Roinnt seachtain ó shin, bhí Feargal Quinn ag moladh san Irish Times go nglacfadh an Aontas Eorpach orthu féin an cúram dáta na Cásca a shocrú.
An stró a chuireann siúltacht an dáta ar lucht gaimbín a bhí ag déanamh imní don bhfear bocht.
Ceist chasta, a tharraing achrann sách minic is ea dáta na Cásca: cosúil le ceisteanna eile, is minic polaitíocht nasctha leis. Deirtear gur shocraigh an Rí Sacsanach a bhí i bhfeighil ar Sionad Whitby cloí le dearcadh na Róimhe de bharr gurbh ag Peadar a bhí eochracha na Flaithis. Ó tharla gur Pápaire mise, ní rachaidh mé ró fhada leis an scéal úd!
Caithfidh mé a rá gur dóigh liom féin gur maith an rud é an bogadh sa dáta - is maith an rud é muid a chroitheadh as ár ngnásanna ó am go chéile. Cabhraíonn sé go dtagann an Inid aniar aduaidh orainn ó am go chéile - sonc chun nithe an tsaoil eile a chuir abhaile orainn.
Firicín fánach eile - is cosúil ainm pagánach a bheith ar an gCásc - sa Bhéarla agus sa Ghearmáinís - ainm a luadh ag Bede, mar ainm bhandia pagánach earraigh. Ach níltear cinnte, toisc gan mórán tagairtí eile a bheith ag dul leis. Ón bhfocal Pascha a eascraíonn ainm na féile gach áit eile - fiú sna teangacha Gearmánacha eile.
Seans go mba chirte mar sin don tUasal Superquinn a féile siúd a athnuachan ar mhaith le lucht gaimbín - agus an Chásc (casadh Q ceilteach ar an Pascha) a fhágail faoin rud ar thug an Pápa "liotúirge an chosmas" air - rince na gealaí agus an ghrian.