Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label kevin scannell werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label kevin scannell werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-10-12

Asarlaíocht Khevin, athuair.


Sampla ana mhaith is ea an méid seo thús de phíblíne *nix. Feidhmíonn go leor, leor cláracha de chuid Unix mar scagairí ar chineáil éagsúla téacs, ag déanamh athrú ar an ionchur agus á sheoladh chuig an aschur. Feidhmíonn an siombal "|" már phíobán a nascann aschur an ordú ar chlé le hionchur an ordú ar dheis.

egrep -i -o 'ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s' sonrai/ga-tweets.txt | tolow | sed 's/^ch/c/' | sort | uniq -c | sort -r -n | sed 's/^ *[0-9]*//' | tr "\n" " " | fmt


Clár is ea "grep" - seasann an ainm do "globally search for a regular expression and print matching lines", bunaithe ar an ordú g/re/p atá san eagarthóir luath ed. Nuair a chuirtear "e" roimhe, is dóigh é chun an leagan de na slonn rialta atá le húsáid a sainmhiniú. Is éard atá i gceist le "slonn rialta" ná pátrún chun teaghráin ar leith a lorg. Sa chás seo is 

ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s

an slonn rialta. An t-oideas atá i gceist ná:

  • lorg "c";
  • leanta ag ar a mhéid "h" amháin;
  • leanta ag "o" nó "ó";
  • leanta ag "m" agus ar a mhéid "h" amháin, uair amháin ar a mhéid;
  • leanta ag "g" agus ar a mhéid "h" amháin;
  • leanta ag líon anaithnid litreacha idir a agus z, ceann ar bith san áireamh  => [a-z]* ;
  • leanta ag r;
  • leanta ag [a-z]* arís;
  • leanta ag d;
  • leanta ag [a-z]* arís;
  • leanta ag s.
Maidir le [a-z] fuair mé soiléiriú ó Kevin. Tá rud ar a dtugtar logchaighdeán ann, agus bíonn tionchar aige sin ar conas mar a chaitear le litreacha, airgeadra agus am.

Ar ríomhaire Kevin is ga_IE.utf8 (Gaeilge, Éire, ionchodú Unicode de réir UTF-8) atá roghnaithe, mar sin is ionann [a-z] agus aon litir a úsáidtear as Gaeilge. Ach san ceann bunaidh "C" ní bheadh i gceist le [a-z] ach na litreacha sin amháin. Léiríonn an méid thíos seo - le ga_IE.utf8 aimsíonn [a-z] í; gan é ní haimsíonn.

$ echo "Caoimhín" | egrep '^Caoimh[a-z]n'
Caoimhín
$ echo "Caoimhín" | LC_ALL=C egrep '^Caoimh[a-z]n'
$

Ciallaíonn "-i" go ndéantar neamhaird ar chás na gcarachtair; agus ciallaíonn "-o" nach mbeidh ach an méid a mheatsáileann san aschur. Mar sin, aschur

egrep -i -o 'ch?[oó](mh?)?gh?[a-z]*r[a-z]*d[a-z]*s' sonrai/ga-tweets.txt

ná na focail ar fad sna giolcanna atá de réir an oidis.

Cuireann tolow iad ar fad i gcás íochtar.

Tá slónn rialta i gceist le

sed 's/^ch/c/'

freisin.
Eagarthóir is ea "sed" - "stream editor". An oideas atá i gceist an seo ná "c" a chuir in áit "ch" chomh fada is atá an "ch" ag tús "^" an teaghráin. Déanann sin cúraim de na leagancha séimhithe.

Déanann sort mar a shamhlófa, na línte a chuir in oird aibítre.

An toradh ar "uniq -c" ná na línte uathúla agus áireamh gach líne acu rompu.

Cuireann "sort -r -n" an toradh sin in ord uimhríochta, ó ard go híseal (i. r = droim ar ais)

sed 's/^ *[0-9]*//': faigh réidh leis na huimhreacha.

tr "\n" " ": cuir spás amháin in áit deireadh líne

fmt: déan formaidiú ar an iomlán san slí is éifeachtaí. Agus sin agaibh an liosta!







