2014-10-13
Cráite ag turscar
Tá maidhm tráchtanna turscair ag teacht isteach, mar sin tá tráchtanna múchta agam go fóill.
2014-10-11
Tionscadal Bob Marley - Pictúirí
Clibeanna
bob marley,
ceol,
gabriel rosenstock,
gaeilge,
IMRAM
Nuachtseirbhís mar a tuairisc?
Faoi dheireadh thiar thall seoladh Tuairisc.ie an tseachtain seo. Bhí go leor cainte roimh ré faoi "dhá seirbhís ar aon uair" mar go bhfuil seirbhís ag RTÉ. Bhíothas ag maíomh go mbeadh dúbláil i gceist. Ní fheicim gurbh amhlaidh sin; ar an gcéad dul síos is scéalta beaga nuachta amháin a bhíonn ag RTÉ. Ní mór dom a rá go bhfuil an díomá orm féin leis an seirbhís sin, agus is beag feidhm a bhainim as. Ar maidin ar na slí chun na hoibre a bheadh fonn orm nuacht a léamh, ach ní bhíonn aon scéal nua as Gaeilge acu. Seirbhís 12/5 seachas 24/7 atá ann. Ní thuigim sin mar go mbíonn feasacháin nuachta ag RTÉ RnaG um a 7 ar maidin, agus Nuacht as Gaeilge ar RTÉ Raidió 1 um a deich istoíche; réimse i bhfad níos leithne ama ná mar atá ar an suíomh. Ní fiú dom bheith ag léamh rudaí ar an suíomh atá cloiste agam ar an raidió. (Meas sibh an bhfuil réiteach mo cheiste, nó nod faoi san alt seo ar Tuairisc.ie?)
Maidir le Tuairisc.ie, léigh mé sciar mhaith de ar mo fón póca Déardaoin díreach i ndiaidh a sheolta.
Bhí mé ar an mbus abhaile, agus fíor sásta go raibh sé soléite go maith ar mo scáileáin bheag agus go raibh cnaipe ann le scéalta a scaipeadh le Twitter!
Is deacair breith meáite a thabhairt an fiúntas an togra bunaithe ar an gcéad eagrán amháin. Bhí faill ag foireann Tuairisc snas a chuir ar sa chúlra agus iad ag ullmhú don seoladh. Bheinn ag súil le sár céad eagrán mar sin, agus ar an mórgóir táim sásta gurbh sin a fuair mé. Tá cuid de na scéalta nuachta pas beag gearr, sílim. Níl aon lucht ar na haltanna anailíse áfach agus ardaíonn sé mo chroí leithéidí Alex Hijmans a bheith ag tuairisciú arís do foilseachán nuachta Gaeilge. Tá daoine fónta ó laethanta Foinse ag colúnaíocht ann freisin.
Tá mós sásta freisin go bhfuil spás á chuir ar fáil do scríbhneoirí Gaeltachta fearacht Joe Steve Ó Neachtain.
Ana smaoineamh is ea úrscéal a fhoilsiú ina ghiotaí, agus léite, i Rannóg na bhFoghlaimeoirí.
Agus tá físeáin Ar Son na Cúise iontach ar fad.
Tá Conchubhar sách géar ina léirmheas féin orthu ach tá bunús lena ghearáin maidir leis na sé contae. Maith go leor, tá saineolas ar leith ag Póilin Ní Chiaráin ar chúrsaí ó thuaidh - ach sílim gur amharc aneas atá i gceist, ag míniú "iad siúd" dúinne ó dheas. Tá gá leis sin cinnte. Ach tá cainteoirí laethúla i mBéal Feirste, Doire agus an Srath Bán, agus go deimhin fud fad na sé contae. Is fíor go bhfuil cúpla scéal "Gaeilge" ag Robert McMillen ann freisin. Ba mhaith liomsa áfach léargas ó leithéidí Ian Malcolm agus Eoin Ó Néill a fheiceáil freisin - daoine atá fáiscthe as an saol ó thuaidh.
Tá bunús freisin le pointe Conchubhar faoin easpa nascanna - peaca marfach sin ar suíomh ar líne! Tá beagán imní orm go bhfuil deighilt idir an fhoireann theicniúil agus na hiriseoirí. Ba cheart go mbeadh iriseoirí ar suíomh ar líne in ann nascanna agus araile a chuir lena n-ailt féin gan stró.
Tá cúpla mion ghearáin theicniúil agam féin - Is cosúil go bhfuil fotha RSS nasctha leis an suíomh Tuairisc.ie ach theip orm é a chuir le mo léitheoir netvibes - níl an fotha ag freagairt. Níl logánú iomlán ceart déanta ar an suíomh ach oiread - cur nath fágtha i mBéarla. (Sheachnóinn an focal "úrnua" freisin nuair is "is déanaí" atá i gceist. I saol an idirlín, níl scéal ó inné - ná ó dhá uair a chloig ó shin - "úrnua"). Bhí moladh fiúntach ag Caoimhe Ní Laighin ar Cormac ag a 5: go mbeadh foghlaimeoir in ann feidhm a bhaint as a luch chun ciall focail a aimsiú; le Foclóir Uí Dhomhnaill & De Bhaldraithe ar líne, ba cheart go mbeadh sin sodhéanta le roinnt Javascript.
Tríd is tríd, feictear dom go bhfuil tús maith curtha leis an dtogra atá muid uilig ag feitheamh go mífhoighneach air. An cheist anois ná an mbeidh siad in ann, mar a dúirt Cathal Goan le Adhmhaidin, an craos deamhan a choinneáil sásta.
Guím gach rath orthu san iarracht, agus beidh mé ag tacú leo sa mhéid is gur féidir liom!
IMRAM: Amhráin na Saoirse
Buanchuid de'm saol faoin dtráth seo imeachtaí blianta IMRAM agus na tionscadail ceoil ach go háirithe. Fágann siad go mblaisim de cheolta nach nós liom a bhlaiseadh. Reggae, mar shampla!
Bhí mé rud beag imníoch nuair a chonaic mé Liam Ó Maonlaí faoi hata ard olna i ndathanna Rasta, Léine bán oscailte go himleacán air, é costarnacht. An mbeadh scigaithris i gceist? Leithghabháil chultúrtha?
Tar éis an tsaoil fáisceadh Liam Ó Maonlaí as an gcúlra céanna liom féin, mórán, meánaicme sócúil dheisceart Bhaile Átha Cliath. Ainneoin é bheith báite san cheol, ina shaoránach le fada de phoblacht uilíoch ilnáisiúnta an cheoil - an raibh sé cuí?
Seo ceol na ndaoine gorma, faoi chois ag an gcine geal.Amhráin na streachailte i gcoinne éagóir is Ár. Grá is buairt an fhir faoi chois.
Mhaolaigh sé m'imní beagán nuair a chrom Caoimhín Mac Giolla Catháin ar canadh; fáisceadh eisean as Iarthar Bhéal Feirste, fuineadh a Ghaeilge as an streachailt cultúrtha ansiúd - is tá faobhar uirthi. Agus tá sé féin tumtha san Reggae le fada fíorach an lá, lena ghrúpa Bréag.
