Ernst Barlach - An fear amhrasach |
Insha' alla
Nó, mar a deireadhmuintir an Oileáin'le cúnamh Dé'.Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Buancheist gach creidmheach i nDia grámhar ná tuige a tharlaíonn droch rudaí do dhaoine maithe. Píosa fada ficsean samhlaíochta ar an ábhar is ea leabhar Iób:
Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige. Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe. Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
Iób 23:13-16
Bhí de nós ag ár sinsir Toil Dé a lua le gach buairt agus buaireamh. Dán go gcaithfí glacadh leis. Tá teannas idir taithí an duine agus briathra Íosa:
Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.
Ach ar ndóigh bhí neart le rá aige freisin faoi bheatha chóir. Agus go háirithe-
Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe, bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
Maidir liom féin de, is beag de olc an tsaoil atá fulaingthe agam. Seans go dtuigeann mo chruthaitheoir gur fánaí alabhog mé nach bhfuil mianach ionam a sheasfadh triail.
Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.
Corr bhabhta tinnis, post i mbaol anois is arís. Na rudaí ba thromchúisí a d'fhulaing mé ná gur chailleamar beirt sa bhroinn go luath sa toirchis. Fuair deartháir liom bás sa chliabhán nuair a bhí mé i ndeireadh na déaga. Fuair mo mháthair bás le hailse a aimsíodh ró mhall - ach mhair sí níos faide ná mar a thuar na lianna, agus bhí deis againn dá réir dul i dtaithí air agus slán a fhágáil léi faoi dheireadh. Ní mórán é.
Tá, dar liom, Toil Dé le feiceáil ansin sa mhéid is nach saorann Sé muid ón Olc nádúrtha, ó phian agus díomá. Cuid den dul in inmhe atá ansin. Tá mbeidh Sé chun muid a chosaint go hiomlán ó phian agus díomá nach iarmhairt ár ghníomhartha iad, bheimis leanbaí.
Ach tá saoirse tola againn. Cinneadh atá i gceist le caidreamh le Dhia. Fás agus forbairt.
Ní hionann sin agus mian Dé. Mar a dúirt Sé agus Iarúsailéim á chaoineadh aige -
A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Mian Dé go nglacfadh muid lena thairiscint. Fúinne atá sé A mhian a aithint agus gníomhú dá réir. An véarsa is scanrúla i dtaispeánadh Eoin, dar liom -
Is eol dom d'oibreacha, nach fuar thú agus nach te. Uch nach fuar nó te thú! De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.
Tá gné eile ann. Deonú Dé. Murach deonú Dé, na deiseanna a bhronn Sé orm, na daoine a chas sé i mo threo, ní bheadh mé fiú alabhog. Bheinn i m'fhanaí míshásta míshocair. Táim buíoch as an méid sin féin.
Maidir le "ná lig sinn i gcathú", arís tá saol sách réidh agam. Cúis eile buíochais.
Tá súil agam gurb é Toil Dé go leanfaidh deonú Dé do mo thabhairt ar bhealach comhlíonadh mian Dé dom. Ainneoin mo chlaonadh chun leisce agus alabhoige.