Tá an nath gurb é staidéir na háilleachta crích na healaíona cloiste agam. Ach tá amhras orm faoi sin. Is minic uafás nó gruaim á léiriú i saothar ealaíona.
Is cuimhin liom cuaird a thabhairt ar an taispeántas Rosc sna 1980í agus mé fós ar an meánscoil, agus fós san rang ealaíona. Tá pictiúr amháin neadaithe i'm intinn - pictiúr a bhí liath agus dearg, agus a léirigh cloigeann daonna agus cith francach craosacha ag tuirlingt air.
Is dóigh liom go bhfuil gné eile ann; léiríonn ealaíon fírinní faoin duine; fírinní a bhraitear, a mbíonn tionchar acu ar an dtoil agus na mothúcháin seachas an réasún.
Tá rudaí suimiúla le rá ag an gCaiticiosma faoi ealaíon, go háirithe ealaíon sácráilte;
(Sliocht as uimhir 2501)
...foirm is ea an ealaín den eagna phraiticiúil, a chuireann eolas agus stuamacht le chéile d'fhonn crot a bualadh ar fhírinne réaltachta áirithe, agus sin i gcanúint a bhfuil teacht ag radharc agus clos uirthi
Is cuimhin liom scéal a chlos uair amháin faoi chumadóir cáiliúil, a sheinn píosa ceoil nua cumtha dá chuid. Cuir duine ceist air "Cad is brí leis?"
Mar fhreagra, sheinn sé an píosa arís. An cheist chéanna a bhí ag mo dhuine. Sheinn sé arís é.
Dúirt Picasso rud gaolta leis sin:
Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, labhraíonn pictiúr ar a shon féin. Cén mhaith léirmhíniú a thabhairt, nuair atá gach rud déanta agus ráite? Níl de chanúint ag péintéir ach an péintéireacht.
Dar ndóigh, ní fiú bheith in achrann faoi toighis - beatha duine a thoil, agus ní lia duine ná tuairim.
Léigh mé tagairt do rud a dúirt Liam Mac Cóil ar na mallaibh; Ealaíon is ea an rud a ghlacann an pobal leis mar Ealaíon. Ach cén pobal?