Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-10-03

An der schönen blauen Donau

Ag tús mhí Iúil chaith mé cúpla lá i Vín. Bhí córas dar gcuid le cuir faoi thástáil inghlacthachta ar an láthair ag an soláthraí seirbhíse aerthráchta thall. Ach seachas ag an aerfort, is i lár na cathrach a bhí an seomra ríomhaireachta (agus na stiúrthóirí aerthráchta). D'eitil mé amach an lá roimh ré, agus bhí mé ag cuir fúm in óstán i bhfoisceacht fiche nóiméad siúlóide den ionad.

Ní raibh bialann san óstán agus bhí sé sách mall agus mise sach ocrach - ní raibh eitilt dhíreach ar fáil. Chuaigh mé ag lorg proinntí.
D'aimsigh. Bhí an biachlár breac leis an bhfocal Eierschwammerl. Focal deisceartach, mar a thugann an iarmhír -erl le fios. Focal nach raibh agam, dá réir. Cantarnaid (cineál beacáin). Bhí eierschwammerlgulasch agam. Agus mar mhilseog palatschinken Boihéamach (pancóg beagáinín ramhar). Blasta. Leann leis. Chodail mé go sámh. 

Ní raibh bricfeasta san áireamh san óstán. Bhí 20€ ar an mbuffet. Bhí an-amhras orm go mbeadh ar mo chumas díol 20€ de bhia a chaitheamh don céadphroinn. Ar ámharaí an tsaoil bhí bácús béal dorais. Ceapairí agus cácaí agus caife ar fáil. Fuair mé dhá ceapaire blasta, ciste agus caife ar leath costas an óstáin. D'fhoghlaim mé focal nua i. Verlängerter espresso. Espresso agus fad curtha leis. An rud ar a dtugann Iodáiligh go díspeagúil americano air. 

Bhí mé réidh don obair. Cúpla nóiméad siúl tríd fásach stroighne, go leor tógáil ar bun. Léarscáil Google á leanúint agam. Mearbhall orm. Bhí lána ar an léarscáil ar theip orm é a aimsiú. Go dtí gur thuig mé gurbh gá dom dul tríd an stáisiúin U-bahn. Bhí scríobaire spéire agus fógra Austro Control romham. Sheol mé tcht chuig an té a raibh mé le bualadh leis, agus isteach liom. Sheol an concierge suas go dtí an fiche naoú urlár mé. Ach ní raibh tuairim ag an bhfáiltiú ansin céard le déanamh liom. Agus ní raibh siad cinnte faoi ainm mo dhuine fiú. Fuair mé tcht ansin uaidh ag fiafraí cá háit go baileach a bhí mé. San foirgneamh mícheart. Ní raibh sascríobaire spéire ach aos riaracháin. Foirgneamh íseal ó na seachtóidí ar thaobh eile an bhóthair a bhí mise ceaptha a aimsiú.... 

D'éirigh linn dul tríd na tástálacha riachtanacha gan mórán stró. Idir eatarthu bhí lón blasta againn. Bhíomar réidh le clár an lae go luath, rud a thug deis dom roinnt oibre a dhéanamh ar thogra eile (Is maith ann idirlíon agus líonra fíorúil príobháideach). Rud a laghdóidh an carn a bheadh ag fanacht orm ag baile. Bhí misean tugtha ag mo nuachar dom, mar sin thart ar a ceathair thug mé aghaidh ag lár na cathrach agus siopa leictreonach. Turas in aisce a bhí ann, ar an ndrochuair. Thug mé aghaidh ansin ar Ardeaglais Stiofáin. Agus mé ag iarraidh dul isteach i gcorp na hEaglaise fiafraíodh díom an chun Aifreann a éisteacht a bhí mé ann. Thapaigh mé an deis. Féile Thómais Aspal a bhí ann, agus ceol cóir agus orgain leis an Aifreann. Deirtear gur faoi dhó a dhéanann an té a chanann go maith (Bis orat qui bene cantat). Níor dheonaigh an Tiarna bua an cheoil dom, ach ardaíonn ceol sollúnta eaglaise mo chroí is m'anam. (Is annamh ceol maith i séipéil na hÉireann agus is fíor annamh comhcheoil an lucht freastail. Íarmhairt ar na péindlíthe, dar liom. Fearacht an easpa leithéidí Ardeaglais maisithe álainn Stiofán - ardú anama eile. 

Bhí misean eile tugtha dom ag bainisteoir na hoifige. Dul chuig siopa ar leith agus trí bhosca de rogha milseáin an Bhanimpire Sissi a chrochadh liom di. Thug sí fainic dom go raibh siad daor ach gheall sí íoc astu. Bhí leis. Trí bhosca 45g de shailchuacha siúcraithe ar 50€....

