Feiceann sé ceithre réamhchoinníoll
- Go mbeadh an grúpa ilghnéitheach, i. caithfidh gach ball eolas éigin dá chuid fhéin a bheith aige - fiú má tá sé mícheart
- Caithfidh baill an ghrúpa teacht ar a dtuairimí neamhspleách ar a chéile
- Scaoilte - caithfidh baill an ghrúpa bheith in ann feidhmiú bunaithe ar eolas logánta agus a saineolas féin
- Agus caithfidh dóigh éigin a bheith ann an eolas a chomhbhailiú
Pléann an leabhar freisin leis an baol is féidir a bheith i ngrúpa nach bhfuil na hairí seo ag baint leis - an "meitheal meabhair", "easa eolais" agus rl. Tá mír Dubhaltaigh tráthúil sa chomhthéacs seo: is minic ró-thionchar ag duine le tuairimí láidre - antoisceacha fiú - ar ghrúpa, de bharr é bheith is airde glaime.
Lón machnamh.
Feictear dom é bheith ina bhuntáiste dúinn anseo sa bhlagtacht, go mbíonn muid ag léamh tuairimí nach réitíonn muid i gcónaí leo - toisc muid a bheith ag tarraingt as líon bheag. Tá baol ann ar an idirlíon nach mbeadh daoine ag léamh ag rudaí a threisíonn a gcuid réamhchlaonta....