Píosaí liom in áiteanna eile:

2010-01-29

Blúirín: Prionsa an Domhain seo agus soiscéalaíocht an chultúir

Aitheasc iontach ó Charles Chaput, Ardeaspag Denver.

Má chuireann muid, de bharr náire, an Diabhail as an áireamh sa chreideamh, ní fada go gcuirfidh muid Dia as an áireamh.

Mar a scríobh C.S. Lewis sna Screwtape Letters feileann sé do Phrionsa an Domhain seo nach gcreidtear ann - fágann sin saoirse gnímh níos fairsinge aige.

Blúirín: Alan Titley maidir le Mairtín Ó Direáin

Dhein Máirtín Ó Direáin gaisce maidir le filíocht na Nua-Ghaeilge a stoitheadh óna préamhacha féin. Is é oighear an scéil é, mar sin, go mbeadh sé éilitheach ar na préamhacha eile sin a bhí ag dreo chomh mear le heasnacha seanchuraí san Iarthar cianda.


Alt iomlán anseo. Tá na fir (agus mná) meidhreacha ag ceiliúradh céad bliain a ghin an deireadh seachtaine seo.

Ithiomrá agus béadchaint

Milleann ithiomrá agus béadchaint cáil agus onóir na comharsan. Óir is é is onóir ann an fhianacht shóisialta a dhéantar le dínit an duine, agus tá ceart nádúrtha ag cách ar onóir a ainm, ar a chlú agus ar a mheas. Mar sin, sáraíonn ithiomrá agus béadchaint suáilcí na córach agus na carthanachta.
Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí, #2479.

Forbairt nádúrtha ar an méid a scríobh mé inné an mír seo, is dócha. Ach údar eile a spreag mé. Colún ag John Waters san Times inniu maidir leis an mbaol do saoirse cainte atá ann ó ithiomrá agus béadchaint sna meáin. Ag tarraingt as an méid a dúirt Martin Cullen ar na mallaibh fán íde a fuair sé agus a theaghlach de bharr na líomhaintí - iomlán bréagacha mar a tharlaíonn sé - go raibh caidreamh drúisiúil aige lena chomhairleoir poiblíochta.

Dar ndóigh, pheacaigh Martin in aghaidh an ceartchreideamh pholaitiúil nuair a mhaígh sé gur geall le héigniú an taithí a bhí aige de bharr an ithiomrá leanúnach seo.

Rud a thug leithscéal do dhaoine neamhaird a dhéanamh ar an fhírinne garbh san méid a dúirt sé.

Chuala mé scéal uair faoi bhean a bhí ciontach in ithiomrá, agus a chuaigh chun faoistine chuig - sílim - Naomh Francis de Sales. D'iarr sé uirthi mála clúimh mín a fháil, é a scaoileadh amach ar bharr cnoic, agus teacht thar nais chuige chun an chuid eile dá pionós a fháil. Rinne sí amhlaidh. Nuair a d'fhill sí, dúirt sé - "anois, cruinnigh an mhín clúimh uilig arís".
"Ach tá sin dodhéanta", ar sí. "Tá," ar seisean "chomh dodhéanta le torthaí d'ithiomrá a leigheas!"

Tá trua agam ach go hairithe do mic Martin Cullen, a sheas lena n-athair agus a fuair cad é batráil sa chlós scoile dá bharr. Ciall ceannaithe searbh anois acu, is cinnte.

Níl aoinne againn gan locht, agus is beag saol nach bhfuil peaca ceilte ann - agus is leor nod agus "ní bhíonn toit gan tine" chun clú agus acmhainn duine a scrios.

Is fíor do John Waters áfach gur minic a úsáidtear an slat "fimíneacht" chun sleamhnú as dul i ngleic le argóint faoi cén idéal is ceart chuir os comhair an phobail.

Is dócha go ndearfaidh Áine arís gur "saoirse preasa" atá i gceist anseo. Ach níl aon cheart gan a leathbhreac de dualgas. Tá dulagas trom ag dul le saoirse cainte: a bheith ionraic agus fírinneach - agus gan nithe nach gá iad a scaipeadh a reic leis an saol mór!

2010-01-28

Tuairisceoireacht nó béadán?