Agus má bhí ball de grúpa Bob Marley, Natty Wailer, sásta glacadh leis, mheas mé, bheadh sé ceart.
Scaipeadh m'imní go hiomlán áfach nuair a chrom triúr béithe gorma de bunadh na hAfraice ar chanadh. Justine Nantale, Esosa Ighodaro, Zeenat Sarumi ag luascadh go meidhreach agus ag canadh - as Gaeilge! Gaeilge bhinn blasta. Ní leithghabháil a bhí anseo ach pósadh cultúrtha. Imeascadh dhearfach.
Leaganacha trascruthaithe Gabriel Rosenstock ag freagairt go hiontach don gceoil. Bréag ag seinm drumaí, trumpa, sax, giotár - draoi eile Giotár ag tionlacan freisin - Steve Cooney. Natty Wailer ag fuineadh ceoil meidhreach meallatach ar an méarchlár. Liam, Caoimhín is na mná ag canadh go fuinniúil.
An slua féin meallta chun canadh le leithéidí Rac, a bháibín.
Bhí fuinneamh dochreidte san Pavilion, tonnta ceol ag briseadh thar an slua, á scuabadh leo go dtí go raibh gach a raibh ann ar a gcosa don amhrán Éirigh, Seas Suas.
Ansin cuireadh clabhsúr le sár oíche ceoil leis an amhrán Eacsadas - Liam Ó Maonlaí sealbhaithe ag spiorad an cheoil ag rince mar a bheadh deirbhíseach.
Mar tionlacan feadh na hoíche bhí filíocht físe Margaret Lonergan - íomhánna de Bhob Marley féin, ach freisin go leor íomhánna roghnaithe go cúramach le dul leis na hamhráin - sluaite ag agóid, sclábhaithe á fhuadach, lorg an Áir ar chathracha, laochra is ceannasaithe Rastafárach. Leoin beo agus siombail - Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví.
Jah obair, ó thús deireadh.
Mar fhocal scoir, mír nuachta ó TG4 aréir (taifeadta roimh an gceolchoirm):
Leaganacha trascruthaithe Gabriel Rosenstock ag freagairt go hiontach don gceoil. Bréag ag seinm drumaí, trumpa, sax, giotár - draoi eile Giotár ag tionlacan freisin - Steve Cooney. Natty Wailer ag fuineadh ceoil meidhreach meallatach ar an méarchlár. Liam, Caoimhín is na mná ag canadh go fuinniúil.
An slua féin meallta chun canadh le leithéidí Rac, a bháibín.
Bhí fuinneamh dochreidte san Pavilion, tonnta ceol ag briseadh thar an slua, á scuabadh leo go dtí go raibh gach a raibh ann ar a gcosa don amhrán Éirigh, Seas Suas.
Ansin cuireadh clabhsúr le sár oíche ceoil leis an amhrán Eacsadas - Liam Ó Maonlaí sealbhaithe ag spiorad an cheoil ag rince mar a bheadh deirbhíseach.
Mar tionlacan feadh na hoíche bhí filíocht físe Margaret Lonergan - íomhánna de Bhob Marley féin, ach freisin go leor íomhánna roghnaithe go cúramach le dul leis na hamhráin - sluaite ag agóid, sclábhaithe á fhuadach, lorg an Áir ar chathracha, laochra is ceannasaithe Rastafárach. Leoin beo agus siombail - Féach! bhí an bua ag an leon de threibh Iúdá, fréamh Dháiví.
Jah obair, ó thús deireadh.
Mar fhocal scoir, mír nuachta ó TG4 aréir (taifeadta roimh an gceolchoirm):
Clibeanna
bob marley,
ceol,
gabriel rosenstock,
gaeilge,
IMRAM,
léirmheas
2014-10-08
Taisce nochta ag Leabhar Breac
Is cuimhin liom leabhar Stevenson a léamh agus mé i mo ghlas-stócach, níos óige fós ná laoch an scéil Jim Hawkins. Is cuimhin liom leabhair Stevenson a bheith foclach fadálach in áiteanna. Tá an bhlonag uilig gearrtha amach ag Darach Ó Scolaí san leagan bhreá seo aige den scéal.
Fágtar muid le heachtra spleodrach chorraitheach a ghluaiseann le cóir gaoithe go hOileán an Órchiste agus ann streachailt ann. É ar fad trascruthaithe i nGaeilge ghlé soiléir, le nathaíocht cuí. (Ní fear mara mé, mar sin bhí dornán focal a raibh orm an foclóir a ransú dóibh - liagóir abair)
Léigh mé le faobhar agus le fonn an scéal, agus tá mac liom leath bhealach tríd - trua nach raibh a leithéide ann agus é cúpla bliain níos óige!
Bíonn díospóireacht ann go minic faoin tairbhe leabhair a aistriú ón mBéarla (Tuarascáil ag Anna Heusaff anseo a chíorann an cheist). Bímse go hiondúil amhrasach faoi, mar go mbíonn amhras orm an léifear an leagan tiontaithe má tá fáil ar an mbunleagan. Théis an leagan seo a léamh, táim ag athmhachnamh. Seans gur fíre nath Ghabriel Rosenstock faoi litríocht a bheith traschruthaithe seachas aistrithe. Is cinnte go bhfuil rud sa bhreis an seo le haois an bunleabhar - fuighle is friotal nach mblaisfinn murach é.
Ní mór a admháil freisin gur earra álainn ann féin an leabhar - maisithe leis na bun-léaráidí a rinne N.C. Wyeth agus a bhunaigh a cháil siúd. Cló agus leathanaigh soiléir, snasta.
Gura fada buan Leabhar Breac i mbun saothair mar seo!
Clibeanna
Darach Ó Scolaí,
gaeilge,
leabhar breac,
léirmheas
2014-10-07
Scéalta, déithe agus deamhain
Mar thoradh ar chomhrá ar Twitter a chuir mé fios ar an leabhar seo de chuid Neil Gaiman, Bhí cúpla rud leis léite agam cheana, agus ar ndóigh Good Omens (a scríobh sé le Terry Pratchett) na cianta cairbreacha ó shin.
Casadh nua ar an gceist atá ann "Cad d'imigh ar carachtar béaloidis na n-imircigh ach a ndeachaigh siad go SAM?"
Bhí cineál ionadh orm a laghad de déithe na hÉireann a bhí ann; tá ról suntasach ag Suibhne Gealt agus tagair don Mór Ríon ach dáiríre is casadh eile ar scéal na hAesir atá i gceist, le ról láidir tánaisteach ag déithe na Slavach, na hÉigipte is Anansi na hAfraice. Ragnarok i Meiriceá.
Thaitin na hintriachtaí do mór liom, mion scéalta a d'inis dán duine nó beirt ba chúis le plandáil a ndéithe thall.
Tá samhlaíocht sách dorcha ag Neil Gaiman ach mothaím go mbíonn áit ann fós don dóchas, agus cinnte is ar tóir na córa, ainneoin a chostas atá laoch an scéil seo.
Is geal le seánra é feictear dom "Déithe i Meiriceá" - tráth dá raibh mé ag iarraidh fanacht bord ar bhord leis an méid a bhí mo mhic ag léamh do bhí mé ag léamh leabhar dá leithéid le Mike Scott - Eachtraí Nicholas Flamel (i bhfad níos mó Gael ansin mar a bheith-feá ag súil leis). Tá cúpla sraith ag Rick Riordan freisin, ag plé dán leanaí déithe na Gréige, na Róimhe agus na hÉigipte.
