Píosaí liom in áiteanna eile:

2022-04-30

Gleann an Leasa

 

Réamhrá

Táthar ag tathaint orm le tamall cuid de na gearrscéalta a scríobhas i dtosach mo ré scríbh- neoireachta a chur amach i bhfoirm leabhair. Ba leasc liom a dhéanamh ar chúiseanna éagsúla. Leisce, mar shampla. Níl aon chóip d'aon cheann de na scéalta agam agus is tuirsiúil an gnó é bheith ag tóraíocht scéalta a foilsíodh ó am go chéile in irisí éagsúla le tríocha bliain anuas-gan trácht ar an sclábhaíocht peannaireachta a bhaineann le iad a chur ar phár arís. Bhí cúis mhaith eile agam - eagla. Chromas ar an scríbhneoireacht i gceart tar éis do Chraobh na hAiséirí scoilteadh ina dhá leath i 1942.
Bhí trí iris nua Ghaeilge á gcur amach ag an am, An Glór, Comhar agus Inniu, agus ar chúinse éigin, níor bhac mórscríbhneoirí measúla aithnidiúla na Gaeilge leo. Bhí na hirisí i dtaobh le dream nua scríbhneoirí. I measc na ndaoine a chrom ar an ngearrscéalaíocht do na hirisí nua seo bhí Séamus ó Néill, Labhrás mac Brádaigh, Séamas ó Mainnín, Conchubhar ó Ruairc, Pádraig ó Conchubhair, Barra Manton, Tarlach Bhilí (Tarlach ó hUid) agus an mac seo.

Scríobhamar go rialta ar feadh tamall de bhlianta agus gan airgead á fháil againn as ár saothar, ná ní raibh airgead uainn. Ba é an chéad airgead a fuaireas as an ngearrscéalaíocht do na hirisí, seic a chuir Comhar chugam i 1945, agus is cuimhin liom gur bhraitheas mar a bhraith Iúdás bocht fadó agus an tríocha píosa airgid ina ghlac aige. Bhí fonn orm é a chur ar ais, mar ba náir liom é a chaitheamh orm féin. I ndeireadh na dála, chuireas chun mo mháthar é agus slánaíodh mo choinsias. Agus nach ait an rud é, ainneoin a ndeirtear i láthair na huaire i dtaobh proifisiúnachais agus an gá atá leis, níor lúide ár ndúthracht an scríbhneoireacht a bheith á déanamh saor in aisce againn. Dheineamar ár ndícheall.

Ach is chuige seo atáim: scríbhneoirí irise ab ea sinn. Ní raibh uainn ach scéalta a scríobh le haghaidh gnáth- phobal léitheoireachta na Gaeilge, scéalta a thuigfeadh an gnáthphobal. An scéal a bheith soléite agus inspéise. Ba é sin ár n-aidhm. Ní rabhamar ag dréim le clasaiceacht ná le hardlitríocht. Deoir a bhaint as súil chailín nó gáire a bhaint as seanduine, ní raibh uainn ach an méid sin. Ach conas a thaitneoidh na scéalta sin le pobal na linne seo? Níl a fhios agam. Níl sa chnuasach beag seo ach mo rogha féin de na scéalta a scríobhas le haghaidh An Glór agus Comhar, mar aon le cúpla duais-scéal a bheadh sa Ghlór nó i gComhar murach gur foilsíodh in irisí speisialta iad. An leisce arís! Ní raibh de mhisneach ionam tabhairt faoin tochailt i measc na n-irisí éagsúla eile inar foilsíodh roinnt de mo scéalta.
  • An Rud nach mBíonn Agam
  • Gleann an Leasa
  • Ciarraí Abú
  • Cluas Muice
  • Cúiteamh
  • Gealtachas Fómhair
  • Sop
  • An Oíche Aréir
  • Na hAdharca Fada
  • Agus an Féarán?
  • An Chéad Cheacht
  • Éan na hOíche
  • An Chéad Phionta
  • Maidin Dé Luain
  • An Bardal Fiáin
 Ansin thuas cuid de réamhrá agus clár an chnuasaigh Gleann an Leasa le hAnnraoi Ó Liatháin; chuir mé fios air ón leabharlann tar éis dom Nead na gCreabhar a léamh. Is cosúil gur scríobh Ó Liatháin neart gearrscéalta eile. Díolaim atá anseo, agus mar sin ní hionann téama ná seanrá na scéalta. Baineann go leor acu le soineantacht na hóige - nó an buachaill óg ar thí an tsoineantacht sin a chailleadh agus aghaidh a thabhairt ar an saol i gceart. Tá greann i scéalta eile - tá An Chéad Phionta - ceathrar fear tuaithe ag ól don gcéad uair tar éis dóibh pá na céad seachtaine a fháil - ana ghreannmhar ar fad. Mar atá i leabhair eile Uí Liatháin tá grá don dúlra agus tabhairt faoi ndeara iontu. Tá meon na haoise iontu - an ghlúin a raibh a dtuismitheoirí gafa i gCogadh na gCarad, gan na scéalta a bheith smolchaite. 

Pléann An Bardal Fiáin díreach leis an téama sin - sean óglach nach dtig leis bogadh ar aghaidh agus atá in umar na haimléise, buachaill óg a sheolann a athair chuig an seanfhondúir é ar mhaith le comhluadar a bheith aige - agus casadh sa deireadh nuair a fhilleann an sean ceannfort aige ar cuairt ar an gceantar - ach nach chun an cogadh a fhearadh arís a níonn.
 
Sruth comhfheasa an reacaire atá i gceist i roinnt scéalta, insint an reacaire uilefheasach i scéalta eile. Ach tá tabhairt faoi deara, caoine agus deá-mhéin don nduine agus don dúlra iontu go léir.Tragóid ceart sa chiall gréagach is ea Gleann an Leasa. Saolta curtha ó mhaith toisc nach dtig leis an patrarc glacadh leis go bhfuil bean a mhic aimrid gan locht.

Tá trom agus éadrom sa chnuasach, sonas agus donas. Bhain mé taitneamh as; measaim go mba cheart go mbeadh teacht éasca ar saothair iomlán Uí Liatháin. Is dócha go bhfuil leabhair fiúntacha eile ann ón ré sin a bhfuilim dall orthu murach an nod nó an comhtharlú a sheol i mo threo iad (is maith ann na hiasachtaí idir leabharlainne!).

2022-04-28

Ollamh Crémhuir


Lé déanaí bhí an déagóir ar amharc ar Tales from Earthsea (ゲド戦記) de chuid Ghibli, atá bunaithe go (fíor) scaoilte ar úrscéalta agus gearrscéalta Ursula le Guin. Ós rud é go raibh an déagóir spreagtha na húrscéalta á léamh, agus nach raibh sa teach againn ach eagrán leis an gcéad ceithre leabhar, cheannaigh mé an cnuasach iomlán don Kindle - le léaráidí le Charles Vess. Bhí fonn orm féin iad a léamh as a chéile - fonn a treisíodh nuair a thuig mé go raibh iarfhocail de chuid le Guin le gach céann, ag míniú conas a scríobh sí iad agus an forbairt a rinne sí sna blianta idir an gcéad úrscéal agus an críoch. Tá léacht léi freisin ann maidir the "athfhísiú Earthsea".