Táim bréan den clúdach forleathan sna meáin ar chás truamhéalach marú Celine Cawley. Is mithid go suífeadh Breitheamh agus Coiste go poiblí agus cás á chlos. Ach an gá dáiríre mionsonraí gníomhartha táir táth, foréigin agus drúis a scaipeadh orainn gach lá? Nach cuma sa tsioc céard a scríobh seisean chuig a bhean luí i dtéacs, agus ise chuige?
Agus, in ainm Chroim, cén baint atá ag na héadaí a chaitheann finnéithe (baineanna go hiondúil) le riar na córa?
Patrún atá anseo - bhí cás Rachel O'Reilly agus cás Tom Nevin ina shás don sórt céanna ró chlúdach.
Sílim go mba cheart fíricí loma cás mar seo, agus an breith a thuairisciú. Ach is barraíocht eolais ar mhaithe le - n'fheadar céard - aon rud sa bhreis.

Agus sin mo racht go n-uige seo.

2010-01-26

Dialanna diabhlaí

Tá píosa ag Micheál Ó Ruairc san Times inniu faoi Cinn Lae.

Iarracht fhánach ar gan ligint don am i láthair sleamhnú isteach san am atá caite, an mhóimint a chur isteach sa domhainreoiteoir le go dtógfar amach arís í am éigin san aimsir fháistineach. An fhadhb a bhaineann leis sin ná ní mar an gcéanna a thuilleadh an té a chuir isteach í ag an am sin agus an té a thógfaidh amach arís í ag am eile ar fad sa todhchaí.
Aisteach go leor, ní luann sé blagadóireacht, cé gur saghas cinn lae a bhíonn á scríobh agamsa, agus roinnt eile againn, anseo. Seo é an fear, dála an scéil, ar chuir mé an méid a scríobhann sé do Chomhar i gcomparáid le blagadóireacht, agus mé ag scaoileadh mo racht faoi Chomhar uaim.

Seachnaím aon rud ró phearsanta anseo, ach uaireanta cuireann roinnt den méid a scríos blianta ó shin sórt ionadh orm.

Ní duine mé an chleachtann dialannachas dáiríre. Cloífidh mé leis an smaointe fánachas....

2010-01-25

Coisbhirt Chinín

I ndiaidh don óinmhid a bheith tamaill ar meisce agus as a chiall, chuir sé péire de bhróga cuanna bonn tiubh agus iad nua faoina cheann agus thit a chodladh go domhain; agus d'éirigh duine éigin ón gcoisir agus chuir siad péire seana bhróg bonn bhriste in áit na mbróg cuanna bonn tiubh ag Cinín. I ndiaidh do Chinín éirí as a chodladh ar mhaidin an lae amáraigh chuir sé a lámh faoin adhairt agus tharraing go tapa agus go haclaí [ go hiomathlamh agus go iomuaimneach] an dá chuarán leathan lán-bhriste sin chuige.
Do rinne sé féachaint fhada agus scrúdú domhain orthu, ansin dúirt [ go himshníomhach ] go himníoch: "M'olc agus m'urchóid liom féin, is mór an donas agus dochar dom gur fearr a caitheann mo cheann bróga ná mo chosa"

Mo lag iarracht Gaeilge na linne seo a chuir ar an gcrosántacht ar thug Dennis a bhunleagan thall.

Focail nár thuig mé, fiú le comhairle an Duinnínigh, idir [ agus ].

A dá cos san uaigh, ach a guth fós linn

Cheannaíos an saothar seo roimh Nollaig, agus thug do Dhaidí na Nollag é le bronnadh orm. Dhá CD leis an méid a chuir Peig ar an dtaifid leis an BBC agus RTÉ sna 1940í/50í atá ann, móide tras-scríobh, aistriúcháin agus réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla.

Saothar chuimsitheach eagarthóireachta eile (i ndiaidh Ó Bhéal an Bhab) ó Bo Almqvist. Tá Pádraig Ó Héalaí ina leathbhádóir aige ar an gceann seo.

Go dtí seo, níor éist mé ach le cúpla giota - táid ar mo sheinnteoir póca agam, ach tá aird de dhíth chun tairbhe a bhaint astu. Níl cleachtadh agam ar saibhreas Ghaeilge mar a bhí ag Peig, is léir, agus ós i mbus nó traein is minice a éistim lena leithéidí....

Bhí léirmheas ag Máirín Nic Eoin san Irish Times de Satharn, agus cur síos níos fearr ann ná mar atá ar mo chumas. Ach is cinnte gur seoid atá anseo, agus is iontach guth beo, beathaíoch an sár scéalaí a bheith againn, fiú más i ndeireadh a ré a ceapadh é.

Ní cuimhin liom ar raibh sé de dhualgas orm an leabhar Peig a staidéir. Táim measartha cinnte gur léigh mé é agus mé ar scoil, agus sílim nár bhain mé mórán tairbhe as! Tá Machnamh Seanmhná ceannaithe agam ó shin, agus súp bainte agam as. Seo mír deas eile i'm chnuasach leabhair, agus fuaim ag dul leis. Is iontach an nua-theicneolaíocht ach é a úsáid chun deireadh ré a shárú!