Ba luach níos fearr ar airgid an Kaiserschmarrn le plumaí a bhí ar fáil san siopa céanna. Ach níorbh leor é sin chun m'ocras a mhúchadh. Thosaigh mé ag siúl ar ais i dtreo an óstáin, bialanna fán mbealach á iniúchadh agam. Bhí fonn orm bia na háite, nach bhfuil fáil sa bhaile a ithe. Bhí fúm Leberknödelsuppe (Brat le meall ae) agus Wienerschnitzel (gearrthóg laofheola buailte ána thanaí agus clúdach grabhróga aráin air). Bhí toradh ar mo thóraíocht. Bhain mé sult as an mbia agus an coirm rua áitiúil. Sailéad fataí in ola (seachas maonáis a bhfuil gráin agam air) mar anlann leis an Schnitzel. Agus roinnt duilleoga úra. Shiúl mé ar ais go dtí an óstán síoch sách sásta. 

Tár éis céadphroinn ón mbácús arís chuaigh mé ar ais chun na hoifige. Bhí tástáil níos leithne, chun an idirphlé leis an gcóras iomlán ina raibh an freastalaí le bheith mar chuid de. Chuige sin bhí nasc le déanamh ó samhail de stáisiún oibre stiúrthóir aerthráchta i Vín, tríd trealamh s'againne go dtí saotharlann promhaidh Eurocontrol i mBretigny na Fraince. Áit a raibh saineolaí agus samhail eitleáin faoi smacht aici. Arís, d'éirigh thar barr leis an gclár promhadh. Tar éis lóin bhí deis agam obair de mo chuid féin a dhéanamh, cuireadh seomra ar fáil dom. Bhí seomraí eile timpeall, leapacha iontu do na stiúrthóirí aerthráchta. Tá fiacha orthu sos a ghlacadh cúpla uair le linn an seal oibre - tá sé mós tuirsiúil bheith ar tinnil i gcónaí, agus ní ceadmhach go gclisfeadh ar airdeall stiúrthóra, atá freagrach as eitleáin a choinneáil fad sábháilte óna chéile. 

Rinne mé roinnt oibre, agus thug aghaidh arís ar an Stefansdom. Is amhlaidh go raibh an túr díreach tar éis iamh nuair a tháinig mé amach as an Aifreann an tráthnóna roimhe. Mar sin d'fhéach mé chuige go raibh mé ann luath go leor chun an 343 céim suas a chuir díom, agus anuas arís. Bhí mé ag bárcadh allais faoin am a bhain mé an barr amach. B'fhiú an radharc é. Bhrostaigh mé síos an staighre bhíseach arís, baiclí ag dul tharam ar an slí agus gan ach slí ar éigin dul timpeall orthu. 

D'éist mé Aifreann arís. 

Shocraigh mé ansin go mba cheart dom féachaint an abhainn mar a tuairisc an Danóib álainn gorm. Seachas siúil léim mé ar u-bahn. Agus nuair a bhí an Danóib bainte amach agam lorg mé proinnteach ar a bruach. Bhí ceann gan a bheith ró fhada. Bia idirnáisiúnta seachas áitiúil, ach bhí ocras orm agus ba chuma liom. 

Ba fíon Ostarach a bhí agam leis, áfach, Grüner Veltliner, fíon geal tirim, an cineál is ansa liom. 

Bhí an radharc go deas thar géag den abhainn chuig oileán fada ina lár. Nuair a bhí ite agam, thug mé aghaidh arís ar an óstán. U-bahn i dtús báire. Tharla gurb é Schottenkirche, i. Eaglais na nGael ceann scríbe an u-bahn. Amach liom dá réir chun amharc thart. Bhí sé ró mhall, ar ndóigh, le dul isteach. Ach chonaic mé eaglais agus Mainistir ón dtaobh amuigh. 


Ar ais agus a luí ansin. 

Ba ardtráthnóna an lá dár gcionn a bhí m'eitilt, ach m'obair ann i gcrích. Tar éis céadphroinn ón mbácús rinne mé roinnt oibre i mo sheomra (arbh árasán aon seomra é dáiríre, le mionchistin, bord agus araile. Agus cathaoir ámóige...) 

Chun an aerfoirt ansin. 

Scroid eadra - Leberkäs, cineál builín feola ae, i Semmel (builín Ich beag aráin) agus Apfelschorle (cumasc sú úill agus uisce súilíneach). 

Eitleán, bus, bus eile, baile. 

Ag seo críoch eachtra Aonghusa cois Danóibe.