Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label Laoighseach Ní Choistealbha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label Laoighseach Ní Choistealbha werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2024-11-15

Tarraingíonn duan dán...

Julie Goo, Marcus agus Naoise, Laoighseach
Marcus ag léamh, Dubhán
Sexy Tadhg agus a bhanna
Bhí ócáid oíche Déardaoin san Grand Social  i lár Bhleá Cliath ag IMRAM, Seomra in airde staighre le puball mar dhíon bréige air. Ionad ar leith d'ócáid ar leith. 

Laoighseach Ní Choistealbha a chuir tús leis an ócáid CEOLTA, ag léamh dánta as a cnuasach Solas Geimhridh - dánta cumhachtacha. (Baineadh siar asam nuair a bhain Liam Carson úsáid sliocht as mo bhlag le Laoighseach a chuir in aithne...). Dánta a d'fhan liom ná a dán faoin iníon nach mbeidh aici, agus cén fáth. Agus dán Bhean Lót. Léigh sí ansin as cnuasach nua faoin nGaeltacht atá ar na bacáin aici. Baile an Eibhir atá baiste aici ar an nGaeltacht sa chnuasach ina gcíorann sí gaol na Gaeltachta leis an stráinséir. Agus daille saol an Bhéarla a thugann Ballynever ar an áit. "An bhfuil cumha ort, a thaiscidh?" Tá leoga. Táim ag súil go mór leis an cnuasach a bheith foilsithe! 

Tháinig Dubhán Ó Longáin sna sála ar Laoighseach, greann séimh aige ina chur i láthair agus ina léamh. Cuid dá reacaireacht ag baint feidhm as cantaireacht mar a bhíodh ag na Laoithe Fiannaíochta fadó, agus é an meascadh stíl rapaire tríd, na focail á radadh mar a bheadh clocha i gcodarsnacht leis an sollúntacht sa chantaireacht. Dánta faoi ghrá, collaíocht, agus teaghlach. Dán cumhach faoi síothlú a mháthar. Na dánta curtha i láthair le scéalaíocht. 
 
Feiniméan is ea Sexy Tadhg. Traidhfil blianta ó shin, mar Tadhg lom, chuala iad ag Gradam Nós. Tá doimhneacht tagtha sa ghlór ó shin, agus an Gesamtkunstwerk, arbh Sexy Tadhg féin é, forbartha! Chuir siad tús leis an taibhiú le hamhrán sean nós, glór domhain cumhachtach. Chuir leis le réimse amhráin nua chumtha agus roimh deireadh bhí an slua meallta go dtí an urlár damhsa acu. Tionlacan acu féin ar an méarchlár agus ó oirfidigh eile - giotáir leictreacha agus trumpa agus corn.

Tháinig Julie Goo ar an stáitse tar éis sos gairid chun roinnt dánta dá cuid a léamh - ceann cumhachtach faoi bhean feasa, agus ceann coscrach faoina taithí ag obair le páistí uathacha ar scoil a bhfuiltear ag ceilt na hacmhainní riachtanacha orthu - agus an phian, corpartha agus anama, a eascraíonn as sin dá dteaghlaigh agus do na múinteoirí. Ansin thug sí an slua ar an urlár arís le rap spreagúil frith-fuatha. 

Spreag Julie Marcus Mac Conghail le tús a chuir lena mhír féin le léamh an dán coincréiteach aige faoi Thuaim. Ainmneacha cnámha daonna á charnadh ar a chéile chun cros a léiriú ar an leathanach. Agus na focail scoir súile an phobail. Bhí tocht mothúcháin ar Mharcus á léamh; shamhlóinn go raibh tocht ar níos mó éisteoirí ná mise amháin. Thug sé féin agus a mhac Naoise (atá fásta cúpla troigh, feictear dom, ón uair deiridh a chonaic mé le chéile iad) dornán amhráin dúinn - guth diamhair Mharcuis a thionlacan aige féin agus Naoise ar giotáir éagsúla. 

Bhí Sexy Tadhg le filleadh chun clabhsúr a chuir ar an oíche, agus shamhlóinn go ndearna siad sin go paiteanta - ach bhí ormsa sleamhnú liom chun ná bheinn ró-mhall ar fad sa leaba agus lá oibre romham ar an Aoine.

Ócáid arís eile de chuid IMRAM a spreagfaidh caint, machnamh agus - cá bhfios - litríocht.
 