Scríobhneoir iontach machnamhach í le Guin, agus bíonn sí ag athmhacnamh agus ag leasú na cruinní a chruthaíonn sí (agus tá neart acu ann!). Thosaigh Earthsea amach go measartha traidisúnta le laoch fireann aonair - cé go raibh síol áirithe réabhlóide ann, sa mhéid is go raibh formhór na daoine ann crón nó dorcha, agus gurbh iad na barbaraigh thar muir a bhí geal. Ach saol fireann a bhí ann, draoithe aontumhacha, mná imeallaithe - "Weak as women's magic, wicked as women's magic". Cé gur bean í laoch agus lárphointe an dara scéil, is in idirspléachas le Ged, draoi an chéid scéil, a bhaineann sí amach a saoirse - agus a shaoirse seisean - agus iad faoi bhagairt ag sean chumhacht an dorchadais agus cumhachtaí daonna araon. Beirt fhear - Ged agus an rí-dhamhna Arren, agus iad i ngleic le draoi bradach atá sa triú úrscéal. Ach ansin géaraíonn an chasadh; Tenar, laoch an dara úrscéil agus cailín  a d'uchtaigh sí tar éis don créatúir batráil agus dó a fhulaingt croí an scéil. Filleann Ged, ach a chumhacht agus a ghealladh fáiscthe as de bharr a iarrachtaí san dara scéil - agus é fillte ar saol an fhir óig ina sheanaois; miangas múscáilte agus an aontumha ar mhaithe le draíocht caillte aige lena chumhacht. Ní urscéal atá sa chúigiú leabhar ach gearrscéalta a ghabhann siar i stair Crémhuir - Ursula le Guin ag iarraidh a domhan a thuiscint agus conas a tharla rudaí bheith mar atá. 

Tugann an urscéal deiridh rudaí le chéile, agus mná agus fir ag obair le chéile chun baol don cruinne a réiteach agus dochar ársa a leigheas.

Tá an scéalaíocht teann spéisiúil ó thús deireadh na scéalta, ach chuir mé an oiread céanna spéise san dóigh a nocht Ursula le Guin a cuid smaointe sna haistí. An dóigh ar fhuascail sí í féin ó srianta a leag a léitheoireacht agus taithí uirthi agus a tháinig ar inisint níos sásúla di (agus dom) ar an saol.

Is cuma cé mhéid fantasaíochta atá i gceist, is scathán ar an saol daonna é litríocht maith - scathán a chuireann rudaí áirithe as a riocht chun rudaí eile a dhéanamh níos soiléire. Bíonn ceisteanna ceart agus mícheart, saoirse agus dualgas, inscne agus cinéal á chíoradh sna saothair uilig ag Le Guin agus, ach an saothar ina iomláíne maille an fhorbairt ann a chuir san áireamh, agus a féinmhachnamh agus plé, ta ceachtanna tairbheacha le foghlaim astu. Rud nach dócha gur thuig mé nuair a léigh mé A Wizard of Earthsea beagnach dhá scór bliain ó shin. Ach mé a theacht slán, léifidh mé arís a scéalta, agus is dócha go bhfoghlaimeoidh mé breis astu.

2022-04-27

Síol Éabha

Rinneamar seomra an déagóra a athchóiriú le déanaí; bhí gá le ball troscán sa bhreis ar na leabhragáin a bhí aimsithe againn - bord nó cófra cois leapain. D'aimsigh mo nuachar siopa athláimhe a raibh a leithéid acu, thuas sna sléibhte in aice leis an Láithreach. Siopa neamhfhoirmiúil, coinne de dhíth, é i dteach duine. Chuaigh mé léi mar ghiolla iompair. 

Pluais Aladin de siopa atá ann, agus chaitheamar súil thart air. Mar is iondúil thit mé faoi gheasa na leabhair. Mheall leabhar le Pádraic Ó Conaire liom, leabhar gearrscéalta "Síol Éabha" foilsithe ag an gComhlacht Oideachas. Níl fhios agam an raibh sé dírithe ar dhaltaí scoile - ní shamhlóinn é!

Mná - mar a thugann an teideal le fios - atá i gceist sna scéalta seo. Agus luíonn an saol go trom orthu ar fad. Cruatan idir nádúrtha agus daonna; feall imeartha orthu agus feall á imirt acu; tinneas coirp agus intinne. Cnuasach bheoga ach sách duairc. Maidir leis an Mairnéalach Buí sa scéal deiridh, is buí sa chiall crón atá i gceist - fear ó mhór roinn na hEorpa i gceist.

Agus ní dóigh liom go bhfuil scéal ar bith acu a sheasann promhach Bechdel - bíonn fear ina chúis iontu ar fad. 

Tá eagrán den leabhar ar fáil ar archive.org

Tá mé lánsásta go bhfuair mé luach mo dhá euro! Is iontach beoga an ghearrscéalaí é Ó Conaire agus corraíonn na scéalta seo an chroí.

2022-04-26

Splancanna ó shaol eile

 

Ó thosaigh mé ag obair ón mbaile tá beagán (fíor bheagán) eagar curtha agam ar mo sheomra oibre. Le linn dom sin a dhéanamh bhailigh mé leabhair le roinnt údair a bhí scaipthe sall agus anall i mo L-spás, ina measc a bhfuil agam de shaothair Alex Hijmans. (Gach ceann as Gaeilge atá foilsithe aige fós, go bhfios dom.) 

Ina measc bhí an leabhar Splancanna ó shaol eile, nach raibh léite i gceart agam roimhe. Is éard atá ann ná grianghraf a ghlac Alex ar a thaistil tríd an Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air le fada. Agus ansin, an ghrianghraif roghnaithe, píosa próis faoi ag cuir l'eolas an léitheora ar thír agus go háirithe ar mhuintir - ilchineálach - na Brasaíle. Tír ollmhór, agus níl gach cuid siúlta ag Alex ná ní mhaíonn sé saineolas ná domhain eolais nach féidir leis a léiriú. Ach tá neart eolais ann, agus súil maith aige do radharc a spreagann scéal fiúntach. 

Cnuasach atá ann, agus i ndáiríre é a tharraingt chugat anois is arís agus amharc agus cúpla leathanach a léamh an úsáid atá dlite dó. Cuirfidh tú aithne ar bhundúchasaigh, ar sliocht na ndaor as an Afraic, ar shliocht inimircigh as cúinní éagsúla den Eoraip agus ón Seapáin fiú, agus a dtionchair ar bhianna, ailtireacht, cultúir agus tírdhreach. 

Anois tá fúm Favela a athléamh! 


Alex Hijmans
Cois Life

2022-04-24

Scéinséir fuilteach foréigneach

Creabhar, Imran Shah, Islamabad, Pakistan, CC BY-SA 2.0, via Wikimedia Commons

Luigh mo shúil ar an leabhar seo ar shuíomh Leabhar Breac. Tá go leor le Annraoi Ó Liatháin léite agam agus taithníonn sé go mór liom. Ní raibh cloiste agam faoin leabhar seo ach chuir mé fios air ón leabharlann. Scéinseir crua céad phearsa atá ann. Lonnaithe ó thaibh ama ag tús na trioblóidí ó Thuaidh, agus ó thaobh áite i mBaile Átha Cliath agus ansin sna Déise. 

