Bhí foráil sa Grundgesetz, Bunreacht poblachtach Cónaidhme na Gearmáine, i. An Ghearmáin Thiar, faoina bhféadfadh na críocha thoir agus Cathair Bheirlín ceangal leis an cónaidhm. (Ní raibh an Bheirlín Thiar sa chónaidhm - bhí sé riartha ag airm SAM ó dheas, na Fraince ó thuaidh agus an Ríocht Aontaithe thiar. Spandau mar a raibh mise ag cuir fúm ina measc. Bhí fógraí Do oifigigh amháin ar roinnt de na tithe tábhairne! I lár na cathrach a chuaigh mé féin ar ragairne). Bhí rialtas áitiúil
Na Fünf neue Bundesländer - Mecklenburg-Vorpommern (mhaígh Bismarck tráth go rachadh sé ansin dá mbeadh deireadh an domhain tuartha toisc go dtarlaíonn gach rud céad bliain níos déanaí ansin). Brandenburg - (croí Ríocht na Prúise tráth. Nuair a bheartaigh Toghdóir na Brandenburge coróin Rí a bhaint amach dó féin, sciob sé tailte a bhí bhí choróin na Polainne roimhe.). Sachsen. Sachsen-Anhalt. Thüringen.
Tá níos lú cathracha thoir, agus níos lú tionsclaíocht. Agus na tionscal a bhí ann, bánaíodh formhór acu nuair a dhíol an Treuhandanstalt ar phinginí suaracha iad lena iomaitheoirí ón iarthar. Ar bheag spéis a bhí acu iad a fhorbairt dá réir. Ba eisceacht fostóir s'agamsa - bhí an fairsinge a bhí san oirthear de dhíth orthu. Ba bheag maoin a bhí acu in iarthar na cathrach. Is amhlaidh gur dhún siad an monarcha agus na hoifigí a bhí acu thiar i Spandau agus bhog suas an bhóthair go Hennigsdorf.
An toradh a bhí air sin ná gur bhog aosánaigh siar. Nós atá buanaithe anois. Ó 1991 i leith, tá ar an iomlán 727 míle duine idir aois 18 agus 29 tar éis bogadh siar (nó níos faide). Tá éifeacht líonra i gceist, mar a bhí do mo leithéid sna 90í. Agus atá fós is dócha. Tuige fanacht ag baile nuair atá do chairde agus comhaoisigh ar fad imithe?
Mar gheall ar sin, tá sciar níos mó den daonra scothaosta. Agus an daonra féin tite go leibhéal 1907. Tá éifeacht níos troime dá réir ag bánú na tuaithe - atá ag tarlú trasna na hEorpa - ar an Oirthear. Tá na tábhairní agus siopaí grósaera a bhíodh sna sráidbhailte ag leá mar sneachta maidin earraigh.
Tá bearna ollmhór i seilbh maoine idir thoir agus thiar freisin. Toisc an chumannachais, ní raibh maoin - réadmhaoin nó airgead - ag dul le hoidhreacht ó ghlúin go glúin. Pé airgead a bhí spáráilte, scuab tomhaltachas na nóchaidí go leor de chun siúl.
Inniu fós tá bearna 824€ sa mhí san tuarastal meánach roimh cáin thoir agus thiar.
Toisc gur córas polaitiúil, dlí, riarachán agus geilleagair an Iarthair a cuireadh i bhfeidhm scun scan thoir d'fhulaing bunadh an Oirthir, mar a d'admhaigh Scholz ina óráid
"eine Entwertung ihres Wissens, ihrer Erfahrungen und ihrer Lebensleistung"
Díluacháil ar a gcuid eolais, taithí agus an méid a bhí bainte amach acu le linn a saol.
