Bhí leathchluas agam le clár plé éigin ar an raidió inné nuair a chuala mé duine den chliar ag déanamh idirdhealú spéisiúil idir "argóint" agus "easaontas". Má thuig mé i gceart é, is féidir "argóint" a bheith agat le duine má tá sibh ar aon fhocal maidir le bun fíricí an cháis, ach má tá sibh ar malairt tuairime faoi conas an fhadhb a réiteach. Ach is easaontas atá i gceist nuair nach bhfuil an réamhthuiscint riachtanach sin ann, agus ní thiocfaidh aon ní fónta as an allagar.
Is eagal liom go mbíonn easaontas go minic i gceist nuair atá ceisteanna a bhaineann le creideamh (nó easpa creideamh, arbh creideamh ann féin é) i gceist.
Agus seo an áit a éiríonn an cheist casta. Bheadh sé mí ionraic ag aoinne le tuairimí láidre gan iad a chuir in iúl. Agus creideann an té a chreideann gur chun leasa daoine eile a bheadh sé, iad a bheith i seilbh an ruda luachmhar atá aige. Ach is minic gur mó teas ná solas a thagann as sin; ach go hairithe toisc go gceapann muid go minic, bunaithe ar thráithnín éigin, go bhfuil tuiscint iomlán againn ar an rud a chreideann an duine lena bhfuil muid ag allagar. Is minic muid ar strae, áfach.
Tá, mar sin, tábhacht le héisteacht cheart a thabhairt, fiú mura mbeidh mar thoradh ar ná aontas faoi easaontas a bheith ann!
Bhí rudaí le rá faoi seo ag an Rabbi Alon Goshen-Gottstein san Jerusalem Post agus é ag cíoradh an raic faoi aitheasc an Bhráthair Cantalamessa ar Aoine an Chéasta. Tá sé ag éirí níos deacra ráiteas machnamhach maidir le cúrsaí creideamh a dhéanamh agus gan snáth éigin a bheith réabtha as agus fite isteach i scannal saorga éigin, a ardaíonn ceo a fholaíonn an rud a bhí le rá.
Agus ní cabhair dá laghad ar foirceadal go bhfuil gach fírinne coibhneasta. Baintear an tátal as sin go bhfuil cead agat do rogha rud a chreideamh; chomh fada is nach gcuireann tú an creideamh i gnímh ar bhealach ar bith!