Tá cliarlathas na hEaglaise Caitlicí smeartha ag an mbrocamas a cheil cuid acu leis na blianta. Is fíor gur mionlach ab ea na coirpigh i measc na sagairt. Ach is cuma. Is fíor nár cuireadh an dlí canónach i bhfeidhm i gceart sna cásanna seo - dlí a bhfuil pionós an díbirt as na sagart leagtha síos d'éigniú linbh. Ach is cuma. Is fíor, mar a scríobhann Brendan O’Neill, daonnachaí,go bhfuil áibhéil i gceist san clúdach sna meáin ar forleithne na faidhbe san Eaglais. Arís, is cuma.
Is fíor go bhfuil sé ráite go minic ag údaráis na Róimhe nach aon bac é an rúndacht, a éilíonn iniúchadh eaglasta, an Stát a chuir ar an eolas faoi choir. Ach ní mór a admháil gur ghlac roinnt cléirigh leis gurbh ea. Tá cúis maith le discréid i gcásanna mar seo. Smál do-mhaite is ea cos ar bholg ar leanaí. Is deacair do dhuine neamhchiontach teacht slán ó líomháin go ndearna sé nó sí amhlaidh. Fiú an té atá thíos le coir mar seo, is féidir a chlú a scriosadh ach an t-eolas sin a bheith poiblí. Ach ní haon leithscéal é sin gan gníomhú go docht agus go gasta.
Is fíor na rudaí seo ar fad, agus is mithid na fíricí sin a fhógairt agus a scaipeadh mar is cuí. Go ciúin, béasach, gan a bheith ag éirí tógtha. Agus ag seachaint friotal a fífear fuaimghreim áiféiseach as.
Mar sin féin, ní sin is riachtanaí:
Tá íonghlanadh de dhíth ar an Eaglais. Rud a tharla cheana ina stair, agus a tharlódh arís. Sa mhéid agus gurbh daoine iad baill an chléir, ní bheidh siad saor ó laigí daonna. Tús maith is ea litir an Phápa. Ní dóigh liom go mbíonn sé ag léamh an blag seo, ach cúis dóchais dom an Cuaird Aspalda a bheith fógartha aige.
Tá gá ag an Stát gníomhú freisin. Fós, níl aon reachtaíocht ann a leagann dualgas ar dhuine eolas a chuir ós comhair na húdaráis cuí. Fós níl aon reachtaíocht ann a cheadódh eolas "bog" - amhras seachas líomháin - a chuir ar aghaidh chuig na húdaráis gan dochar do chlú an tuairisceora nó an duine a chuirtear ina leith an eolas. Agus maidir le stair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus cúram leanaí....
Sílim, ainneoin an bhús ar fad sna meáin go bhfuil an toil agus an diongbháilteacht sa Phápa plé i gceart leis an rud seo ar ar thug sé féin "salachar". Sílim go bhfuil an cruthúnas ann go ndearna seisean a dhícheall - ainneoin na scéalta atáthar ag scaipeadh faoin dóigh ar "theip" sé. Sílim, má théitear i ngleic le fíricí na cásanna sin, nach bhfuil cás le freagairt aige.
Tháinig an Eaglais tríd tréimhsí eile mar seo - Pápaí a bhí drúiseach, arbh dúnmharfóirí iad, cléir a bhí gafa le finíochas, saint agus drúis. Tháinig - agus le cúnamh an Spioraid Naoimh tiocfaidh - an teagasc slán. Ní inniu ná inné a múnlaíodh an nath "Déan mar a deirid, ní mar a déanad". Agus anois, agus muid uilig liteartha agus cáipéisí na hEaglaise ar fáil go héasca ar líne, tá deis ag gach baistíoch a chuid féin a dhéanamh de theagasc na hEaglaise, agus iarracht a dhéanamh maireachtáil dá réir.
Ba bhaol an chléireachas i gcónaí do mhisean na hEaglaise, agus i maith go bhfuil an greim úd briste. Tagann amhras orm áfach go bhfuil cléireachas nua - cléireachas na saineolaithe ar na meáin agus na gcailiúlán tagtha ina áit.
Tá íonghlanadh agus athnuachan i gcónaí de dhíth ar aon fiontar a bhfuil daoine ag baint leis. Agus is leis an duine aonair a thosaíonn gach íonghlanadh. Feictear dom ceannairí maithe a bheith againn i Benedict agus Diarmuid Martin. Táim dóchasach go seolfar an Eaglais Caitliceach Rómhánach in Éirinn ar bhealach a leasa. Ach glacfaidh sé am brocamas na mblianta a sciúradh di.
Aguisín: Feicim ó thrácht ar bhlag Dennis gur theip orm an teachtaireacht a bhí uaim a chuir in iúl, a chuir in iúl. An "Is cuma" thuas, is éard a bhí i gceist agam ná nach é sin an rud is práinní a phlé - caithfear féachaint chuige nach dtarlóidh na coireanna seo, idir mí-úsáid leanaí agus an ceilt a lean é, riamh arís. Chuige sin atá íonghlanadh agus aithrí de dhíth, rud a chuimsíonn nochtadh iomlán na fírinne, tríd na cúirteanna de réir mar is cuí. Sin an príomh rud.