Is é Ruairí mac Aodha an reacaire. Fear a bhí ina ábhar sagairt, ina dhornálaí, ina amhas...ach nár fhulaing smacht éagóireach riamh. Rud a fhágann ar an ngannchuid é. Cuireann duine mistéireach, Séamus de Brún, fios air chun misean rúnda a chomhlíonadh. É molta ag iar chomrádaí leis - Dónall Ó Chearbhaill. An comrádaí céanna curtha den tsaoil go bruidiúil, tar éis céasadh. Bhí dream "speisialtaigh" de chuid na Sasanaigh á iniúchadh aige - dream a bhí, dar leis, as smacht, agus uafás éigin beartaithe acu. Ceathrar fear agus bean. Leagann an Brúnach an chúram ar Mhic Aodha na "creabhar" seo a sheilg agus a stop - cuma conas. Cuireann sé airm agus airgead ar fáil dó, agus geallann breis airgead ach an beart a bheith curtha i gcrích. Cogadh salach rúnda...

Gluaiseann an scéal ar aghaidh go gasta foréigneach. Radharc miangasach foréigneach collaíocht amháín leis an mbean Miriam - ach í as an áireamh ina dhiadh sin. Samhail an chreabhar - éan atá deacair a fheiceáil ag an sealgaire, é i bhfolach sa "chríonlach" tríd síos ag Mac Aodha ar a chreach. Aimsíonn sé iad, agus le cabhair fear ar a thugtar "Free State Sinn Féiner" - óglách nár éirigh leis riamh buille a bhuaileadh ar son a thíre agus atá anois searbh aosta, éiríon leis an nead a aimsiú, agus an buille fill atá beartaithe a chosc ... 

Rinne Gearódi Denvir léirmheas ar an leabhar tráth a fhoilsithe. Scéinséir den scoth atá ann; beagán de bhlas a ré air ach gan mórán. Thaithin sé go mór liom.

Léirmheas:
Gearóid Denvir
Comhar Iml. 37, Uimh 1 (Jan., 1978), pp. 20-21

2022-04-23

Cnuasach trá

Bhí cónaí ar mo Nana i Seanchill. Chaith mé féin sealanna ag cónaí léi sna hochtóidí agus go minic shiúlamar an trá idir Cill Iníon Léinín agus Bré, cladach duirlinge agus aillte arda cré ar a chúl. An uair úd bhí na céadta píosa beaga gloine le fáil ar an trá - bán líonmhar, glas agus donn gan a bheith chomh líonmhar céanna, gorm annamh. Bhailigh mé próca mór díobh uair, é i gceist agam iad a úsáid chun samhail iarnróid - nár thóg mé riamh - a mhaisiú. Is dócha gur ar ais sa bhruscar a chuaigh siad ar deireadh - ar a dhéanaí nuair a d'fhág mé teach mo mhuintire chun dul chun na Gearmáine. 
Le déanaí shiúl mé an trá arís. Ó shin i leith tá an chreimeadh cósta dulta in olcas agus is beag atá fágtha de na ballaí cosanta ar chuimhin liom iad. Ní fhaca mé ach an píosa gloine úd atá i mo lámh sa phictiúir thuas. Ach líon mé mála mór dubh de phlaisteach ... fuíoll cúpla balúin ina measc, sa mhullach ar na gnáth buidéil plaisteach aon uaire. Ní dócha go rachaidh a leithéid i léig chomh gasta agus a chuaigh an gloine, nach bhfuil, tar éis an tsaoil, chomh héagsúil sin le gaineamh - seachas ar ndóigh pé ábhar a chuir dath air.
Píobán adhmaid ag gobadh
as an aill chreimthe cré
Cé go raibh mé tar éis seiceáil go mbeadh an taoide ag dul amach agus mé ag siúil, ní raibh sé amuigh chomh fada agus a bhí mé ag dréim leis agus ní raibh ach leithead cúpla méadar de thrá agam. D'éirigh liom mar sin féin mo bhealach a dhéanamh chomh fada le Bré. Ansin bhí fadhb agam mar go bhfuil obair ar bun chun an sean láthair dramhaíl a chosc ó bheith creimthe agus scuabtha chun farraige...D'éalaigh mé mar féin agus fuair mé réidh leis an bruscar a bhí cnuasaithe agam.
Piardálaí trá le Bré sa chúlra


Ní, buíochas le Dia, bruscar ar fad a chonaic mé. Ceilte go maith ag an duirling bhí feadóga cladaigh agus piardálaithe trá fairsing - deacair iad a fheiceáil go dtí go raibh mé nach mór sa mhullach orthu agus shin thosaigh siad ag bogadh! Nuair a bhí ceann amháin feicthe ansin chonaic mé go raibh ealta ann! Ba fhusa na cailleach mara - agus gainéad amháin, agus corr éisc a fheiceáil ar an uisce agus sa spéir. Bhí roilleacha ann freisin ealta acu. Agus faoileáin, ar ndóigh, ach bíonn siadsan chuile áit...

Siúlóid ana-dheas atá ann, agus tá súil agam, ach a mbeidh na hoibreacha críochnaithe san samhraidh, go mbeidh deis arís siúl isteach go Bré go dleathach gan sconsaí agus geataí le sárú...



An chéad uair eile áfach déanfaidh mé cinnte de ní hamháin go mbeidh an taoide amuigh, ach go mbeidh sé fada amuigh!

Cluasa capaill ar an Rí

Ghéill mé don gcathú an leagan saor a cuireadh ar fáil do lá na leabhair a cheannach. Tá sé beag freisin mar sin ní éilíonn sé mórán spáis i mo leabhragáin ró phlódaithe. Tuigim gur ionann beagnach seo agus an leagan iomlán seachas go bhfuil réamhrá ar lár.

Scéal ársa idirnáisiúnta scéal rí na gcluasa capaill (nó asail) ach tá corr nua curtha sa scéal ag Bridget Breathnach - is amhlaidh a rugadh Labhraí amhlaidh, agus a mhuintir ag iarraidh an máchail a cheilt feadh a shaol. É scartha amach agus uaigneach dá réir. Ceoil a chláirseora a réiteach (macallaí de Sól agus Dáibhí!). 

Tá an insint chaoin tuisceanach; agus is féasta don tsúil iad léaráidí Shona Shirley Macdonald. Tá úire curtha acu le seanscéal, ach scéal atá tráthúil - nach bhfuil sé folláin don duine ná a comhluadar rún a choinneáil le lámh láidir. Agus gur minic gur lú fadhbanna as é a nochtadh.

Seo an dara leabhar i sraith Futa Fata ina bhfuil athinsint ar seanscéalta, casadh nua bainte astu, iad níos daonna agus níos sothuigthe dá réir, gan baint ó chroí an scéil. Agus tá na léaráidí draíochtúil álainn.
 
 
Bridget Breathnach & Shona Shirley Macdonald
Futa Fata


2022-04-22

Cuimhní geanúla

Alt leis i bhFeasta a spreag mé leis an leabhar seo a lorg ón leabharlann. Cuimhní cinn ar fear airm a bhí san alt; tá go leor de na dréachtaí seo bunaithe ar a chuimhní cinn féin agus samhlaíocht a óige, ach tá scéalta eile ann atá cumtha agus saothraithe go maith. An scéal is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an scéal inar fíodh sé cumadh agus cumadóir an amhráin Sweet Kingwilliamstown - Daniel Buckley, fear a bhí ar an Titanic agus arbh é san saighdiúir deiridh de chuid arm SAM a maraíodh sa chéad chogadh Domhanda. Agus fite tríd sin eachtra ar an teorainn - mura bhfuil dul amú orm, bás Seán Sabhat. Ceoltóir ab ea é siúd, is cosúil.

Tá na scéalta seo geanúil - spéisiúil, agus taitneamhach. Fuinte go maith agus éasca le léamh. Níl siad maoithneach, dar liom, cé go mbíonn boige éigin ag bainte le cuimhní sona óige. 

