Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label an roth werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label an roth werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2012-12-14

Mangónna ó Mhali

Fearacht Michal bhí mé féin i láthair aréir ag léacht Frank Allen do Roth.
Léacht chuimsitheach a bhí ann; ag tarraingt as a thaithí leis an Banc Domhanda agus an Gníomhaireacht um Fháil Iarnróid chun ról an iompar poiblí i sábháil na cruinne a leagan amach!
Léirigh sé an comhthéacs i dtosach; an deighilt a d'oscail idir tíortha na cruinne le teacht an réabhlóid tionsclaíoch i roinnt tíortha; clais a d'fhán oscailte agus domhain le linn an fichiú aois ainneoin dícheall leithéidí an bhainc domhanda agus gníomhaireachtaí forbartha eile.
Tá an chlais sin ag dúnadh anois go gasta - do thíortha áirithe - na "BRIC" (Brasaíl, an Rúis, an India, an tSín). Cé gur deá scéala é seo, ciallaíonn sé go bhfuil borradh thar na bearta ar meánaicme sna tíortha sin; agus tarraingt acu ar stíl beatha Iartharach. Níos measa fós, tarraingt ar an samhail atá acu den stíl beatha Iartharach.
Bhí scéal ag Frank faoi bheith i Shanghai agus an rothar bheith geal le bheith imithe as radharc ar fad - agus an díchreideamh a léiríodh nuair a dúirt sé gur ar an rothar a thaistealaíonn sé féin. Bhí staireog eile aige faoi boic mhóra ón Áis  ag teacht go dtí ceannáras an Bhainc Domhanda agus an stangadh a baineadh astu nuair a thuig siad go raibh ceannairí an bhainc ag taisteal ar an mbus - agus go rabhthas go súil go ndéanfaidh siad amhlaidh agus iad ag tabhairt cuairt orthu!
Mar tá, ar ndóigh, míbhuntáiste ag baint le fairsingiú seo an mheánaicme domhanda  - go gcuireann sé le hastúcháin agus le borradh an CO2 san aer.
Tá cúrsaí iompar lárnach anseo; mar tá leibhéil astúcháin an ard ag baint le hiompar i gcarr príobháideach nó i feithicil ar bith a dhónn breosla iontaise. Is fíor go bhfuil feabhas ag teacht ra charranna agus na hinnill ag éirí níos éifeachtaí. Fós féin, tá an traein leictreach níos fearr fós; iompraíonn sé níos mó daoine, agus más ó foinsí in-athnuaite a ghintear an aibhléis beidh na hastúcháin níos ísle. Ach, dar ndóigh tá gá le infheistíocht. (Seans go mbeadh breis tábhacht le busanna leictreacha ach níor pléadh sin)
Tá léaró dóchais le feiceáil, dar le Frank, i measc an aos óg san Iarthar; an aois ag a bhfaigheann aosánaigh Mheiriceá ceadúnas tiomána ag ardú - agus laghdú ar líon na dturas mar thoradh ar na meáin sóisialta  a  ligeann do dhaoine bheith i dteagmháil le chéile gan bheith i láthair a chéile. (Tráthúil go leor, agus mé ar an mbus abhaile bhí an comhrá seo agam faoin ábhair ar Twitter le hAlex Hijmans - atá sa Bhrasaíl)
Creideann Frank go láidir gurbh iad comhlachtaí príobháideach is fearr a mheallfaidh an athrú iompar atá de dhíth; gur féidir leis na Rialtais na coinníollacha a chruthú dom margadh, ach gurbh fearr atá margaí ag athrú iompar ná stáit.
Ach is iompar féitheog na forbartha - uaidh sin a thóg mé teideal an mhír seo, staireog ag Frank faoi chomhghleacaí leis a bhí ag iarraidh Mangónna ó Mhali a sheoladh chun na hEorpa.
Mar sin, ba mhaith an rud é  fáil forleathan a bheith ar iompar éifeachtach poiblí.
Mar a deir Michal, is fiú tacú le misean Frank!

2012-11-01

Capall aonchleasa?