2023-11-13

Solas geimhridh agus dánta eile


Solas ar leith is ea solas geimhridh. Bíonn an ghrian íseal sa spéir. Scaití dalltar tú. Níos minice áfach bíonn léargas as an nua ar fáil san solas. (Deannach tís ró mhinic, ach sin scéal eile...) 

Feileann sé go paiteanta mar sin mar theideal ar chnuasach dánta Laoighseach Ní Choistealbha. Bhí mé ag súil leis an gcnuasach seo ó chuala mé Laoighseach ag reic ag Fíorbhraon IMRAM. Bhí áthas orm dá réir féirín deas a fháil sa phost gan choinne ó Barzaz.

Sa rannóg Solas Geimhridh tá dánta a bhaineann le teacht in inmhe mar bhean agus ualach na fisiciúlachta, caithreachas, míostrú. Nuair a bhí Laoighseach ag caint ar an gCúinne Dána luaigh sí dearcadh neodrach le cuid de na dánta seo. Níl fhios agam neodracht an focal cuí, ach is cinnte go bhfuil fuarchúis i gceist. Agus, rud atá sna dánta uilig, físiúlacht - céadfaíocht - tabhairt faoi deara. Íomhánna neamhghnácha láidre. Braonta fola ar línéadach ag meabhrú falcairí, abair.

Ní bean mé, mar sin is ón dtaobh amuigh cuid mhór atá na dánta sa rannóg seo á léamh agam. (Ach fuair siad ardmholadh ó Mháire Ní Fhinneadha i dTuairisc). 
Bhí tuiscint níos fearr agam ar na dánta seirce agus eolchaire - stoitechas an imiriceora inmheánach idir teangacha sa rannóg dánta eile. Fuair mé rud éigin ó gach dán, áfach. 

Is léir go bhfuil tabhairt faoi ndeara ar leith ag Laoighseach, agus an dúlra mar meafar do rudaí ina colainn agus a hanam agus a timpeallacht a ghríosann chun filíochta í. Idir taitneamhach agus mí thaitneamhach. Meafaracha a chuaigh i bhfeidhm orm ná an ghlúineach bhiorach agus an róslabhras - dhá phlanda ionrach in Éirinn a scaipeann agus a dhíbríonn thart orthu. Úsáidte go héifeachtach. 

Meafar eile ar thug mé suntas dó ag a léamh d'Imram - an colún salann a rinneadh de bhean Lot ag leá ar theangacha na mílte saighdiúir Rómhánach... 

Ní taobh leis an dúlra amháin atá sí mar fhoinse íomhánna - feidhm éifeachtach bainte aici as deasghnátha an chreidimh agus a siombail mar samhail do eolchaire agus grá collaí. 

Nua chainteoir í Laoighseach, agus an teannas idir a dúchas i Lagán na heorna agus a cónaí i gConamara an eibhir ina fotha faoi dánta eile a chíorann castachtaí an imirceora ó theanga amháin go teanga eile. 

Ainneoin a mothúcháin léirithe sna dánta feictear dom go bhfuil an teanga roghnaithe sealbhaithe go paiteanta aici, cé ar ndóigh nach ionann sealbhú teangan agus sealbhú cultúir. Ach is sampla (eile) seo den tionchar ar féidir le hoide díograiseach spreagtha Gaeilge a imirt i scoil ina bhfuil Béarla dúchais na daltaí ina meáin teagaisc. (Dá mbeadh oideas ann a leithéid de oide a chruthú...). 

Thaithin na dánta seo go mór liom, agus tá an cnuasach fuinte fáiscthe agus ag teacht le chéile go maith. Dán mar réamhrá agus dán eile mar iarfhocal ag tabhairt eochair amháin don léitheoir, ach gheobhaidh an léitheoir eochracha dá chuid féin mar is dúil don fhilíocht. Dánta iontach gairid ina measc, dánta eile fada. Iad ar fad cuí. 

Seo an chéad cnuasach filíochta foilsithe ag Barzaz, agus tá an leabhar féin gleoite. Cló ar leith in úsáid (Mrs Eaves, mura bhfuil dul amú orm. Mrs éigin ar aon nós, thug mé suntas don teideal baineann!). Páipéar uasal agus leagan amach glan na dánta air. Ribín. (filíocht mar liotúirge arís!). Clúdach álainn. Tús maith! 