Gan amhras scéal i bhfad níos soineanta iad sin, agus iad dírithe ar dhéagóirí. Ach ar an mórgcóir na téamaí céanna - an duine ag iomrascáil lena dhéithe.
Sílim go spreagann siad fiosracht i leith an bhéaloidis freisin (cé go raibh mé féin riamh tugtha don miotaseolaíocht)
Tá scéalta breátha ag na Gael - ní an Ruraíocht agus an Fhiannaíocht amháin, ach pearsan fearacht Macha Mongrua, nó fiú Mac Coinglinne a mbeadh leagan don fichiú haonú aois dá n-eachtraí spéisiúil.
Tarraingíonn scéal scéal ...
An curadh mhír
Clibeanna
blagadóireacht,
gaeilge
2014-09-28
Ollnóva Réiltín
Bhí sár oíche agam ar an Déardaoin ag Réiltín - rac opera Fíbín. Tá scéal ilsrathach cumtha anseo ag Paul Mercier, scéal atá fáiscthe as an nGaeilge uirbeach. Beidh, mar a dúirt Darach tar éis an taibhiú, a léamh féin ag gach duine ar an scéal seo faoi bhean óg ag streachailt lena cinniúint; leis a coimhthíos a bhaineann le bheith tógtha le Gaeilge san Ardchathair, idir dhá saol; le tobscéal grá nárbh grá ach bréagnú é; le ceisteanna faoi tallann amhránaí; le smionagar an tsaoil a d'fhág éagadh an tíogar cheiltigh; le himirce.
Cé nach bhfuil ach aisteoir amháin ar an stáitse, Clíona Ní Chiosáin baintear feidhm éifeachtach as físeán a mbíonn sí ag idirghníomhú leis chun an scéal a chanann sí (i nguth binn) a léiriú. Ceol rac soláthraithe ag Simon Noble. Chan Clíona na hamhráin chomh glé sin gur thuig mé mórán gach focal, rud is annamh domsa agus gan cleachtadh agam ar cheol chomh fuinniúil! (Agus chomh hard!)
Mheas mé gur ndeachaigh an soilsiú thar fóir scaití, ach bhí gluaiseachtaí Clíona ar an stáitse thar a bheith éifeachtach, ag léiriú na mothúcháin agus bristeacht an charachtar - scaití réidh, sleamhain; scaití briste mar a bheadh téada máireoigín imithe in aimhréidh.
Bhí na híomhánna san físeán cumhachtach freisin, an-úsáid bainte as radharcanna éagsúla de Bhaile Átha Cliath agus Londain; an coimhthíos lena muintir léirithe trí úsáid dealbha; agallamh idir an Réiltín ar an Stáitse agus Réiltín ar an bhfíseán, ag léiriú an dá taobh dá streachailt.
Tá téagar ag baint le léirithe Fíbín; agus beidh súil in airde agam don CD!
Clibeanna
ceol,
dramaíocht,
fíbín,
gaeilge
2014-09-18
Aighneacht maidir le hAthbhreithniú an Chaighdeáin
Seo leanas an aighneacht atá seolta isteach agam:
Is ar bhonn pearsanta atá an aighneacht seo á dhéanamh agam.
Cainteoir athdhúchais Gaeilge atá ionam, sé sin le rá, tógadh le Gaeilge mé ach ag tuismitheoirí nach ón nGaeltacht iad. Níl aon oiliúint foirmiúil sa Ghaeilge agam seachas an méid a bhain mé amach i bhfad ó shin don Ardteist. Agus is eol dom nach mbeidh gach rud a scríobhaim anseo ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, fiú an chinn athbhreithnithe. Ach ormsa seachas ar an gcaighdeán an locht faoi sin.
Creidim gur feidhm tuairisciúil atá ag aon Ghraiméir agus go gcloíonn an ChO leis sin don gcuid is mó. Ainneoin go raibh sé ráite san gcéad eagrán go
Cainteoir athdhúchais Gaeilge atá ionam, sé sin le rá, tógadh le Gaeilge mé ach ag tuismitheoirí nach ón nGaeltacht iad. Níl aon oiliúint foirmiúil sa Ghaeilge agam seachas an méid a bhain mé amach i bhfad ó shin don Ardteist. Agus is eol dom nach mbeidh gach rud a scríobhaim anseo ceart de réir an Chaighdeáin Oifigiúil, fiú an chinn athbhreithnithe. Ach ormsa seachas ar an gcaighdeán an locht faoi sin.
Creidim gur feidhm tuairisciúil atá ag aon Ghraiméir agus go gcloíonn an ChO leis sin don gcuid is mó. Ainneoin go raibh sé ráite san gcéad eagrán go
“[d]Tugann an caighdeán seo aitheantas ar leith d’fhoirmeacha agus do rialacha áirithe ach ní chuireann sé ceartfhoirmeacha eile ó bhail ná teir ná toirmeasc ar a n-úsáid.”
baineadh mí úsáid as an gCO le dearbhú go raibh leaganacha áirithe Gaeltachta “mícheart”. Feictear dom go dtéann an leagan athbhreithnithe go sásúil i ngleic leis an tosca sin. Ainneoin mo leithéidí de chainteoir Athbheochana agus an scaipeadh atá ar nuachainteoirí lasmuigh de na ceantair traidisiúnta Gaeltachta feictear dom fós gur ar scoth na cainteoirí agus scríbhneoirí Gaeltachta ba cheart aon chaighdeán a bhunú.
Cloisim caint go minic ar an ngá an teanga a “shimpliú” ar mhaithe le cainteoirí neamhthraidisiúnta agus foghlaimeoirí. Ní dóigh liom go mba beartas stuama a bheadh ansin. Ní chreidim go gcuirfí dáiríre le líon na gcainteoirí líofa, agus feictear dom go leathnófaí an bhearna suntasach atá ann cheana féin idir chainteoirí Gaeltachta agus foghlaimeoirí agus nuachainteoirí áirithe uirbeacha. Tá áiseanna iomadúla ar fáil chun cabhrú le daoine snas a chuir ar a gcuid Gaeilge scríofa; faoi láthair tá Gramadóir á fhorbairt do LibreOffice, mar shampla http://www.scriobh.ie/Page.aspx?id=78&l=1.
Chomh maith leis sin tá na háiseanna http://acmhainn.ie/, https://www.aistear.ie/ agus http://www.gaois.ie/ga/paradocs/ ar fáil, gan trácht ar an corpas a forbraíodh don foclóir nua http://corpas.focloir.ie/ .