2020-02-14

Asarlaíocht Khevin

iconv -l | tr -d '/' | shuf | while read x; do if echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1 ; then AS=`echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 | tr -d "\n"`; echo "$AS"; break; fi; done


D'fhoilsigh Kevin Scannell an "script aon líne" thuas ar Twitter. Sampla bhreá atá ann de *nix - formhór na cláracha i Linux agus na Unix eile, oibríonn siad mar scagaire a ghlacann eolas isteach ó "sruth" amháin agus a sheolann ar aghaidh chuig "sruth" eile é.

Fágann sin gur féidir iad a chuir i bpíblíne mar atá thuas - nascann "|" sruth amach cláir amháin le sruth isteach cláir eile.
Clár atá in iconv a athraíonn ó ionchódú carachtar amháin go ionchódú eile.
"iconv -l" "cuir amach liosta de na hionchódú ar fad atá tacaíocht dóibh sa chlár".

Is minic rogha do chlár *nix ag feidhmiú le "-" roimhe, nó "--".

Ansin, tá "tr" ann - athraíonn nó scriosann "tr" carachtar.

Ciallaíonn "tr -d '/'" "bain aon / as an sruth isteach agus cuir gach rud eile sa sruth amach"

Déanann "shuf" an ionchur a mheascadh go randamach.

Tá lúb i gceist idir "while read x; do" agus "done"

Sé sin, fad is atá ionchur, chur san athróg x é, agus déan gach rud idir "do" agus "done".

Tá coinníoll eile idir "if" agus "then" - má tá an méid idir an "if" agus "then" fíor, deanfar gach rud suas go dtí an "fi" (cleas gránna - "if" droim ar ais).

Tá cúpla rud i gceist sa choinníoll.
" echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1"

Cuireann "echo" an méid atá sa sruth isteach go dtí an sruth amach.

" iconv -f $x -t utf8"

Seo "iconv" arís. Tá an ionchódú a chuireann shuf ar fáil in x – ciallaíonn $x "bain feidhm as luach na athróige x".

Ciallaíonn "-f <ionchódú>" "athraigh ó <ionchódú>" agus "-t utf8" "go hionchódú utf8". 
UTF-8 an ionchódú is coitianta agus feiceálaí ar ríomhairí nua.

An rud atá i gceist le "/dev/null" ná gléas ar leith, folús dáiríre.

Bíonn trí sruth coitianta i Linux – STDIN (ionchur), STDOUT (aschur) agus STDERR (aschur d'eolas fabhtanna). 
Déanann an comhartha ">" STDOUT a sheoladh chuig an comhad atá luaite ina dhiadh –sa chás seo, /dev/null -> caithfear chun siúl é. 

Seasann 1 do STDOUT agus 2 do STDERR. An rud atá á dhéanamh ag "2>&1" ná ag atreorú STDERR go STDOUT.

Sa chás seo, níl suim againn ach in san luach a thugann an clár ar ais don gcóras oibriúcháin, toradh an chláir.

Beidh " echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 > /dev/null 2>&1" fíor más féidir an teaghrán "Rónán Mistéil" a iompú ón ionchódú x go utf8 – mar sin, is fiú leanacht ar aghaidh leis.

An chéad rud atá le déanamh ná:
AS=`echo "Rónán Mistéil" | iconv -f $x -t utf8 | tr -d "\n"`;

Chonaic muid na céimeanna idir eatarthu cheana.

Tá cleas nua ann áfach – an tic siar "`". An rud atá ag tarlú ná go gcuirfear an aschur ar na cláir idir an dá tic siar isteach san athróg AS.

 Seasann "\n" do deireadh líne; bainfear é sin, toisc go gcuirfidh "echo" ar ais é ar aon nós, agus is mian linn línte bána a sheachaint san toradh deiridh.

An rud a dhéanann "break" ná briseadh amach as an lúb – mar sin, ní athrófar "Rónán Mistéil" ach uair amháin gach uair a ritear an píblíne.

Agus sin agaibh an t-oideas ina iomláine!

Bíonn ainmneacha gairide ag go leor cláir *nix mar gur céad cumadh iad ag am go raibh daoine nasctha le hollríomhairí tríd córais cumarsáide a bhí sách mall, agus mar sin bhí gontacht de dhíth.