Kevin Scannell
Bhí mé i láthair ag An Roth aréir do léacht an ghaiscígh Idirlín Kevin Scannell I dTreo Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge.
Bhí cur amach agam dar ndóigh ar a chuid oibre roimhe seo - is dílseoir de chuid Firefox le Gaeilge agus LibreOffice mé le tamall! Tá ríomhaithne agam air freisin agus cúpla cluiche Scrabble imeartha againn thar an idirlíon! Go deimhin liosta gan áireamh geall leis na tograí a bhfuil Kevin lárnach iontu. 
Rinne sé cuir síos ar chuid den saothar seo ina léacht (tá teacht ar na sleamhnáin anseo)
Bhí go leor de sin ar eolas agam (i measc rudaí eile a bhuí leis an suíomh Nascanna.com)
Ach bhí suim agam in san cuir chuige teicniúil atá aige mar bhunús dá chuid oibre - mhaígh sé gur capall aonchleasa é: go n-úsáideann sé meafar an "Chainéil Torannach" dá chuid oibre. Smaoineamh simplí ach éifeachtach. Má seoltar comhartha tríd cainéil torannach bíonn an comhartha a thagann amach curtha as a riocht agus tá gá le "díchódú" chun an bun-chomhartha a fháil ar ais. Thug sé roinnt samplaí, agus na huirlis atá forbartha aige chun dul i ngleic leis na fadhbanna coitianta atá le leigheas: litreoirgramadóir, caighdéanaitheoir (nó mar a thug sé féin air, an leadránaitheoir) - uirlis chun leagan caighdeánach a dhéanamh as téacs a scríobhadh roimh an Chaighdeán, nó atá canúnach: cabhraíonn leagan dá leithéid leis an ríomhaire obair le téacs.
Tá an obair seo bunaithe ar chuir chuige staitistiúil, bunaithe ar chorpas ollmhór téacs atá cnuasaithe thar na blianta ag Kevin - ón líonra a bhuí le crúbadán, agus le téacsanna eile, ina measc leabhar a bhfuil AOC déanta aige orthu. Bhí tairbhe le baint ansin as scéim aistriúcháin an Gúm; mar go raibh aistriúcháin ar ardchaighdeáin ag scríbhneoirí den scoth ar fáil dó  (ó tharla gur meamraiméis is mó atá ar líne as Gaeilge, nó, go bhfóire Dia orainn, scríbhinní lochtacha mo leithéidí  - a bheadh seacht n-uaire níos measa murach an litreoir!
Tríd is tríd léacht thar a bheith taitneamhach agus fiúntach, agus bhí deis agam dreas comhrá a dhéanamh leis ina dhiaidh. Bhí líonchraoladh ar an oíche - táim ag fiosrú an féidir an físeáin a chuir ar fáil ar líne.

2012-07-18

Gairm Scoile: Seachtain na nInnealtóirí 2013

Tá sé i gceist agam imeacht(aí) a reáchtáil i gcomhar le Cumann na nInnealltóirí/An Roth agus Comhluadar le linn Seachtain na nInnealtóirí 2013. Imeachtaí dírithe ar dhaoine óga agus páistí chun suim a spreagadh in innealtóireacht. Bhí sé i gceist agam i mbliana ceardlann a reáchtáil ach theip air de bharr easpa réamhphleanála agus fógra.  Tá rún agam sin a sheachaint an uair seo!
Táim ag smaoineamh ar mheascán de cheardlanna do aoisghrúpaí éagsúla, taispeántais agus b'fhéidir caint oiriúnach, áit éigin lárnach i mBaile Átha Cliath.
Go hiondúil bíonn paistí ag aoiseanna éagsúla ins na teaghlaigh atá bainteach le Comhluadar, is gá mar sin iarracht a dhéanamh freastal orthu ar fad chun go mbeadh deis ag na teaghlaigh teacht.
Chun go mbeidh rath ar an iarracht seo tá gá le moltaí, saorálaithe agus cuidiú eile.
Más féidir leat ceann nó níos mó acu sin a sholáthar, gabh i dteagmháil liom le do thoil - aonghusoh ag gmail ponc com.
Aguisín: 25ú Feabhra go dtí 3 Márta 2013 na dátaí atá i gceist, ach is ar deireadh seachtaine atá mise ag smaoineamh!

