Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Sean Ghaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Sean Ghaeilge werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-25

Géarchúis ghoile ghéar


Roinnt blianta ó shin thug David Stifter, ollamh le Sean Ghaeilge i Má Nuad, caint ag Imbolc. Ina dhiaidh sin thosaigh mé ag leanúint cuntas Twitter @ChronHib. Agus ag cuir spéis sna dána digiteacha agus na daoine ag plé leis an tsean litríocht. Eangach ag fás diaidh ar ndiaidh. Ceann de na nóid san eangach sin is ea Elizabeth Boyle, nó The Celticist. Scoláire géarchúiseach. Teagmháil fánach eadrainn. Anois is arís d'fheicfinn tagairt dá leabhar Fierce Appetites.

Phrioc tagairt éigin de na tagairtí sin mé le déanaí. Chuir mé fios air ón leabharlann. 

Dialann bliana ar leibhéal amháin, bliain Chovid. A thosaigh le bás a hathair. Ní covid a sciob é, ach an lorg a d'fhág ró dhúil san ól ar a colainn. Tá an leabhar faoistiniúil - go pointe áirithe. Ní nochtar gach rún. Shamhlóinn go mbeadh na rudaí a nochtar ar eolas ag éinne a bhfuil beagán aithne acu uirthi san fíor saol.

Tugann fráma na bliana, caibidil in aghaidh na míosa, deis di marana a dhéanamh ar a saol agus a chastachtaí. Na deiseanna a fuair sí, agus a ceiltear go minic ar dhaoine dá cúlra. 

Ach is scoláire agus oide í. Saineolaí ar slánú agus damnú mar a thuig manaigh léannta na meánaoiseanna an cheist. Staraí le haigne fiosrach oscailte. 

Agus mé ag léamh, scaip mé roinnt abairt as an méid a léigh mé ar bluesky. Leithéid :

Turas is ea oideachas. Tosaíonn muid agus faic ar eolas againn, agus críochnaímid agus fios againn nach eol dúinn faic.

Ní hionann stair agus an t-am atá caite. Cuimsíonn an t-am atá caite gach ar tharla go nuige seo. Stair na scéalta a roghnaímid insint dúinn féin faoin am caite sin.

Interrogare sapiente est docere
Múineadh is ea ceistiú go gaoismhar
(Alcuin) 

Chun go mbeadh cuimhní cruinne againn, ní mór dúinn machnamh agus caithfidh sé gur mian linn cuimhneamh.

Plé iontach ar ciníochas, fuath don eile, sotal agus caoinfhulaingt. Téamaí uilíocha in am agus spás. Agus caidrimh chasta an té a bhfuil teaghlach cumaiscthe acu. An té a bhfuil a mianta féin sa treis inti. A aithníonn áfach go bhfuil na mianta sin tar éis pian a mhúscailt. I ndaoine eile, agus inti féin. 

Tá neart lón machnaimh sa leabhar, cé gur críoch aineoil codanna móra de domsa, ó chúlra sócúl socair meánaicmeach creidmheach. 

Ach mar a dúirt sí féin 
... Dá mhéad daoine á éistimid leo sea is mó a fhoghlaimímid uilig. 

Agus tá foghlaim, comhthuiscint agus comhbhá de dhíth go géar i saol atá ag dul in indibhidiúlachas. Agus na deighilt idir dhaoine á leathnú d'aon uaim ag mioscais. Agus míbhrí á bhaint as an aimsir caite d'fhonn fuath, eagla agus amhras a chothú. 

Agus tá rud déanta aici nach bhféadfadh mórán eile a dhéanamh. Toisc í bheith sáite sa tseanlitríocht idir Ghaeilge agus Laidine, is féidir léi tarraingt as an litríocht céanna chun a taithí ar leith a chuir i gcomparáid agus i gcodarsnacht le taithí aos léinn na meánaoiseanna. Tuiscintí, cuid acu uilíoch agus cuid eile bainteach le Weltanschauung coimhthíoch - níos coimhthíoch arís di siúd ná mar a bheadh do mo leithéid de phápaire. 

Ach is iomaí duine ó thús an chine a ndearna eolchaire tar éis bás tuismitheora cnap crú dá chroí...