Cuireadh ceist ar duine de chumadóirí Unix, Ken Thompson, tráth, faoi cén athraithe a dhéanadh sé dá mbeadh sé ag tosú as an nua. "Litreoinn creat le 'e'". (Clár a chruthaíonn nó a osclaíonn comhad is ea creat).

Is féidir eolas faoi clár *nix a fháil go hiondúil ach "man <ainm>" a chlóscríobh – seasann man do "manual", i. Lámhleabhar. Feidhmíonn sin mar chuardach Google freisin ....

2017-10-20

Croí phobal na Gaeilge ar Twitter?

Le déanaí tá Tuairisc ag iarraidh tátal a bhaint as cnuasach sonraí agus taighde Kevin Scannell ar Twitter agus an Ghaeilge. Tá eolas luachmhar sa chnuasach ag Kevin, a bhfuil achoimre de ar fáil ag
http://indigenoustweets.com/ga/. Ach ceist eile conas croí phobal a thomhais.

Tá gá le slat tomhais éigin, agus roghnaigh Kevin an céatadán giolc i ngaeilge agus tairseach 66%. D'fhág sin cuid mhór daoine a bhím féin ag plé as Gaeilge go laethúil as an áireamh, toisc go mbíonn comhráití eile as Béarla acu, nó go mbíonn go leor giolc as Béarla á athghiolcadh acu, nó an úsáid á bhaint acu as gifeanna.

Tá Twitter mar a bheadh teach tábhairne glórach, daoine ag sleamhnú ó chomhrá go comhrá. Tá sé de nós agam féin gan ach Gaeilge a labhairt, toisc gurb é sin an chúis go bhfuilim ann. Ach bím ag leanacht scata cuntas as Béarla, (agus teangacha eile) a thagann le mo spéiseanna - spás, teicneolaíocht faisnéise, litríocht, nathaíocht. Sách minic spreagann giolc ach comhrá i nGaeilge. Tá comhrá leanúnach faoi intleacht shaorga ar bun idir @Murchadhmor @tomairua agus mé féin, altanna á bhabhtáil againn. Le déanaí mhuscail giolc le @neilhimself mo spéis i @nnedi agus d'eascair comhrá le @olamajekodunmi1 as sin. Bíonn roinnt comhrá macarónach agam, mise ag giolcadh as Gaeilge, an té a bhfuilim ag allagar leo as Béarla.

Fearacht teach tábhairne freisin tá daoine ann nach bhfuil fonn orm caint leo, agus iad balbhaithe nó fiú blocáilte dá réir. Mar atá san fíor saol, ní pobal amháin lucht labhartha Gaeilge Twitter, ach scata pobail, agus daoine ar leith ina nascanna idir phobail.

Measaim gur thug an graif a scaip @kscanne de na comhráití pictiúr sách soiléir, ainneoin go raibh daoine áirithe ar lár de bharr an cuóta 66%.

Níl mórán eolas agam ar mhatamaitic na graif, ach shamhlóinn go mbeadh sé spéisiúil graif na comhráití ag sciar de na Gaeilgeoirí is béalscaoilte ar Twitter a iniúchadh, ag tosú leo mar nód agus ag rianadh na nascanna @ ina gcuid giolc agus na freagraí iontu.

Níl fhios agam an bhfeadfaí é sin a dheánamh go huathoibríoch nó an gá an léitheoir daonna fós.

Tá machaire taighde ansin, agus go leor nithe eile le scagadh.

Thug mé suntas dó go raibh Ciarán Ó Feinneadha ag léiriú spéiseanna Fheargal Uí Chuilinn (suaimhneas síoraí ar a anam) tré sampla dá ghiolc a úsáid.

Tá cnuasach Khevin luachmhar agus ábhar go leor taighde ann!

2015-02-12

Gafa ag Wordumz ...

