Agus mé ag fás aníos bhí tréan rudaí ón
Afraic sa tigh. Druma. Coinnleoir copair. Seithe liopaird fiú. D'imigh
dhá tua as radharc nuair a d'éirigh comhraic aonair inár measc rud beag
ró dháiríre...
Bhí
fhios agam go raibh seal caite ag mo mháthair san Saimbia roimh pósadh
di, ag múineadh scoile. (Chuala ó shin gurb amhlaidh gur bhailigh sí léi mar gur mheas sí go
raibh suirí ag teacht idir m'athair agus staidéir dá chéim!)
Níor thuig mé go dtí traidhfil blianta ó shin go mba ball de theaghlach ríoga thall í agus gur chiallaigh na bráisléid eabhair a chaitheadh mó mháthair go minic go raibh sí glactha ina deirfiúr fola aici agus ríoga dá réir! Agus gurb iad na mná san sliocht sin a bhíonn ag rialú (go deasghnách, le hais an rialtas daonlathach).
Le déanaí thug aint liom nuachtán ón Afraic dúinn ón uair úd ina raibh tuairisc ar an mbainis, agus sonra tugtha don aoi aduaidh as Éirinn ann.
Agus go deimhin ról na manaigh Éireannacha i gceiliúradh na bainise, rud a bhí suntasach is cosúil i 1967.
Tá tagairt ann freisin don "latest polyester fabric" i gculaith dhubh an grúim.
Tá an nuachtán dhá-theangach (níl mé cinnte cé an teanga áitiúil).