Píosaí liom in áiteanna eile:

2008-10-01

Ar na mná atá an locht, fós.

Dhá alt san Times inné a chuir idir mhúisc agus déistin orm.

Píosa "nuachta" - go gcreideann sciar suntasach de mhic léinn ó thuaidh go bhfuil cuid den locht a bhean a éignítear má bhíonn eadach "foilsitheach" uirthi, nó má bhí sí ólta.
Agus alt ag Kate Holmquist maidir le "Damhsaí Aithreacha agus Iníonacha" i SAM - damhsaí Salomé geanmnaí a chríochníonn le móid fanacht glan ar fir go dtí go roghnaíonn Daidí an fear ceart dhuit. Agus an móid seo á ghlacadh ó cailiní thar a bheith óg.

Anois, is Críostaí caomhach mise, agus creidim go bhfuil gairm chun geanmnaíochta ag cách. Ach tá saoirse agus freagracht phearsanta ag cách freisin.

Tá an chraic seo thar a bheith maslach d'idir mná agus fir.

An é gur neacha leanbaí iad fir nach bhfuil smacht acu orthu féin ach iad píosa de throigh dea chumtha nó iarracht de bhrollach ar leis a fheiscint? An striapach gach bean nach mór a choiméad ar iall ghairid?

Níl baint ag éigniú le collaíocht. Smacht agus foréigean atá i gceist, agus is cuir leis an mhasla é an locht a chuir ar an íobairteach.

Cinnte, is ceart do dhaoine a bheith stuama, agus gan a bheith ar meisce sa chaoi agus nach bhfuil smacht acu ar a dtarlaíonn dóibh. Ach níl léithscéal dá laghad ansin ag éigneoirí. Ná ar fear a bhrúann é fhéin ar dhuine eile, ainneoin drogall an duine sin. Ní grá atá ansin, ach mí-úsáid.

Agus maidir leis an chraic úd leis an mód gheanmnaíochta - aontaíom le Kate go bhfuil blas den chiorrú coil i gceist le ansmacht dá léithéid, agus an taispeántas a ghabhann leis.

De réir mo thuiscint (agus teagasc na hEaglaise) tá na fir úd ag sarú an ceathrú aithne: ag sarú saoirse a n-iníonacha.

Ach tá an fiminteacht seo go doimhin sa sochaí. Is cuimhin liom freastal ar Aifreann inár léigh an sagart dán in áit aitheasc a thabhairt - dán faoin Iníon Drabhlasach. Ag léiriú go bhfailtítear ar ais roimh an mac drabhlasach san sochaí, ach nach mbíonn an fáilte céanna don iníon atá tar éis "titim". Ní sin a d'ordaigh Críost.