Píosaí liom in áiteanna eile:
2024-11-12
Bleaist Eolaíochta
thábhachtach do todhchaí an Stáit, agus go bhfuil tionchar ag an dá rud
ar a chéile. Is taispeántas do bhunscoileanna atá i gceist leis an
Bleaist Eolaíochta ESB, atá á reáchtáil ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Le roinnt blianta anois tá lá ar leith á eagrú acu go na scoileanna
Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bhí breis agus céad ochtó seastáin ann
nuair a bhí mé ann mar mholtóir i Márta 2024. Ceisteanna roghnaithe agus
cíortha ag na ranganna iad féin, le cabhair óna n-oidí. Gach rud ón gcré
fúinn go dtí an spás ós ar gcionn. Ní breith atá i gceist leis an
moltóireacht - ní comórtas atá i gceist. Feidhm an mholtóra ná na daltaí
a spreagadh, a bhfiosracht a chothú agus iad a neartú i gcuir i gcrích
an modh eolaíochta. Spreagtar iad nuair a thugann duine fásta, nach
múinteoir ná tuiste iad, aird ar a gcuid oibre, ag cuir ceisteanna agus
á phlé leo. De bharr mo chúlra féin, is tograí a bhain leis an spás a
rinne mé moltóireacht orthu, ach bhí réimse leathan ann.
Ardú croí a bhí ann bheith ag plé le daoine óga fiosracha. Anuraidh, bhí
ionadaíocht ann ón gceathrú cuid de na Gaelscoileanna agus scoileanna
Gaeltachta. Agus lón machnaimh! Bhí ceisteanna éagsúla á phlé acu, agus
dearcadh úr acu orthu.
Tá moltóirí á lorg arís. Is é 15ú Samhain an spriocdháta. Beidh Lá
speisialta do Ghaelscoileanna agus do scoileanna Gaeltachta ar an 6ú
Márta 2025, san RDS i mBaile Átha Cliath. Is féidir spéis a léiriú trí dul i dteagmháil le niamh.mcnamara@rds.ie.
Ó Ghleann go Gleann: litríocht na Gaeltachta
Emma Ní Fhíoruisce, Proinsias Mac a Bhaird, Catherine Foley, Jackie Mac Donnacha |
2024-11-10
Mórléamh IMRAM
Réaltán Ní Leannáin, Seán Ó Cadhain, Colm Ó Ceallacháin |
Tá Féile IMRAM linn arís, agus an gobadán ag iarraidh cúpla tráth a fhreastal. Rud a chiallaigh go raibh mé i gclólann Caisleáin Bhaile Átha Cliath ardtráthnóna inné.
2024-11-09
Sreang órbhuí ceoil
Is aoibhinn liom na coirmeacha a eagraíonn IMRAM le ceoltóirí mór le rá trascruthaithe go Béarla. Agus cé nach Swiftie in aon chor mé, is Seoighí go smior mé. Bhí ticéid ceannaithe agam dá réir, na míosa ó shin, do Sreang dofheicthe - dom féin agus don déagóir.
Bhíomar ann breá luath, chaitheamar béile Seapánach i Sushida roimh ré. Cionn is go raibh suíocháin i lár báire againn, chuamar isteach a luaithe agus a osclaíodh na doirse. Diaidh ar ndiaidh líon an amharclann, a formhór baineann agus i bhfad níos óige ná mé. Níor aithin mé oiread daoine agus a dhéanfadh de ghnáth. Bhí slua mór páistí le chéile.
Is í Jessie Dingle agus a giotár a chuir tús le himeachtaí le seit acústach. Ó tharla nach bhfuil cuir amach agam ar ouevre Swift ná ar an dá albam a bhí i gcroí an seó Folklore agus Evermore níl mórán gur féidir liom a rá faoi dílseacht nó a mhacasamhail.
Saol an baile beag tuaithe Meiriceánach atá i gceist, má thuig mé cur i láthair Liam Carson i gceart. Grá agus crá. Luaigh Róisín Seoighe triantán grá le cuid de na hamhráin a thraschruthaigh sí féin.