Beidh súil in airde agam do bhreis leabhair ó Mike P. Ó Conaola - is léir gur bhain sé tairbhe freisin as tréimhse teagaisc le Ré Ó Laighléis atá luaite san réamhrá. 



Mike P. Ó Conaola
(féin fhoilsithe)
ISBN 9781999871611

Tine sa Chácóin

Seo scéinséir maidir le hachrann i measc dream antoisceach den eite dheis. Ainneoin an athrú ainm agus go bhfuil mionlach Gearmánach déanta den mionlach Sualannach, is léir gurb an Fhionlainn atá i gceist dáiríre - agus tá an Rúis i gceist freisin agus teifigh as tíortha a bhfuil na gnáth ainmneacha orthu. (Agus cameo ag carachtar a bhfuil an-dealramh aige le Panu Petteri Höglund.) Measaim dá réir gur polladh beag ar an fionraí díchreidimh na hathruithe sin agus gurb fearrde an scéal gan iad. 

Déantar dúnmharú ag boc mhór de chuid na heite dheise, boc a bhíodh ag scaipeadh fuatha ar líne - ach ar léir go bhfuil eagraíocht laistiar de, agus amhras ar na seirbhísí slándála go bhfuil ladar na Rúise sa scéal freisin. 

Bleachtaire righin laoch an scéal - cé go bhfuil corr sa scéal sa mhéid is go bhfuil caidreamh grá idir é agus duine den mionlach "Gearmánach" ar sprioc iad don drong antoisceach atá ar thóir díoltas as feallmharú a gcinnire. Mar sin, tá an scéal ag dul níos gaire don gcnámh dó ná mar ba mhaith leis!

Thaitin an scéal go mór liom, agus mheas mé go raibh na foscéalta inchreidte go maith, agus léargas orthu ar ceisteanna na linne agus an daonlathas liobrálach á chreimeadh ó laistigh agus lasmuigh. Tá buaic sásúil ar an scéal agus réiteach maith ar mistéir an marú agus an cúis a bhí leis. 


Panu Petteri Höglund 
Maisiúcháin le Mathew Staunton. 
Dundee: Evertype. 
ISBN 978-1-78201-224-5

2022-04-21

#comhar80


Bhí mé i láthair anocht ag ceiliúradh ceithre scór Comhar, iris a bhunaigh lucht an comhchaidreamh le linn an dara cogadh domhanda, tráth a raibh páipéar gann agus cead speisialta de dhíth chun iris a chur i gcló. Is minic ó shin go raibh fabhar rialtais de dhíth ar an iris le teacht slán, agus níl sé iomlán slán fós ná ní dócha go mbeidh.

Is minic go mbíonn ar an té a fhreastalaíonn ar ócáidí ceiliúrtha na Gaeil suí tríd aithisc agus óráidí tura ar mhaithe le gloine fíona agus cúpla greim.

Ní sin a bhí i ndán don slua a chruinnigh sa mhúsaeim náisiúnta cló, áfach. Bhí fíon agus blaisíní ann gan amhras, agus iad blasta.

Ach ní cainteoir i ndiaidh cainteoir a chuir Bean an Tí, Sinéad Ní Uallacháin, inár láthair. Is amhlaidh go raibh scagadh agus spíonadh déanta ag Eoin McEvoy ar chartlann Comhar le ceithre scór bliain anuas agus scriopt cuanna fáiscthe aige as le cur i láthair dá chuid féin chun na píosaí a fhí le chéile agus a chuir i gcomparáid leis an lá inniu. Ceathrar a chuir inár láthair é le Eoin - Donncha Crowley, Bríd Ní Ghrugáin, Deirdre Learmont agus Seán T Ó Meallaigh.

Thugadar siúd beocht do dhánta agus tuairimí a cuireadh i gcló i gComhar le ceithre scór bliain anuas. Le leithéidí Tomás Ó Floinn, Bob Quinn, Máire Mhac an tSaoi, Biddy Jenkinson, Gabriel Rosenstock agus Máirtín Ó Cadhain. Ní dhearna Eoin faillí in Éigse na linne seo, agus chualamar dánta ó Chaitlín Nic Íomhair, Darragh Ó Caoimh agus Ciara Ní É. Agus eagarfhocal Seán Tadhg Ó Gairbhí ón uair a thug na léitheoirí slán Comhar cúpla bliain ó shin ó sceanairt an Fhorais.

(Tá moladh speisialta - agus fuair sé bualadh bos - dlite do Seán T as Guí an Rannaire Behan a chuir i láthair go paiteanta paiseanta Duibhlinneach). 

Ba in óráid an chathaoirligh Cathal Goan a bhí an t-aon smál dobróin - tar éis deich mbliana de sheirbhís díograiseach, tá feidhmeannach gnó Comhar, Elly Shaw, ag bogadh ar aghaidh go post nua. 

Níl long Comhar i gcuan sábháilte fós, agus ní bheidh riamh. Ach is ardán thábhachtach atá ann don dtuairimíocht, don fhilíocht agus don bprós.

Tá súil agam go mbeidh an iris linn go ceann i bhfad, ag tabhairt lón machnaimh agus plé do éigse Gaeil. 

Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch

Bhí mé san ollscoil nó beagán roimhe nuair a thosaigh mé ag léamh saothair Douglas Adams. Ba dheacair cur síos a dhéanamh air - is duine ann féin a bhi ann, agus samhlaíocht áiféiseach grinn aige. Is ar Treoirleabhar síobaire don réaltra is mó atá cáil, is dócha, ach tá dhá úrscéal aige faoi Dirk Gently agus a mhodh ar leith fadhbanna a fhuascailt. 

Is cosúil gur tháinig Risteárd Mac Annraoi ar an gcéad úrscéal seo acu de thaisme, gur bhain sé sult mhór as agus gur bheartaigh sé Gaeilge a chuir air.

Go hiondúil, ní bheadh spéis agam in aistriúchán ar leabhar a bhí sean-léite agam sa bhunleagan; ach bhí mé fiosrach faoi conas a chuirfeadh Risteárd Gaeilge ar eachtra spleodrach ficsean eolaíochta, le hinneall ama, taibhsí, dúnmharú, siar is aniar agus bleachtaire a chreideann gur gá gach ceist a chíoradh go hiomlánaíoch.

Stíl Adams na giota fada a scríobh agus casadh tobann a dhéanamh a chuireann an léitheoir ag gáire go croíúil de bharr imeartas focail gan choinne. Dúshlán ar leith a leithéid a aistriú ach shíl mé go ndearna sé an-lámh air. Níor baineadh tuisle asam ach uair nó dhó - measaim go bhfuil jó amháin faoin fáth ar maraíodh duine amháin nár tháinig iomlán slán.

Tá scéal bleachtaireachta agus scéinséir de chineál i gceist, siar agus aniar san am, taibhse díoltasach ag iarraidh greim a fháil ar dhuine chun beart a chuir i gcrích. Cuid den teicneolaíocht - gléas freagartha, abair, a bhí iontach nua am a fhoilsithe ach iontach ársa anois ... is iomaí corr sa theicneolaíocht!

Bhain mé taitneamh as an leabhar seo agus tá mé breá sásta gur cheannaigh mé é!

Féin-fhoilsithe
Douglas Adams, Risteárd Mac Annraoi (aistr.)

