Píosaí liom in áiteanna eile:

2007-10-23

Aibhléis

Aibhléis
Stair Úsáid an Leictreachais
Micheál Ó Bréartúin
Coiscéim 2007

Seo an tríú leabhar ó Mhicheál, i ndiaidh Gnóthaí Eachtracha agus Sreangscéal

Bunaithe ar a shaol mar chomhairleoir de chuid BSL Idirnáisiúnta a bhí Gnóthaí Eachtracha, agus cuir síos ar stair na Teileagrafaíochta is ea Sreangscéal.

Tá an leabhar seo sa stíl chéanna le Sreangscéal, ach gur síos síos níos leithe ar stair na haibhléise atá ann.

Maidir leis an dá téarma úd Leictreachas agus Aibhléis, tá nóta suntasach aige sa leabhair (lch xiii):
Níor mhiste tagairt a dhéanamh do dhá fhocal a úsáidtear go minic sa leabhar: leictreachas agus maighnéadas. Tá dhá fhocal eile ar chomhchiall leo sa Ghaeilge againn: aibhléis agus adhmainteas. Ní sa Ghaeilge amháin a tharlaíonn a leithéid seo: sa Ghearmáinis1, mar shampla, tá Fernsprecher agus Telefon, Fernsehen agus Television araon in úsáid. Tá fuaim níos dúchasaí nó, ar a laghad, níos 'neamhghallda' ag aibhléis agus adhmainteas agus is minic gur fearr le daoine, mise go hiondúil ina measc, iad a úsáid ar an mbonn sin. Caithfear a chur san áireamh, áfach, nach annamh feidhm sa leabhar seo le comhfhocail a bhaineann le gnéithe de na feiniméin atá sainithe ag na bunfhocail agus gur fusa na comhfhocail seo a chumadh as leictreachas agus maighnéadas. Ní fheicim, mar shampla, aon fhocal inghlactha eile a d'fhéadfaí a chur in áit leictreamaighnéad. Shíl mé ar bhonn na comhsheasmhachta, mar sin, cloí leis na bunfhocail seo tríd an leabhar - ach amháin i gcás teideal an leabhair!


Thaitin an leabhar seo liom, cé go ndeachaigh roinnt des na sleachta chun leadrán domhsa ó am go chéile. Táim thar a bheith sásta é bheith ar mo leabhragán agam! Sé an tsóirt leabhar é gur féidir filleadh air ó ham go ham agus sliocht a léamh as. Tá an cuir síos san aguisín ar díospóireacht dhiagairí maidir le faoistin ar an bhfón thar a bheith suimiúil, mar shampla!

Tá gluais ag dul leis. Seo rud nach maith liomsa go pearsanta - an focal béarla a thabhairt ar théarma teicniúil, amhail agus go mba míniú é sin. B'fhearr go mór liom dá mbeadh cuir síos gairid i nGaeilge an an téarma. Bhí roinnt téarmaí nár chuir an focal Béarla le mo thuiscint air a bheag ná mór.

Ach tá saothair mar seo thar a bheith tábhachtach i gcuir chun cinn na gaeilge mar teanga nua-aoiseach seachas teanga teallaigh. Ábhar suntais dom mar sin (lch 240) léamh faoin leabhrán "Comhacht uisce in Éirinn" a d'fhoilsigh A Breatnach agus P Ó Domhnaill i 1919.

'Seo dhíbh an leabhrán so, a Ghaedheala, agus má's beag libh bhur eolas ar chomhacht uisce na hEireann iar na léigheamh díbh tuigidh nách fearr le lucht a scríbhte rud a thiocfadh as ná bhur spreagadh chun tuille eolais do chuardach agus do bhailiú. 'Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir ná hEireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim ina dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht an uisce; agus an té ná tuigeann, gur comhairle in aisge ár gcomhairle dhó.'


Seo libh, a Ghaedheala, ceannaígí agus léigí leabhair Mhichíl!


Nóta 1: Tugtar Strom sa ghnáthcaint ar aibhléis sa Ghearmáin, cé go bhfuil an focal Elektriztät ann fosta.