamh idir ciníocha, idir baill teaghlaigh, miangas na mban is na bhfear, foréigean agus fuath. Tá gearradh baill ghiniúna bainteach le scéal Onyesonwu.
Fearacht an damháin alla agus na hasarlaithe fáisceann Nnedi Okorafor as pian agus fuinneamh an tsaoil as fíonn scéal láidir ar lón machnamh é.
Is cosúil go raibh a dhá oiread scríofa aici faoi Onyesonwu, scéal a d'eascair as bás a hathair féin agus freisin as léamh faoi éigniú mná Afracacha ag Janjaweed an Súdáin, iarracht comhfhiosach pobail a scriosadh. Rinne sí dian eagarthóireacht ar an scéal chun é a laghdú go toirt leabhar amháin. Ar an mórgóir d'éirigh léi- ach is dóigh liom go raibh deireadh agus buaic an scéil ró thobann dá bharr.
Tá sraith eile leabhar scríofa aici nach bhfuil teacht agam orthu tríd na leabharlanna - Akata Witch agus Akata Warrior. Asarlaíocht agus bean óg de dhúchas na Nigéire a rugadh i Meiriceá ach a d'fhill. Í ina hailbíneach agus mar sin imeallaithe faoi dhó.
De bhunadh Igbo í Nnedi Okorafor féin, agus í tógtha i Meiriceá ach ag filleadh go minic ar fód a sinsir. Naijamerican an cuir síos aici uirthi féin. Fágann sin tuiscint ar an Afraic agus deighilt a thugann deis di é úsáid mar ábhar scéalaíochta aici. Bhí sí ag díriú ar saol aclaíochta go dtí gur chuir scolóis corr ina chinniúint.
Tá samhlaíocht agus spreagadh sna scéalta, léargas neamhghnách i bhficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Ábhar machnaimh freisin gan a bheith ag seanmóireacht. Mná láidre a laochra, gan a bheith foirfe - iontach daonna.
Beidh mé ar thóir tuilleadh!

Aguisín, 2018-01-21

Cheannaigh mé an tríú leabhair Binti - The Night Maskerade le teann mífoighne. Cheannaigh mé é sular foilsíodh é ach seoladh chuig mo Kindle i rith na seachtaine é. Tá sé níos faide agus níos cumhachtaí arís ná an dá imleabhar eile, agus an cuma air gur tubaiste atá i ndán do Bhinti agus a cairde - cairde atá scaipthe thar cine éagsúla agus pobail éagsúla daonna anseo.

Tá lón marana iontach ann san dóigh a théann sí i ngleic leis an tubaiste; go síochánta, ag iarraidh a gairm mar "harmoniser" - réiteoir a chuir i gcrích.

Níl sé éasca mórán a rá gan an scéal a mhilleadh - ach a rá go bhfuil casadh agus corr iontacha ann don léitheoir.

Anois caithfidh mé teacht ar Akata Witch agus Akata Warrior - ar chúis nach dtuigim níl ceachtar ar fáil sa leabharlann ná don Kindle.

2014-07-12

Athchuairt ar Mhéirscrí na Treibhe

Chinua Achebe; Íomhá Stuart C. Shapiro
Le deireanas tá dornán d'úrscéalta Chinua Achebe léite agam de bhrí go bhfaca san leabharlann iad - Things fall apart, Anthills of the Savannah agus A Man of  the People.

Thaitin siad go mór liom. Chuir tagairt san leabhar deiridh úd do "Múinteoir réabhlóideach Éireannach" Alan Titley agus a leabhar Méirscrí na Treibhe i mo cheann.  Leabhar a bhain mé sult as ainneoin paistí crua, agus leabhar a bhraith mé a tháinig an ghar don saol a léiríonn Achebe freisin.

Níorbh é Alan an Éireannach Réabhlóideach gan amhras, cé gur chaith sé féin tamall i ngéibheann san Afraic.


Bhí sé de dhánacht ionam tráth fiafraí de an mbeadh fonn air eagar a chuir ar Méirscrí na Treibhe d'fhonn é dhéanamh níos soléite agus teacht ar léitheoireacht níos leithne. Cé gur ghéill sé go raibh deacrachtaí ann, níl - mar a thuigfeá - fonn ar athchuairt a thabhairt ar saothar déanta.

B'fhiú do léitheoirí streachailt leis mar sin féin; tá boladh agus blas na hAfraice le fáil ann, beagnach mar atá i saothar Achebe.

2009-12-30

Gluais, a mhic, gluais


Cheannaigh mo mháthair "Gluaiseacht" do mo mhac is sine. Mar is gnách le déagóirí, tá sé deacair é a spreagadh chun dea leabhair Gaeilge a léamh. Ach tá an leabhair léite agamsa. Cé go mbíonn Alan Titley ag aclú na Gaeilge go hiondúil agus é a scríobh do dhaoine fásta, ní hamhlaidh anseo. Ní "Gaeilge simplí" (pé ní é sin) atá i gceist, ach Gaeilge soléite, cuí.

Scéal ógánaigh ón Afraic, teifeach, agus a bhealach ó thuaidh go dtí an Eoraip, tír tairngire an óir ar na sráideanna, bia agus obair do chách. Mar a fuair gach teifeach riamh amach, ó aimsir an chéad chathair anall, ní hamhlaidh atá. Do gach Dic Whittington, tá na mílte gan ainm a d'éag gan cháil.

Is amhlaidh anseo freisin, agus ag deireadh a imram, is léir nach bhfuil dea chríoch i ndán don laoch. Ní luaitear logainm ar bith sa scéal - rud a chuireann leis an cumhacht. Scéal na céadta atá ann, scéal na hAoise seo. Scéal an ghluaiseacht gan sprioc insroichte. Agus ceisteanna á ardú. Tuige go bhfuil feithidí na hEorpa sách ar a nduilleoga, ag cáineadh a mbráithre as an iomarca acu a bheith ag iomrascáil san deannach?

Scéal sár mhaith, arbh fiú é a léamh. (Súil agam mo mhac a mhealladh chuige uair éigin!)


Gluaiseacht
Alan Titley
ISBN 9781857917550
An Gúm 2009

Íomhá: Gaineamhlach i Libya le Luca Galuzzi - www.galuzzi.it