2024-06-09
Camchuairt Leath Mogha (agus giota leis)
2018-06-26
RATP
Bhí mé ag obair i bPáras, nó gar dó le bheith cruinn, ar feadh coicís tar éis na Cásca. Rachainn as mo chéill dá mbeadh orm maireachtáil in óstán ar feadh coicís. Mar sin bhí árasán aon seomra faighte ar chíos agam, sách gar do lár na cathrach. Soir ó dheas ón gcathair a bhí an ionad oibre agus mé ag braith ar iompar poiblí dá réir. Ar ndóigh ag baile caithim breis is ceithre uair a chloig in aghaidh an lae ag comaitéireacht. Bhí mo chuid taighde déanta agam agus fhios agam go mbeadh aistear níos gaiste romham thall. Agus go raibh ticéad seachtaine ar fáil an Navigo découverture, atá bhailí ar na córais iompar ar fad in Île de France. (Páras agus a cheantar máguaird). Bhí grianghraf riachtanach, rud a chosain 5€ orm. Ní raibh na gléasanna grianghraf ag obair in aerfort Charles de Gaulle ach dhíol siad an ticéad liom agus dúirt liom grianghraf a fháil ag ceann scríbe. 5€ a bhí orthu, 27€ an seachtain ar an ticéad agus d'fheadfaí é athluchtú go héasca ag innill ilteangacha in ngach stáisiúin. An Fhrainc a bhí ann, mar sin bhí stailceanna ar bun. Seachas an chéad lá, nuair a bhí srianta ar thrácht ón aerfort, is beag a chuir siad as dom toisc gur tiománaithe de chuid iompar Pháras RATP seachas an SNCF a bhí ag tiomáint na traein a raibh mé ag braith orthu. Bhí na hardáin níos láine de bheagán ar laethanta stailce. Ach níor cuireadh níos mó ná cúpla nóiméad, ar a mhéid le m'aistear laethúil bus - rer b - bus. Ag an deireadh seachtaine agus tráthnóna thapaigh mé an deis taisteal ar an metro agus ar tram freisin. Simplí, éifeachtach, glan. Fógraí le léamh agus le clos a bhí soiléir agus go minic ilteangach- chuala Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Iodáilis is Spáinnis.
Bhíos tógtha leis!
2012-12-14
Mangónna ó Mhali
Tá cúrsaí iompar lárnach anseo; mar tá leibhéil astúcháin an ard ag baint le hiompar i gcarr príobháideach nó i feithicil ar bith a dhónn breosla iontaise. Is fíor go bhfuil feabhas ag teacht ra charranna agus na hinnill ag éirí níos éifeachtaí. Fós féin, tá an traein leictreach níos fearr fós; iompraíonn sé níos mó daoine, agus más ó foinsí in-athnuaite a ghintear an aibhléis beidh na hastúcháin níos ísle. Ach, dar ndóigh tá gá le infheistíocht. (Seans go mbeadh breis tábhacht le busanna leictreacha ach níor pléadh sin)
Tá léaró dóchais le feiceáil, dar le Frank, i measc an aos óg san Iarthar; an aois ag a bhfaigheann aosánaigh Mheiriceá ceadúnas tiomána ag ardú - agus laghdú ar líon na dturas mar thoradh ar na meáin sóisialta a ligeann do dhaoine bheith i dteagmháil le chéile gan bheith i láthair a chéile. (Tráthúil go leor, agus mé ar an mbus abhaile bhí an comhrá seo agam faoin ábhair ar Twitter le hAlex Hijmans - atá sa Bhrasaíl)
Creideann Frank go láidir gurbh iad comhlachtaí príobháideach is fearr a mheallfaidh an athrú iompar atá de dhíth; gur féidir leis na Rialtais na coinníollacha a chruthú dom margadh, ach gurbh fearr atá margaí ag athrú iompar ná stáit.
Ach is iompar féitheog na forbartha - uaidh sin a thóg mé teideal an mhír seo, staireog ag Frank faoi chomhghleacaí leis a bhí ag iarraidh Mangónna ó Mhali a sheoladh chun na hEorpa.
Mar sin, ba mhaith an rud é fáil forleathan a bheith ar iompar éifeachtach poiblí.
Mar a deir Michal, is fiú tacú le misean Frank!