Mar is iondúil, bhí an file físe Margaret Lonergan ag tionlacan na hamhráin le híomhánna ar scáileán mór, leis na liricí Gaeilge orthu. Cumasc de pictiúir de Taylor Swift, ealaín ó na meánaoiseanna agus tírdhreacha agus cathairdhreacha, ag béimniú na liricí.
Tráthúil go leor, os í a tharraing aird a hathair ar Taylor Swift, chan Eithne Carson dhá amhrán go binn freisin. I misniúil ina gúna cródearg gairid is riteoga dubha.
Ach ba le Róisín Seoighe an oíche. Í ag canadh lán mothúcháin, ag baint feidhm as fad corda an mic le siúil thart agus pas beag aisteoireachta.
Nós Taylor Swift á leanúint aici, trí fheisteas ar leith. Gúna fada bán i dtosach, agus cairdeagan bán - tráthúil go leor agus amhrán den teideal sin á chanadh aici. Tar éis an tsosa gúna fada donn is buataisí go glúin. Agus don finale gúna lonrach ar ghlaise an bhuidéil. Faoi sin bhí an trí rang cailíní óga téite suas go maith aici agus thionlacan a caintearacht í do Seaimpéin fadhbanna agus amhrán bríomhar bogadh bogadh bogadh.
Ba Neil Ó Briain agus Cian Mac Cárthaigh an leagan d'IMLÉ a bhí ar stáitse le réimse giotár agus draíocht ón ríomhaire - agus sheinn Neil ildánach amhrán amháin ar an méarchlár. Sheinn Cúán de Búrca cúpla rian ar an méarchlár freisin.
Ard oíche. Agus an Ghaeilge mar chuisle tríd.
Tá dóchas agam gur cheangal an ócáid roinnt sreanganna órbhuí dofheicthe idir an lucht éisteachta agus an Ghaeilge!
2024-11-08
Uisce thar talamh
Córas uisce Chnoc Mheilearaí |
2024-11-07
An Páipéar
Is linne (pobal na Gaeilge) an nuachtán seo
Anrocomraircnicsiumairne
Ocht sillaba isan focul is mo isan Gaedilc, ut est, fiannamailcecheterdarai
& anrocomraircnicsiumairne, & rl.
Auraicept na n-Éces (Uraiceacht na nÉigise)
Anrocomraircnicsiumairne, Thomas Keyes, 2024 |
2024-11-02
Ó do bhíos-sa lá 'bPort Láirge
duibithir éc
Agus mé i Port Láirge (blagmhír níos iomláine ar na bacáin) chonaic mé an éide Aifrinn thuas arbh le Séathrún Céitinn, údar Foras Feasa ar Éirinn, é tráth. Níl an dath liotúirgeach dubh in úsáid mórán ón leasú a lean Vatacáin II - is túisce bán á chaitheamh ag Aifreann éagnairce, agus dearg ar Aoine an Chéasta. Ach inniu Féile na nAnamnacha Uile. Bhí mé ar Aifreann. As Laidin a deir an sagart áitiúil Aifreann an tSathairn de ghnáth. Agus bhí éide dubh á chaitheamh aige. Dath an bháis agus an dobrón a leanann é.
Éanna Corr - Fainic Scéalmhilleadh!
Fainic: Tá fúm gnéithe den scéal a phlé anseo.
"An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom."
Matha 10:37-38
'A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol. '
1 Eoin 4:1
2024-11-01
Iomthúsa Aonghusa ar Shlí Dhéagláin
Ar an slí suas, nuair a scaip an cheo, bhí radharc ar machairí méithe na Mumhan thíos fúm, ar Abhainn Mhór na nDéise ag lonrú faoin ngrian agus amach uaim an fharraige mór. Bhí an ceo ag scaipeadh agus ag tiubhú de réir mar a chuaigh mé ar aghaidh. Bhí an grian láidir, agus bogha le feiceáil sa cheo.
- Ticéad fillte go Port Láirge, ceannaithe ar líne - €26.78
- Bus expressway, ceannaithe ar líne, Port Láirge <-> Dún Garbhán - 11€ x 2
- Bus nasc áitiúil le cárta Leap - €1.40 x 2