2012-02-04

An Turcach, an tSlóvacach agus an Déiseach

Turcach von Kempelen, léaráid comhaimseartha. Ón ghnáthfhoinse.
D'fhreastail mé ar léacht Annraoi de Paor ag an Roth Déardaoin: "Wolfgang von Kempelen (1734 – 1804): Gaeilgeoir ? Ildánach Slóvaiceach". Léachtóir den scoth is ea Annraoi, a raibh sé de phribhléid agam a bheith mar mhac léinn aige scór bliain ó shin. Agus tháinig mórán nithe a bhfuil sé ceanúil orthu le chéile san léacht seo; an tSlóvác, a bhfuil nasc agus grá aige léi le tríocha cúig bliain, an innealtóireacht chun tairbhe an duine, an stair, agus an Ghaeilge.
Tá cáil ar Kempelen de bharr an  Turcach Meicniúil, inneall más fíor a bhí in inmhe ficheall a imirt agus imreoirí mór le rá a bhualadh - agus sin san 17ú aois. Mar a tharlaíonn sé, cleas ab ea é, cófra deartha sa chaoi agus go raibh an cuma air nach raibh ach inneall ann. Ach i bhfírinne bhí duine istigh, ag imirt an fhicheall. Mar sin féin bhí gnéithe suntasacha  innealtóireachta i gceist - ina measc an sciathán agus lámh. Bunaíodh géaga agus lámha bréige ar an dearadh sin.
Bhí inneall eile aige a bhí in ann aithris a dhéanamh ar an nguth daonna go meicniúil. Inneall a chabhraigh go mór leis mar teiripeoir urlabhra, craobh den eolaíocht a chuidigh sé go mór leis. Spreagadh suim Annraoi sa bhfear seo freisin de bhrí go raibh a chairde sa tSlóvaic cinnte gurbh sloinne Éireannach a bhí i gceist le Kempelen. Dar ndóigh, ainneoin go bhfuil sé dearmadta againn anois bhíodh Gaeil bainteach le lár na hEorpa. Luaigh sé roinnt samplaí - Art Ó Laoghaire, ar cumadh an caoineadh cháiliúil ar a bhás, mar shampla, arbh Captaen i Reisimint Ungárach é. Rinne Annraoi, mar is dual do scoláire, an scéal a fhiosrú - ar an idirlíon, agus sa mhodh traidisiúnta tré comhfhreagas le aos léinn ar fud na hEorpa, beathaisnéisí von Kempelen, an Dochtúir Alice Reiniger as Vín na hOstaire ina measc. Roinn sé na torthaí atá bainte amach go dtí seo aige linn; tagairt i bhfeartlaoi do Kempelen ag cara leis do ocht teanga a bheith ar a thoil aige sa bhreis ar an nGaeilge. A nasc le Györ san Ungáir, áit ar theith Easpag Éireannach ó Chromail.Tá Íomhá den Mhaighdean a thug sé leis fós ann. Tá teoiric ag Annraoi, agus é a leanacht dá thaighde gurbh féidir gurbh as an sloinne Campion a d'eascair Kempelen, agus go raibh sinsir von Kempelen i measc an dreama a theith leis an Easpag. 
Ba léacht fíor mhaith a bhí ann, scoláireacht agus taithí saoil agus taistil fite fuaite ann. Níl  ansoe ach scáth thanaí de thuairisc.
Dála an scéal, beidh Annraoi i measc lucht inspioráide atá le clos ag Imbolc i mbliana.


2011-02-22

An Roth: Fógra: Ríomhaireacht trí Ghaeilge

Baintear leas as ríomhairí ar fud an domhain. Is gnách na ríomhairí sin a bheith ag feidhmiú i dteangacha na ndaoine a bhíonn á n-úsáid, go háirithe san Eoraip, sé sin bíonn an comhéadan i dteanga an úsáideora. I gcás na hÉireann, áfach, is i mBéarla a bhíonn an comhéadan go hiondúil, ní i nGaeilge, fiú i measc lucht na teanga féin. Ach tá athrú ag teacht air seo: tá buíon gairmiúil agus díograiseach tar éis an-chuid de na feidhmchláir is
coitianta a logánú go Gaeilge, rud a chuireann ar chumas an phobail idirghníomhú go héasca leis an ríomhaire ina rogha teanga.
Déanfaidh an cainteoir cur síos ar na feidhmchláir atá ar fáil (ina measc Windows, Office, OpenOffice.org, Thunderbird, PDF Creator, FoxIt, Firefox, Sunbird, GIMO, Audacity, ... ,cluichí agus eile) agus iad siúd a bheidh ag teacht go luath (FreeCiv, Skype, Kompozer, ...), mar aon leis an bpróiseas logánaithe é féin.
Déanfaidh sé trácht freisin ar na dúshláin a bhaineann leis seo, idir chruthú agus inghlacthacht, ach freisin ar na
buntáistí atá leis.
Tabharfaidh an cainteoir réamhamharc don lucht éisteachta ar shuíomh idirlín nua atá á fhorbairt faoi láthair a dhéanann achoimre ar na feidhmchláir seo go léir (www.nascanna.com), agus a mhíníonn cad iad, mar aon le conas iad a chur i bhfeidhm. In éineacht leis sin, déanfaidh sé cur síos ar shuíomh gaolmhar atá forbartha cheana féin atá ag plé le feidhmchláir a bhaineann go heisiach leis an dteanga féin www.scriobh.ie.

Ciarán Ó Bréartúin, B.E., MSEE  Bainisteoir Ginearálta, mSemicon Teoranta: Is as Baile Átha Cliath don chainteoir, innealtóir leictreonach, agus is ball de choiste An Rotha é. Chaith sé tamall fada thar lear, sna Stáit Aontaithe ar dtús agus ansin san Iodáil mar bhainisteoir forbartha ar shain-leictreonaic. Reachtálann sé a chuideachta innealtóireachta féin anois, agus tá spéis nach beag aige freisin sna féidearthachtaí teanga a ghabhann le ríomhaireacht.