Labharfad Le Cách Leabhar agus 2 CDs.

Peig Sayers
Eagarthóirí / Editors
Bo Almqvist
Pádraig Ó Héalaí

Buntaifeadtaí Fuaime ó Chartlanna RTÉ agus BBC

ISBN: 9781848400085
New Island 2009

Bothanna Báis



Sin atá á éileamh ag Martin Amis in agallamh leis an Sunday Times. Tá imní air faoi "tonn liath" seanóirí, agus cogadh dhearg idir óg agus aosta. Anois, fuair mo sheanmháthair féin bás agus Alzheimers uirthi, mar sin tuigim an sceon agus an briseadh croí is féidir theacht ar dhaoine agus go hairithe ar a ngaolta nuair a thagann an corr uafásach sin ina saoil.

Ach cén saghas leigheas é féin mharú a bhrú orthu? Conair baolach é a bheith ag fógairt beatha airithe mar "Neamh fiúntach". Ach an conair sin a bheith tosaithe, cá bhfios cén críoch a bheidh leis. Domhan "Logan's Run"? An stáit ag bronnadh agus ag baint an bheatha?

Feictear dom nach bhfuil aon bhealach cóir ann seachas ómós don bheatha óna thús nádúrtha go dtí an deireadh. Agus sílim na scéalta uafáis seo faoin "tonn liath" a bheith chomh háiféiseach - agus mí cheart chéanna - leis na fáithe Malthusacha a bhagair cogadh agus áir de bharr ró dhaonrú orainn. Ba cheart an Domhan a bheith scriosta faoi seo, más fíor an méid a bhí á fhógairt faoi na 1970í.

Sórt frith Cassandra iad - d'inis sise an fhírinne faoi todhchaí, ach níor creideadh í. A mhalairt atá fíor faoi drong seo an eagla agus an imní.

Is fíor go bhfuil an daonra níos sine ag méadú - ach is fíor freisin go bhfuil ár gcumas a bheith sláintiúil agus tairbheach amach san aois ag méadú freisin. Is cliste an chine an chine daonna!

Aguisín: Alt ar First Things spreagtha aige seo, agus an t-agallamh iomlán ag nochtadh féin fhuath Amis.

‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’

Ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall. Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: ‘A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’ ‘Cé thú féin, a thiarna ?’ arsa mise á fhreagairt. ‘Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,’ ar seisean. Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom. Dúirt mé ansin: ‘Cad atá le déanamh agam, a thiarna?’ Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.’ Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.
Gníomhartha na nAspal 22


Inniu Lá cuimhneacháin iompú Phól Aspail. Dáta cinniúnach i stair na Críostaíochta - Pól a roghnaigh an Tiarna chun a theachtaireacht a thabhairt go dtí na pobail go léir. Rud a rinne sé, go héifeachtach.

Íomhá: Iompú Naomh Póil le Giordano, ó Wikimedia.

2010-01-22

Blúirín: Cosaint ar Pius XII i Haaretz

Anseo:

Tá teip i ndán don feachtas i gcoinne Pius XII toisc nach féidir le lucht a cháinte fianaise a sholáthar don méid atá á mhaíomh acu: go raibh sé ina thost, ar son na Naitsithe, agus nach ndearna sé mórán le tacú le Giúdaigh.

Cléir diamhair na Ríomhchláraitheoirí

Tá alt ag Danny O'Brien faoi Processing, córas ríomhchláraithe do ealaíontóirí, san Times inniu. Bhain sé feidhm ann as an nath i dteideal an mhír seo. Nath feiliúnach atá ann.

Tá léargas mhaith san alt seo [PDF!], ar tháinig mé air roinnt blianta ó shin agus mé ag línseoireacht, ar an meon ar leith atá de dhíth ar ríomhchláraitheoir. Ní mór an fadhb atá le leigheas a bhriseadh síos i mion agus mion-mion chéimeanna. Aigne ar leith atá de dhíth do sin! Righneas agus smacht. Ansin, caithfear a bheith in inmhe na mion-chéimeanna ar fad a shamhlú le chéile in aon iomlán amháin. Sin dúshlán, nuair atá taighde ann a léiríonn nach bhfuil ar chumas an duine níos mó na seacht bpíosa eolais a láimhseáil ag aon am amháin! Mar a dúirt Dijkstra ina aiste "An Ríomhchláraitheoir Umhal":
Tá an ríomhchláraitheoir inniúil go hiomlán feasach ar méid srianta a bhlaoisce féin.
Mar sin, bíonn tóir againn ar chuannacht agus simplíocht. Ach níl sin éasca - dúirt Pascal tráth go raibh sé ag scríobh litir fada toisc gan an t-am a bheith aige litir gairid a scríobh, agus is amhlaidh don ríomhchláraitheoir go minic é. Táim ag léamh leagan de leabhar Eric S Raymond faoi láthair - "Ealaín Ríomhchlárú Unix" ina bhfuil léargas chuimsitheach ar na modhanna oibre a bhronn cumas ar an gcóras sin, arbh cnámh droma an idirlíon é.