An Fhilíocht

caonach a fhásann 
ar thorthaí an ghrá 
nár itheadh

Laoighseach Ní Choistealbha 
Barzaz 





2023-06-18

Fíorbhraon - IMRAM

Cé gur mar fhéile litríochta thart ar seachtain ar fhaid a thosaigh IMRAM tá na cúraimí ar an eagraíocht tar éis leathnú agus scaipeadh, agus an iliomad ócáid a bhaineann le héigse na Gaeilge faoina gcúram.

Cuid de sin an sraith FÍORBHRAON - léamha filíochta san siopa leabhar Books Upstairs i lár na cathrach. Bhí mé i láthair an Domhnach seo caite. Bhí Cathal Póirtéir ina fhear an tí. Chuir Marcas Mac Conghail tús le cúrsaí le leagan de Amhrán Phádraig a chum sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí feachtas bailithe airgid ann chun cabhrú le teaghlach Phádraig Schäler cúram a dhéanamh dó tar éis dó gortú inchinne a fhulaingt i dtimpiste rothair i Meiriceá. Is cuimhin liom féin an feachtas go maith, cé, fearacht Marcas, nach raibh ainm Phádraig cloiste agam cheana. Ba tréimhse spreagúil é, toisc gur tháinig a chairde le chéile agus in éineacht lena theaghlach bhain go leor amach. De réir mo thuisceana tá feabhas áirithe tagtha ar Phádraig cé nach bhfuil biseach iomlán i ndán dó. Cumha ag baint le gnéithe den amhrán freisin - tá Seosamh an chlub imithe ar shlí na fírinne ó shin. Scéal-amhrán a shroicheann go domhain. Capsúl ama.

Níl cnuasach foilsithe fós ag Laoighseach Ní Choistealbha, cé go bhfuil dánta léi foilsithe i gComhar, Feasta agus ardáin eile. Cnuasach i lámha Barzaz faoi láthair, tuigim, agus táim ag súil go mór leis. Filíocht meabhrach collaí, ionchollaithe. Íomhánna iontach láidre. Tagairtí neamhghnácha don mBíobla agus oidhreacht léinn eile. Dán iontach faoi Bhean Lot, abair, a rinneadh gallán salainne di toisc gur amharc sí siar ar scrios Sodom. Deireadh iontach - na Rómhánaigh ag tógáil an tsalainn chun saighdiúirí a íoc. Bean Lot ag leá "ar theanga míle fear". (Tá scéalta Lot ar na scéalta is aisti sa Bhíobla. É ag ofráil a iníonacha chun éigniú a aíonna fireanna a sheachaint, nó iadsan á dhéanamh ólta d'fhonn luí leis).

Eascraíonn dánta gairide gonta Mhicheál Ó hAodha óna thaithí ar deoraíocht i Sasana agus a theagmháil ann le heolchaire na ndeoraithe eile, tnúthán an dúchais nach bhfuil sásamh i ndán dó, toisc nach bhfuil aon bhaile ann le filleadh air. Taithí ar leith, mar cé go bhfuil daoine fós ag imeacht ar deoraíocht, níl an briseadh cumarsáide céanna i gceist níos mó. Bíonn siar is aniar ann idir an comhluadar scaipthe, agus feabhas iontach ar na deiseanna cumarsáide - fiú thar na nóchaidí nuair a bhí mé féin ar deoraíocht agus ag filleadh gach Nollaig. Capsúl ama de chineál eile dánta Mhichíl. 

Chuig a garraí fiáin nach dtugann bheith istigh do rósanna saothraithe a thug Biddy Jenkinson muid. Éin na coille agus na héin fáin garraíodóirí cúnta a háitreabh i nDoire Bán lámh le Gleann dá Loch. Scéal Róis a tháinig anoir aduaidh ó Albain in éineacht le héan a sciob an scríob óna dhúchas é. 

Capsúl de chineál eile! An dúlra ag lúbadh agus ag casadh faoi thionchar aeráid athraitheach an chine dhaonna ach teacht aniar ann fós. 

Chuir Marcas clabhsúr ar an ócáid lena rogha dhánta as Ceol Baile agus Spásas, sa bhreis ar na hamhráin a thug sé dúinn idir na míreanna. Fiú nuair nach bhfuil Marcas ag canadh is filíocht don gcluas a bhíonn aige agus is fiú go mór é féin a chlos á reic, toisc go bhfuil réimse iontach in ghlór, ag cruthú pictiúir le fuaim agus focail. 

Cat Chamuis, nó siúlóid faoi srianta coibhid 19. 

Uair an chloig iontach pléisiúrtha!