Ní cuimhin liom cár chuala mé i dtosach faoi Séamus Barra Ó Súilleabháin. Reic, is dócha agus sin b'fhéidir seacht nó ocht de bhlianta ó shin. (Imíonn an t-am, a stór, casann an domhan mór...). Rinne mé a leabhar Beatha Dhónaill Dhuibh a phlé anseo thiar i 2016. Fiú sna laethanta luatha bhí fuinneamh aisteach ina theacht i láthair. Cheannaigh mé a chéad albam Ón mBarr aníos cúpla bliain ó shin freisin. Faoi láthair tá sé ag feidhmiú mar thaibheoir faoin ainm Súil Amháin agus cúpla rian nóthálta curtha amach aige, é ag obair le hoirfidigh eile.
Bhíodh mo toighis ceoil iontach caomhach, ceol traidisiúnta nó clasaiceach is mó a d'éist mé leis (agus éistim fós le fonn, agus le hamhráin ó lasmuigh den Anglasféar).
Ach tá oirfidigh fearacht Súil Amháin agus Imlé á athrú sin. (Braithim uaim gradam ceoil Nós a chuir ceoltóirí spéisiúla in aithne dom, mar ní bhíonn stuif nua ar an raidió sách minic. B'fhéidir go mba cheart dom éisteacht le RíRá nó Raidió na Life níos minice. Ach fiú ansin bheadh orm éisteacht le neart nach bhfuil spéis agam ann).
Cás ar leith é Séamus Barra, áfach. Tá sé léannta, ag plé le litríocht na Gaeilge. Mura bhfuil dul amú orm rinne sé staidéar ar leith ar Maidhc File, mac Pheig Sayers. Bíonn a reacaireacht comhaimseartha ach lán de thagairtí do saíocht na Gaeil, idirthéacsúlacht ana chliste. Nó breac le logainmneacha Iarthar Dhuibhneach fite fuaite in imeartas focail. Fréamhaithe i Lios Tuathail a óige. Ach uilíoch.
Guth sainiúil, friotal fuinte, fuinneamh, rud úrnua ach le fréamhacha doimhne. Sin Cultúr.
Níl an fhoclóir agam an ceoil a phlé, ach tugann idir ceoil agus focail fuinneamh dom. Bhí mé ag éisteacht leis ar mo thuras oibre inné agus scaip sé gan dua gruaim nádúrtha maidin Luain Deireadh Fómhair.
Gura fada buan é Séamus Barra Ó Súilleabháin agus go raibh an bhé riamh fial leis.