03 May 2008

Má bhíonn tú liom, bí lom

Feicim go bhfuil Conchubhar agus Rosie araon ag caint faoi mo dhuine a chuireann daoine lomnochta le chéile chun saothar ealaíona a chruthú. Go deimhin nocht Rosie go mbeidh sí ag glacadh páirt ann i mBÁC.

Ní thuigim an bús seo faoin tsóirt seo ealaín suiteála: pé acu an daoine nochta nó foirgnimh gléasta a là Christo atá i gceist.

Ceart go leor, éadach a dhéanann an duine, agus tá neamhainmníocht a bhaint le bheith nocht i slua.

Ach uafáis seachas iontais a mheabhraíonn sé domhsa.

Meas tú an mbeidh cuimhne ar seo i gceann scór bliain, nó céad mar atá ar na saothar mhóra dearcéalíona ón athnuachan Eorpach?

5 comments:

Rosie said...

cinnte beidh cuimhne agamsa air i gceann scór bliain! táim le páirt a ghlacadh ann toisc an tábhacht atá aige domsa go pearsanta, seachas pé tábhacht a thiocfaidh as amach anseo mar saothar ealaíne.

aonghus said...

Táim cinnte go mbeidh.

Taithí neamhghnách a bheidh ann.

Ach an ar an taithí nó ar an saothar a bheidh cuimhne agat?

Rosie said...

an dá rud. beidh prionta agam don ghrianghraf!

tuigim go gcuirfeadh a leithéid de saothar alltacht ar dhaoine agus deir tú féin go mheabhraíonn sé uafáis duit - cinnte tá macallaí de chinedhíothú sna grianghraif, múchtar áilleacht an choirp aonair sna sluaite. ach músclaíonn sé mothúcháin ionat pé ar bith, agus sílim go bhfuil ealaín fiúntach sa ghníomh féin. cé chomh minic is a dtagann sluaite de na céadta (nó na mílte, fiú) le chéile ar bhonn deonach, ar mhaithe le saothar ealaíne a chruthú?

gníomh eisceachtúil, cruthaitheach, fiúntach, dóchasach.

aonghus said...

eisceachtúil, cinnte.
cruthaitheach, is dócha é.
fiúntach, bhal, ní lia duine ná tuairim.

Ach dóchasach? Sin ceann nach dtuigim. Dóchasach de bharr fuinneamh na ndaoine a thabhairt le chéile? Ach scaipfear ar na ceithre hairde sibh tar éis tamaill, agus ní bheidh ann ach na grianghraif.

Rosie said...

míniú níos fearr (tá súil agam) thall ag mo bhlagsa...