Ní duine mé a imríonn cluichí ríomhaireachta go hiondúil, go hairithe cluichí inár gá gníomhú go gasta. Ceart go leor, sna 1990í bhí mé gafa le leagan de Thetris ar obair; bhíos den tuairim an uair úd, agus tá fós, gur chomhcheilg Sóivéadach a bhí ann chun táirgiúlacht an Iarthair a scrios.
Nuair a chuala mé (ó Nós) go raibh Wordumz ar fáil as Gaeilge, agus lámh ag Kevin Scannell ann ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é ar €1.29 do'm fón.
Fearacht Tetris, an aidhm atá leis ná gan ligean do na bloic an scáileán a líonadh suas.Murab ionann agus Tetris, ní tríd líne a líonadh a ghlantar bloic, ach tríd focail a chumadh. Dá fhaide an focail is ea is luachmhaire. 
Tá sé agam anois le thart ar seachtain agus tá mé chomh gafa leis go mbíonn mo bhean ag gáirí fúm ag imirt ar mo fón - bíonn sí féin á dhéanamh le fada ach bhí mise seachantach!
Tá mé ag feabhsú le cleachtadh agus anois is arís faighim focal ar fiú 100 pointe é. 
Tá's agam go bhfuil spás do feabhas i bhfad níos mó cé nach dóigh liom gur mise an duine chuige - níl an luais i'm ordóg!
Aclaíocht intinne sách taitneamhach atá ann mar sin d' fhocalbhách.

Mholfainn é do dhuine ar bith ar maith leo focail agus cleasa!
In am agam babhta eile a imirt!

2014-12-11

Gmail as Gaeilge

Thug mé aghaidh tráthnóna ar cheannáras Google i mBaile Átha Cliath. Bhí cuireadh faighte agam chuig ócáid seolta táirge as Gaeilge - cé nach raibh an táirge luaite. Ach ar maidin ar Twitter scaoileadh an rún agus bhí fhios agam go raibh Gmail as Gaeilge le seoladh - rud a thug deis dom triail a bhaint as roimh an ócáid seolta (níl an leagan d'fhón glic ar fáil fós)
Bhí sluaite ag bailiú isteach san Teilgcheárta, ionad Google do ócáidí dá leithéid agus mé ag teacht isteach, dornán ranganna scoile ina measc. Bhuail mé le cuid mhór daoine a mbím i dteagmháil leo ar Twitter - cuid acu nár bhuail mé leo san fíor saol roimhe.
Treoraíodh gach duine isteach i halla breá mór (bhí an rud fíor eagraithe, níor scaoileadh isteach ach daoine a bhí ar an liosta, lipéid ar gach aoinne acu agus Googlers cairdiúla ag coinneáil súil ghéar ar
rudaí!)
Bhí smacht ag lucht Google ar chúrsaí, agus cuid dá gcliar ag caint i míreanna éagsúla, an teachtaireacht corparáideach follasach faoin snas. Dream mós gairmiúil, fiú má thugann siad "Oibríochtaí Daoine" ar an rannóg pearsanra! B'é a gceannaire siúd Helen Tynan a chuir tús le himeachtaí, ag caint faoin misean atá ag Google. Tháinig cúpla cainteoir eile ón gcomhlacht ina diaidh, ina measc fear spéisiúil ón Iorua, Svein a bhí ag caint faoin chaoi go bhfuil logánú níos fairsinge na aistriú. Thug sé sampla den nath úd ar leathanach cuardaigh Google - "Tá an tÁdh orm inniu". I measc na roghanna a bhí á phlé acu don mBurmais bhí "Titeann sicín caoch i mbabhla rís" - sa deireadh shocraigh siad ar macasamhail Abracedabra. Ach an rud a bhí sé ag maíomh gur gá bhí greannmhar éadromchroíoch - ach go mbraitheann sin ar an gcultúr atá i gceist. Labhair duine de na haistritheoirí ar an ndúshlán a a bhain a bheith le "Labhairt Google" freisin. Ar an ndrochuair ní raibh an té a spreag an togra in inmhe bheith i láthair go pearsanta. Bhí ar an tOllamh Kevin Scannell plé le scrúdaithe - ach sheol sé teachtaireacht físe. Bhí nasc físe freisin le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, a raibh lámh ag an múinteoir ríomhaireachta ann san togra. (Monuar tá a ainm imithe uaim - ach shíl mé ach a dtáinig sé ar an scáileán go raibh Unix Hacker den sean déanamh acu ann!)
Ar an drochuair de bharr na doininne, cé go raibh an fís measartha maith bhí an fhuaim go hainnis agus is beag den méid a dúirt siad a chuala muid. Ach thaitin sé go mór liom go raibh dream ón nGaeltacht tugtha isteach i lár an aonaigh - go minic shílfeá gur beag nasc idir na Gaeil ar líne agus muintir na Gaeltachta. 
B'é Hector a rinne an seoladh, agus cé gur meas leibide atá agam féin air, caithfidh mé a admháil go ndearna sé a ghnó go paiteanta, ag spreagadh aisfhreagra ón slua agus ag fáil an buaileadh bos agus an liú ag an pointe cheart.
Bhí tráth na gciest beag teanga agus teicneolaíochta ann freisin, agus ansin tugadh aitheantas don méid de na haistritheoirí a bhí i láthair.

