Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label cluichí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label cluichí werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2021-04-28

Cártaí Feasa

Is buaiteoir comórtas fiontraíochta Údarás na Gaeltachta iad Cártaí Feasa ó Phobalscoil Corca Dhuibhne. Chuala mé na mná óga ag caint ar an Saol ó Dheas an tseachtain seo chaite, agus chuaigh mé caol díreach go dtí eBay leis an táirge a cheannach!

Deich Euro atá ar na cártaí, agus 2.50 € ar phostas in Éirinn. Tháinig na cártaí inniu.

Fiche ceathair pictiúir le neacha osnádúrtha, roinnte ina dtrí rannóg - Scéalta, Miotais nó Finscéal. De bharr an roinnt sin is féidir cluiche simplí cártaí a imirt leo, ina gcuirtear na cártaí i gcomparáid de réir aicme, agus aicme amháin ag sárú aicme eile.

Tá na pictiúir gleoite, agus stíleanna éagsúla orthu.

Tá cód QR ar chúl gach cárta a nascann le suíomh idirlín an togra, áit a bhfuil scéal gach neach inste i nGaeilge agus as Béarla - agus taifid fuaime ag dul leis agus an scéal á insint ag duine den fhoireann.

Bheinn beagáinín buartha faoi seasmhacht an chuid sin den togra - imíonn suíomhanna idirlín le gaoth nuair nach bhfuil institiúid laistiar daoibh, agus níl soundcloud féin iomlán iontaofa.

Ach mar togra scoile tá sé iontach snasta. Is maith liom an stáin ina bhfuil na cártaí, cé go bhfuil sé beagáinín deacair iad a bhaint amach. Is cosúil gur aimsigh siad clódóir áitiúil in Oileáin Chiarraí chun an cló a dhéanamh.

Moladh amháin chun feabhais a dhéanfainn ná gur ceart cúinní cruinne a bheith ar na cártaí, ach seans go gcuirfeadh sé sin go mór leis an gcostas.

Deis caillte a bhí ann gur as Béarla (Tales, Myths and Legends) atá na haicmí cé gur as Gaeilge atá mórchuid na neacha ainmnithe.
Ba leor dar liom an dath éagsúil chun an aicme a chuir in iúl dóibh siúd gan Ghaeilge. 

Mionrudaí iad seo áfach. Togra idirbhliana atá i gceist, ach tá gach gné de snasta gairmiúil. Tá na fiontraithe óga ag tabhairt aghaidh ar chomórtas Eorpach anois - ar líne, faraor, mar is cinnte go bhfuil an taithí a bheadh le fáil as taisteal agus meascadh le fiontraithe óga eile tuillte go maith acu. 

Gúim gach rath orthu. Luaigh siad ar an Saol ó Dheas go raibh fiontraí i dteagmháil leo cheana chun breis forbartha a dhéanamh ar an gcoincheap. Agus go raibh smaointe acu féin conas tógáil ar an dtogra. Go n-éirí go geal leo! 

2020-07-21

Rí na bhFocal


Cluiche boird le stór focal Ghaeilge a chleachtadh is ea Rí na bhFocal, deartha ag foireann ó Pobalscoil Chorca Dhuibhne do chomórtas fiontraíochta Eorpach.

Leagan de rás na ngéanna atá ann, ach go socraíonn caitheamh an dísle cén aicme focal is gá a ainmniú le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad litir eile. Tá cártaí le ceisteanna ann freisin - nó le "caill seans". Tá litreacha thar a chéile dúshlánach. Tá H chomh mallaithe céanna is atá i Scrabble.
Gabhann imreoir ar aghaidh chomh fada agus is féidir leo ceist nó go dtí comhartha ceiste - rud a thugann deis do gach imreoir. 

D'imir ceathrar againn inné. Ó aois 8 ar aghaidh atá an cluiche dírithe - bhí triúr againn fásta agus is déagóir óg duine againn. Rinneamar neart gáirí agus b'é 4 as 5 Marc a bhronnamar air.

Tá an dearadh ana dheas, peannaireacht álainn. Níl mé iomlán tógtha leis an mbosca a dhúnann i lár na taobhanna, shamhlóinn go mbrisfidh sé go héasca. 

Figiúirí adhmaid agus dísle deas soiléir plaisteach. Ana obair déanta agus guím gach rath ar Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders  sa chomórtas. 