Contúirt agus comhcheilg

Ian Malcolm ar Twitter a tharraing m'aird ar an scéal seo - scéinséir ó ré an chogadh fhuar. Détente ar an dtairseach, shílfeá, agus Uachtarán na Rúise agus Uachtarán SAM le casadh ar a chéile; agus roimhe sin Uachtarán SAM le cuairt a thabhairt ar fós a shinsir roimhe.

Tagann bleachtaire príobháideach Éireannach de thaisme ar lorg comhcheilge - an bhfuiltear le Uachtarán SAM le cuir den saol in Éirinn? Nó an bhfuil plota níos doimhne ar bun? Cé hiad na dreamanna éagsúla atá in adharca a chéile go fuilteach i mBÁC agus faoin tír? Cé a cuireadh i dtalamh ó fomhuireán, agus cárbh as é? 

Léitheoireacht éadrom atá i gceist, gluaiseann an scéal ar aghaidh go maith, agus tá an ghnáth corr agus casadh a bhíonn le fáil ina leithéid ann. Tá an "logánú" go maith - Éireann na 1970í agus scáil cogadh na saoirse agus a pholaitíocht sin fite fuaite le polaitíocht an saoil mór agus an cogadh fuar agus an eagla roimh cogadh núicléach.

Tá roinnt beag seanmóireachta ann a bhraithim é bheith beagán smolchaite nuair atá na pearsan ag smaoineamh ar cad atá déanta acu, agus cén fáth. Ach tá léargas deas stairiúil ann freisin measaim ar conas a déanadh antoisceach de dhuine!

Táim buíoch d'Ian as an nod, agus tá súil agam gur bhain sé féin sult as!

Faoi Rún go hÉirinn
Seán Ó Ciardhuáin
Foilseacháin Náisiúnta Teoranta
1972

2022-04-20

Imeacht na nIarlaí

I ndiaidh dom Turas na dTaoiseach Ultach as Éirinn: Dialann Taistil nó Taisteal Anama? ar Comhartaighde, dúirt mé ar Twitter gur mór an trua nach bhfuil fáil ar Imeacht na nIarlaí i nGaeilge na linne seo. Dúradh liom - beirt a luaigh é, Antain MacLochlainn ar dhuine acu más buan mo chuimhne - gur fhoilsigh FNT leagan in eagar ag Pádraig de Barra agus Tomás Ó Fiaich.

Chuir mé fios air dá réir - ón leabharlann. Insíonn an ghreamán "Íoslach" ar an gclúdach a scéal féin - agus go deimhin bhí leathanaigh san leabhar nach raibh gearrtha fós, sa chuí is go bhfuil amhras orm nach raibh duine ar bith romham tar éis an chóip áirithe sin a léamh!

Ach níl an téacs baileach i nGaeilge na linne seo - mar a rinne de Barra i gcás Foras Feasa agus Agallamh na Seanórach (atá áit éigin i mo L-spás) tá an chaint an-ghar don mbunleagan agus go leor, leor focail atá tite as úsáid ann, cé go bhfuil formhór acu ar fáil (leis an nod Lit go minic) i FGB. Cabhraíonn sé áfach go bhfuil go leor athrá i gceist. Tugann Ó Cianáin go leor suntas do chaisleáin agus oibreacha eile míleata - agus an dúrud suntas d'eaglaisí agus na míorúiltí a luadh leo! Tá an sliocht faoi Loreto a bhí faoi chaibidil ag Mac Craith agus a spreag m'fhiosracht sa chéad áit fágtha ar lár ag na heagarthóirí toisc nár bhain sé le turas na nIarlaí! Tá scéalta go leor ann áfach faoi eachtraí ar an oighear, timpistí nó beagnach timpistí. Tá scéilín fánach ann faoi aimsiú bradáin i linn in aice srutháin.

Ach tá formhór den insint gafa leis an dturas, an ómós a léiríodh do na hIarlaí, an ómós a léirigh siad, cuairteanna ar dhaoine mór le rá, agus ar eaglaisí mór le rá. Is léir go bhfuil Ó Cianáin ag iarraidh dintiúir Ó Néill agus Ó Domhnaill mar phrionsaí Chaitliceacha - gur cuid den mhisean é an leabhar Imeacht na nIarlaí. 

Chomh maith le leagan d'insint Uí Chianáin, tá réamhrá cuimsitheach ann ina déantar cuir síos ar na daoine a chreidtear a bheith in éineacht leis an hIarlaí ar an Turas. Agus tá tráchtaireacht rí-spéisiúil ag Tomás Ó Fiaich sa leabhar - é ag tarraingt as cartlainne taidhleoirí agus spiaraí Shasana, na Spáinne, na Fraince - agus suntasach go maith mar dream neamhspléach go pointe - na Veinéise. Tá pictiúr agus léarscáil ag dul leis an leabhar freisin.

Don té áfach ar mian leis blaiseadh samhlaíoch a fháil den turas, measaim gur fearr de bhlaiseadh a bheadh ar fáil ó Bealach na Spáinneach Liam Mhic Cóil - ó tharla gur thaisteal Lúcás Ó Briain cuid mhaith den bhóthar céanna leis na hIarlaí agus é ina ndiaidh. 

Ba bhreá liom insint bhríomhar mothúchánach mar sin a fheiceáil, agus is cinnte go bhfuil eolas luachmhar san leagan seo ag de Barra agus Tomás Ó Fiaich - braithim áfach go mbeadh sé ró dheacair agus ró thur don gnáth léitheoir mar atá.


An Diabhal inti

Witches (b'fhéidir á gcéasadh) le Séamus VI agus I (1566-1625)
 óna leabhar Daemonologie (1597) -  Fearann Poiblí

An séanadh i dtosach. Is pápaire mé, agus fearacht an chéad phápa agus an pápa reatha araon, creidim go bhfuil an diabhal ann. Gur pearsa atá ann, agus é ag spreagadh olcas i ndaoine.
 
'Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh. '

Sin ráite, tá fíor amhras orm go raibh mórán dóibh siúd - mná 80% acu - ar cuireadh witchcraft ina leith dáiríre ag comhoibriú leis an diabhal. Ní hé nach bhfuil - fós - daoine a adhrann an t-áibhirseoir, agus a dhéanann drochghníomhartha dá réir ann. Ach má bhí lámh ag an diabhal san scaoll asarlaíochta sna meánaoiseanna agus san Nua Ré luath, measaim gur ar thaobh na sealgairí a bhí sé - bhí saint, éad, agus formad gan trácht ar eagla roimh an coimhthíoch agus an éan corr nó an duine neamhspleách ar an bpobal lárnach sa scéal.

I dtús an leabhar Mere Christianity, agus é ag leagan amach a théis gur rud uilíoch an dlí morálta sa duine, tá an méid seo le rá ag C.S. Lewis:
I conclude then, that though the differences between people's ideas of Decent Behaviour often make you suspect that there is no real natural Law of Behaviour at all, yet the things we are bound to think about these differences really prove just the opposite.

But one word before I end. I have met people who exaggerate the differences, because they have not distinguished between differences of morality and differences of belief about facts. For example, one man said to me, 'Three hundred years ago people in England were putting witches to death. Was that what you call the 'Rule of Human Nature or Right Conduct?’ But surely the reason we do not execute witches is that we do not believe there are such things. If we did—if we really thought that there were people going about who had sold themselves to the devil and received supernatural powers from him in return and were using these powers to kill their neighbours or drive them mad or bring bad weather—surely we would all agree that if anyone deserved the death penalty, then these filthy quislings did? There is no difference of moral principle here: the difference is simply about matter of fact. It may be a great advance in knowledge not to believe in witches: there is no moral advance in not executing them when you do not think they are there. You would not call a man humane for ceasing to set mousetraps if he did so because he believed there were no mice in the house.