Tá nath suntasach ann le Antoine de Saint-Exupéry:
Il semble que la perfection soit atteinte non quand il n'y a plus rien à ajouter, mais quand il n'y a plus rien à retrancher.
Ach, de bharr go bhfuil stair áirithe ag an gairm, tá rudaí airithe ag feabhsú, ainneoin toilleadh agus inniúlacht na ríomhairí a bheith ag fás as cuimse. Tá modhanna, uirlisí agus algartam forbartha agus scaipthe - agus is mór an chabhair an idirlíon chuige sin - chun dul i ngleic go héifeachtach le fadhbanna atá le leigheas. Tá ríomhtheangacha agus creatlacha forbartha, a ligeann dúinn bogadh amach ón ríomhaire i dtreo samhail teibí.

Sin an cúlra a chuireann ar chumas daoine leithéidí Processing a chuir ar fáil - modh chun dul i ngleic le feidhmeanna a chuir ag obair ar ríomhaire, gan a bheith buartha faoi na mionsonraí.

Cá bhfios nach mbeidh ríomhtheanga don daoscar slua ann fós - ach beidh an Chléir diamhair i gcónaí de dhíth, ar chúla téarmaí!

Dlúthú cuimhne


Ó XKCD.

Tá an ráta ag a bhfuil toilleadh cuimhne do ríomhairí ag éirí níos mó, agus na gléasanna ag éirí níos lú scáfar. Baineann cuid de le Dlí Moore.

Nuair a thosaigh mo shaol gairmiúil, bhíodh muid ag úsáid dioscaí boga le roinnt céadta kB de thoilleadh. Anois tá 14 GB ar an seinnteoir ceoil a bhíonn i mo phóca agam. Tá scór CD nó mar sin agam air - ach fós níl ach codán ana bheag den cuimhne in úsáid agam.

Tá ana thionchar ag an gcuimhne saor agus fairsing seo ar theicneolaíocht na faisnéise - tá an dúrud sonraí ar fáil go digiteach. Agus cuireann an lear mór cuimhne seo ar chumas ríomhairí bheaga, atá beagnach uilíoch, feidhmeanna a chuir i gcrích nach bhfeadfaí brionglóid fúthu roinnt beag blianta ó shin.

2010-01-21

Deamhain Háítí



Dhá alt a léigh mé inniu ar ábhar machnamh iad. Alt ag John Gibbons san Times, agus alt eile ar First Things.

Is iontach an rud é go bhfuil dhá stát chomh héagsúil ar an oileáin chéanna sa Mhuir Chairib. Sílim go dtéann an alt i First Things go croí na ceiste - níl Háítí neamhspleách, má tá siad i ngéibheann ag fiacha. Más fíor an stair atá aige san alt, feictear dom dualgas a bheith ar an bhFrainc leorghníomh a dhéanamh san éigean a d'imir siad ar Stát óg.

Sin, nó beidh muid de shíor ag caitheamh airgead isteach i bpoll gan tóin, agus gan rath air do mhuintir Háítí, ach é ag filleadh ar lucht maoine an Iarthair.

Seo moladh spéisiúil - ceannáras na NA a bhogadh go Port au Prince.

Blúirín: Oide ag caint ar Oidí

Colún Alan Titley inniu: Pléráca na múinteoirí

Cuid éigin dá dteacht in inmhe baineann lena gcuid múinteoirí. Fág tabhartas ó neamh i leataoibh na slí, agus tuismitheoirí tuisceanacha, is beag
bronntanas is fearr a gheofaí seachas múinteoir den scoth. Is beag ag an saol anois an múinteoir seachas giolla chun pointí a fháil. Ardaíonn túis an lae inniu i dtreo na ndéithe nua: réaltascannáin, popamhránaithe deachumtha, lucht an airgid mhóir, an beagán a bhfuil fuil ríogúil ghorm fós iontu. Níl san mhúinteoireacht ach dréimire chun duine a bhaint amach as an abar.

