Domhsa mar Chríostaí, is tráth tábhachtach é seo. Comhla na staire is ea bás agus aiséirí Chríost, dar liom. Agus lá thar a bheith sollúnta is ea Aoine an Chéasta, nuair a cheannaigh Íosa sin ón bPeaca agus ón mBás, trína Pháis. An lá nuair a réabadh brat an Teampaill, mar chomhartha go raibh an nasc díreach idir Dia agus Duine athnuaite - go raibh ardsagart nua againn i láthair Dé.
Tuigim, gan amhras, nach bhfuil an sollúntacht chéanna ann do cách. Agus ní chuireann sin isteach ná amach orm.
Sílim, áfach, go raibh an buailim sciath maidir le oscailt na dtábhairní i Luimneach áiféiseach ar fad. Go deimhin, is léir gur thuig lucht RTÉ go raibh a gcuid tuairiscí rud beag áibhéileach. Ar maidin bhí siad ag trácht ar "nós na gcianta" a bheith briste. Faoi deireadh an lae, bhíothas tar éis cuir ar a súile dóibh nach raibh an dlí go ndúnfaí tábhairní ar Aoine an Chéasta ann ach ó 1927!
Anois, is cuma liomsa oscailte nó dúnta na tábhairní - ní bheadh fonn óil ormsa ar lá Páis an Tiarna. (Do deimhin, staonaim ón ól san Carghas pé scéal é). Tuigim, mar a dúirt seanfhear liom, gur comhartha urraim é na tábhairní a bheith dúnta. Ach i ré nach roinntear an creideamh atá agam chomh forleathan agus a dhéantaí, sílim gur mó an dochar atá san bhfimíneacht a bhraitheann daoine a bheith ag baint le dlí mar seo, ná an urraim.
Mar sin féin, tuige go bhfuil na daoine seo, a bhfuil flosc dí orthu, ag éileamh lá saor? Cad é go díreach atá á cheiliúradh acu?
Aontaím cuid mór leis an méid a bhí le rá ag David Quinn - gur comhartha leanbaíochta seachas aibíochta atá sa bhús seo ar fad.