Píosaí liom in áiteanna eile:

2025-11-09

Ich hab' noch einen Koffer in Berlin...

Chaith mé na deich mbliana tar éis na hOllscoile ag obair i mBeirlín. Is ann a casadh mo shonuachar orm, agus is ann a rugadh an beirt is sine dár gclann. 

Mhúnlaigh an tréimhse ar leor bealaí mé, go gairmiúil agus go pearsanta. Gesellenjahre, na blianta idir printíseacht agus máistreacht. 

Ag an deireadh seachtaine fada thug mé cuairt gairid ar mo mháthair céile. Tá cónaí uirthi anois lena páirtí soir ó dheas ó Beirlín, in árasán i sráidbhaile tuaithe. 

Ach thapaigh mé an deis agus chaith an Domhnach agus maidin Luain i mBeirlín, d'fhonn buaileadh le hiar chomhghleacaithe.

Bhí mé ar gach modh iompair poiblí - S-Bahn, U-Bahn, Straßenbahn, Regionalbahn agus Bus! Ní raibh an aimsir ar an Domhnach thar moladh beirte. Tháinig mé aneas ó Königs Wusterhausen ar an S-Bahn go lár na cathrach. Bhí mé ag cuir fúm i Oranienburger Str. Bhí sé pas beag luath chun seiceáil isteach, mar sin chuaigh mé ag amharc ar an cuimhneachán ar an mBalla ag Bernauer Straße. Bhí sé ag stealladh báistí áfach agus nimh sa ghaoth, mar sin theith mé chuig siopa Döner chun ceann a ithe.

D'fhág mé mo mhála sa bhrú agus chuaigh ag tabhairt cuairt ar lucht aitheantais i Charlottenburg agus ansin chun caibidil le beirt iarchomhghleacaí i Spandau, áit ar chónaigh mé ag tús mo thréimhse i mBeirlín. Ní raibh an oiread athraithe feiceálacha i gcroí an bhaile, dar liom. Ach agus muid ag ithe agus ag ól i mionghrúdlann Spandau, luaigh duine acu go raibh an cathair éirithe níos callánaí agus níos cáidhí, agus go raibh baint ag an ardú ar líon na n-imirceach leis sin. Tuiscint éagsúil ar spás phoiblí.

Sin ráite, cé go raibh amhras orm bheith ag siúl thart ar Oranienburger Str mall istoíche, áit a bhíodh (agus atá, go bhfios dom) striapachas sráide luaite leis, bhí na sráideanna ciúin folamh. Ar ndóigh, oíche Domhnaigh a bhí ann.

Maidin Luain bhí mé i mo dhúiseacht go moch. Seachas casadh agus únfairt sa leaba agus cur as do dhaoine eile sa suanlios, shleamhnaigh mé amach go faillí. (Chuile seans go raibh eascairde déanta agam le mo shrannadh iar lathairt cibé).

Bhí sé i gceist agam Aifreann a éisteacht, mar a thuairisc mé i mír eile. Bhí sé luath fós áfach. Thosaigh mé ag siúl i dtreo na hardeaglaise, ag súil teacht ar chaife. Ó tharla go raibh mé sa cheantar, thug mé cuairt ar cuimhneachán Rosenstraße. Scríobh mé faoi cheana, agus is dócha go scríobfaidh arís.

I ndiaidh an Aifrinn chaith mé súil ar phieta Käthe Kollwitz san Neue Wache - mheabhraigh Lillis Ó Laoire dom é ina léacht ar Saighdiúir.

Ní raibh plean dáiríre agam seachas go raibh coinne agam le hiar chomhghleacaí eile le scroid eadra a chaitheamh ag cos an Fernsehturm um a haon déag. Thóg mé bus síos na Linden chomh fada le geata Bhrandenburg. Caith mé súil tapaigh ar cuimhneacháin na nGiudach dúnmharaithe, achar mór faoi bhloic stroighne ar airde éagsúla. 

