Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label siamsaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label siamsaíocht werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2018-11-12

Tadhg an iomaí tréith!

Déagóir í m'iníon anois agus pé scéal é bhí sí gafa le cúrsaí ceoil ar an Satharn.

Is i m'aonair mar sin a thug mé aghaidh ar an Lexikon i nDún Laoghaire áit a raibh taibhe ag Tadhg Mac Dhonnagáin mar chuid de IMRAM na nÓg. Táim dílis d'IMRAM leis na blianta agus is maith liom an fhorbairt nua seo i bpáirt le Glór na nGael.

Áit ana dheas an Lexikon agus tá leabharlann na leanaí, áit a raibh léiriú Thadhg ar an gceathrú urlár. Radharcanna iontach cúlra ar Bhaile Átha Cliath agus trasna an bá go Beann Éadair.

Chuir Tadhg a phictiúr leabhar Uinseann Donn i láthair. Leabhar a spreagadh ag brionglóid tar éis do faire ar bhabhta de Vincent Browne ag iarraidh go cantalach freagraí a fháil. Bhí an aithris a rinne sé ina réamhrá iontach greannmhar d'óg (a bhí ann go flúirseach) agus aosta.

Rinne sé aithris ar an mbéar freisin ina chuid reacaireachta, ag siúl sall is anall, ag léiriú claochlú an chancráin. Agus spreag na leanaí chun cabhrú leis an muicín a chur in iúil.

Rinne amhlaidh leis an leabhar a d'aistrigh sé. Thug uraiceacht aistriúcháin freisin, mar go raibh eolas ag cuid de na leanaí ar 'A squash and a squeeze'.  'Mo theachín gan chuma gan chaoi' i leagan trascruthaithe Thaidhg, greann agus gean agus gaois ann.

Chan sé rogha amhráin freisin ó Peigín Leitir Mór agus Bliain na nAmhrán, ar bunchlocha iad i go leor teaghlaigh a bhfuil leanaí á dtógáil. Rud a bhí follasach sa chuidiú a fuair sé ón urlár!

Ócáid iontach taitneamhach i suíomh iontach. Díoladh cuid mhaith leabhair freisin - ní raibh Tadhg Óg díomhaoin!

Tá na leabhair ar fáil ó futafata.ie/

2017-06-09

Lúbra an Ghrianáin

Bhí cara le'm iníon ag fanacht linn ag an deireadh seachtaine agus chuaigh muid leo chuig
http://www.greenanmaze.com/ atá i ndeisceart Cill Mhantáin, laistiar de Rath Droma.
Tá lúbra ann, ar ndóigh - fál ar airde fir thart ar na cosáin casta agus go leor bealaí caocha ann! Ach níl ansin ach cuid den spraoi.
Tá tóraíocht taisce leagtha amach acu, chun daoine a mhealladh tríd na tailte ar fad.
Tosaíonn sé ag siopa beag ceardaíochta ag an gcarrchlós, seolann daoine tríd an lúbra agus ar aghaidh i dtreo cúpla sean teach. Chomh maith le seomraí tae cuanna tá seanteach feirme ón 16ú aois agus scioból. Tá cnuasach mór nithe stairiúla san dá fhoirgneamh seo, rudaí tíos agus feirme.
Tá bailiúchán suntasach buidéil ann freisin. Bhí na buidéil a raibh bonn cruinn orthu spéisiúil. Rinneadh amhlaidh iad chun go mbeadh ar siopadóir iad a stóráil ar a dtaobh. Rud a d'fhág an corc tais agus iata dá réir! Tá cruth na mbuidéil éirithe sách leadránach ó shin.
Tá galar na dóirse sí scaipthe anseo freisin - mar sin féin, tá úsáid fónta bainte acu sa mhéid is go raibh, mar chuid den tóraíocht, crainn ar leith le haimsiú is breacadh síos.
Tá zú bheag d'ainmhithe feirme ann, agus roinnt locháin le crainn thart orthu. Bhí feileastram bhreá buí le feiceáil ann freisin.
Tá caife fónta ar fáil san Seomra Tae, agus cistí deasa freisin. Níor thriail muid an bhia eile, ach bhí cuma maith air. Bhíomar tar éis ár bpicnic féin a chaitheamh níos luaithe ag an ionad picnic. Labhair an lucht freastail Gaeilge liom cionn is gur chuala siad mé ag labhairt leis na cailíní.
Áit taitneamhach suaimhneach chun tráthnóna a chaitheamh. €8 ar dhuine fásta, €7 ar leanbh, agus lacáiste áirithe do grúpa/teaghlach. €28 a d'íoc muide.