Tá an léacht seo saor in aisce, agus ní gá áit a chur in oiriúint.
» Láthair: 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4
» Am: Déardaoin, 3 Márta 2011, 19.30

2008-12-04

Ní lia innealtóir...



Thug Annraoi de Paor sár léacht (mar is dual dó!) don Roth anocht.

Spreagadh Doimhin na hInchinne (SDI) i ngalar Pharkinson: léargas trí chriothnú agus an neamhlíneach coibhéiseach
Fuair an Dochtúir Benamid i Grenoble amach go bhfeadfaí airíonna galar Pharkinson a mhaolú, ach sruth lag leictreach le minicíocht áirithe a chuir isteach i gcuid airithe den inchinn.

Is de thaisme go bunúsach a d'fhionn sé an modh seo - b'é an gnás roimh sin na sruth díreach a úsáid chun na cealla atá freagrach as an galar a mharú.

Thug Annraoi léargas ar conas a d'fheadfaí an ceist a mhíniú le teoiricí an rialúcháin - obair atá idir lámha anois aige, ach atá bunaithe ar taighde a rinne sé sna 1970í

Ba cheart go mbeadh fáil ar an léacht ar shuíomh Innealtóirí Éireann amach anseo; nuair atá cuirfidh mé nasc leis anseo.

Is iontach an rud é gur féidir feidhm a bhaint as teoiricí chun forbairt a dhéanamh ar cúrsaí leighis.

2008-10-17

CQ

Thug Tomás Ó Brosnacháin caint ar Radio Amaitéireach don Roth aréir.

Caint spéisiúl ag rianadh stair an radio agus na cumainn a bhí ann in Éirinn - an IRTS atá ann anois.

An gné ba shuntasaí domhsa ná an bealach a thagann na hoibreoirí deonacha - atá eagraithe anois san Líonra Éigeandála Raidió Amaitéaraigh - i gcabhair ar na hudaráis. Mar a tharla i gcás Arm na hÉireann san Congo ins na 1960í nuair a tharla tubaiste Niemba - scéal atá ríomtha ag an Museum Radio i mBeann Éadair. Murach Heathkit Apache Jim Stone, bheadh moill ar an scéal go hÉireann, agus cumas laghdaithe ag an ceannáras anseo gníomhú go tráthiúl.

Bhí sé spéisiúl freisin a chlos an scil a bhaineann oibreoirí radio amach ag tuiscint an cód Morse -agus gur féidir an teachtaireacht Morse a thuiscint fiú má bhíonn fíor droch coimheas comhartha go fuaim ann. Is cosúil go n-aithníonn an oibrí oilte radio an athrú ar an fuaim de bharr an comhartha Morse, fiú nuair atá sé nach mór báite.

Cheap mise go raibh an radio amatéireach sáraithe ag an idirlíon - ach d'fhoghlaim mé a mhalairt. I gcás tubaiste, is tuisce atá na hams lena dtrealamh simplí in ann feidhmiú - níl de dhíth ach an tarchuradóir, agus is minic gur féidir é fheidhmiú le cadhnra simplí.




CQ an glaoch ag na hamaitéirigh, ag féachaint an bhfuil aoinne á gclos. Bhí scéal deas aige faoi conas mar a fuair sinsear radio na hÉireann ag comhartha glaoigh 2RN - bhíodh an tamhrán "Come Home to Erin" a sheinm go rialta acu, agus is as sin a tháinig an 2RN.

2007-11-09

Croitheadh Solais

D'fhreastail mé Déardaoin seo chaite ar leacht a thug Tomás Ó Brosnacháin ó BSL don Roth.

Ba léir go raibh an tuiscint aige ar a ábhar agus rinne sé cuir síos glé ar conas iomlaoid voltais agus a éifeacht ar soilse a thomhas, ag cuir san áireamh an dóigh ina bhfeictear an tionchar do dhaoine.

Fadhb sách tromchúiseach atá ann, mar go bhfuil éifeacht síceolaíochta ag an croitheadh solais ar dhaoine má leannan seo ró fhada. Rinne sé cur síos ar na modhanna chun a fhadhb a sheachaint - an ualach a roinnt níos fearr idir na pasanna, nó trealamh a chuir ann chun an cumhacht fhreasaitheach a chuir ar fáil don ualach atá ina chúis don croitheadh.

Tuigim go bhfuil sé i gceist leagan den chaint a chuir ar fáil ar suíomh an Rotha, mar sin ní rachaidh mé isteach sna sonraí anseo.