Baineann sciar eile de na deacrachtaí leis an borradh faoi aistriúchán a tháinig de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Feictear dom áfach nach gá gur bearnaí sa Chaighdeán Oifigiúil bunús na ndeacrachtaí seo, ach an deacracht a bhaineann le meamraiméis tur a thiontú faoi bhrú ama a fhágann aistritheoirí i ngleic le carn mór ainmfhocail sa Bhéarla agus iad éiginnte conas córas gramadaí na Gaeilge a chuir i bhfeidhm ar an gcnap. Creidim go mba mhaith an rud treoir stíle do na leithéid a fhoilsiú, ach nach athrú ar an ngramadach atá de dhíth ach bealach le teacht timpeall ar an bhfadhb seo a eascraíonn as nósmhaireacht an Bhéarla. Baineann mórán an cheist céanna leis na holl-uimhreacha nach bhfuil sa ghnáthchaint ach a mbíonn trácht orthu i gcúrsaí airgeadais agus polaitíochta. Is féidir go bhfuil gá le gníomh anseo, ó tharla uimhreacha na Gaeilge sách casta. (Tá léargas maith tugtha anseo ag Michal Boleslav Měchura http://lexiconista.com/Uimhreacha.pdf )
Ceal foras eile teangain, is dócha gurbh ar chrann Rannóg an Aistriúcháin a thiteann sé a leithéidí de threoir stíle a fhoilsiú. Ainneoin gur i réimse cinnte agus sách cúng na reachtaíocht a luíonn bhur obair, agus ceangal oraibh fasaigh a leanadh feictear dom gur dócha go bhfuil modhanna forbartha agaibh le ceisteanna gnáis mar seo a réiteach agus go mb'fhiú a leithéid a fhoilsiú.
Clár IMRAM 2014
Déardaoin 9 Deireadh Fómhair | 7.00pm | UCD Belfield (Léachtlann M, Áras Newman) | ‘CUIMHNE AGUS DÍCHUIMHNE’: LÉACHT UÍ CHADHAIN le Darach Ó Scolaí |
Dé hAoine 10 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre | AMHRÁIN NA SAOIRSE: TIONSCADAL BOB MARLEY |
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair | 6.30pm | Gaelchultúr | Simon Ó Faoláin & Mícheál Ó Ruairc: MÓRSHEOLADH LEABHAR |
Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair | 8.30pm | McGrattan’s | The Other Tongues: MÓRLÉAMH ⁊ COIRM CHEOIL |
Dé Luain 13 Deireadh Fómhair | 7.00pm | The Grand Social | CLÓ DRAíOCHTA 4: Taispeántas Clóghrafaíochta |
Déardaoin 9 – Déardaoin 16 Deireadh Fómhair | SEACHT SCÉAL le DIARMUID DE FAOITE | ||
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen Roe Theatre | PÁDRAIC BREATHNACH: AGALLAMH POIBLÍ |
Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley Theatre | THE WHEELCHAIR MONOLOGUES |
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen Roe Theatre | LÉACHT IMRAM le Liam Mac Mathúna |
Dé Céadaoin 15 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social | Port a’ tSaoil: TIONSCADAL KATE BUSH |
Déardaoin 16 ⁊ Dé Céadaoin 22 Deireadh Fómhair | 5.30pm | Áras na Scríbhneoirí | IDIR NA CLÚDAIGH: Books review radio programme |
Déardaoin 16 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley Theatre | Mo Pheann ag Rince: TIONSCADAL AN RÍORDÁNAIGH |
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair | 6.00pm | An Siopa Leabhar | Foilsitheoireacht don Óige: cur agus cúiteamh |
Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Smock Alley Theatre | Blas-Bhinn na Cathrach: Ceiliúradh ar Bhaile Átha Cliath |
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair | Áras na Scríbhneoirí | CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT | |
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair | 6.30pm | Royal Society of Antiquaries of Ireland | SEOLADH LEABHAR: AN BHEAN FEASA le Alan Titley |
Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair | 8.30pm | McGrattan’s | OÍCHE ÓMÓIS DO SHEÁN MAC MATHÚNA |
Déardaoin 18 – Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair | Axis Theatre | AN CHÉAD CHÉAD | |
Céadaoin 5 – Céadaoin 26 Samhain | 7.30pm | Irish Writers Centre | THE DISCOVERY LECTURES: 5 Samhain ALAN TITLEY 12 Samhain DOIREANN Ní GHRÍOFA 19 Samhain LIAM Ó MUIRTHILE 26 Samhain MÁIRÍN NIC EOIN |
Féach www.imram.ie
Nó cuir r-phost chuig: liamog62@mac.com
FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA
Na meáin Bhéarla: déan teagmháil le do thoil le Kate Bowe
kate@katebowepr.ie
Fón: 01 652 0143 or 086 267 5018
Na meáin Ghaeilge: déan teagmháil le do thoil le Julianne Ní Chonchobhair julianichonchobhair@gmail.com
Fón: 087 174 6189
FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA IMRAM: Déan teagmháil le do thoil le Liam Carson liamog62@mac.com
Fón: 087-2912797
2014-09-16
Bis orat qui bene cantat
![]() |
(c) JP, athúsáid ceadaithe faoi CCC Foinse: geograph.ie: |
Ar chúiseanna stairiúla, níl an
nósmhaireacht canadh le linn an Aifrinn fairsing in Éirinn, mar atá ar
an mór roinn, sa Ghearmáin mar shampla. Bíonn cór thall is abhus, scaití, ach go
minic ceal traidisiún claisceadail bíonn siad go hainnis. Níl guth agam
féin, mór an trua, ach cuireann ceol maith go mór leis an tairbhe a
bhainim as liotúirge. Bis orat qui cantum bonum audat,1 mar a déarfá (agus mura bhfuil Laidin na meánteiste tar éis teip go hiomlán orm, rud is dóichí ná a mhalairt)
Ní minic an deis sár cheoil a chlos. Ach tarlaíonn sé gurbh i Baile Mhic Thorcail a d'éist mé Aifreann Domhnaigh, séipéal bheag i nGleann Crí. Tá cáil ar an gcór ann, agus sin tuilte acu. Chan siad go binn don slua bheag a bhí ann, agus d'fhág mé le croí ard théis an Aifreann.
Tá cáil ar leith ar Máiréad Déiseach, ball den gcór atá ina hamhránaí as a stuaim féin freisin.
Tá cáil ar leith ar Máiréad Déiseach, ball den gcór atá ina hamhránaí as a stuaim féin freisin.
1Leagtar an nath Bis orat qui bene cantat ar Aibhistín, ach is cosúil nach sin baileach a dúirt sé. Nath fiúntach mar sin féin, sílim.
Clibeanna
amhránaíocht,
ceol,
creideamh,
cuimhní cinn,
gaeilge
2014-09-12
Dar mo leabhar!
Nóta: leasaigh mé an mhír seo, míthuiscint a bhí ormsa, dúradh an méid thíos leis An Léirmheastóir i rphost, ní a tuairim féin é.