 Ach tá amhras orm cé mhéid a chreid daoine go raibh witches ann dáiríre. Bhí polaitíocht agus maoin i gceist go minic, agus miangas agus fearg collaíochta. Is fíor gur sagart agus cúistiúnaí Chaitliceach a scríobh an Malleus Maleficarum - ach scríobh sé é tar éis d'easpag é dhíbirt as baile ina raibh géarleanúint á dhéanamh aige ar bhean ar leith - a fuarthas neamhchiontach. Rinneadh brionnú, is cosúil, ar cháipéisí a léirigh, más fíor, tacaíocht diagairí eile dá shaothar - nuair is cáineadh a rinne siad dáiríre! Ach scaip a leabhar agus a mhodhanna - go háirithe i tíortha an Phrotastúnachais, agus bhí dearg scaoll ar feadh i bhfad in Alban i measc Preispitéirigh.

Ag glacadh le Sola Scriptura (i. an scríbhinn diaga amháin) tá tagairtí láidre i gcoinne a leithéid ann.

'Ní fhuíleonga tú bean phiseógach do mharthuinn. ' (Bedell Exodus 22:18)

Ná fág a beo ag bandraoi. (Má Nuad Eaxodus 22:17)

'Thou shalt not suffer a witch to live. '  Rí Séamus Exodus 22:18

'Die Zauberinnen sollst du nicht leben lassen. ' Luther leagan 1912 2. Mose 22:18 

'Maleficos non patieris vivere.' Vulgata

Ní scoláire Eabhraise mé, ná baol air, ach is cosúil go bhfuil na scoláirí deighilte faoi céard go díreach a bhí i gceist. (Féach alt anseo i Haaretz). Tá sé spéisiúil go ndearnadh baineann an té a bheadh thíos leis i ngach ceann de na haistriúchán sin.

An rud suntasach faoin tréimhse seo, mar a chíortar i sár sraith Paula Kehoe é, gurb ar éigin a tharla an fiach marfach in Éirinn; agus nuair a tharla is i measc na nGall is mó a tharla. Cíortar sé chás sa sraith.

Cé gur cloigne cainte - neart acu as Gaeilge, sciar as Béarla - a thugann formhór an t-eolas, cuirtear i láthair gach duine acu i dtimpeallacht spéisiúil - na mná ina measc go hiondúil san dúlra, sa choill - na fir go hiondúil i foirgneamh eaglasta nó dlí! 

Baintear feidhm éifeachtach as pictiúir a léiríonn samhlaíocht na ndaoine faoi witches (cinneadh ceart a bhí ann measaim, an focal sin a fhágáil sa Bhéarla - ní hionann baileach céill do chailleach, ná bean feasa, ná fiú amaid) agus na dóigheanna a céasadh agus a maraíodh iad.

Ach sé láidreacht mór an insint ná an dóigh a chuireann Olwen Fouéré,  an damhsóir Aoife McAtamney agus damhsóir óg eile na mothúcháin agus na himeachtaí i láthair - gan focal a rá, ach an insint scéal lena gcolainneacha agus beagán prapaí, i dtimpeallacht faoin spéir - ballóga liatha, cois trá, sa choill.
 
An pian agus an eagla soiléir a d'fhulaing daoine - mná a formhór - a bhí thíos leis an scéal seo ar fad. Cé gur eascair an imní in san eaglais, agus imní faoi eiriceacht ag a fréamh, ba córais tuata is mó a chéas agus a mhairbh daoine a shíleadh gurb witches iad. Creidim gur sin cuid den chúis nach raibh an cleachtas fairsing in Éirinn - bhí deighilt ar aon nós idir an chreideamh oifigiúil agus creideamh na ndaoine. Agus ó tharla na gnáthdhaoine faoi chois ar aon nós, agus a gcreideamh faoi their agus faoi tháir, ní raibh feidhm le scaoll witches chun iad a smachtú. 

Scríobh Arthur Miller a dhráma The Crucible bunaithe ar fiach witches Salem i Meiriceá. Ach b'é a bhí ina intinn ná fiach Cumannaigh MacCarthy - a raibh an meascán céanna d'fhormad, saint agus col le coimhthíos agus neamhspleáchas ag a chroí. Is dóigh liom go mbíonn an meascán sin i dtólamh i gceist nuair a déantar grúpa a dheighilt amach agus a dhamnú. Rud a tharlaíonn arís agus arís eile.
 
Tá amhras orm faoi roinnt de na nithe a dúradh sa chlár faoi phiseoga na nGaeil, agus ceist na mbandéithe (ní dóigh liom go bhfuil bunús dáiríre sa stair ag go leor den méid a deirtear faoi bhandéithe na nGaeil - tá scáil fhada ag cumadóireacht White Goddess Graves). Tar éis an tsaoil, shíl na Piúratánaigh go raibh go leor "págánach" faoin gCaitliceachas, ar creideamh é a chuireann colainn agus anam san áireamh; mar go bhfuil colainn agus anam sa dhuine. Níl aon cheist áfach go bhfuil agus go raibh fuath ban fite fuaite le go leor de na huafáis stairiúla. Agus go mbíonn agus go bhfuil streachailt i ndán do mhná lena gceart a bhaint amach - le seasamh astu féin, seachas mar mhaoin fhear éigin. (Go minic bíonn an foréigean i gcoinne mná dírithe ar na fir ar "leo" iad, dar leis an lucht ionsaithe, a uirísliú agus a mhaslú - feicimid éigniú mar airm chogaidh arís faoi láthair sa Úcráin, abair).
 
Sraith clárach den scoth (arís!) ó Phaula - agus is aoibhinn liom an úsáid a bhaineann sí go minic as damhsóirí agus íomhánna. Agus guthanna ceolmhara ... Féasta don súil agus don intinn.
 

2022-04-19

Rannsacú Ghleann dá Ghrua

Tá oiread ama caite agam ó 2010 ag crochadh saothair Gabriel Rosenstock ar bhlag gur dócha go bhfuil frídín na gearrfhilíochta tolgtha agam. Ní raibh ar mo chumas riamh siollaí a áireamh ná cloí le rialacha, mar sin is ar éigin go bhféadfaí na giotaí seo a áireamh mar Haiku. Seachas gur tobchumadh atá i gceist leo, breactha síos agus mé ag siúl tríd an gcoill i nGleann dá Ghrua.

Beacha ag iníor
A ndord múchta
Ag síor sruth tráchta

Cumhracht creamh
Corr sailchuach 
Cairpéad coille 

Fathaigh allúracha 
Coirt caite acu 
eocalaipí 


Idir mhaidhmeanna tráchta 
Cneasaíonn ceiliúr éin
Cluasa coisí 
 
Ochtagán tréigthe 
Leath de radharc álainn 
La Touche 

Dorchadas giúis-choille
Na héin féin 
Ag cogar 

Tobar Shíle 
Claí dubh is buí 
Tirim driseach 

 

Flóra na Samhlaíochta

Is cuid de mo ghnás (beagnach) laethúil ó thús na paindéime siúl sa choill bheag atá buailte ar an eastáit ina bhfuil cónaí orm. Is fear cathrach mé, ach spreagadh mé ag Bitheagsúlacht Éireann agus m'fhonn féin  amharc níos grinne thart orm, aird a thabhairt ar iontais Dé agus an dúlra. Coill measctha is ea an choill, agus deis ag neart bláthanna fás ar urlár na coille. Tá na séasúir uilig feicthe anois agam. Thug mé suntas cheana do Flóra Chorca Dhuibhne  - idir leabhar agus fásra cois bóthair agus ar na cnoic. Táim ag foghlaim liom, agus le déanaí suntas tugtha agam do Lus na gCnapán, Lus na Gaoithe, agus Seamair Choille - uilig faoi bhláth faoi láthair. Tá cumhracht an chreamha sa choill cé nach bhfuil radharc fós ar na bláthanna. 

