Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-04-06

Comhionnas agus ionannas

I dtrácht ar a blag, chuir Áine ceisteanna:

An bhfuil a fhios agat ach cuireann sé iontas ormsa an dóigh a nglacann daoine ar fud an domhain, fir agus mná Caitliceacha na tíre seo ina measc, feictear domsa, le creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?
Is é an smaoineamh a ritheann liom, go minic, dá mbeadh dlí san eaglais sin a déarfadh nach raibh cead ag an bhfear gorm/bhfear taistil, mar shampla, bheith ina shagart, an mbeadh sé sin inghlactha, nó fiú, an gceadódh rialtas na tíre seo é? Nó, an é nach bhfuil dlíthe na tíre seo in ann dul i ngleic leis an rud atá, de réir dlíthe comhionannais na tíre seo, chomh fada agus is eol dom, mídhleathach? Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?
Nó, an é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Ceisteanna maithe, agus dlitear freagra di. Ós rud é gur mise duine de na daoine a ghlacann leis nach féidir le bean a bheith ina sagart, déanfaidh mé iarracht freagra a thabhairt. Ní shásódh mo fhreagra gach duine. Gan amhras, is eagal liom go gcuirfidh sé cantal agus fiú fearg ar dhaoine. Tá brón orm faoi sin. Ní mór dom a rá freisin nach bhfuil an cheist seo ag dó na geirbe orm; níl mórán marana déanta agam air, agus mar sin ní bheidh an freagra seo iomlán ná foirfe.

Táim chun tosú ón deiridh, sórt:
Nó, an é nach bhfuil sé mídhleathach ar chor ar bith?

I mbeagán focail, níl. Tá an tAcht anseo.

An é nach mbaineann dlíthe na tíre le dlíthe reiligiún ar bith atá ag feidhmiú sa tír seo?

Sin ceist níos cigiltí. De réir na Bunreachta:
Airteagal 44.2.1° Ráthaítear do gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh, ach gan san a dhul chun dochair don ord phoiblí ná don mhoráltacht phoiblí.
agus
5° Tá sé de cheart ag gach aicme chreidimh a ngnóthaí féin a bhainistiú...

Mar sin, tá srian airithe ar an Stát cuir isteach i gnóthaí creideamh ar bith. Agus is amhlaidh is fearr é.

Anois, an buncheist:
...creideamh nach dtugann comhionannas do mhná, nó an é nach miste leo go bhfuil dlíthe ag an eaglais a mhaíonn nach féidir le mná bheith ina sagairt? Agus, cén fáth nach féidir le mná bheith ina sagairt?

Ar an gcéad dul síos, ní ghlacaim leis gur leithcheal gach idirdhealú. Agus is i gcearta atá comhionannas ann. Ní sé de cheart ag aoinne bheith ina shagart - gairm ó Dhia is ea é. Is é mo thuiscint, ainneoin gur theagmhaigh sé le mná ar mhodh radacach, agus ainneoin gur aithin Íosa agus a Eaglais cearta comhionnan na mBan, gurbh fir a roghnaigh sé mar Aspail, agus gur dóibh a tugadh an sagartacht oirnithe. Is é mo thuiscint nach dtig le hÚdarás na hEaglaise an chinneadh sin a chuir an neamhní. Ní hin le rá go bhfuil cearta á cheilt orthu siúd nach bhfuil oirnithe. Níl.

Tá mná chun tosaigh i measc Naoimh na hEaglaise: Naomh Caitríona, mar shampla, a chuir comhairle agus smacht ar Phápaí a linne. Tá beirt bhan eile - an dá Treasa ó Avila agus Lisieux luaite i measc na teagascóirí mhóra ar a dtugtar Dochtúirí na hEaglaise.

Cinnte, caitheadh go dona le mná laistigh agus lasmuigh den Eaglais - rud a luaigh seanmóirí an Phápa ins san aitheasc úd a raibh sé de mhí ádh air an cosúlacht a chuir ar féin go raibh sé ag cuir an raic reatha i gcomparáid le frith Giúdachas. Cinnte, ba mhaith liom ról níos lárnaí a fheiscint ag mná i riaradh na hEaglaise ag gach leibhéal. Agus, go deimhin, tá sin ag tarlú.

Ach ní gá bheith oirnithe chun ról lárnach a ghlacadh. Níl san sagart oirnithe ag dóigh amháin chun freastal ar phobal na hEaglaise. Dóigh a bhfuil rúndiamhair ar leith ag baint leis. Bhí, agus tá, mná riamh lárnach do shaol na hEaglaise. Scríobh Eoin Pól II litir fhada ar an gceist, a chíorann diagacht na ceist go mion.