Bhí mé i dTeach Purcell de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a raibh An Dearcán, iris nua filíochta faoi eagar ag Laoighseach Ní Choisdealbha agus Ellen Corbett. Ar an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh a thit an cúram an iris a sheoladh, de bhrí go raibh an ceann scoile thar lear. Tá Laoighseach ina scríbhneoir cónaitheach san ollscoil faoi láthair.
Rinne sé píosa cainte, ach is ag tagairt do eagarfhocal Laoighseach a bhí sé go minic! Eagarfhocal ar fiú go mór é a léamh.
Tá filí idir aibí agus ámh idir na clúdaigh, agus bhí cuid acu i láthair chun saothair dá gcuid as an iris a léamh.
(D'éirigh le Eoin P. saothar dá chuid atá coincréiteach ar an leathanach a chuir in iúl lena ghuth).
Sa bhreis ar na dánta maille nótaí gairide beathaisnéise, tá agallamh le Ceaití Ní Bheildiúin.
Agus - gníomh misnigh - dréachtaí de chuid dán Laoisigh, le nótaí fúthu. Obair gharbh.
File í Laoighseach a phléann an ceird uaireanta ina dánta. Agus seo uraiceacht ar an dóigh le machnamh agus eagarthóireacht ar dhán.
Tá an iris féin snasta, le léaráidí dubh, dearg agus bán ó pheann Laoisigh. An íomhá ar an gclúdach ag tagairt d'fhilí INNTI.
Íomhá an Dearcáin, an síol a thiteann sa chré as a phéacann an daróg as a dtagann an bhile.
Bheadh dóchas agam go mbeadh gais go leor ag eascairt as Dearcán. Tá súil Dearcán 2 a bheith ar fáil san Fhómhair.