Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-11-05

Cúchulainn, PI

Is ingnad lem a Lugaid ar Cu Chulaind snechta for taig Derb Forgaill.
                                       Aided Derb Forgaill 

Cain agus Abel (Genesis 4:8).  Oxford, Bodleian Library, MS Douce 211, fol. 8r, ca. 1300–1325, France. (Fearann phoiblí www.digital.bodleian.ox.ac.uk)

Tá sraith léacht ag Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ar a dtugtar Samhain and science ina ndéanann taighdeoirí dá gcuid míniú don bpobal ginearálta ar a bhfuil á staidéar acu. 

Baineann réimse spéise an scoláire Dr Viktoriia Krivoshchekova le meon agus aigne sna meánaoiseanna. Ina léacht aréir faoin téama dúnmharú sna meánaoiseanna rinne sí athshamhlú ar choireanna ón litríocht agus téacsanna dlí amhail is mar cérinneachán a scríobhadh iad seachas go lom líneach mar atá.

Coincheap freacnairceach is ea an cérinneachán nach dtéann níos faide síor ná Edgar Allen Poe agus Dúnmharaithe Rue Morgue. Agus a bhfuil forbairt air ó shin.

Ach thug sé deis di an litríocht agus na téacsanna dlí a chíoradh, idir Féineachas agus dlí choiteann Sasanach a bhí i réim i Tiarnas na hÉireann. Tá roinnt fianaise sna hannála freisin ar dhúnmharú. 

Sampla ina measc, Rí Chonnachta á mharú de bhuille tua ag siúinéir. An éad nó feall ba chúis leis? Tá an dá fhéidearthacht luaite in Annála Loch Cé don mbliain 1228. 

Aed mac Cathail Crobdeirg h. Conchobair Ri Connacht re re cethri mbliadna, amail asbert an fili .i. Donnchad Bacach mac Tanaide h. Mailconari :
    
        Do bai Rath Cruachan na cath,
        istad ingine Echach,
        iiii. bliadna, bert can celg,
       ag Aed mac Cathail Crobdeirg

do marbad d'oenbuilli do thuaig sairsi i cuirt Sefraid Mares & se oca folcad oc mnai in tsair, acus an fer do buail he do crochad ac Sefraid arabarach. Tre faslach immorro mac Uga de Laci & Uilliam .i. Meic in Giustis doronad in fell-sin ar in flaith firen forglidi-sin. Et adubrad conab tre ed do buail in saer e. Uair ni raibi ind Erinn cre duine bad aille ina bad beodha inas.

Léacht iontach taitneamhach. Agus máistircheacht in úsáid sleamhnáin. Beagán focail agus íomhánna cliste roghnaithe ó saothair comhaimseartha chun an pointe a léiriú. Teidil ar mhíreanna a mheabhródh cérinneachán ach eolas cruinn ón litríocht. 

Tá blaiseadh eile ar fáil dá saothar san alt seo.