Ní hionann ach oiread an dóigh a chuaigh an scothaicme thiar agus thoir i ngleic le hiarmhairtí an Treas Reich ach oiread. Thiar cé go raibh go leor den sean scothaicme(*) a dhein na cumhachtaí iartharacha dínaitsiú orthu, mar dhea, fós i gcumhacht tar éis an chogaidh, rinne a gclann éirí amach sna 60í agus bhí cuir agus cúiteamh faoi smál na staire ar a dteaghlaigh. Níl deireadh iomlán tagtha leis an cuir agus cúiteamh - de réir mar atá na seanfhondúirí ag dul ar shlí na fírinne tá a gclann ag amharc go géar agus ag admháil ciontacht a gcuid comhlachtaí. (Is comhlachtaí atá faoi smacht teaghlach cuid mhór de na gnólachtaí is bisiúla sa Ghearmáin. Agus ní dóigh liom go bhfuil ceann ar bith acu slán ó smál teacht i dtír ar dúshaothrú príosúnaigh nó goid maoine Giúdaigh nó namhaid eile - trí cheannach éigeantach ar phraghas íseal nó ar mhodhanna níos suaraí.
Bhí na Rúisigh agus ina ndiaidh níos radacaí - ag coigistiú maoine, beag beann ar stair an sealbhóra. Formhór an scothaicme, is mar teifigh sa Rúis a chuaigh siad tríd an chogaidh. Ghlan siad na róbaí poiblí, mar dhea, ag maíomh gurb iad an dea Ghearmáin, saor ó smál an Naitsíochas.
Bhí an Iarthar spléach ar na Gastarbeiter ó na 1960í. Iodáiligh, Iúgslavaigh agus ach go háirithe Turcaigh. Is beag cathair thiar nach bhfuil ceantar Turcach ann, agus siopaí agus gnólachtaí agus ionaid pobail ann. Agus cé gur chruinnigh a leithéid i gceantair dá gcuid féin, bhíodar fite fuaite sa phobal ainneoin na bearnaí teanga agus cultúr agus reitric polaitíochta faoi Deutsche Leitkultur (cultúir treorach na Gearmáine).
Bhí eachtrannaigh thoir freisin, ó na Bráthair tíortha sóisialacha. Ón Afraic agus an Vítneam go háirithe. Ach bhíodar scoite amach ón bpobal, i lóistín a bhain lena gcuid oibre nó Ollscoile. Ba bheag taithí dá réir ag an mórphobal ag daoine ó cultúr eile. Agus is amhlaidh fós, cuid mhór.
Bhí na húdaráis ag maíomh seasta go raibh siad frith-faisisteach. Rud a rinne gothaí faisisteacha dóibh siúd sna déaga ar mhian leo éirí amach.
Cé go bhfuil cúpla glúin iomlán tagtha ar an saol agus in inmhe ó 1990, tá an coimhthíos le sócúl agus sotal an Iarthair, buaiteoirí na staire, ag dul ó ghlúin go glúin agus ina ábhar síoraí plé sna nuachtáin agus irisí - ar gach eite.
Tá bealach fada le dul, agus ní imeascadh aon treo an réiteach ach cumasc agus comhghéilleadh agus obair meithle le comhmheas. Útóipe sin, is dócha.
Tá ceachtanna le foghlaim, dar liom, d'aontú oileán s'againne cé nach hionann gan amhras na cúinsí stairiúla ná cultúrtha.
Tá greann dóite ag muintir an Oirthir.
Der Fuchs ist schlau
Und stellt sich dumm
Beim Wessi ist es
Andersrum.
Tá an sionnach glic
Is cuireann cuma na baoise ar féin
Droim ar ais atá cás an Iartharaigh.
(*) Fuair baintreach Freising, breitheamh míchlúiteach an Volksgericht a dhaor go leor de freasúra na Naitsíoch chun bás i trialacha éagóracha, pinsean flaithiúil de bhrí, dar leis na breithiúna, go mbeadh gairm ard fós ag a fear sa Phoblacht cónaidhme murach gur maraíodh sa bhuamáil é. Mar shampla.