Tá beirt mhac sna déaga luaithe agam. Fágann sin mé ag léamh leabhair atá dírithe ar an aos sin - mar athair freagrach is mian liom tuairim éigin a bheith agam cá dtugann flosc léitheoireachta na buachaillí iad.
I measc na leabhair atá á léamh acu tá "The Moorehawke Trilogy" le Celine Kiernan. Úrscéalta lonnaithe i gcúirt ríoga san 14ú aois in Eoraip "comhthreomhar" atá iontu - fantaisíocht fuilteach den chineál ar maith le gasúir iad, is cosúil.
An gné is spéis liom anseo ná na Merron: cine arbh í Gaeilge na linne seo a dteanga. Cine sách aisteach - tá ainmneacha acu a mheabhraíonn Lochlann seachas Éireann dom. Agus cleachtann siad collaíocht nua-aoiseach, ach creideamh ársa, fuilteach - móide íobairt daonna.
Tuigim go raibh amhras ar na foilsitheoirí - Cló Uí Bhroin - faoin beartas seo, ó tharla gan Gaeilge a bheith ag an údar. Nuair nár éirigh leo í a dheighilt óna bplean. d'fhostaigh siad Gabriel Rosenstock le slacht a chuir ar an nGaeilge.
Táim fós idir dhá chomhairle faoi nithe mar seo, mar atáim faoi tatúnna i nGaeilge ar cneas duine gan Ghaeilge. Is maith, gan amhras, an Ghaeilge a chuir i láthair saol níos leithne. Ach an é seo an dóigh is fearr? Sílim tairbhe áirithe a bheith ann - ardú sprid do aosánaigh le Gaeilge - más fíor an méid a deir leathanach na litreach tí Celia.
Ach fós, n'fheadar ....