Is obair ar leith aistriú i dtogra ríomhaireachta, ag obair le focail leo féin, gan an comhthéacs i gcónaí soiléir, stíl an táirge le cuir san áireamh, srianta dochta leithéid; tá éacht déanta ag na saorálaithe anseo, obair bhreá snasta a léiríonn an buntáiste atá ag baint le foireann dlúth, ainneoin iad a bheith scaipthe idir Baile Átha Cliath, Gaoth Dobhair agus áiteanna éagsúla sna Stáit Aontaithe.

 Tá buíochas dlite dóibh - an buíochas is fearr ná feidhm a bhaint as toradh a saothar! Gaeiligí bhur Google!



2013-04-16

Imbolc 2013: Caint thar uisce ...

Íomhá: Dan Griffiths
Mar is dual do shaineolaí idirlíon, is thar an idirlíon - tré Skype - a labhair Kevin Scannell leis an gComhdháil. Seachas faoina chuid saothair leis an nGaeilge bhí sé ag caint ar an mbonn matamaitice faoi na modhanna a bhaineann sé feidhm astu chun na baic ar an idirlíon rompu siúd, a bhfuil teanga dúchasach faoi bhrú á labhairt acu, a shárú.  Tá na sleamhnán dá chaint ar fáil anseo:
Cabhraíonn modhanna staitistice leis litreoirí agus a leithéid a fhorbairt do theangacha. Tá cuid de na nithe seo pléite agam bunaithe ar chainteanna eile dá chuid, mar shampla anseo agus anseo. Tá teacht ar a lán den eolas faoin méid atá déanta aige don Ghaeilge go sonrach tríd nascanna.com agus scriobh.ie
Cabhraíonn an ríomhaireacht agus modhanna staitistice le dul chun a dhéanamh do chainteoirí teanga neamhfhorleithne nó scaipthe - agus is mór an gar go bhfuil saorálaithe díograiseacha le saineolas fearacht Kevin ar fáil chun dul i ngleic leis.
Maidir leis an modh oibre, ainneoin gur reoigh an fotha físe ó am go chéile, ní raibh aon deacracht leis an fhuaim agus bhí an caint le clos le soiléir, agus le cabhair ó Bhernice bhí an féidearthacht  ann an babhta ceisteanna agus freagraí freisin. Nuálaíocht fiúntach do Imbolc - ach bíonn sé níos fearr na cainteoirí a bheith ann chun deis cainte thar cupán tae agus cístí blasta a bheith ann! Gan trácht ar an dinnéar tráthnóna sa Mhuileann.  

2012-11-02

Ag moncaíocht ar an Idirlíon!