Is eagal liom gurbh fíor dó maidir le dán reatha an ghairm uasail sin. Súil agam go bhfillfear ar an ómós don dea oide: táid de dhíth orainn, agus tuige a rachadh daoine leis an éirim aigne agus anama is dual don dea oide le gairm gan meas air? Tá an gairm chun gairme féin faoi bhrú...

2010-01-20

Blúirín: An Crann Róis agus an Fear Siúl

Alt ag Gabriel Rosenstock ar Wolfi Landstreicher, ainrialaí.

Ní hé gur ainrialaí mé, ach is maith ann daoine a cheistíonn chuile rud, go radacach.

2010-01-18

Blúiríní: Bin Laden an cumannach Spáinneach?

Tá an FBI tar éis raic a tharraingt leis an Spáinn de dheasca gur sciob siad grianghraif ón Idirlíon chun íomhá "aosaithe" de Bhin Laden a chruthú. (Scéal i mBéarla anseo)

Pé rud faoi bréaga an cheamara, tá sé seo saghas míghairmiúil!

2010-01-17

Sic transit gloria artis?

Tá pictiúr cosúil leis an gceann thuas ar bhlag Dennis. Ach gur saothar sealadach, ar thósta atá ann. Murab ionann agus an íomhá thuas a chruthaigh Francisco de Zurbarán i 1627, caolseans go mairfidh an saothar thar seachtain nó dhó.

Sílim nach bhfeicfeadh muid saothar neamhbhuain mar seo, ná gan amhras saothar leithéidí Christo agus Jean Claude, murach an cumas iad a bhuanú le grianghraif agus scannáin. Gné eile den ealaín?

2010-01-16

Ceol Athbheochan na Spáinne



Luaigh mé Shirley Rumsey ar na mallaibh agus mé ag plé roinnt den ceol ar mo sheinnteoir póca. Seo agaibh sampla dá cuid ceoil. Ceol ón Athbheochan Spáinneach agus Iodálach, ar uirlisí na linne sin, a sheinneann sí.

2010-01-15

L'art pour l'homme!

Chuir mír Dennis mé ag machnamh arís ar ealaín. Tháinig scéal Sheáin agus an gloine dhaite sna sála ar mhír Dennis.

Is iontach an neach an duine - colainn, croí, réasún, coinsias agus toil fite fuaite ina chéile. Agus ealaín á dhéanamh aige ón tús. Ach sílim go raibh i gcónaí feidhmeanna seachas maisiúchán leis. Agus go mbíodh brí níos leithne leis an bhfocal sa chaint thar mar atá anois. Tá an brí leathan fós sna foclóirí.
ealaín [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
líníocht, péintéireacht agus dealbhóireacht; eolaíocht, scil; brainse léinn ollscoile (mar a dhéanann Baitsiléir Ealaíon); ceardaíocht; slí bheatha. An Foclóir Beag
Tá giota páir agam áit éigin a deir gur Baitsiléir in Ealaín na hInnealtóireachta mé féin. Ach go hiondúil anois is na dearc ealaíona a shamhlaítear leis an bhfocal, agus b'fhéidir an éigse chomh maith. Amharctar ar an ealaíontóir mar dhuine ar leith, i leataobh ón gcomhluadar. Agus ar an ealaín mar sprioc ann féin - l'art pour l'art. Nath a chum an file Baudelaire.

Ní aontaím leis! Sílim gur féidir le gnáth saothar an duine a bheith ealaíonta, gur féidir foirm a chuir in oiriúint do feidhm ach fós áilleacht a bheith ann. Sílim go mba cheart do na dearc ealaíona gach gné den duine a shásamh, nó ar a laghad a bheith oscailte do gach gné - mar ní lia duine ná tuairim.

Sílim gur scáthán atá san ealaín, agus go mbíonn eolas á roinnt ann, agus gur féidir leis machnamh a spreagadh. Léigh mé alt spéisiúil ar na mallaibh faoi Picasso - agus an claochlú a tharla do na híomhánna de mná a rinne sé, de réir mar a bhí a chaidreamh leo.

Gan amhras, ba cheird a bhíodh sna dearc ealaíona fadó, agus iad go minic i seirbhís na diagachta, nó an stáit, nó na flaithe.

Chuir an grianghrafadóireacht cor ina gcinniúint, gan amhras - ní thig leo dul in iomaíocht le réaltacht na ceamaraí, cé nach fíor nach mbíonn bréaga á insint acu!

Bhíodh aibítir siombail sna healaíona, a raibh tuiscint ag an gnáth duine orthu. Mar shampla, i bpictiúr de naomh samhlaíodh ócht le lile, mairtíreacht le pailm, agus mar sin de.

