Píosaí liom in áiteanna eile:

2021-04-08

Fernweh

Gaol leis an bhfocal Heimweh (cumha i ndiaidh an bhaile) is ea an focal Fernweh – ach nach an baile atá ina chúis péine (Weh) ach an céine. Fonn taistil. Fonn eachtraíochta. Leathbhreac an fhocail Wanderlust a chan Osborn Bergin go fileata:

Ní hé Nennius is cás liom, dá ársaidhe a chlú-san,
Ná Gofraidh Fionn O Dálaigh, dhin bárda do mhúineadh,
Ná leathan-hallaí lána, cé breághtha iad ná Lúna,
Ach na bóithre fada bána 's iad am shámh-tharraing chútha.

A malairt sin níor bh'fearr liom ach bád seasgair siubhlach,
'S í a léimrigh le fánaidh is lán srotha fúithe;
Eamonn geal bheith láimh linn 's do lámh-sa dár stiúradh,
'S a chara dhil na n-árann, nár bh'álainn an triúr sinn!

Mhuise caithimís i dtráth uainn Pokárny 'gus Brúgmann,
'S a leabhair throma ghránna nach fearrde an té sgrúd iad.
Cad é an mhaith a bhfuil i gClár Luirc de dhántaibh is d'ughdair
Seochas bóithre fada bána nú bád seasgair .



Tá na bóithre fada bána coiscthe orainn le tamall ag an dianghlasáil; tá na bóithre agus na coillte ar tairseach an doras siúlta agam de thruslóga fhada, ach níl leigheas iontu don eolchaire taistil. Go háirithe nuair atá, mar atá faoi seo, a nuaíocht ídithe ag athshiúl minic.

Phrioc an Fernweh mé le fios a chuir ar scanóir agus na sleamhnáin atá ag bailiú deannach le beagnach


tríocha bliain a athscrúdú agus a dhigitiú. Ar corr aistear de na haistir a rinne mé an uair úd choinnigh mé dialann de chineál éigin, agus idir na pictiúr agus na focail, déantar athnuachan ar chuimhní sona fánaíochta. Maolú éigin ar an eolchaire. Agus múscailt ar chuimhní eile nach bhfuil breátha síos agam roimhe, agus go deimhin, má tá pictiúr ann ní heol dom go baileach cá bhfuilid tar éis na haistrithe cónaí san tréimhse céanna.

Ní leigheas ar an eolchaire atá anseo, ar ndóigh – go deimhin is mó fonn a spreagann sé ionam bheith siúlach arís. Ach tá luach leis na cuimhní, agus spreagann siad smaointe ar turais a bheartú arís. Rud a bheith níos fusa agus mo chlann nach mór tógtha!

Is dócha mé an flosc fánaíochta ó thaobh na dtaobhann. Chaith mo mháthair seal ag staidéar sa Fhrainc, agus seal ag obair san Afraic sular phós sí. Agus í ann, dhreap sí Kilimanjaro. Le tríocha bliain anuas thug a chuid oibre m’athair go lár na hÁise agus na críocha a bhíodh in Aontas na Soibhéide. Cúis gáire dá chlann an teideal oifigiúil a bhíodh ar sna turais seo – “Saineolaí”. Is minic a chuaigh mo mháthair leis ar na turais seo, ar feadh seal ar a laghad, agus bhíodar freisin san Viet Nam.

Go deimhin, an turas is faide go dtí seo a ghlac mé féin, ba thuras oibre de chuid m’athair a bhí ann ó cheart. Sna 1970í bhí comhdháil ceimice le bheith i mBudapest agus é de dhualgas ar m’athair a bheith ann. Ba leor na fiacha a bheadh ar eitilt ann agus ar ais dó féin chun an clann a thabhairt leis i mionbhus trasna na hEorpa – mionbhus campála ina raibh lóistín ann freisin. Thrasnaigh muid dá réir an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ostair. Is dóigh liom freisin gur thrasnaigh muid cuid de na Tíortha Ísle freisin; ach níl mórán cuimhní agam ar an aistear.

Maidir liom féin, is annamh an Eoraip fágtha agam – agus is beag fonn atá orm amhlaidh a dhéanamh. Ná ní raibh mé níos faide soir ná Vársá. Tá oiread ann nach bhfuil feicthe fós agam. Chaith mé dhá seal gairid sna Stáit Aontaithe ar thurais oibre. B’ait liom an áit. Mhothaigh mé i mo chláiríneach, tharla gan tiomáint agam agus é dodhéanta rud ar bith a dhéanamh d’uireasa carr. Bhí ionad siopadóireachta an gharr don óstán ina raibh mé ar thuras acu – ach bhí sé dodhéanta siúl chomh fada leis!

Tá cuid mhaith den Eoraip siúlta agam, bealach amháin nó bealach eile – ach tá fonn orm níos mó a fheiceáil. Más féidir, de shiúil na gcos – agus achair níos faide ar thraein. Mothaím gur mó deis a thugann turas traenach aistear a bhlaiseadh. Agus titim i mo thromshuan ró mhinic i ngluaisteáin. (Bíonn duine éigin eile, mo nuachar go hiondúil, ag tiomáint)