Le linn a chaint ar an gCéadaoin luaigh Kevin dúshlán eile don logánú ríomhaireachta - fiú le fáil éasca ar foinsí oscailte. (Molann sé foinsí oscailte, féach an léargas san páipéir seo). Is é sin an fás san néal-ríomhaireacht, agus scaipeadh an choincheapa "bogearra mar seirbhís". 
Fágann sin an lámh in uachtar ag na hollchomhluchtaí arís - cinn eile gan amhras; Google agus Facebook seachas Apple agus Microsoft. Ach fanann an bunfhadhb. Ag na comhluchtaí an forlámhas; bíonn an pobal teanga spléach ar an méid atá na comhluchtaí sásta deonú dóibh. Is fíor go bhfuil leithéidí Facebook agus Twitter breá sásta sluafhoinsiú a dhéanamh ar aistriúcháin; agus ligeann dá úsáideoirí an obair a dhéanamh. Fós féin, caithfidh siad an teanga a scaoileadh isteach; agus is minic constaic ansin. Bíonn drogall orthu dréim le teanga a bhfuil líon bheag cainteoirí aici. Tá deacrachtaí cáilíochta i gceist.
Tá bealach eile ann áfach; ba é Neskie Manuel (nach maireann, faraor) a tháinig ar an smaoineamh agus a d'fhorbair é. Is tríd brabhsálaí a fheidhmíonn na bogearraí nua seo de ghnáth; déantar an obair agus an taisceadh san néal, ach bíonn an t-eolas á mhalartú tríd leathanach idirlín.
Nuair a sheolann tú do bhrabhsálaí chuig seoladh idirlíon, cuireann an ríomhaire i gcéin oideas ar ais go dtí do ríomhaire áitiúil, agus cuireann an brabhsálaí an t-eolas i do láthair. Go hiondúil is i HTML atá an oideas; teanga ríomhaireachta a chuireann síos ar eolas agus a ligeann don brabhsálaí é a leagann amach i gceart. Ach is eolas seasta a bhíonn i gceist le HTML; chun athrú a dhéanamh ar an leathanach, bheadh breis eolas de dhíth ón ríomhaire i gcéin. Cruthaíonn sé sin breis tráchta idir an dá ríomhaire; agus breis obair don ríomhaire i gcéin.  Mar sin forbraíodh teicneolaíochtaí eile chun ligeann don brabhsálaí beocht a chuir san eolas ach é sin a ríomh go háitiúil.  Ina measc sin bhí JavaScript. (Ainneoin an ainm, níl baint aige leis an ríomhtheanga Java). Is féidir le forbróir an suíomh scripteanna a chuir isteach leis an oideas chun idirghníomhaíocht a chuir leis an leathanach.
Céim chun cinn is ea "Greasemonkey". Breiseáin is ea Greasemonkey do Firefox a chuireann ar chumas an  úsáideora a chuid scripteanna féin a chuir i bhfeidhm ar leathanaigh. Chonaic Neskie an deis anseo Facebook a chuir ar fáil ina theanga dhúchais féin: Secwepemctsín. De réir mar a thuigim é,  lorgaíonn an script teaghráin áirithe agus cuireann na leaganacha san sprioctheanga ina n-áit.
(Tá breis eolais anseo ar bhlag Kevin)
Smaoineamh simplí ach cuanna atá ann. Go raibh leaba i measc a shinsir ag Neskie Manuel; agus go leana a shaothar ag cuir clocha ar a charn!

2012-11-01

Capall aonchleasa?

