14 April 2010

Cúis mo mhuiníne as Benedict

Ní haon rún é (do léitheoirí an bhlag seo ach go háirithe) go bhfuil meas agus cion agam ar Josef Ratzinger, an Pápa Benedict XVI.

Tá an cion agus an meas seo bunaithe ar léamh an chuid sin dá leabhair atá scríofa do thuathaigh agus neamh diagairí, agus ó bheith ag léamh a chuid imlitir agus aitheasc. Léamh atá ar bun agam le breis agus deich mbliana. (Tá sé de bhuntáiste agam go bhfuil teacht agam ar an mbunleagan Gearmáinise dá bhfuil scríofa aige; cloisim go mbíonn na haistriúcháin lag)

Pictiúr eile ar fad atá agam seachas an scigléiriú atá fairsing sna meáin.

Oide machnamhach, tuisceanach, caoin. Fear atá oscailte do smaointe dhaoine eile - tharraing sé, mar shampla, as saothar scoláire Giúdach ina leabhar ar Íosa.

Fear a ghoileann peacaí a chomhbhráithre sna sagairt go smior air, peacaí ar thug sé féin salachar air - ní ar na hainghníomhartha amháin, ach ar an faillí agus an cur i gcéill a d'fhág spás do choirpigh feidhmiú faoi bhrat na hEaglaise.

Ó thosaigh sé ag teacht ar an dtuiscint faoi forleithne na faidhbe, i lár na 1990í, tá sé ag gníomhú chun an chóras a dhéanamh níos éifeachtaí.

De bharr, áfach, nach aon réalta cumarsáide é, agus gur gnách a scríbhinní agus ráitis a bheith dlúth agus domhain - agus mí fheiliúnach do fuaim ghreimeanna - tá a íomhá poiblí as alt leis an dtuiscint atá agamsa.

Ní shin le rá go gcreidim go bhfuil sé saor ó locht. Ach creidim nach bhfaigheann - agus nach bhfaighidh - sé cothrom na féinne ó na meáin. Tá sé dílis do theagasc na hEaglaise, agus is iomaí ghné den teagasc sin atá do-ghlactha ag na meáin cumarsáide. Mar sin, leanfar leis an scigléiriú.

Ach leanfaidh mise orm ag iarraidh teacht ar na rudaí a dúirt sé, agus aird a tharraingt orthu. Agus ó tharla foinsí údarásacha a bheith ar fáil go héasca ar líne, is féidir sin a dhéanamh.