Don duine, idir corp agus anam, an ealaín!


Aguisín: alt comhthráthúileach ag First Things!

Blúiríní: Dinnseanchas agus Stair Átha Cliath

Tá forbairt seasta á dhéanamh ar an áis fíor luachmhar Logainm.ie

Thug mé faoi ndeara inniu go bhfuil an dúrud eolais faoi Duibhlinn agus Áth Cliath nasctha leis an iontráil cuí. Aiste ón mBrainse féin ar na hainmneacha, agus dhá mhír as Irish Historic Towns Atlas.

Tá níos mó ábhar spéisiúil le fáil ach roinnt tochailt a dhéanamh.

Tá cuid acu bailithe le chéile faoin dteideal "Acmhainní Eolais"

2010-01-13

Giorraíonn bé bóthar


Chuala mé ceol Mariza ar bus ar dtús, mar a scríobh mé cheana. Ceol Fado atá ann, ceol nach bhfuil cur amach ar bith agam air, ach tá rún agam tochailt a dhéanamh ar an suíomh úd ar nasc mé leis. Tá an CD Fado em mim ar mo seinnteoir póca agam anois, agus bhíos ag éisteacht leis arís ar bus aréir agus mé ag filleadh abhaile tríd an flichshneachta. Tá rud éigin faoin ceol seo a fheileann go mór chun aistir a chuir isteach - an guth agus an giotár, mall, séiseach agus rud beag dubhach.

Tá ceol eile gaolta leis agam ar an seinnteoir - ina measc Áilleacht le Pádraigín Ní Uallacháin agus Ceol ón Athghine le Shirley Rumsey.

Is iontach an gléas an seinnteoir póca, agus le cuimhne ag éirí níos cuimsithí agus níos lú, is féidir bailiúchán mór ceoil a bhreith leat ar na busanna, agus éalú ón drochshíon agus an leadrán!

2010-01-12

Blúiríní: Scíth mo chrobh ón scríbhinn

Alt ag maíomh gurbh den stair an pheannaireacht:

Ní cuimhin liom cathain ar scríobh mé níos mó ná nóta nó alt le peann. Anois, níl mo chuid clóscríobh thar mholadh beirte ach oiread - is annamh gach méar in úsáid agam.

Ach is dóigh liom gurbh fíor go bhfuil muid ag druidim le deireadh ré an phinn. Ach ní le deireadh ré na scríbhneoireachta, ná baol air.

Aguisín: alt ag Karlin Lillington faoin gcéad céim eile - labhairt seachas scríobh!

2010-01-11

Blúirínní: Siúcra intinne agus disciplín na haire

Dhá fhreagra (i measc mórán freagraí spéisiúla eile) ar an gceist
"Ar athraigh an idirlíon do mhodh smaointeoireachta?"
"Aire an bun litearthacht"
agus
"Díleá eolais"

Maidir liom féin, táim thar a bheith sásta leis na féidearthachtaí cumarsáide agus oibre a chuireann an idirlíon ar fáil dom. Ní dóigh liom go mbeadh mo chuid oibre déanta agam leath go héifeachtacht céanna le roinnt blianta anuas murach teacht éasca a bheith agam ar uirlisí, smaointe agus modhanna oibre níos fearr. Áis iontach is ea an cuardach idirlíon, agus an hipearnasc féin, cabhraíonn sé le aimsiú gasta eolais le dealramh.

Agus gan an idirlíon, bheadh i bhfad níos lú Gaeilge á leamh agam, agus is dócha nach mbeadh faic á scríobh agam inti.

Mar sin fhéin, aithním an baol a bheith súite isteach ag nithe fánacha, agus am agus fuinneamh a chuir amú leo. Ach ní fada uainn an Charghais...deis chun féin smacht a chleachtadh!

2010-01-10

Béal amháin, ach dhá lámh!

Aiste spéisiúil ag plé ceist an "ródhaonrú" . Tá tagairt ann do Julian Simon - tá aiste i bhfad níos faide faoi anseo.

Nílim baileach chomh dóchasach leo, más é an rud a chreideann lucht an cornucopia nach gá dúinn rud a bith a dhéanamh muid fhéin chun leas an daonra domhanda a chuir chun cinn.

Ach creidim go bhfuil an bun prionsabal fíor - ach oideachas agus deiseanna a chuir ar fáil, is buntáiste, go deimhin acmhainn nach féidir déanamh ina uireasa, daonra atá ag fás don fhorbairt.

