Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label cásc werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label cásc werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2010-04-03

Ochtú Lá na Cruthaíochta


D'aiséirigh Sé mar a dúirt Sé, Alleluia.

I measc na leabhair atá léite agam le déanaí, tá Spiorad an Liotúirge, le Josef Ratzinger (atá anois ina Phápa). Míníonn sé ana chuid rudaí ann. Ina measc an ghné a thaitníonn liom faoin Cháisc: go dtagann damhsa na Gréine agus an Ré le chéile ann: ar an Domhnach i ndiaidh an chéad oíche lán ghealaí i ndiaidh cónocht an Earraigh a thiteann an Cháisc. Luaitear freisin go bhfuil an Ghrian i teach comhartha an Reithe san stoidiaca freisin; siombail eile do Pháis Chríost, agus É dár ceannach ón mBás agus ónar bpeacaí.

Is é an Domhnach céad lá na seachtaine; ach meabhraíonn sé dúinn san leabhair an chaoi gur amharc aithreacha na hEaglaise - na machnóirí breátha sin ag tús stair na hEaglaise - ar Domhnach Cásca mar an tOchtú Lá, lá athnuachan na Cruthaíochta. Bhíodh sé de nós na hEaglaisí Baistí a thógann i gcruth ochtagán, maisithe le radhairc ó scéal na Cruthaíochta agus an Aiséirí.

Agus an chaoi gur nasc na Críostaithe luaithe Críost le Siombail na Gréine; foinse na beatha agus an Solais.

Go raibh Críost, Prionsa an Solais agus na Síochána, linn go léir.

2009-04-13

Sionad nua Whitby - sa Bhrúiséil?

Roinnt seachtain ó shin, bhí Feargal Quinn ag moladh san Irish Times go nglacfadh an Aontas Eorpach orthu féin an cúram dáta na Cásca a shocrú.

An stró a chuireann siúltacht an dáta ar lucht gaimbín a bhí ag déanamh imní don bhfear bocht.

Ceist chasta, a tharraing achrann sách minic is ea dáta na Cásca: cosúil le ceisteanna eile, is minic polaitíocht nasctha leis. Deirtear gur shocraigh an Rí Sacsanach a bhí i bhfeighil ar Sionad Whitby cloí le dearcadh na Róimhe de bharr gurbh ag Peadar a bhí eochracha na Flaithis. Ó tharla gur Pápaire mise, ní rachaidh mé ró fhada leis an scéal úd!

Caithfidh mé a rá gur dóigh liom féin gur maith an rud é an bogadh sa dáta - is maith an rud é muid a chroitheadh as ár ngnásanna ó am go chéile. Cabhraíonn sé go dtagann an Inid aniar aduaidh orainn ó am go chéile - sonc chun nithe an tsaoil eile a chuir abhaile orainn.

Firicín fánach eile - is cosúil ainm pagánach a bheith ar an gCásc - sa Bhéarla agus sa Ghearmáinís - ainm a luadh ag Bede, mar ainm bhandia pagánach earraigh. Ach níltear cinnte, toisc gan mórán tagairtí eile a bheith ag dul leis. Ón bhfocal Pascha a eascraíonn ainm na féile gach áit eile - fiú sna teangacha Gearmánacha eile.

Seans go mba chirte mar sin don tUasal Superquinn a féile siúd a athnuachan ar mhaith le lucht gaimbín - agus an Chásc (casadh Q ceilteach ar an Pascha) a fhágail faoin rud ar thug an Pápa "liotúirge an chosmas" air - rince na gealaí agus an ghrian.