2015-02-12

Gafa ag Wordumz ...

Ní duine mé a imríonn cluichí ríomhaireachta go hiondúil, go hairithe cluichí inár gá gníomhú go gasta. Ceart go leor, sna 1990í bhí mé gafa le leagan de Thetris ar obair; bhíos den tuairim an uair úd, agus tá fós, gur chomhcheilg Sóivéadach a bhí ann chun táirgiúlacht an Iarthair a scrios.
Nuair a chuala mé (ó Nós) go raibh Wordumz ar fáil as Gaeilge, agus lámh ag Kevin Scannell ann ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é ar €1.29 do'm fón.
Fearacht Tetris, an aidhm atá leis ná gan ligean do na bloic an scáileán a líonadh suas.Murab ionann agus Tetris, ní tríd líne a líonadh a ghlantar bloic, ach tríd focail a chumadh. Dá fhaide an focail is ea is luachmhaire. 
Tá sé agam anois le thart ar seachtain agus tá mé chomh gafa leis go mbíonn mo bhean ag gáirí fúm ag imirt ar mo fón - bíonn sí féin á dhéanamh le fada ach bhí mise seachantach!
Tá mé ag feabhsú le cleachtadh agus anois is arís faighim focal ar fiú 100 pointe é. 
Tá's agam go bhfuil spás do feabhas i bhfad níos mó cé nach dóigh liom gur mise an duine chuige - níl an luais i'm ordóg!
Aclaíocht intinne sách taitneamhach atá ann mar sin d' fhocalbhách.

Mholfainn é do dhuine ar bith ar maith leo focail agus cleasa!
In am agam babhta eile a imirt!

2013-07-07

Téanam oraibh chuig an sorcas!

Chaith m'iníon an tráthnóna ar fad inné ag an Ark. D'fhág mé ann í ar feadh uair go leith agus í ag tabhairt faoi cheardlann cleasa sorcais - d'fhoghlaim sí conas lámh-chleasa a imirt le liathróidí agus - sílim - bolas, i. meall trom ar dheireadh téide, ach go raibh scairf daite ceangailte de. Bhí siad ag cur pláta ag casadh ar bharr maide freisin, agus d'éirigh go breá léi ag coinneáil cleite péacóige cothrom ar barr a méar.
Bhí deis againn greim gasta a fháil i bproinnteach gar do láthair, ansin ar ais linn go beo don "turas". Thosaigh muid amach in íoslach  an fhoirgnimh, áit go raibh taispeántas de portráidí de Muintir Fossett a rinne Bryan O'Brien don Irish Times.
Nuair a bhí muid uilig bailithe tháinig bean feistithe mar Mháistreás an tSorcais agus rinne píosa cainte faoi saol an tsorcais - obair chrua, ilchineálach, ach spraoi freisin. D'inis sí dúinn faoin dteanga ceirde ag lucht an tsorcais - Parlari - agus d'inis dúinn gurbh ise an Gaffer a bheadh orainn agus d'iarr orainn jal orderly (dul go gasta) suas staighre. (Bhí focail Parlari breactha thall is abhus san fhoirgneamh ar fad)
San amharclann thuas staighre bhí fear  thug "Francesco Machiavelli" ar féin agus a bhí ag caint ar oiliúint chapaill don sorcas. Rinne sé roinnt cleasa le beirt des na leanaí - m'iníon ina measc. Ansin léiríodh físeán dúinn de bheirt de mhuintir Duffy ag cleachtadh a gceird ar mhuin chapaill.
Thug an Gaffer suas staighre eile muid áit a raibh Arturo an fear grinn ag fanacht orainn. (Níor aithin mé ag an am é, ach sílim anois gurbh é an fear céanna, faoi bhréagriocht nua, a bhí ann)
D'fhág Máistreás an tSorcais leis muid tar éis babhta geáitsíochta a d'fhág m'iníon agus cailín eile  sna tríthe ag gáirí. Tar éis dó iad a shuaimhniú le cleas nó dhó eile d'inis sé dúinn faoi roinnt fir grinn stairiúla - agus faoi bhean grinn Annie Fratellini, a bhunaigh Acadamh Sorcais! B'iontach an dóigh a d'athraigh sé a bhlas agus a chanúint de réir na tíre a raibh sé ag trácht air!
Suas staighre eile ansin, agus isteach i seomra diamhair áit a inis bean (Máistreás an tSorcais, ach faoi bhréagriocht nua) scéal diamhair draíochta dúinn faoi pháiste draíochta san sorcas - agus bhronn cleite dearg ar na páistí le cabhrú leo meabhrú ar na rudaí a fhaca siad ar an lá. Lonnaigh sí an scéal in san tríú sorcas Éireannach - Gerbola.
Suas staighre eile fós go dtí an díon - áit a raibh daoine ann le cabhrú leis na gasúir aghaidh fidil a dhéanamh as pláta páipéir.
Lá den scoth; thaitin sé liom ach go háirithe gur lonnaigh siad an reacaireacht i measc lucht sorcais Éireannach. Fearacht aon siamsaíocht eile a bhfuil a lán daoine de dhíth dó, tá an bhrú ar lucht sorcais.
Tá an taibhe seo ar siúl go dtí deireadh mí Lúnasa;  athraíonn na ceardlanna ó am go chéile,  tá na sonraí ar fáil ar shuíomh The Ark.
Mholfainn d'aoinne le páistí nó gar-pháistí - aghaidh a thabhairt air!