Tá gá le gach intinn seifteach atá ar fáil! Agus tá gá le - go hairithe - breis daoine samhlaíocha le dul i ngleic le fadhbanna.

Tá níos mó fónamh déanta ag an té a chuireann dhá ribe féir, nó dhá dias arbhar ag fás san áit nach raibh ach ceann roimhe ná aicme uilig na bpolaiteoirí, agus níos mó measa tuillte aige ón gcine.
Johnathan Swift.

Creideann Dean Kamen go bhfuil innealtóirí ag loic ar an bpobal, de bharr iad a bheith nach mór dofheicthe san cultúr i gcoitinne. Agus is fíor dó. Ní cloistear faoi innealtóirí ach nuair a theipeann ar a gcuid saothair - mar shampla, nuair a bhí fuarlaigh i gCorcaigh toisc gurbh éigin uisce a scaoileadh as taiscumar. Ach cad as na taiscumair an chéad lá riamh, agus cad iad na buntáistí - aibhléis agus uisce glan, flúirseach - a bhronnann siad ar an bpobal. Cé smaoiníonn orthu sin?

Ní cuimhin liom ach figiúr amháin a bhfeadfaí laoch innealtóireachta a thabhairt air sa chultúr teilifíse - MacGyver.

Bhunaigh Kamen an comórtas FIRST chun suim daoine óga san innealtóireacht a spreagadh. Tá scéim cosúil leis abhus - STEPS.

Ach fós tá líon na n-ábhar innealtóra inár ollscoileanna níos ísle ná mar a bhí sna 1980í. Tá gá le breis aigní cliste ag dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh Éireann agus an Cruinne. Bíodh an ceart ag teoiric na gCornucupians, nó ná bíodh!

2010-01-09

Beinidict Béalbhinn

Chuala mé faoin togra CD ceoil a dhéanamh le guth an Phápa na míosa ó shin, agus chuir ar mo mhianliosta Nollaig é. Gan amhras, fuair mé an CD Alma Mater. Shíl mé go mbeadh níos mó canadh ó Bheinidict air, ach mar a tharlaíonn, níl ach mír amháin a bhfuil sé ag canadh air. Sleachta labhartha atá air an CD, idir cantain ó Chór na Vatacáine. An rud nár thuig mé roimhe ná cé chomh ceolmhar is atá a ghlór agus é ag caint (go hairithe i dteanga nach bhfuil agam!). De bhrí go bhfuil tionlacan ceoil leis na sleachta labhartha ar an CD, nochtar an ceol atá ina ghuth. Agus tá aistriúchán i mBéarla ar na sleachta a dúirt sé in Iodáilis, Portaingéilis, Fraincis agus Gearmáinis.

Ina measc an méid seo:

Ná ní leis an stair ceol mhór - cantaireacht Ghreagórach, nó Bach, nó Mozart, toisc go bhfuil sé beo i mbeocht na liotúirge agus ár gcreideamh. Má tá creideamh beo, ní den aimsir chaite Cultúr Chríostaí, ach fanann sé beo agus i láthair. Agus má tá creideamh beo, is féidir linne inniu freagra a thabhairt do ordú buan na Sailm - "Canaigí amhrán nua don Tiarna"

An Pápa Beinidict XVI, Éisteacht Ghinearálta i Halla Pól VI, 21 Bealtaine 2008.

Píosa breá oibre atá san CD seo, agus ana shuaimhneas le baint as éisteacht leis.

2010-01-07

Foilsiú an Tiarna (agus Nollag na mBan)



A bhí ann inné. Ach ní raibh deis agam mír a scríobh anseo, de dheasca mé bheith sioctha. Ní dócha mo bhean a bheith ró shásta faoi san!

Bhí smaoineamh samhlaíoch acu sa tSicil. Seachas na trí ríthe a chuir sa Bheithilín (mar a rinne mise, féach thuas) chuir siad fógra ag rá nár scaoileadh thar teorainn iad. Ráiteas pholaitiúil eile anseo, agus na trí Ríthe stoptha ag teorann eile.

Ainneoin teacht Prionsa na Síochána chugainn, agus muid ceannaithe go daor aige, is fada muid fós ónA Ríocht.

Go dtuga an bliain seo níos gaire muid, go hinmheánach agus go seachtrach!

Sioctha

Atá Éireann faoi láthair.

Bhí cith sneachta i mBaile Átha Cliath inne, agus b'shin sin. Theip ormsa teacht abhaile aréir! Ba é an eolas deireanach a fuair mé agus mé ag fágáil na hoifige ná go raibh seirbhísí Bus Éireann fós ag feidhmiú, ach le moill. Bhí súil agam an seirbhís 133 a fháil as Bré.