Agus is iomaí duine a bhí ag streachailt idir dualgas agus miangas. 

benar i n-aidchi gaíthe:
ferr limm dul ina dáil
indás i ndáil mná baíthe.

Cloigín binn 
A bhaintear oíche gaoithe 
Fearr liom dul ina dháil
Ná i ndáil mná baoithe 

Ana leabhar. Áthas orm go ndeachaigh mé ina dháil. 


Elizabeth Boyle



2022-02-01

Coirmlinn mór do rí na ríthe

Le Livre des conquêtes et faits d’Alexandre,
 Paris, musée du Petit-Palais, folio 86 recto 15ú Céad



Ropadh maith lem
cormlind mór do rígh na rígh;
muinntir nimhe
aca hól tre bithe sír.
Ba mhaith liom
coirmlinn mór do rí na ríthe
muintir neimhe
ag ól trí bithe síoraí
Ropadh maith lem
taurte1 creitme, crábaid glain;
ropadh maith lem
sústa etla oc mo threib.
Ba mhaith liom
creideamh íon, crábhaidh glan
ba mhaith liom
suaiste aithrí ag mo theach
Ropad maith lem
fir nimhe im thegdais féin;
ropadh maith lem
dabcha amneit do a réir.
Ba mhaith liom
fir neimhe i'm theaghlach féin
ba mhaith liom
dabhcha síth faoi réir dóibh
Ropadh maith lem
lestru déirrce do dáil;
ropadh maith lem
escra trócaire dia dáimh.
Ba mhaith liom
leastair déirce le dáileadh
ba mhaith liom
cuacha trócaire le roinnt
Ropadh maith lem
soichell do bith ina luss;
ropadh maith lem
Ísu beos do beith i fuss.
Ba mhaith liom
soicheall a bheith ina n-ól
ba mhaith liom
Íosa freisin bheith abhus
Ropadh maith lem
na teora Mairi, miad a clú;
ropadh maith lem
muinntir nime da cech dú.
Ba mhaith liom
na Triúir Mhuire, mór a gclú
ba mhaith liom
muintir neimhe as gach cearn
Ropadh maith lem
corbam císaige don flaith;
mad chess imned
forsa tipredh bendacht maith.
Ba mhaith liom
bheith i'm chíosaí don flaith
más ghearrfadh cíos orm
bronnfadh freisin beannacht maith

Bhí an chéad rann den dán seo, a leagtar ar Bhrighid, feicthe agam go minic (ó Sengoidelc mar shampla), samhail deas de fleá óil ar neamh. Cé go raibh na rannta eile feicthe agam, ní raibh an oiread céanna airde tugtha agam dá mbrí - go háirithe de bhrí go raibh go leor dorcha dom ann agus nach raibh tiontú iomlán go Béarla feicthe agam. Ar mhaidin nuair a bhí sé i gceist agam an póstáil seo a dhéanamh, thosaigh mé leis an leagan anseo ag Ollscoil Mary Jones . Ba léir áfach nach raibh an leagan Béarla ag teacht leis an nGaeilge agus chuaigh mé ag tochailt. D'aimsigh mé an phlé anseo ar MUDCAT - suíomh ceoil - agus is spéisiúil an plé atá ann. Má thuigim i gceart é, sé an scoláire David Greene a sholáthar an leagan Béarla - lean mé a bheag nó a mhór i mo leagan Nua Ghaeilge é. Tá an leagan s'agamsa sách garbh!

Ach tá cuma an éagsúil ar iomlán an dáin - fleá suáilcí atá a chuir faoi bhráid a Thiarna ag an file, mar a bheadh fleá a chuir faoi bhráid a Thiarna ar nós mar a bhí de dhualgas ar chíosaí feodach cuir faoi bhráid a thiarna. 

N'fheadar mar sin an bhfuil baint dá laghad aige le Brighid Chill Dara!

Brat Bhrighde orainn ar fad, mar sin féin.