Tá blagadóir misniúil nua inár measc, atá mar aidhm aici léirmheas a dhéanamh ar leabhar in aghaidh na seachtaine, agus nach gcuireann fiacail ann mura dtaitníonn leabhar léi. Dúradh an méid seo léi i rphost le déanaí:
Tá blagadóir misniúil nua inár measc, atá mar aidhm aici léirmheas a dhéanamh ar leabhar in aghaidh na seachtaine, agus nach gcuireann fiacail ann mura dtaitníonn leabhar léi. Dúradh an méid seo léi i rphost le déanaí:
"Léirmheastóirí eile taitníonn gach leabhar faoin spéir leo"
— Léirmheastóir (@SayersPeig) 10 Meán Fómhair, 2014
Is fíor, má fhoilsím léirmheas ar leabhar anseo, gur moltach a bhím beagnach i gcónaí. Tá cúis leis sin. Is ar mhaithe le pléisiúr a léann mise; má bhainim pléisiúr as leabhar, is mian liom sin a roinnt le daoine eile agus molaim ar mo bhlag é. Mise a roghnaíonn na leabhair a léim seachas fíor chorr uair nuair a iarrtar orm léirmheas a scríobh (Tá cúpla léirmheas liom foilsithe ar Tuairisceoir - Sciorrann an tAm, Daideo, An Colm Bán). Sa chás go n-iarrtar léirmheas orm, déanaim tréaniarracht bheith ionraic agus cáineadh má mhothaím go bhfuil sin tuillte.
Ach tá i bhfad níos mó saothair Gaeilge léite agam ná mar a bhfuil tagairt déanta agam dóibh anseo. Scaití, níl na leabhar críochnaithe agam ceal pléisiúir. Uaireanta eile is le drogall agus díomá a chríochnaigh mé iad. Ní luaim anseo iad, mar go mbím sásta bheith réidh leo!
Tá cúis eile le mo dhrogall bheith ag foilsiú léirmheas cainteach anseo; ar feadh cuid mhór de mo shaol gairmiúil, is cuid tábhachtach de mo chuid oibre ná anailís chriticiúil a dhéanamh ar cháipéisí agus ar bhogearraí - ag lorg fabhtanna. Cothaíonn sin meon aigne sách doirbhíoch, diúltach.
Tá faoiseamh aigne mar sin, agus só bhreise, a bheith ag canadh molta leabhair a thaitin liom.
Agus sin mo scéal.
Guím súil grinn agus muineál teann ar an Léirmheastóir áfach, treise léi. Is obair fónta, riachtanach atá ar bun aici.
Ach tá i bhfad níos mó saothair Gaeilge léite agam ná mar a bhfuil tagairt déanta agam dóibh anseo. Scaití, níl na leabhar críochnaithe agam ceal pléisiúir. Uaireanta eile is le drogall agus díomá a chríochnaigh mé iad. Ní luaim anseo iad, mar go mbím sásta bheith réidh leo!
Tá cúis eile le mo dhrogall bheith ag foilsiú léirmheas cainteach anseo; ar feadh cuid mhór de mo shaol gairmiúil, is cuid tábhachtach de mo chuid oibre ná anailís chriticiúil a dhéanamh ar cháipéisí agus ar bhogearraí - ag lorg fabhtanna. Cothaíonn sin meon aigne sách doirbhíoch, diúltach.
Tá faoiseamh aigne mar sin, agus só bhreise, a bheith ag canadh molta leabhair a thaitin liom.
Agus sin mo scéal.
Guím súil grinn agus muineál teann ar an Léirmheastóir áfach, treise léi. Is obair fónta, riachtanach atá ar bun aici.
Clibeanna
blagadóireacht,
blaganna eile,
gaeilge,
léirmheas,
litríocht
An Caighdeán Oifigiúil: Athbhreithniú ⁊ Aighneachtaí
Foilsíodh ‘An Caighdeán Oifigiúil’ (Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge — An Caighdeán Oifigiúil) den chéad uair sa bhliain 1958. San fhoilseachán sin, leagadh amach rialacha gramadaí agus litrithe le haghaidh daoine a úsáideann an Ghaeilge go hoifigiúil – sa reachtaíocht, i bhfoilseacháin oifigiúla an Stáit, sa chóras oideachais, sna meáin chumarsáide agus i réimsí eile nach iad.
Ba í Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais a cheap an Caighdeán Oifigiúil agus a d’fhoilsigh é agus cuireadh athchlónna de amach go rialta tar éis a fhoilsithe sa bhliain 1958. Sa bhliain 2012, foilsíodh leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil agus dúradh sa Réamhrá leis an eagrán sin go ndéanfaí athbhreithniú air sin i gceann trí bliana eile.
Tá sé beartaithe an t-athbhreithniú sin a chur sa tsiúil anois, go háirithe d’fhonn rialacha áirithe a choigeartú nó a leathnú agus d’fhonn tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar na rialacha i gcoitinne. Is de réir na bhforálacha atá leagtha síos san Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 a sheolfar an t-athbhreithniú.
Foráiltear in alt 3 den Acht sin go rachfar i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus athbhreithniú á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil agus, chuige sin, fáilteoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais roimh mholtaí agus aighneachtaí ón bpobal.
Más mian le duine aighneacht a dhéanamh chuig an gCoimisiún i dtaobh an Chaighdeáin Oifigiúil, ní gá ach an aighneacht a chur i scríbhinn faoin 8 Deireadh Fómhair 2014 chuig:
nó
Rannóg an Aistriúcháin – COA,
Seirbhís Thithe an Oireachtais,
Teach Chill Dara,
Sráid Chill Dara,
Baile Átha Cliath 2.
2014-09-11
Saíocht Aneas chugainn
Mar a luaigh Tadhg, tá cnuasach Muimhneach "Aneas" ar na bacáin, faoi stiúir Bhrenda Ní Shúilleabháin. Tá sé sin ar mo mhianliosta cheana féin!
Tá earra slachtmhar curtha le chéile arís ag Futa Fata; téacsanna - ó Chorca Dhuibhne is Musgraí - cnuasaithe ag Brenda Ní Shúilleabháin agus nótaí curtha aici leo, mar a bhí in Aniar.
Bíonn claonadh ar mo leithéide smaoineamh ar Chorca Dhuibhne mar áit ar mórán dúlra is beagán daoine; tá leigheas ar an míthuiscint sin i gcuid de ghrianghraif Lanka Haouche Perren, a bhfuil daoine, troscán agus foirgnimh iontu chomh maith le tírdhreacha áille. Tar éis an tsaoil is le daoine caint, agus caint is saíocht na ndaoine atá á chnuasach.
Tá an chumasc céanna is a bhí in Aniar de rannta, leathrainn, tréanna agus píosaí níos faide idir cumadóireacht filí na leabhair is filí pobail. Saibhreas iontach, in árthach gleoite - leabhar boird caife ach ábhar machnaimh is spreagtha ann.
Ar uairibh mhothaigh mé go raibh nótaí Bhrenda rud beag ró theagascach, barraíocht ann faoi staid reatha na tíre agus na hEaglaise; ré nach mbaineann leis na sleachta, agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh an chiall céanna leo laistigh de thraidhfil blianta. Go hiondúil le saothar dhá theangach ní bacaim leis an mBéarla - ach ní hionann an t-eolas ins an dá leagan de na nótaí, agus bhain mé tairbhe as an dá theanga a léamh.
An bail céanna leis na híomhánna; thaitin cuid acu liom go mór, cuid eile áfach (agus daoine iontu) mhothaigh mé go raibh siad ró shaorga, ró stáitsithe. Seomra ranga den sean dóigh, abair, leabhar ar gach cruinnlín ach gan ann ach beirt dalta, buachaill is cailín is cúla gcloigeann linn.
