Nuair a bhí mé in ionad Sliabh Eachtaí, fuair mé Taxi isteach go Baile Locha Riach d'fhonn Aifreann a éisteacht. Bhí mé ann i bhfad roimh am an Aifrinn, rud a thug deis dom súil a chaitheamh ar an Eaglais (agus ar bheagán den mbaile) ar mo shuaimhneas. Sui Easpag Cluain Fhearta atá san Ardeaglais, agus é tiomnaithe do Naomh Breandáin dá réir - ach ní fhaca mé ach fuinneog beag gloine daite sa phóirse a léirigh an naomh é féin. Tá an Ardeaglais suite ar bhruach an locha agus tá spás go leor timpeall air, agus roinnt dealbha cuanna ann - ina measc cuimhneachán mór do sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse.
Bhí leabhrán ar fáil san eaglais faoi - tá áiféala orm anois nár cheannaigh mé cóip, ach shíl mé go mbeadh fáil ar an eolas ann ar líne. Má tá, theip orm teacht air go dtí seo. Tá roinnt eolais ar Wikipedia.
I stíl an "Athbheochan Ceilteach" atá an Eaglais tógtha; agus tá neart fuinneoga gloine áille a rinne baill an comhar Túr Gloine, ealáíontóirí fearacht Evie Hone agus Michael Healy (tá a n-ainmneacha le léamh san Eaglais).
Tá an dealbh seo de Mhuire agus Íosa in aice an locha; theip glan orm breis eolais a aimsiú faoi go dtí seo. Is maith liom é - go ró mhinic is dealbha daite gáifeacha a bhíonn le feiceáil thart ar eaglaisí in Éirinn.
Is mósáic cuanna bealach na croise san Eaglais, le scríbhínní i nGaeilge. Mar an gcéanna, tá scríbhinní Gaeilge ar na lampaí i corp na hEaglaise.
Ní dhearna mé grinnstaidéir ar gach gné den Eaglais, ach is álainn an áit atá ann, agus suíomh ana dheas.
Sagart ón Nigéír a léigh an Aifreann - fómhar síol a chuir misnéirí ón dtír seo anallód! Ritheann sé liom uaireanta gur sheolamar an chuid is fearr den gcléir - na fir misnúla spreagúla - thar lear, agus nach chun leasa an Eaglais abhus a bhí sé sin.