2016-12-04

Ardrí

Rás constaice atá i gceist leis an gcluiche Ardrí ó Leabhar Breac. Cheannaigh mé mar bronntanas lá breithe dom féin é le linn an samhraidh agus d'imir muid roinnt babhtaí é.
Chun dul thar na constaicí, is gá an cárta ceart a bheith ag imreoir - carta den arracht nó an cárta Fionn nó Bómall. De réir na rialacha ní fhaigheann gach imreoir ach cárta amháin ag an tús, agus faigheann cárta breise nuair a sháraíonn constaic. D'oibrigh an cluiche níos fearr dúinn nuair a roinn muid amach 3 chárta ag an tús. Tá na constaic ar fad bunaithe ar scéalta fiannaíochta. Is breá liom na cinn ar leith, an Giolla Deacair a thugann an imreoir ar seachrán ar feadh seal, nó an lios inar féidir le himreoir bheith gafa i bhfad.
Tá an obair ealaíona álainn (an obair ealaíona céanna atá sna leabhar san sraith Fionn ó Leabhar Breac). Is trua gur píosa imeartha plaisteach atá sa bhosca - bheadh adhmaid níos féiliunaí measaim ach is dócha gur ceist costais a bhí ann.
Cluiche taitneamhach boird atá ann, le gné straitéise sa mhéid is gur féidir le himreoir camchuairt an chonair seachtraí a ghlacadh ar féin ar mhaithe le breis cárta a chnuasach chun na constaicí ar an mbealach chuig an Ardrí a shárú.
Anois is an Nollaig agus saoire a druidim linn táim ag tnúth le roinnt deiseanna eile an cluiche a imirt!
Níl an cluiche ar fáil faoi láthair ón suíomh ach measaim go mb'fhéidir go bhfuil roinnt fágtha ag an Siopa Leabhair.

2015-02-12

Gafa ag Wordumz ...

Ní duine mé a imríonn cluichí ríomhaireachta go hiondúil, go hairithe cluichí inár gá gníomhú go gasta. Ceart go leor, sna 1990í bhí mé gafa le leagan de Thetris ar obair; bhíos den tuairim an uair úd, agus tá fós, gur chomhcheilg Sóivéadach a bhí ann chun táirgiúlacht an Iarthair a scrios.
Nuair a chuala mé (ó Nós) go raibh Wordumz ar fáil as Gaeilge, agus lámh ag Kevin Scannell ann ghéill mé don gcathú agus cheannaigh é ar €1.29 do'm fón.
Fearacht Tetris, an aidhm atá leis ná gan ligean do na bloic an scáileán a líonadh suas.Murab ionann agus Tetris, ní tríd líne a líonadh a ghlantar bloic, ach tríd focail a chumadh. Dá fhaide an focail is ea is luachmhaire. 
Tá sé agam anois le thart ar seachtain agus tá mé chomh gafa leis go mbíonn mo bhean ag gáirí fúm ag imirt ar mo fón - bíonn sí féin á dhéanamh le fada ach bhí mise seachantach!
Tá mé ag feabhsú le cleachtadh agus anois is arís faighim focal ar fiú 100 pointe é. 
Tá's agam go bhfuil spás do feabhas i bhfad níos mó cé nach dóigh liom gur mise an duine chuige - níl an luais i'm ordóg!
Aclaíocht intinne sách taitneamhach atá ann mar sin d' fhocalbhách.

Mholfainn é do dhuine ar bith ar maith leo focail agus cleasa!
In am agam babhta eile a imirt!

2011-12-27

Scrabble na nÓg

Fuair mé an cluiche seo do m'iníon don Nollag. Bhí amhras orm i dtosach faoi - ise a d'iarr é - ach táim sásta gur cheannaíos é. Tá dhá chuid ann - míreanna meara i dtosach, a fhágann tú le pictiúr le greille focail mar a bheadh san scrabble "fásta". Ach tá bearnaí i roinnt de na focail. Tá tíleanna ar leith an chun na bearnaí sin a líonadh - pictiúr ar thaobh amháin agus litir ar an taobh eile.
Maith go leor, bhí cuidiú de dhíth ar m'iníon (atá a 5) chun an clár a chuir le chéile - ach bhí sí in ann na bearnaí a líonadh agus mórchuid na focail a léamh nó ar a laghad a aithint. Chuir "tábla" mearbhall uirthi - bord a bheadh againne! Agus n í raibh an focal "bobaide" ar fhear grinn agam, ach tá anois! Beidh le feiceáil amach anseo an bhfuil tairbhe sa chluiche, ach táim sásta go maith leis. Glór na nGael agus COGG a chuir an leagan Gaeilge ar fáil, i gcomhair leis an dream a rinne an bunleagan. Dearna leo!