2012-09-04

Gort na bhFataí

Tá Cumann Spóirt agus Sóisialta againn ar obair. Cuireann na baill roinnt airgead in aghaidh na míosa isteach sa phota agus cuireann an cuideachta a chomhoiread leis. Eagraítear roinnt imeachtaí i rith na bliana mar sin chun (i bprionsabal) deis a thabhairt do dhaoine aithne a chuir ar a chéile lasmuigh de srianta na hoifige. Deá smaoineamh. Tá coiste deonach i gceist leis an eagrú, agus tá sé d'ádh orainn faoi láthair go bhfuil coiste samhlaíoch agus gníomhach againn; agus iad tuisceanach freisin go bhfuil teaghlaigh ag daoine!
Mar sin, eagraíodh lá teaghlaigh i Tayto Park Dé Domhnaigh.
Tá páirceanna siamsaíochta mar é thar a bheith gann abhus. Bhí muid ann le'm iníon atá díreach ag an aois ceart dó sílim, cé gur chaith sí mórchuid na hama san clós spraoi - rud a bheadh ar fáil áiteanna eile. Mar sin féin bhí rudaí eile ar fáil nach mbeadh chomh héasca teacht orthu. Aghaidh dathú, mar shampla. Agus - rud a bhain sí an sult as - scéalaíocht i bPuball "Indiach Dearg". Níor chuala mé féin an scéalaí í, ach d'fhill sí arís is arís eile uirthi, mar sin caithfidh sé go raibh sí sách maith!
Tá scata deiseanna proinn a chaitheamh san áit, agus bhí béile orduithe dúinn san "Outback" a bhí sách maith do greim gasta. 
Bhí seó draíochta san ionad céanna a bhí ana mhaith ar fad.
Agus tá bailiúcháin d'ainmhithe acu - tréad bheag bhuabhall, eallach eile, lámaí ina measc, agus cuid mhaith cait mhóra. Agus ealta éin clóis.
Ba lá breá brothallach a bhí ann, mar sin bhí an áit dubh le daoine. Níor chuir sin as dúinne, ach tá iontas nó dhó san áit a raibh an tóir ag daoine eile orthu - rópaí arda agus "zip-line" fíor ard fíor fhada. Bhí scuaine fada dóibh sin um thráthnóna. Dá mbeadh faoi dhuine tabhairt fúthu sin b'fhiú bheith ann luath, agus an áit ag oscailt.
Níl an áit saor - €40 ar bheirt duine fásta agus beirt ghasúir,agus breis ar chuid de na hiontais laistigh. Ach níl na praghsanna ar bhia agus deoch thar fóir.
Áit dheas do lá teaghlaigh le gasúir óga.