Kevin Scannell
Bhí mé i láthair ag An Roth aréir do léacht an ghaiscígh Idirlín Kevin Scannell I dTreo Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge.
Bhí cur amach agam dar ndóigh ar a chuid oibre roimhe seo - is dílseoir de chuid Firefox le Gaeilge agus LibreOffice mé le tamall! Tá ríomhaithne agam air freisin agus cúpla cluiche Scrabble imeartha againn thar an idirlíon! Go deimhin liosta gan áireamh geall leis na tograí a bhfuil Kevin lárnach iontu. 
Rinne sé cuir síos ar chuid den saothar seo ina léacht (tá teacht ar na sleamhnáin anseo)
Bhí go leor de sin ar eolas agam (i measc rudaí eile a bhuí leis an suíomh Nascanna.com)
Ach bhí suim agam in san cuir chuige teicniúil atá aige mar bhunús dá chuid oibre - mhaígh sé gur capall aonchleasa é: go n-úsáideann sé meafar an "Chainéil Torannach" dá chuid oibre. Smaoineamh simplí ach éifeachtach. Má seoltar comhartha tríd cainéil torannach bíonn an comhartha a thagann amach curtha as a riocht agus tá gá le "díchódú" chun an bun-chomhartha a fháil ar ais. Thug sé roinnt samplaí, agus na huirlis atá forbartha aige chun dul i ngleic leis na fadhbanna coitianta atá le leigheas: litreoirgramadóir, caighdéanaitheoir (nó mar a thug sé féin air, an leadránaitheoir) - uirlis chun leagan caighdeánach a dhéanamh as téacs a scríobhadh roimh an Chaighdeán, nó atá canúnach: cabhraíonn leagan dá leithéid leis an ríomhaire obair le téacs.
Tá an obair seo bunaithe ar chuir chuige staitistiúil, bunaithe ar chorpas ollmhór téacs atá cnuasaithe thar na blianta ag Kevin - ón líonra a bhuí le crúbadán, agus le téacsanna eile, ina measc leabhar a bhfuil AOC déanta aige orthu. Bhí tairbhe le baint ansin as scéim aistriúcháin an Gúm; mar go raibh aistriúcháin ar ardchaighdeáin ag scríbhneoirí den scoth ar fáil dó  (ó tharla gur meamraiméis is mó atá ar líne as Gaeilge, nó, go bhfóire Dia orainn, scríbhinní lochtacha mo leithéidí  - a bheadh seacht n-uaire níos measa murach an litreoir!
Tríd is tríd léacht thar a bheith taitneamhach agus fiúntach, agus bhí deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis ina dhiaidh. Bhí líonchraoladh ar an oíche - táim ag fiosrú an féidir an físeáin a chuir ar fáil ar líne.

2012-01-04

Ríomh Scrabble, Cuid a haon

Tá comaoin, arís eile curtha ag Kevin Scannell orainn - leagan Gaeilge curtha ar fáil aige de Scrabble-3D (vicí gan tiontú fós)
D'íoslódáil mé díreach anois é agus d'imir cluiche in aghaidh an ríomhaire. Rinneadh slad orm! Beidh orm cleachtadh. Tá rud nó dhó nach bhfuilim iomlán cinnte faoi - ar cheart scaoileadh le séimhiú agus urú ag tús focail, mar shampla? Chaill mé geábh nó dhó de bhrí gur chuir mé isteach focal a bhí mícheart - tugadh rogha dom é fhágáil nó gan é úsáid - ach nuair a roghnaigh mé gan é úsáid, bhí mo sheal imithe. D'éirigh leis an ríomhaire fáil réidh le seacht litir faoi dhó - mar sin, níorbh aon ionadh go raibh geall le ceithre huaire mo chuid pointí aige nuair a fógraíodh go borb (as Béarla) - "Game Over"
Is féidir an cluiche a imirt le daoine eile thar an idirlíon - ní raibh deis agam triail a bhaint as sin fós. Fairigí an spás seo .... áis iontach seo, mar bíonn sé deacair daoine a fháil chun an bun chluiche boird a imirt! Sílim go bhfuil cúig cluiche nó mar sin imeartha agam ó cheannaíos é!

2011-09-22

Crúbadán agus cnuasach blaganna

Tá an línseoir ildánach ilbhéarlach Kevin Scannell tar éis gar eile a dhéanamh do phobail Gaeilge an Idirlíon. Le cabhair óna chlár An Crúbadán tá fearann Blogger ransaithe aige le gach blagmhír i nGaeilge a aimsiú. Tá na torthaí ar fáil anseo: http://indigenoustweets.com/blogs/ga/
Tá an iarracht teoranta do Blogger faoi láthair de bhrí gur gá do na huirlisí atá in úsáid aige bheith in inmhe téacs na blagmhíreanna a scagadh ón cód ar fad a bhíonn timpeall orthu nach bhfeiceann daoine riamh ach a d'fhágfadh feidhmchlár caoch mura raibh ar a chumas é a léamh.
Tá rud ana áisiúil curtha ar fáil aige ar an leathach thuas - fotha RSS a phiocann amach gach mír i nGaeilge in aon bhlag sa réimse agus a chuireann ar fáil dúinn é. Is mór an ghar sin - tá flúirse blaganna dhá theangacha amuigh ansin; agus bhí drogall orm iad a chuir le mo fotha fhéin ar an gcúis sin. Anois tá fotha Kevin sníomhta isteach agam san fotha a fhoilsím féin le cabhair ó Google Reader.