Píosaí liom in áiteanna eile:

2024-04-27

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille


Nuair a chonaic mé tagairt don leabhar seo a bheith foilsithe, ar na meáin shóisialta más buan mo chuimhne, chuir mé fios air ó Leabhar Breac láithreach. 

Fathach i saol na filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi. Bhí sé de phribhléid agam bheith ina láthair ar a laghad uair amháin, nuair a rinne Imram í a cheiliúradh. 

Tá a cuid filíochta agus a cuid próis fileata - Gearóid Iarla, abair - léite le fonn agam. 

Agus tá spéis agam sa tseanlitríocht. Ach níl an Ghaeilge inár scríobhadh iad ar mo thoil agam. Taobh le haistriúcháin scolártha Béarla nó Gearmáinis a bhíonn mé. Tá neart den bhunábhar ar fáil ar líne anois ó leithéidí https://celt.ucc.ie/ nó Thesaurus Linguae Hibernicae.

Ach ní hamháin gur fathach filíochta ab ea Máire Mhac an tSaoi, ach scoláire nótaltha freisin. Scoláire a d'fhoghlaim ní hamháin sna hAcadaimh ach in Ollscoil Dhún Chaoin, ag éisteacht le hallagar a huncail Pádraig de Brún le saoithe na háite. (Feall atá ann go bhfuil Tigh na Cille tite as a chéile). 

Leagain sách iomlán de thrí dhán - nó le bheith cruinn trí chnuasach dánta ársa - atá sa leabhar seo. Tá na bunleagan dorcha, agus tá roinnt den doiléire sna leaganacha nua. Ach is gaiscíocht an fhile atá i gceist leis sin - an file ag nochtadh a cumas agus a léinn ar bhealach spraíúil chun léitheoirí a spreagadh.

(admhaím mar sin féin gur chaith mé catsúil anois is arís ar na leaganacha Béarla - a sholáthar Máire Mhac an tSaoi í féin don gcuid is mó - nuair a chuaigh sé díom meabhair a bhaint as). 

Amhráin  Amhairgin - cnuasach de dhánta as Leabhar Gabhála, orthaí agus breitheanna a chaitheann solas ar mhiotas bunaithe Clann Mhíle. Dorcha draíochta. Tá leaganacha éagsúla de Rosc Amhairgin feicthe agam thar na blianta, ach tá breis ábhar anseo, dinnseanchas agus stair samhlaithe.

An Chailleach Bhéarra - dán faoin seanaois, an chreideamh agus athrú cultúir. Arís bhí blúirí feicthe agam ach seo againn leagan fhada chuimsitheach. 

Agus Amhra Choilm Chille. Caoineadh an naoimh. 

Tá saibhreas thar na bearta sna leaganacha nua Ghaeilge. Cé gur eascair an togra seo as saothar scannánaíochta de chuid Louis de Paor, luíonn sé go maith le haidhm Leabhar Breac an tseanlitríocht a chuir ar fáil do scríbhneoirí an lae inniu, i dteanga an lae inniu, mar fhoinse agus tinfeadh.

Seod atá sa leabhar seo agus táimid faoi chomaoin ag Louis de Paor nár fhág sé an t-ábhar ag bailiú deannaigh ina chartlann!

An t-aon mionghearán atá agam ná gur trua liom nach bhfuil cuid den nGaeilge ársa sa leabhar. Tuigim nach ó aon LSS ná léamh amháin a bhí an file ag obair - ach ba dheas blaiseadh. 

Tá sé ar fáil ón bhfoilsitheoir agus ó na siopaí maithe leabhair! Agus mar is dual don bhfoilsitheoir is earra snasta atá sa leabhar féin. 

Amhráin Amhairgin, An Chailleach Bhéarra, Amhra Choilm Cille
Máire Mhac an tSaoi 
Leabhar Breac 
ISBN 978-1-913814-55-7