Tá sé beagnach ceithre bliana
ó chéad scríobh mé sa chrannóg baoise seo. Tá an bhlag a spreag mé an uair úd imithe, gafa ag turscairí. Ach tá tuilleadh tagtha ar an bhfód ó shin. Agus, mar is léir ó
mhír Áine inniu, táimid ag spreagadh a chéile.
Blaganna ag cur le blag ar bhlag.... (Féach
DIL faoi bhlag!)
Tréaslaím a bhua san Oireachtas le
Tadhg - cuireann a Gharraí siúd go mór leis an gcúinne seo d'
iothlainn na Gaeilge. Súil agam go spreagfar níos mó le cuir chun méarchláir!