Is dócha nach mbeidh mórán le feiceáil anseo go ceann tamaill. Táim ag iarraidh an Vicí do Scrabble 3D a aistriú go Gaeilge, rud a thógfaidh roinnt ama orm! Is iontach an obair atá déanta ag na saorálaithe a chuir an cluiche ar fáil.
Táim ag dul i dtaithí ar an gcluiche, agus cúpla babhta imeartha ar líne agam le Kevin Scannell. Ach is gá comhluadar a bhunú chun go mbeidh níos mó againn in inmhe tairbhe a bhaint as an gcluiche.
Posts mit dem Label scrabble werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label scrabble werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
2012-01-14
2012-01-04
Ríomh Scrabble, Cuid a haon
Tá comaoin, arís eile curtha ag Kevin Scannell orainn - leagan Gaeilge curtha ar fáil aige de Scrabble-3D (vicí gan tiontú fós)
D'íoslódáil mé díreach anois é agus d'imir cluiche in aghaidh an ríomhaire. Rinneadh slad orm! Beidh orm cleachtadh. Tá rud nó dhó nach bhfuilim iomlán cinnte faoi - ar cheart scaoileadh le séimhiú agus urú ag tús focail, mar shampla? Chaill mé geábh nó dhó de bhrí gur chuir mé isteach focal a bhí mícheart - tugadh rogha dom é fhágáil nó gan é úsáid - ach nuair a roghnaigh mé gan é úsáid, bhí mo sheal imithe. D'éirigh leis an ríomhaire fáil réidh le seacht litir faoi dhó - mar sin, níorbh aon ionadh go raibh geall le ceithre huaire mo chuid pointí aige nuair a fógraíodh go borb (as Béarla) - "Game Over"
Is féidir an cluiche a imirt le daoine eile thar an idirlíon - ní raibh deis agam triail a bhaint as sin fós. Fairigí an spás seo .... áis iontach seo, mar bíonn sé deacair daoine a fháil chun an bun chluiche boird a imirt! Sílim go bhfuil cúig cluiche nó mar sin imeartha agam ó cheannaíos é!
Clibeanna
gaeilge,
kevin scannell,
ríomhlóid,
scrabble
2011-02-06
Scrabble as Gaeilge - léirmheas
![]() |
| Mar ar chríochnaigh an dara cluiche |
Fuair mé Scrabble as Gaeilge mar bronntanas (mall) Nollag cúpla seachtain ó shin. Tá dhá chluiche imeartha agam le mo mhac go dtí seo. Tá taithí againn araon ar Scrabble as Béarla agus as Gearmáinis.
Bhraith muid araon go raibh sé níos deacra an leagan seo a imirt - cé gur bhain muid beirt scór measartha ard amach - thart ar 200 an duine san dá cluiche. Bheadh sin mórán mar a bheadh sna leaganacha eile againn.
Bhraith muid go raibh easpa gutaí fada ann. Agus go bhfuil i bhfad barraíocht "h"-anna. Deich gcinn. Deacracht ar leith is ea gur beag focal a thosaíonn le h - ach gur minic a mbíonn deireadh le focal ar h. Fágann sin poill sa chlár ar deacair iad a líonadh. Is dócha go dtiocfaidh na scileanna riachtanacha do Scrabble le breis taithí - bheith in ann cuir le focail; agus go háirithe stór maith focail le dhá litir iontu a bheith ag duine chun poill a líonadh. B'éigean dúinn éirí as an dá chluiche agus roinnt litreacha ar an beirt againn fós - "h"-anna don gcuid is mó.
Mar sin féin, bhíos sásta go maith leis an gcluiche, agus tréaslaím le Glór na nGael as é chuir ar fáil.
Tá sé ar fáil ar €18 ó udar.ie agus ó na siopaí leabhair Gaeilge.

Abonnieren
Posts (Atom)