1 Níor aimsigh mé taurte i DIL. Measaim áfach gur "tur" atá ann - féach http://dil.ie/40242 => http://dil.ie/42477

2022-01-19

Briathartheagasc Chon Chulainn

Bríatharthecosc Con Culaind inso.Briathartheagasc Chon Chulainn anseo
‘Nírbat taerrechtach debtha déne dóergairce.’Ná bí i do ghríosaitheoir deafa déine daorga!
‘Nírbat díscir doichlech díummasach.’Ná bí díscir doicheallach díomasach!
‘Níbbát ecal ocal opond esamain.’Ná bí eaglach tógálach obann dásachtach!
‘Nípát tairne ó main mandartha mesctha.’Ná baintear tuisle asat ag milleadh meisceach!
‘Níbat dergnat cholla coirme h-i tig rurech.’Ná bí i do dreancaid chollaí choirme i dtigh ruirí!
‘Níbat ilfhurig im írad n-echtrand.’Ná fuirigh um ionradh eachtrannaigh!
‘Ní sáis daíne dochla díchumaing.’Ná tóraigh daoine díchlúiteacha díchumhachtacha!
‘Ní íadat iubaili for étechti ail.’Ná bunaítear tréimhsí dlí ar aindlí!
‘Airliter cumni cóich comarbai cré.’Céadaítear cuimhní chun comharba cré a chinntiú!
‘Cuibsigter senchaid sin co fírinne fíu h-it fhíadnaisi.’Ceistítear seanchaithe le fiúntas fírinne i'd fhianaise!
‘Finnatar brethamain bráthir scéo m-broga.’Fiosraíodh breithúna ceisteanna gaoil agus maoine!
‘Mrogatar genelaigi gésci úa genither gein.’Leathnaítear na ginealaigh nuair a rugtar leanaí!
‘Gairter bí, béoaigter fri óethu airm irro trebsat mairb .’Gairtear na beo, agus athbheoigh na mairbh de bhithín móide san áit ina raibh cónaí orthu!
‘Maínigter comarbai fora théchtu thoich.’Maoinítear comharbaí de réir a n-oidhreacht cuí!
‘Tochomlúat anfini coa nemthe nert.’Cuiridís siúd nach den bhfine iad a pribhléid in iúil!
‘Ní fresnesea co labur.’Ná freagair go foclach!
‘Ní aisnéisea co glórach.’Ná fiafraigh go glórach!
‘Ní fuirse. Ní chuitbe. Ní faithchither senóri.’Ná déan fonóid ná ná bí ag fáireach ná ag imeaglú seanóirí!
‘Nípá míthomtinach ó neoch.’Ná bí faoi drochmheas ag aon neach!
‘Ní géis co ansa.’Ná héiligh go dian!
‘Ní ettis nech cena domanches.’Ná heitigh neach seachas más neamhfhóinteach é!
‘Caín-ois. Caín-éra . Caín-airlice.’Bí caoin i do thairisicint, is do bhronnadh agus i dtabhairt iasachtaí!
‘Bát umal múnta ó gáethaib.’Bí umhal do mhúineadh ó ghaoithe!
‘Bat cumnech coisc ó t-senaib.’Bí cuimhneach ar choisc ó sheanóirí!
‘Bát seichmech ríagla athardai.’Bí airdeallach ar rialacha aithreacha!
‘Nípat úarchraidech im chardiu.’Ná bí fuarchroíoch le cairde!
‘Bat gusmar im náimtiu.’Bí gusmhar le naimhde!
‘Nípa frithenech debtha h-i tilchomraicib.’Ná cuir i gcoinne díospóireacht i dtionóil!
‘Nírbat scélach athchossánach.’Ná bí scéalach achasánach!
‘Ní fáisce. ‘Ní thaisce inní ba torba’Ná fáisc is ná taiscigh, ní bheidh tairbhe ann!
‘Consecha do chúrsachad i n-gnímaib antechtai.’Coinnigh guaim ar do chasaoid i leith gníomhartha atá cuí!
‘Ní chomainse th' írinne ar thoil daíne.’Ná satail d'fhírinne ar thoil daoine eile!
‘Níba tathboingid ar nárbat aithrech.’Ná buail gan gá chun ná beadh aithríochas ort!
‘Níbat comromach ar nábat miscnech.’Ná bí comhlannach chun ná beadh tú miscneach!
‘Nírbat lesc ar nárbat meirb.’Ná bí leisciúil chun ná beadh tú marbh!
‘Nírbat róescid arnábat dóescair.’Ná bí tobann chun ná beadh cuma daoscair ort!
‘Ardotchuibdig fri sechem na m-bríathar sin, a meic!’Glac le seicheamh na briathra seo, a mhic!