Ar ndóigh tá Bríd Ní Mhóráin lonnaithe i gCorca Dhuibhne, agus an lusra thart uirthi. Sa chnuasach iontach filíochta seo leanann sí cuireadh ón mBé suntas a thabhairt do na rudaí beaga thart uirthi san ré seo inar chaitheamar ar fad tréimhsí fada sáinnithe gar don mbaile. 

Fíonn sí dánta snasta gleoite as cuma na mbláth agus an mbéaloideas - na íocshláintí a ghabhann le lusanna ar leith. Don foghlaimeoir cathrach seo is mór an ghar go bhfuil na hainmneacha Laidine leis na bláthanna; mar is minic go mbíonn ainm áitiúil nó níos mó ná ainm amháin ar lus.

Tá na léaráidí spéisiúil - píosaí ealaíne origami, gan ach baint scaoilte acu leis na bláthanna atá faoi chaibidil. Ach tá siad go deas.

Agus don té atá fiosrach, tá gluais ann ina bhfuil grianghraf de na bláthanna agus ainmneach Gaeilge, Laidine agus Béarla - áis don té ar mhian leis breis eolais a aimsiú. 

Cnuasach gleoite, a chabhraíonn le hintinn agus anam - spreagadh chun oscailt súil agus suntas a thabhairt do na rudaí beaga áille faoinár gcosa!


Flóra na Samhlaíochta
Bríd Ní Mhóráin 
Foilseacháin Ábhair Spioradálta 

2022-04-18

Gustav Iarainn

 

Hans Fallada, 1943. e.o.plauen
I ndiaidh dom Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar a chríochnú, bhí mé ag póirseáil sna ríomhleabhair ar Amazon d'fhonn teacht ar tuilleadh le Remarque. Agus sin á dhéanamh agam cuireadh cnuasach de shaothair Fallada faoi mo bhráid, ar fáil ar bheagán airgid de bhrí go bhfuil an cóipcheart in éag. 

Tá roinnt leabhair le Fallada agam ar mo leabhargáin - Kleiner Mann, was nun?; Altes Herz geht auf die Reise; Jeder stirbt für sich allein; Bauern, Bonzen und Bomben; Drei Jahre kein Mensch. Tá sé píosa maith ó léigh mé iad. Tá léargas den scoth le fáil orthu ar an dtréimhse idir na cogaí - nó, i gcás Jeder Stirbt für sich allein, an saol faoin deachtóireacht. 

Hans Fallada ainm pinn Rudolf Ditzen, tógtha ó dhá scéal iontais - Hans im Glück  faoi óinmhid saonta a mhalartaíonn cnap óir ar rud éigin, an rud sin ar rud eile, go dtí sa deireadh nach bhfuil faic aige. Agus ainm an chapaill cainteach i scéal Bé na nGé

Is cineál clár oibre do shaothair mhóra Fallada atá san ainm! Saol deacair a bhí aige féin, é in achrann lena athair. D'fhág iarracht féinmharú dúbailte é féin gortaithe go dona agus a chomrádaí san eachtra marbh - bhí sé isteach is amach as teacht na ngealt agus an príosúin de bharr andúil san ól agus sa mhoirfín.

Tá an bua aige ina úrscéalta an saol mór a léiriú trí saol líon beag duine a insint. Is Der Eiserne Gustav  an chéad saothar ón gcnuasach atá léite agam. 

Tá scéal suimiúil ag an leabhar féin. Ba ann do Gustav Hartmann, Gustav Iarainn, tiománaí tacsaí capaill (Droschkenkutscher) a rinne turas bolscaireachta i 1928 ó Bheirlín go Páras agus ar ais. 

Bundesarchiv Bild 102-06534, Berlin, Rückkehr des "Eisernen Gustavs" aus Paris

Bhí fonn ar Emil Jannings, aisteoir mór le rá a raibh gnaoi Goebbels aige, an páirt a ghlacadh ar an scáileán mór. Bhí gnaoi Goebbels um an tráth sin ar Fallada - thaitin a cháineadh ar ré Weimar go mór leis na Naitsithe, d'fhéil sé dá cháineadh ar "Ré an chórais". Ní raibh Fallada chomh lúcháireach céanna faoin ngnaoi seo ...
„In die Sonne Goebbelscher Gunst zu kommen – das schien mir ein Ikarus-Schicksal.“

Teacht faoi ghrian ghnaoi Ghoebbels - meas cinniúint Icarus a bhí agam ar sin. 

Ar aon nós, níorbh é nós oibre Fallada achoimre a scríobh; bhí sé de dhíth air an scéal iomlán a oibriú amach, ach ba scríbhneoir gasta é. Scríobh sé úrscéal mór 800 leathanach ag rianadh cinniúint Gustav Hackendahl - Gustav Iarainn, a bhean agus a ceathrar clainne. Tosaíonn an scéal ar lá dúnmharaithe Franz Ferdinand ag Gavrilo Princip.  Tá a thubaiste féin tí Hackendahl - teaghlach atá a riaradh leis na nósanna a d'fhoghlaim sé san airm agus é ina sháirsint ag Gustav. Tá spiorad a mhac is sin is a nuachar briste aige lena dhéine. Tá in iníon leis teite i dtreo an bhanaltracht agus an chreideamh d'fhonn éalú uaidh agus an achrann ag baile. Ach sé an tubaiste ná go bhfuil an mac is ansa leis, scoláire seacht bliana déag tar éis goid uaidh agus dul ar an ndrabhlás. Níl a mhac sásta géilleadh don smachtú - níl sé féin sásta bheith réasúnta; téann rudaí in olcas. I ngan fhios dó, tá iníon eile leis ag goid uaidh anseo is ansiúd ar mórán na cúiseanna céanna lena deartháir, santaíonn siad araon saoirse. Tá a n-athair go maith as, dar leo, tríocha capall sa stábla aige agus sraith cóistí á reáchtáil aige; é féin ag friotháil ar custaiméirí mór le rá. Ach tá na gluaisteáin ag dul in iomaíocht leis...

Ainneoin a mhaoin réasúnta, tá sé sprionlaithe righin daingean - Iarainn!

Leanann an t-úrscéal an chlann tríd tubaistí an chogaidh, réabhlóid na Samhna i 1918, agus fiántas agus bochtaineacht Weimar - suas go dtí 1928 nuair a thugann Gustav faoin dturas le tacaíocht nuachtáin.