2012-08-25

Do tháinig loingeas go hInbhear Life

 Tá bunáite an lae caite agam ag Féile na Long Arda i bhfochair m'iníon. Toisc go riabh mé le'm iníon, is ar a mianta siúd a bhí m'aird. Bhí cloiste agam faoi scéalaíocht Púca Puppets a bhí le bheith in ionad cuairteoirí Uiscebhealaí Éireann ag Dug na Canálach Móire. Is ag an stáisiúin ansin a thuirling muid mar sin - ach bhí na sluaite ansin cheana agus scuaine fhada naíchóistí don ardaitheoir! (Níor thaisteal mé le naíchóiste riamh le mo leanaí, b'fhearr go mór liom an ceirt iompair ó Didymos).
Nuair a bhí sé cinntithe agam cá raibh an scéalaíocht le bheith, agus cad a bhí le déanamh, thug muid aghaidh ar na céanna.
B'iontach an radharc na céanna; long i ndiaidh long faoi bhratacha ildaite. Bhí, gan amhras scuainí fada ag na báid a bhí oscailte agus níor bhac muid mar sin dul ar bhord aon long. Bhí radharc measartha maith ar na longa ón gcé pé scéal é.
 Bhí taispeántas spleodrach sa phlásóg ós comhair an Amharclann agus ar na  sráideanna  máguaird. Ealaíon a thug cuireadh spraoi leis; faiche imeartha le bréagáin adhmaid de chuid Festijeux, Siamsallán,  Ollsleamhnán agus araile. Bhí ardán ann le ceol, ach is beag aird a thug muid air. Sa bháisín lámh leis bhí taispeántas surfálaí eitleoige - gan eitleog! Seachas sin bhí siad ag baint feidhm as sreang a bhí á dtarraingt go gasta thar an uisce, ag tabhairt deis dóibh taibhe spreagúil a thabhairt de léim as an uisce.
D'fhill muid ar an Ionad Cuairteora, áit a raibh taispeántas laistigh de samhail báid de chuid Cumann Báid Mionsamhlach na hÉireann. Chomh maith le mionsamhail bhí pleananna agus báid leath réitithe le feiceáil. Agus bhí cuid de na báid ar an uisce lasmuigh.
 Bhí sé in am ansin éisteacht le scéal Mamó na Mara; Scéal iontach samhlaíoch faoi mhurúch a scuabadh isteach sa Chanáil ag anfa. Snámh sí chomh fada leis an Sionainn ar chomhairle ainmhithe ar chas sí orthu; sa tóir ar an mBradán Feasa chun fios na bealaí chuig a muintir a fháil. Ach bhí an Bradán marbh le fada, (ite ag Fionn Mac Cumhaill, dár ndóigh) agus nuair a rinne sí neamhaird den gcomhairle gan na cnónna in linn na feasa a ól, bhuail mallacht í agus rinneadh duine di. Bhí deireadh measartha sona ar a cás, áfach, agus é geallta di go mb'fhéidir go mbeadh Tuath de Danann  toilteanach a eireaball a thabhairt ar ais di dá gcuideoidh na leanaí léi scéalta a chnuasach!
 Ach ní raibh fonn ar m'iníon, mar sin bhailigh muid linn. Bhí ealaí so-seolta tugtha faoi deara agam san duga ón DART i rith na seachtaine. Ba chuid iad de imeachtaí a bhí á chuir ar fáil saor in aisce ag Surfdock, cé nach mbíonn siad acu i gcónaí. Bhí siad le bheith curtha in áirithint ag daoine roimh ré; ach bhí sé d'ádh orainn gur loic duine a raibh siad curtha in áirithint aige agus fuair muid deis  tamall a chaitheamh ag cos-chéaslóireacht thart ar an nduga. (Obair chrua!)
Ansin bhí fonn ar m'iníon roinnt den siamsaíocht a bhlaiseadh agus thóg sí seal ar an siamsallán.
Bhí fonn uirthi níos mó a dhéanadh ach bhí mise tugtha traochta, agus scuainí fada gach áit.
Mar sin fuair muid flas candaí ollmhór agus d'fhill ar an DART (plódaithe!) abhaile.
Bhíos sásta go maith leis mar lá, agus caithfidh mé a rá go sílim go raibh ann eagar ar an bhféile. Ar ndóigh, ní fhaca muide ach cúinne amháin - d'fheadfá i bhfad níos mó ama a chaitheamh ag blaiseadh na hiontais ar fad. Bhí foireann ag lucht na féile gach áit, móide lucht slándála, lucht an cosaint sibhialta agus na Gardaí. Bhí boscaí bruscar scaipthe thart go flúirseach, agus foireann glantacháin chomh maith - i bhfianaise na sluaite a bhí ann, bhí fíor bheagán bruscair le feiceáil. Bhí seastáin den uile chineál ann, agus bhí fajita blasta Meicsiceach agam nach raibh (d'Áth Cliath) ró dhaor - €5.
Treise le lucht eagar an Fhéile!