Bím ag éisteacht go minic ar mo sheinnteoir póca leis an CD a tháinig le Aniar - tá fíor díomá orm nach bhfuil a leithéid curtha ar fáil le Aneas. Súil agam go ndéanfar amach anseo é.
Mar sin féin, is fíor an méid a dúirt foinse amháin le Brenda:
B'fhearr liom agatsa é ná i gCill Chuáin éIs iomaí seod atá san úir, i gCill Chuáin is cealla nach é - is maith ann leabhar slachtmhar mar seo a chaomhnaíonn cuid de.
Aneas
Údar: Brenda Ní Shúilleabháin
Grianghrafadóir: Lanka Haoche Perren
Lándaite, Clúdach Crua
Líon na lth: 112 lth
ISBN: 978-1-906907-78-5
Praghas: €25
Clibeanna
Brenda ní Shúilleabháin,
corca dhuibhne,
filíocht,
futa fata,
leabhar
2014-09-07
Scolaíocht do chách, agus imeascadh
Tá leabhar foilsithe ag ceannaire Ioslamach in Éirinn ag éileamh cuíchóiriú ar an oideachas chun teacht lena léamh seisean ar an Ioslam. Bhí alt san Irish Times faoi, agus as sin d'eascair comhrá ar Twitter ina raibh mise agus Réaltán páirteach. Níl Twitter oiriúnach chun ceisteanna casta a phlé, mar sin shoiléirigh Réaltán a tuairimí sa bhlagmhír seo.
Tagaim le cuid mhór dá bhfuil á rá aici; seachas go bhfeictear dom féin gur cuid den saoirse creidimh do chreideamh a chraobhscaoileadh, agus teacht le chéile le daoine eile d'fhonn do chreideamh a chuir i gcrích - san oideachas freisin.
Tá gá le comhghéilleadh ar ndóigh, go háirithe i pobail atá ag claochlú.
In Éirinn, faoi láthair, tá pobail ag tarraingt chugainn ó gach cearn den cruinne. Sciar suntasach Moslamach ina measc - ach ní haon bloc aontaithe iad, beireann siad leo a gcultúir féin, agus san áireamh ansin tá na scoilteanna san Ioslam, scoilteanna a mbíonn iarmhairtí sách fuilteacha leo.
San am céanna tá na tuiscintí a bhíodh abhus - leagan monailiteach cléireach den Caitliceachas ag titim as a chéile (agus ainneoin gur pápaire neamh-leithscéalach mé, sílim gur maith sin mar gur chuir sé idir Eaglais agus Stát as a riocht).
Ar fud na hEorpa tá gluaiseacht piúratánach Ioslamach ag treisiú; agus is iadsan freisin an dream atá sáite in uafáis an Stáit Ioslamach san Siria agus san Iaráic.
Tairiscíonn an dream seo cinnteacht, líne soiléir idir "muide" agus "iadsan" atá tá tarraingteacht dóibh siúd a mhothaíonn éiginnteacht - agus tá siad ag mealladh deisceabail nua ó aosánaigh san Iarthar, chomh maith le sliocht na pobail a tháinig soir agus nár éirigh leo riamh imeascadh ceart a dhéanamh abhus. Mar shampla, bhí scéal san FAZ faoi dream a chuaigh tríd baile sa Ghearmáin, ag tabhairt Póilíní Sharia orthu féin agus ag scaipeadh bolscaireacht - agus más fíor na tuairiscí ag cur bac ar dhaoine dul ag rince. Sven Lau, iompaitheach Gearmánach, ceannaire na buíne.
Sin an comhthéacs don méid a bhí mise ag iarraidh a rá - go bhfuil gá le comhghéilleadh áirithe sa chóras oideachas abhus a chuireann fáilte roimh saoránaigh nua Moslamacha, gan tuiscintí abhus a scaoileadh le sruth.
Níl réiteach iomlán na faidhbe agam agus tuigim - agus roinnim go pointe - goimh Réaltáin maidir leis an íomhá de mhná a léiríodh san alt san IT. Is cosúil go bhfuilimid fós sáite san tuiscint gurbh ar an mbean atá an fhreagracht as drúis na bhfear a smachtú! (Ar an lámh eile úsáidtear colainn mealltach mná chun bréagán na mbuachaillí mór a dhíol - agus fiú taos fiacla)
Tá bóthar fada le dul sula mbíonn comhionannas ann; agus caithfear modh oibre a bheith ann le éagsúlacht a cheadú gan scoilteadh, ach fós féin an meas is dual a thabhairt dó chách.
Ba mhaith liom go bhfeadfadh duine bheith ina shaoránach mórtasach Éireannach, ach freisin bheith in ann an chuid is fearr dá chultúr sinseartha a bhreith leis.
Thar aon rud eile, tá ga le plé!
2014-08-23
Comhaos í féin is an stát
Tá spéis curtha agam le déanaí arís i bprós agus filíocht Mháire Mhac an tSaoi - bhí An Paróiste Míorúilteach liom mar lón léitheoireachta ar mo shaoire ar na mallaibh. Mar sin, fuair mé a dírbheathaisnéis ón leabharlann, le súil agus go bhfaighinn léargas éigin ar foinsí a filíochta.
Cuimhní cinn teaghlaigh atá ann; agus is mós spéisiúil an teaghlach atá i gceist, a tuismitheoirí araon sáite in eachtraí bhunaithe agus buanaithe an stáit, agus an fulaingt as crá croí a héirigh as. A hathair Seán McEntee, a throid i 1916 agus a bhí lárnach i bhFianna Fáil (ach a d'iompaigh orthu nuair a tháinig na men in mohair suits chun cinn). A máthair. A huncail Pádraig de Brún agus David a thóg an t-ainm Michael sa chreideamh agus a bhí ina Chairdinéal ar ball, agus ina chara le Pius XII go dtí gur éirigh míthuiscint eatarthu - scéal a insíonn Máire anseo le binb.
Cuimhní cinn atá anseo - scéal carntha ar scéal, eachtra ar eachtra. A grá láidir dá céile Conor Cruise Ó Brien ina snáth tríd (suntasach gur a hainm pósta atá ar seo, agus dris cosain dá réir dom agus mé á lorg). Trácht éigin ach fíricí ceilte ar an ngrá mídhlisteanach as a d'eascair Ceathrúintí Máire Ní Ógáin.
B'iad na dánta máithriúla i nGuth an Fhile atá agam an mo seinnteoir póca cuid mhór den chúis a chuir mé spéis i Máire Mhac an tSaoi arís - labhraínn siad leis an dtuismitheoir ionam - agus tá trácht thall is abhus ar eachtraí a spreag dán nó dhó ina measc. Tá cuir síos ann ar a gcaidreamh le iníonacha Conor óna chéad pósadh, agus an dá leanbh altrama - gorma - a d'uchtaigh siad nuair ba léir nach raibh páistí dá gcuid féin i ndán dóibh.
Is fiú go mór na cuimhní seo a bheith cnuasaithe, agus tá an chreidiúint ag dul do Michael O'Brien a mheall uaithi an saothar, agus leo siúd ar fad a chuidigh léi.
