Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label ogham werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label ogham werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-07

Anrocomraircnicsiumairne

 Ocht sillaba isan focul is mo isan Gaedilc, ut est, fiannamailcecheterdarai
& anrocomraircnicsiumairne, & rl.

Auraicept na n-Éces (Uraiceacht na nÉigise) 

Anrocomraircnicsiumairne,
Thomas Keyes, 2024

anrocomraircnicsiumairne: gach botún a rinneamar
᚛ᚐᚅᚏᚑᚉᚑᚋᚏᚐᚔᚏᚉᚅᚔᚉᚄᚔᚒᚋᚐᚔᚏᚅᚓ᚜
 

U679.2. Anno Domini .dc.lxx.uiii.
Cenn Faelad m. Ailella m. Baetain sapiens pausauit.

Tráthnóna dé Máirt bhí mé i láthair in Acadamh Ríoga na hÉireann agus saothar ealaíne á bhronnadh ar an Acadamh. Saothar ealaíne a cruthaíodh mar chuid den dtogra OPal+, togra a bhfuil an cúram air feasacht faoi Ogham, agus go háirithe torthaí an togra Og_h_am a scaipeadh.

Thomas Keyes an t-ealaíontóir - fear a thosaigh a ghairm ag scríobh ar bhallaí ach ar saineolaí anois é ar scríobhaithe agus lámhscríbhinní na meánaoiseanna, agus é ag cruthú saothair ealaíne ag baint feidhm as na modhanna traidisiúnta.

Ba é David Stifter Ollscoil Mhá Nuad fear an tí, comhoibriú idir Ollscoil Glaschú agus Má Nuad atá i gceist leis an dá thogra.

Thug an Dochtúir Deborah Hayden  léargas ar ogham, agus go háirithe a úsáid síos tríd na blianta, go dtí an lá inniu féin. (Tá fáil air i Unicode. Bhain mé feidhm as ᚛ᚐᚅ ᚄᚒᚔᚑᚋᚆ ᚄᚓᚑ ᚜ don sliocht thuas. Labhair Deborah faoi na nótaí imill, agus úsáid oghaim i lámhscríbhinní chun eolas a cheilt ar an ndaoscarshlua. A mhalairt de chuir cuige ag scoláirí an lae inniu - flosc orthu ag roinnt agus ag scaipeadh eolais, agus as sin Opal+ agus an saothar ealaíne. 

Is i leabhar Bhaile an Móta atá ceann de na cóipeanna is iomlán den Auraicept. Saothar a leagtar, i measc údair eile, ar Cenn Faelad. Ní cuimhin liom a scéal seisean a chlos cheana. Is cosúil gur goineadh sa cheann é ag Cath Mhá Tuireadh. Rinneadh smidiríní dá inchinn dearmaid, agus bronnadh cuimhne eisceachtúil air dá réir. 

Tá scéal cruthú na Gaeilge as fuíoll na dTeangacha iar Bháibil san Uraiceacht. Éacht a rinne Fenius Farsaid. 

 “Féach,” arsa an Tiarna, “aon mhuintir amháin iad le haon teanga amháin acu go léir. Níl sa mhéid seo ach tús na mbeart a dhéanfaidh siad; níl aon ní dá bhfuil acu á bheartú nach bhféadfaidh siad a chur i gcrích.
Tugadh Báibil uirthi uime sin mar go ndearna an Tiarna cíor thuathail de theangacha an domhain go léir ansiúd; agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne go léir.

Thug na rudaí seo ar fad inspioráid do Thomas Keyes. Ach ní hamháin go ndeachaigh sé in ngleic leis na focail i leabhar Bhaile an Móta, ach - mar a léirigh sé ina chaint spreagúil - le déantús an leabhair. 
Pár réitithe ar an dóigh céanna, le haol agus uisce. Scríobadh cúramach. Thug sé suntas do ghnéithe den obair - a laghad damáiste atá sa phár, fianaise dar leis ar úsáid uisce ina raibh go leor aoil, agus ar bhealach nach mór tionsclaíoch - níl mórán dochar déanta ag mionchlocha, mar a bheadh i sruthán ann. An scríbhinn féin. Dar leis, bhí na grafnóirí ag obair ar luas lasrach - ach bhí an caighdeán ard agus leanúnach, gnéithe de ar féidir iad a rianadh siar go dtí an naoú aois. Traidisiún caomhach - mar atá, dar leis, ag ealaíontóirí graffiti an lae inniu. An dóigh a déantar taganna múnlaithe i Nua Eabhrac na n-ochtóidí faoi chúinsí ar leith (Tá briathra na fáithe le léamh ar bhallaí an Subway). Na taganna fós amhlaidh ach na cúinsí athraithe. 

Déantús ceimice dúiche - idir dubh agus daite. Léargas iontach. 

Sa phíosa féin, tá ainm Nemruadh in ogham nua-aoiseach trí thoiseach, agus túr úr Báibil i mBaile Átha Cliath. Tagairtí do armas na cathrach. Do húdair an Auraicept. Do healaíontóirí graffiti thuaidh is theas. 

Uraiceacht ann féin an saothar, breac le noda ar gá eolas len iad a scaoileadh! 

Adrodimes do no dosum anísin o ua brathar a athar o fuillter go mad tor Nemruaid he ar chena. 





2021-08-16

An Teampall Geal


Go háirithe ó chonaic mé físeáin Molscéal faoin ceiliúradh ar oíche Naomh Eoin ann, bhí fonn orm cuairt a thabhairt ar an dTeampall Geal. (Tá fonn orm fós bheith i láthair ag ceiliúradh ann!)

Inné mar sin, le cabhair ón léarscáil, chuaigh mé sa tóir ar le m'athair. Gar don áit féin tá comharthaí treoracha soiléire. Bhí leathshúil agam go mbuailfimis le Toose Mac Gearailt ar leis an talamh (ach ní raibh sé de dhánaíocht agam buaileadh ar a dhoras). Bhuaileamar lena mhadra ar aon nós! Neach cairdiúil lingeach - cé nach maith liom féin madraí!

Tá saibhreas seandálaíochta sa phríomhláthair. Fothrach airigil mar atá i nGallarus, cloch ogham cosanta ó eallach ag bandaí miotail, crosleac, poll faoi thalamh - Souterrain - ina bhfuil, is cosúil, roinnt seomraí. Ach ní dhearna mé iarracht dul isteach tríd an bpoll chúng ar a dtugtar Poll na Sagart! 

Maidir leis an dtobar féin, ba mhór an chabhair an cuir síos ar an mblag Holy Wells of Cork and Kerry. 

Bhí sé ag ceobhrán agus sin ann, mar sin ní bhfuaireamar na radharcanna áille atá le feiceáil ar lá glan. 

Tá súil agam filleadh, áfach - ar Féile Eoin, le cúnamh Dé.