Faoi sin tá Gustav scartha beagnach go hiomlán óna chlann; a mhac is sine tite sa chogadh; ach roimhe sin dúshlán a athair tugtha aige agus a leannán lenar ghin sé páiste gréine roimh an chogaidh pósta aige ainneoin í bheith gan mhaoin, agus mar bharr ar an ndonas, dar leis an athair, cruit uirthi! (Is í Tutti mar a thugann sé uirthi duine de na carachtar is geanúla sa scéal, í láidir caoin). Tá an mac ab ansa leis tar éis éirí go hard tríd gnóthaí cama agus titim níos ísle fós de dheasca na gnóthaí céanna; striapach déanta de iníon amháin a thit faoi thionchar duine des na carachtair is oilce dá bhfuil léite riamh agam faoi; an iníon eile sásta mar Mátrún ospidéil, ach í scartha ó athair agus máthair, náire uirthi fúthu. Laoch eile an scéil, dar liom, an mac is óige, trí bliana déag ag tús an scéil. a tháinig in inmhe in ocras an chogaidh. Ainneoin iarracht a dheartháir é a chorbadh le mealltacht na drúise, éiríonn leis méid áirithe ionracais a chaomhnú. Ar feadh seal, tá ag éirí maith go leor leis - ardteist measartha bainte amach, printíseacht agus post sa bhanc bainte amach, a leannán óna óige pósta go dlisteanach aige, ... ach ansin tagann an spealadh mór agus an dí-fhostaíocht. 

Gustav féin ar an ngannchuid, é ar éigin in inmhe é féin agus a bhean a bheathú leis an Droschke amháin atá fágtha aige. 

Léargas ar chanbhás mór tríd sonraí bheaga ar an ré an d'ullmhaigh an ithir do theacht chun cinn na Naitsithe. Ní raibh Goebbels sásta leis an scéal; bhrúigh sé críoch eile ar Fallada, ag cuir an mac is óige isteach san SA; agus ag éileamh cúirtéis Hitler ó Gustav féin ag deireadh. "Nazi-schwanz" rubaillín Naitsíoch a bhaist Fallada air ina dhialann. Fiú leis an athrú, níor deineadh an scannán - bhí boc móra eile sa Pháirtí ina choinne. Foilsíodh an t-úrscéal "leasaithe" i 1938.

Sna seascaidí foilsíodh leagan eile san DDR - ach ní hamháin gur baineadh an rubaillín Naitsíoch de, ach rinneadh gortghlanadh ar thagairtí eile nár fheil don deachtóireacht nua - caitheamh anuas ar Liebknecht agus réabhlóidithe eile, mar ó dhea agus gur athraithe Naitsíocha a bhí iontu sin. Gan iad áfach cuirtear an scéal as a riocht.

Cé go bhfuil an bun lámhscríbhinn ar lár, maítear an leagan a léigh mé a bheith iomlán de réir mianta Fallada. Is scéal iontach atá ann, agus léargas iontach ar na daoine ann, agus iad fite fuaite le stair a bpobal. Uafás an ocrais agus an dí-fhostaíocht, agus conas mar a dhéantar forbairt ar olc nó maith an duine tríd mian, taithí agus eachtraí saoil. Agus tionchar daoine eile....



2022-04-17

Scéal ar bith ón bhFronta Thiar

Im Westen nichts Neues ar mo leabhargán agam, agus é sin - agus roinnt úrscéal eile le Remarque - léite agam. Go hiondúil ní bhacfainn le haistriúchán go Gaeilge de leabhar atá léite agam sa bhunleagan. Ach tá go leor aistriúcháin spéisiúla á fhoilsiú ag Risteárd Mac Annraoi agus bhí mé fiosrach faoi dornán acu, é seo ina measc.

Tá úrscéal Remarque bunaithe, ní ar a thaithí díreach féin - goineadh go luath é ag an bhFronta agus chaith sé tréimhsí fada san ospidéal - ach ar an méid a d'fhoghlaim sé ó chomhrá agus allagar le saighdiúirí gonta eile. Bhí mianach iriseora agus scéalaí go smior ann. 

Fear óg, fós ar scoil,  Paul Bäumer, nuair a bhriseann an chogadh amach agus brúnn meon an phobail - agus meon na múinteoirí go háirithe - é féin agus a chomhscoláirí isteach san arm. Tar éis oiliúint agus drochíde ón mion-cheannaire Himmelstoss tá sé agus buíon beag dlúth comrádaithe -  idir a chomrádaithe scoile agus daoine eile ó thall agus abhus - fáiscthe ina meitheal le taithí agus cumas ag ár na dtrinsí - bíonn siar agus aniar ama san insint ar thréimhsí cogaidh agus tréimhsí sosa, agus seal amháín scoir sa bhaile san insint. Diaidh ar ndiaidh titeann baill an bhuíon san ár. 

Téis Remarque san scéal ná go bhfuil an saol goidte ó ghlúin Bäumer. Seans éigin acú siúd a mhaireann tríd a raibh cos sa tsaoil acu roimhe. Ach an glúin a bhí ag teacht in inmhe ar thairseach an chogadh curtha as a riocht go hiomlán ag a dtaithí agus na huafás a rinneadh orthu agus a rinne siad.

Rinne Remarque an cheist sin a spíonadh níos faide san úrscéal Der Weg zurück (An bhealach ar ais). 

Leabhar thar a bheith tábhachtach frith-chogaidh is ea Scéal ar bith ón bhFronta Thiar. Bhí fuath dá réir ag na Naitsithe ar Remarque, agus bhí a shaothar ar an tine chnámh a las siad i 1933. Bhí sé féin thar lear - ach baineadh a shaoránacht Gearmánach de i 1938. Agus fuair siad greim ar dheirfiúr leis as "briathra i gcoinne an stáit" - dúirt an Breitheamh mhíchlúiteach fola Freisler le linn a triail go raibh a deartháir éalaithe uathu ach nach n-éalódh sise. Tar éis í bheith curtha faoin lann a chuala Remarque a scéal. Spreag sé é chun an t-úrscéal Der Funke Leben (Splanc Beatha) a scríobh faoi duine atá tar éis teacht tríd tréimhse fhada san KZ.

Maidir le haistriúchán Mhic Annraoi, feictear dom go bhfuil sé cruinn, cuí. In annamh a bhain sé tuisle asam, cé go bhfuil an leabhar breac le béarlagair airm agus saighdiúra idir oifigiúil agus labhartha. Tá comaoin curtha ag Risteárd orainn lena chuid oibre agus cúraim. Tá súil agam go léifear agus go pléifear an leabhar agus an friotal.

Níl ach clamhsán amháin agam faoin leabhar - tá íomhá maith roghnaithe (féach thuas - sin an póstaer ar a bhfuil sé bunaithe) ach ní maith liom an ceangal; d'fhéadfadh sé a bheith níos fearr. 

Ach ó tharla gur leabhar féin fhoilsithe atá ann, is éacht go bhfuil sé againn. Tá flosc dochreidte oibre ag Risteárd Mac Annraoi mar eagarthóir agus mar aistritheoir - creideann sé go bhfuil gá leis na saothair chun saol na Gaeilge a shaibhriú - agus aontaím go mór leis.

Tá mé sásta gur cheannaigh mé é, i measc leabhair eile, leis an dearbhán a fuair mé do litríocht.com



Erich Maria Remarque
Leagan Gaeilge le Risteard Mac Annraoi
2020


Laochas

Le Justus Sustermans - Foinse (ó; archive); féach freisin, Fearann Poiblí, Nasc

Andrea Sarti »Unglücklich das Land, das keine Helden hat!« 
Galilei »Nein. Unglücklich das Land, das Helden nötig hat.« 

Leben des Galilei (13. Szene). Bertholt Brecht


Duairc an tír, a bhfuil díth laochra uirthi!
Ní hea. Duairc an tír a bhfuil laochra de dhíth uirthi!