Mar sin féin, beidh mé ag fanacht fós ar an beathaisnéis a thugann léargas dom ar an bhfile - ar doimhniú a ceirde. Is beag de sin atá ar fáil anseo, cés móite do chorr thagairt do thaighde (agus eachtra tubaisteach a chur corr ina saol léinn ag a thús de bharr faillí duine eile).
THE SAME AGE AS THE STATE
The Autobiography of Máire Cruise O'Brien
Máire Cruise O'Brien
O'Brien Press
Crua :ISBN:9780862787998
Bog:ISBN:9780862788858
EPUB:ISBN:9781847175045
Cuimhní cinn atá anseo - scéal carntha ar scéal, eachtra ar eachtra. A grá láidir dá céile Conor Cruise Ó Brien ina snáth tríd (suntasach gur a hainm pósta atá ar seo, agus dris cosain dá réir dom agus mé á lorg). Trácht éigin ach fíricí ceilte ar an ngrá mídhlisteanach as a d'eascair Ceathrúintí Máire Ní Ógáin.
B'iad na dánta máithriúla i nGuth an Fhile atá agam an mo seinnteoir póca cuid mhór den chúis a chuir mé spéis i Máire Mhac an tSaoi arís - labhraínn siad leis an dtuismitheoir ionam - agus tá trácht thall is abhus ar eachtraí a spreag dán nó dhó ina measc. Tá cuir síos ann ar a gcaidreamh le iníonacha Conor óna chéad pósadh, agus an dá leanbh altrama - gorma - a d'uchtaigh siad nuair ba léir nach raibh páistí dá gcuid féin i ndán dóibh.
Is fiú go mór na cuimhní seo a bheith cnuasaithe, agus tá an chreidiúint ag dul do Michael O'Brien a mheall uaithi an saothar, agus leo siúd ar fad a chuidigh léi.
Mar sin féin, beidh mé ag fanacht fós ar an beathaisnéis a thugann léargas dom ar an bhfile - ar doimhniú a ceirde. Is beag de sin atá ar fáil anseo, cés móite do chorr thagairt do thaighde (agus eachtra tubaisteach a chur corr ina saol léinn ag a thús de bharr faillí duine eile).
THE SAME AGE AS THE STATE
The Autobiography of Máire Cruise O'Brien
Máire Cruise O'Brien
O'Brien Press
Crua :ISBN:9780862787998
Bog:ISBN:9780862788858
EPUB:ISBN:9781847175045
2014-08-19
Dráma ó Chorca Dhuibhne i mBaile Átha Cliath
![]() |
Malachaí Mac Amhlaoibh, Áine Ní Mhuircheartaigh agus Muiris Ó Fiannachta. Grianghraf le Gearóid Casey. |
MISE, SUBHÓ AGUS MACCÓ
Daoine ar an imeall! Teanga ar an imeall! Dráma ar an imeall!
Beidh dráma aon-ghnímh leis an bhfile agus drámadóir clúiteach Biddy Jenkinson don teideal Mise, Subhó agus Maccó á léiriú sa New Theatre, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, ar an 25ú/26ú/27ú de Mheán Fómhair ag 7:30i.n. Is iad Aisteoirí An Lab, lonnaithe sa Daingean i gCorca Dhuibhne, atá á léiriú. Cé gur scéal tragóideach é seo faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath, tá greann fite fuaite tríd, chomh maith le hábhar machnaimh.
Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab ag tús na bliana agus bhí sé le feiscint i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air. Caitheann an dráma súil ghéar ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean. Níl éalú acu ón gcruatan ach isteach i réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta. In ainneoin na constaicí agus na n-údarás, deineann siad gach iarracht aire a thabhairt dá chéile agus léiríonn siad meas nach beag don nádúr i lár na cathrach.
Dúirt Stiúrthóir Aisteoirí An Lab, Áine Moynihan faoin turas go Baile Átha Cliath:
“Tá dian-obair curtha isteach ag foireann an dráma seo chun caighdeán ard léirithe a bhaint amach agus cé nach bhfuilimid mar chuid oifigiúil den bhFéile Drámaíochta is mian linn ár gcuid a dhéanamh chun cur le drámaíocht na Gaeilge sa chathair le linn na Féile. Tá ábhar an dráma seo tráthúil mar gheall ar an ngéarchéim a bhaineann le heaspa dídine na laethanta seo, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith linn cabhrú chun áird a tharraingt ar an bhfulaingt a bhaineann leis.”
Beidh ticéidí ar fáil ag 01 6703361 nó ag an doras ar €12/10.
Amharclann agus Ionad Ealaíon na Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí is ea An Lab.
Breis Eolais:
Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí
087-8546572
www.anlab.ie
www.facebook.com/LabAnDaingin
Breis Eolais:
Áine Moynihan
Stiúrthóir Ealaíne,
An Lab, An Daingean, Co. Chiarraí
087-8546572
www.anlab.ie
www.facebook.com/LabAnDaingin
Clibeanna
biddy jenkinson,
dráma,
fógraí
2014-08-17
Seoda na leabhair
Seod náisiúnta is ea Leabharlann Chester Beatty, atá anois lonnaithe i bhfoirgneamh ar leith i Caisleáin Bhaile Átha Cliath. Fear ab ea Chester Beatty a rinne ollsaibhreas sna mianaigh de bharr a scil iontu, agus a chaith cuid mór den saibhreas céanna ag bailiú lámhscríbhinní agus seoda ceardaíochta go háirithe ón Domhan Thoir. I dtreo deireadh a shaol bhog sé go hÉireann (bhí cáin ioncaim níos fabhraí anseo ná i Londain!) agus thug mórchuid dá chnuasach leis.
Ar feadh i bhfad bhí an cnuasach san teach a bhí aige i nDomhnach Broc, ach sa bhliain 2000 d'oscail an foirgneamh nua. Níor éirigh liom riamh cuairt a thabhairt ar an Leabharlann nuair a bhí sé lonnaithe i nDomhnach Broc ach tá scata cuairt tugtha agam ar san ionad nua. Fearacht mórán iarsmalainne, níl spás ach do chuid den ábhar, agus bíonn athraithe ann, agus léirithe speisialta freisin.
Ní nós liom páirt a ghlacadh i dturais - is fearr liom féachaint ar mo chonlán féin, ach bhí mé sa chathair inné agus bhí fhios agam go raibh turas as Gaeilge le bheith ann. Bheartaigh mé féachaint an gcuirfeadh sin le'm eolas agus taithí (agus ar ndóigh bhí cupán tae saor in aisce mar bhreab...)
Tá clár oibre fairsing forbartha ag an leabharlann atá spléach ar obair saorálaithe chun é a sheachadadh, agus is duine den na saorálaithe sin a chuireann an turas míosúil as Gaeilge ar fáil - Jack Fitzgerald.
Cúigear againn a bhí ann an babhta seo (chuir a laghad daoine a bhí ann ionadh & díomá orm) agus thug muid aghaidh ar an taispeántas speisialta reatha, áit a bhfuil earraí ar leith roghnaithe do ghach litir d'aibítir an Bhéarla. Bíonn cuir síos ginearálta as Gaeilge san taispeántas buan, ach ní raibh anseo - mar sin bhí breise luach dom leis an mbreis eolas a roinn Jack orainn san teanga is ansa liom! Is deas freisin tuairim dhuine eile a chlos faoi seoda mar seo, agus eolas sa bhris ar na nótaí a fháil, gan trácht ar an ndeis ceist a chuir!