Bhuail smaoineamh ansin mé. D'fhéadfainn dul ag amharc ar na tithe ina raibh cónaí orm. Ar an S-Bahn ó thuaidh liom mar sin, i dtreo Pankow. Bhí sé i gceist agam tuirlingt ag Wollankstrasse, mar ar thosaigh mo comaitéireacht ar feadh na mblianta. Ach bhí fógra roimhe go raibh an stáisiún sin dúnta d'oibreacha innealtóireachta. 

Léim mé den traein ag Bornholmer Straße, mar sin. An áit ar thit an Balla i 1989. Tá cuimhneacháin ar an eachtra in aice leis an droichead. Ansin shiúl mé fán Páirc nua atá san áit a mbíodh an balla - dhá bhalla le hachar eatarthu dáiríre. 

Shiúl mé tríd an cheantar gur bhain mé amach an teach a raibh cónaí orainn ann ó lár na nóchaidí ar aghaidh. Formhór na tithe ón Gründerzeit - tús an fichiú céad - bíonn cuid de ar aghaidh na sráide, ansin clós agus tigh eile. Ar an gcéad urlár, san Hinterhaus a raibh cónaí orainne. Is é mo chuimhne go mbíodh na doirse isteach sa chlós ar oscailt agus muide ann. Bhíodar faoi ghlas anois. Tháinig máthair óg amach lena clann. Ach dhiúltaigh sí glan mé a ligean isteach le súil a chaitheamh ar an gclós. Fiú nuair a mhínigh mé mo chás. Bhí sí diongbháilte, agus thuig mé di. Dúirt sí go raibh an clós ligthe i ndearmad, nach raibh aon mhaith sa Hausverwaltung. Bhí rian an bosca gainimhe ann ceart go leor, agus cnocán san áit a mbíodh ceapach luibheanna. Sé an chaoi, agus muide ag bogadh isteach, go raibh roinnt tionónta tar éis meitheal a bhunú chun cuí a chuir ar an gclós, le deontas Stáit. 

B'shin sin. Shiúl mé fán sráid i dtreo an U-Bahn. Bhí an siopa glasraí orgánacha fós ann, agus cheannaigh mé féilire Aidbhinte tae mar chuimhneacháin. 

Thaisteal mé cúpla stáisiún ar an U-Bahn ansin, go Schönhauser Allee. Thar talamh atá an U-Bahn anseo, ar bhealach cruaiche thar an mbóthar, ar féidir siúl faoi. An Magistratsschirm a leasainm. 

Tamall ó Schönhauser Allee, in árasán aon seomra sa teach laistiar a chónaigh mo nuachar anois nuair a chuir mé aithne uirthi. Gan cith ná folcadáin, ach le leithreas bheag agus cistin. Is ann a chaitheamar beagán thar bliain tar éis pósadh, go dtí go raibh leanbh ar an mbealach. 

Arís bhí an doras faoi ghlas romham. Agus clúdaithe le graifítí, rud nach raibh an uair úd. 

Shiúl mé na sráideanna tamall, ag amharc thart. Bhí mórán athraithe, ach anois is arís tháinig mé ar siopa a bhí ann tríocha bliain ó shin. 

Thóg mé Straßenbahn ansin ar ais i dtreo Alexanderplatz, ach ar an ndrochuair idir oibrithe tógála agus trácht, loic sé orm agus bhí mé pas mall do mo choinne. 

Bhí comhrá breá againn, rinne mé roinnt siopadóireachta do féiríní, agus chuaigh ó dheas arís go Bestensee - ar Regionalbahn. 

Tá Beirlín níos gairbhe ná mar a bhí, níos mó éiginnteacht ar an bpobal. 

Ar ndóigh, tá géarchéim tithíochta thall anois freisin, agus níos mó eachtrannach, agus na guthanna céanna thall ag déanamh nasc idir an dá rud. Cé gurb ceann de na cúiseanna leis an ngéarchéim ná gur dhíol an chathair tithíocht leis an earnáil phríobháideach.... 

Sin mar a bhíonn, san nualiobrálachas.