Ach bhí na cosáin sa bhaile uafásach sleamhain. Shúil mé go cúramach go lár an bhaile. Bhí gluaisteáin ag sciorradh agus ag sleamhnú ar an bpríomhshráid a bhfuil fána ann. Sheas mé thart ar uair a' chloig sa bhfuacht (gach uair a thagann an bus). Faoi dheireadh d'iarr mé ar mo bhean an scéal a fhiosrú arís. (Bhí an seirbhís eolais teileafóin iata, dar ndóigh!). Agus fuair sí amach go raibh na busanna ag seachaint Bhré!

....

Ní raibh de rogha agam ach tearmann a lorg le teaghlach ar ár n-aithne i mBré. Chuas ar obair ar maidin, ach d'fhill mé abhaile tráthnóna go luath. An uair seo thóg mé an bus ó lár na cathrach, áit a bhfuil na cosáin - agus fiú na bóithre - sleamhain go maith fós.

Cloisim anois go bhfuil an Arm réidh le dul sa Bhearna baoil, agus ní raibh d'ábhar ar an raidió an lá ar fad ach an easpa salainn agus grin atá sa tír.

Ní hé gur thit ar oiread sin sneachta, agus chomh fada agus a bhaineann sé leis na cosáin, dá mbeadh cúig nóiméad caite ag daoine ag glanadh a gcuid féin inné tar éis don sneachta titim sular rinneadh oighear de faoi chosa na ndaoine, ní bheadh na cosáin leath chomh olc. Ach is beag duine a rinne sin. Rinne mise roinnt inniu agus mé sa bhaile, ach tá sé pacáilte go maith anois agus ba mhór an saothair a chuir sé orm!

Agus sin mo racht go n-uige seo....

2010-01-04

Más mian leat Síocháin a shaothrú, cosain an Chruthaíocht!

Domhan ag rothlú



B'é sin an teideal ar theachtaireacht an Phápa do Lá Domhanda na Síochána, Lá Caille.

Cúpla tagairt:

Tá sé riachtanach, is fíor, i measc cúiseanna na géarchéime éiceolaíochta reatha, freagracht na tíortha forbartha dá stair a admháil. Ach ní scaoileann sé sinn na tíortha neamh forbartha, agus go hairithe na tíortha i mbéal forbartha óna freagracht i leith na cruthaíochta, toisc go luíonn an dualgas ar chách céim ar chéim bearta éifeachta éiceolaíochta agus polasaí a dhéanamh. Ba fusa é seo a dhéanamh dá mbeadh níos lú áirimh leithliseacha a dhéanamh agus cúnamh á thabhairt, nó teicneolaíochtaí glana á scaipeadh. [8]
Ní féidir a bheith ag súil do mbeidh meas ag daoine óga ar an dúlra, mura mhúintear dóibh san teaghlach agus sa sochaí conas meas a bheith acu orthu féin [12].


Is fiú an rud ar fad a léamh. Coimriú maith ar staid reatha an Domhain, agus na bearta is gá! Cothromaíocht idir gníomh an duine aonair, an mionphobail, an stát agus na stáit le chéile.



Domhan ag rothlú ó Wikimedia.

2010-01-02

Colm Cille do chan


A fhir féile, más áil leat gan bheith i bpéin,
tabhair don Choimdhe a chuid, mar a bheirir duit féin

Fáilte roimh an té do bheir bia is dí
Má bhronnann tú bia is deoch, seasfaidh san leat ar Neamh

As gach a bhfuil i do thí, idir arbhar, bainne is mil
ní thabharfaidh tú leat tada agus tú ag triall ar d'éag a fhir. A fhir.

Bunleagan anseo, ar tháinig mé air ar mo chamchuairteanna. Fáilte roimh moltaí chun snas a chuir air!

Íomhá: Colm cille ag Dún Bhridei, Cruithneach.

2010-01-01

Caille Bhán

Thit rud beag sneachta anseo aréir. Bhí m'iníon ar bís chun fear sneachta a dhéanamh tar éis na rannta a fhoghlaim ar an réamhscoil. Faraor, níor leor an sneachta ach d'abhac, agus ní raibh sí in ann an srón cuí - cairéad - a bhronnadh air! Bhain sí sult as mar sin fhéin, agus baineadh feidhm as an gcarr sleamhnán a thug muid linn ó Bheirlín dón gcéad uair le fada.

Ach níl an tír seo in inmhe do sneachta, agus tá cúrsaí tráchta ina gcíor thuathail. Maith an rud go ndearna muid siopadóireacht inné!