Tar éis dúin cupán tae a bheith againn san proinnteach iontach atá ann (Bóthar na Spíosraí, agus is cumhra spíosrach a bhí an áit) d'fhill muid chun féachaint ar pháir ársa san taispeántas buan - Dánta Grá ón Éigipt atá trí mhíle bliain d'aois, agus Soiscéal agus giotaí eile ón mBíobla ó fíor thús ré na Críostaíochta.
Tá cáil ar na dánta grá - tá leaganacha Béarla ar fáil anseo:
Mholfainn go mór do dhaoine an deis a thapú an turas seo a dhéanamh - dar leis an bhféilire anseo beidh deis arís ar an 13ú MF agus an 18ú DF um a dó.
Buíochas arís, Jack, as an léargas ar leith!
A Bhean Óg Ón
Ar chúpla cúis tá spéis i saothar Máire Mhac an tSaoi athmhúscailte ionam le deireanas. Tá a nóibhille A Bhean Óg Ón ar mo leabhragán le blianta. Sílim gur léigh mé cheana é, ach níl cuimhne beacht agam air. Ach de bharr a bhfuil léite agam ó shin sílim gur mó sásamh a bhain mé as an babhta seo pé scéal.
File mór de chuid Iarthar Duibhneach é Piaras Feiritéar agus tá roinnt dánta grá cúirtéiseach dá chuid a bhaineann le Meg Ruiséal.
San úrscéilín seo samhlaíonn Máire Mhac an tSaoi eachtra ina dtagann Piaras i gcabhair ar Mheig. De bhrí gurbh de na huaisle an dís, agus iníonacha na n-uaisle ach go háirithe ina gceithearnaigh i gcluiche na dTithe Móra um maoin agus tionchar, tá polaitíocht agus uisce faoi thalamh na linne léirithe san scéal, agus gnáth eachtra gaisceoireachta freisin.
Leabhairín bheag thaitneamhach, bunaithe ar an stair agus fáiscthe as filíocht Feiritéar (mórán mar atá scéal Ghearóid Iarla as a chuid siúd).
Cúpla uair a chloig sonas is só le baint as cinnte.
Clibeanna
filíocht,
gaeilge,
leabhar,
léirmheas,
máire mhac an tsaoi,
mo leabhragáin
Binneas bronnta ar Ghuthanna Síoraí
![]() |
Cathal Quinn agus Clódagh Nic Gabhann (Cóipcheart Kevin Abosch) |
D'fhreastail mé inné ar ar leagan drámata de saothair ó fhilíocht Heaney, Yeats agus Beckett triúir file Éireannacha a bhfuil duais Nobel bainte acu; beirt acu as filíocht as Béarla, duine acu a scríobh an chuid is mó dá shaothar as Fraincis.
Guthanna Binne Síoraí is ainm don taibhiú faoi stiúir Tristan Rosenstock.
Roghnaigh siad sleachta as an bhfilíocht chun taibhiú trí mhír a chruthú - faoi na teidil An Óige, Suirí agus Lánúnas, agus Críonnacht. Sin, ar ndóigh céimeanna an bheatha, agus mothúcháin uilíocha bainteach leo.
Ní raibh mé in Amharclann na nAisteoirí i Coláiste na Tríonóide roimhe; spás deas atá ann, agus bhain siad feidhm ana mhaith as. Tá dearadh simplí ach éifeachtach cruthaithe ag Zia Holly - Crann (na Beatha?) mór déanta as rópaí; Cathaoir luascáin ar chlé, agus cliabhán ar dheis.
Guthanna Binne Síoraí is ainm don taibhiú faoi stiúir Tristan Rosenstock.
Roghnaigh siad sleachta as an bhfilíocht chun taibhiú trí mhír a chruthú - faoi na teidil An Óige, Suirí agus Lánúnas, agus Críonnacht. Sin, ar ndóigh céimeanna an bheatha, agus mothúcháin uilíocha bainteach leo.
Ní raibh mé in Amharclann na nAisteoirí i Coláiste na Tríonóide roimhe; spás deas atá ann, agus bhain siad feidhm ana mhaith as. Tá dearadh simplí ach éifeachtach cruthaithe ag Zia Holly - Crann (na Beatha?) mór déanta as rópaí; Cathaoir luascáin ar chlé, agus cliabhán ar dheis.
![]() |
Megan Kennedy agus Clódagh Nic Gabhann (Cóipcheart Kevin Abosch) |
Beirt aisteoir, damhsóir agus an ceoltóir Enda Reilly a thugann beatha don bhfilíocht - na leagan bunaidh agus aistriúcháin Gabriel Rosenstock.
Níl mé eolach ar theanga na rince, ach caithfidh mé admháil, fiú do mo leithéidí d'aineolaí chuir an damhsa béim ar leith ar focail na bhfilí, atá fáiscthe as an dtaithí uilíoch daonna, a aimsíonn macallaí i gcroíthe mórán gach daonnaí.
D'oibrigh an chliar go héifeachtach as lámha a chéile, damhsa, urlabhra, gothaí agus ceol Enda Reilly ag fí taipéis shaibhir a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
Tá an léiriú reatha thart, ach tá mé cinnte go mbeidh deiseanna eile an seó a fheiceáil - go deimhin creidim go raibh sé le feiceáil thar lear cheana, agus go mbeidh arís.
Is beag m'eolas ar fhilíocht na triúr, (agus ar mhaithe le mo leithéidí d'ainbhiosán tá liosta de na dánta sa chlár) ach tá mo dhóthain aithne agam orthu gur aithin mé na guthanna éagsúla s'acu - guthanna áfach a rinne chomhcheoil éifeachtach san taibhiú seo.
Má bhíonn deis agaibh é bhlaiseadh, tapaígí é!
Tá breis eolais anseo:
Níl mé eolach ar theanga na rince, ach caithfidh mé admháil, fiú do mo leithéidí d'aineolaí chuir an damhsa béim ar leith ar focail na bhfilí, atá fáiscthe as an dtaithí uilíoch daonna, a aimsíonn macallaí i gcroíthe mórán gach daonnaí.
D'oibrigh an chliar go héifeachtach as lámha a chéile, damhsa, urlabhra, gothaí agus ceol Enda Reilly ag fí taipéis shaibhir a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.
Tá an léiriú reatha thart, ach tá mé cinnte go mbeidh deiseanna eile an seó a fheiceáil - go deimhin creidim go raibh sé le feiceáil thar lear cheana, agus go mbeidh arís.
Is beag m'eolas ar fhilíocht na triúr, (agus ar mhaithe le mo leithéidí d'ainbhiosán tá liosta de na dánta sa chlár) ach tá mo dhóthain aithne agam orthu gur aithin mé na guthanna éagsúla s'acu - guthanna áfach a rinne chomhcheoil éifeachtach san taibhiú seo.
Má bhíonn deis agaibh é bhlaiseadh, tapaígí é!
Tá breis eolais anseo:
Clibeanna
ceol,
dramaíocht,
gabriel rosenstock,
gaeilge,
léirmheas
Abonnieren
Posts (Atom)