Comhrá idir Dennis King agus Eoin Ó Cróinín ar Twitter a sheol mé ag lorg an chnuasach seo, atá leabaithe san scéal Serglige Con Culainn. Fuair mé an páipéar eolgaiseach seo le Maxim Fomin - Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature agus is le cabhair a aistriúchán Béarla siúd a rinne mé na leagnacha garbha Nua Ghaeilge. Mar atá pléite in alt Mhaxim, is treoir do rí atá sna nathanna seo, agus baineann cuid acu leis an dóigh ceart cás cúirte a bhaineann le maoin a riaradh. Ach tá sciar acu a d'fhéadfaí feidhm a bhaint astu fós.

Táim buíoch de Maxim as a chead a thabhairt teacht i dtír ar a aistriúchán; is liomsa aon míthuiscint sna leaganacha Nua Ghaeilge. Mar is iondúil, rinne mé iarracht cloí leis na focail céanna má bhí fáil orthu i FGB agus ag baint taca as DIL.ie

Bríatharthecosc Con Culainn in the Context of Early Irish Wisdom-Literature. / Fomin, Maxim. In: Ulidia 2: Proceedings of the Second International Conference on the Ulster Cycle of Tales, Maynooth 24-27 June 2005, Vol. 2, 05.04.2009, p. 140-172.

2021-10-22

Cé leis litríocht na Gaeilge?

Rinne Eoin P. Ó Murchú léirmheas le déanaí ar A History of Ireland in a Hundred Words, leabhar snasta a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann agus a chnuasaigh an fhoireann a rinne uasdátú ar foclóir an Acadaimh céanna - eDil, foclóir leictreonach na Gaeilge.

Tá Eoin den tuairim go mba cheart a leithéid de saothar, atá ag tarraingt as saíocht agus litríocht na Sean-Ghaeilge, a bheith ar fáil sa Nua Ghaeilge. 

Is dóigh liom go bhfuil pointe aige. Ach tá rudaí eile le cur san áireamh. 

Is cuid de feachtas bolscaireachta ar son an togra uasdátaithe ar eDil is ea an leabhar, togra a raibh Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus Ollscoil Cambridge páirteach ann, agus maoiniú ó foinsí éagsúla i gceist leis. 

Bíonn brú ar thograí acadúla mar é aird an phobail níos leithne a tharraingt ar a gcuid oibre, fiú más ag fónamh dá chomhscoláirí is mó a bhíonn siad. 

Ach fiú laistigh den Acadamh, ní hionann spéis agus cumas san Sean Ghaeilge agus cumas nó fiú spéis i dteanga an lae inniu. 

Fiú ó thús na spéise sa Ghaeilge is as Gearmáinis nó Béarla a bhíothas ag foilsiú na hailt léannta, cuma an Gaeilge na linne nó Gaeilge ársa a bhí faoi chaibidil. 

Bíonn gan amhras scoláirí - fiú iadsan ó i bhfad i gcéin - a shealbhaíonn Gaeilge na linne seo sa bhreis ar Gaeilge ársa na sean litríochta. 

Ach ní gá go mbeadh spéis dá laghad ag scoláire teanga nach bhfuil baint aige dáiríre lena gcuid oibre a shealbhú - sa mhullach ar an dua a chaitheann siad leis an obair féin. 

Mar sin, cé gur mhaith liom níos mó saothair faoin nGaeilge ársa a fheiceáil as Gaeilge na linne seo, ní dóigh liom go bhfuil sé cóir scoláirí a lochtú as díriú ar a spriocanna féin a bhaint amach, agus as pé rud a chabhróidh leo maoiniú chuige a fháil agus a mhéadú. 

Agus sé oighear diachrach an scéil gurb é an Béarla teanga an léinn agus go háirithe na bolscaireachta faoi láthair. 

Tá obair mhaith á dhéanamh ag scoláirí le Gaeilge na linne seo, mar sin féin, ainneoin gur beag ardán atá ar fáil dóibh. 

Níl fhios agam conas a d'fhéadfaí cuir leis.