Tabhair a dhóthain den ardléann do Ghaeilgeoir agus ní
Gaeilgeoir a thuilleadh é ach SCOLÁIRE. Agus, a chairde
mo chléibh, is iontach na héanacha iad na scoláirí
nuair a bhaineann siad amach beanna arda an léinn mhóir.
Tugann siad gráin don uile fhocal den teanga Ghaeilge ach na focla
a bhfuil seacht sreama na seanaoise orthu. Níl canúint
is fearr leo ná an chanúint atá marbh le céad
bliain.
Bíonn a chanúint fhéin ag gach duine acu agus murar féidir leat í sin a labhairt leo go clocharach pislíneach mar is dual labhróidh siad Béarla leat. Bíonn Béarla an-bhreá acu go hiondúil. Le fírinne agus leis an gceart bíonn sé acu chomh maith nó níos fearr ná an Ghaeilge féin. Béarla gan chanúint a chleachtann siad, rud a chuireann ar a gcumas labhairt le formhór chuile Bhéarlóir. Buntáiste mór é seo gan dabht.

Breandán Ó hEithir, Feabhra 1958