Bhí muid san Dún Mhór Thoir ag an deire seachtaine, agus de bharr leisce, fuair mé bia ón ngreim gasta. Bhí feicthe ag Tiernan go raibh kebap acu, agus dúirt sé gur theastaigh ceann uaidh; ach faraor, míthuiscint a bhí ann. Ciallaíonn Kebap bior san Tuircis, agus tháinig sé isteach sa Ghearmáinis: mar sin cheap sé gurb béile a dhéanann a mháthair ó am go ham a bhí i gceist - feoil agus glasraí friochta ar bhior. Tugtar Schaschlik air freisin. Ós rud é gur fuath liom beatha a chaitheamh sa bhruscar, bhí ormsa an diabhal rud a ithe. Ach níl a leithéid de rud ann in Éirinn agus Döner Kebap ar fiú é ithe. Feoil righin, leitís tuirseach, anlann leamh. Ach an t-arán - is ansan a cailltear Eachdroim. Arán ar mhó a chosúlacht le páipéar ná le beatha.
Ní aon chomparáid idir sin agus an saghas Döner a raibh cleachtadh agam air i mBeirlín. Sí Beirlín an tríú cathair is mó daonra Turcach - i ndiaidh Istanbul agus Ankara, agus rachairt dá réir ar dea-Döner.
An t-arán ar dtús. Ceathrú de bhuilín cruinn atá orlach ar túis, agus breá aerach. Feoil úr rósta. Glasraí úra. Anlann gairleoige. Agus mar sméar mullaigh, píosa breá feta.
Bhíodh na cinn is fearr (agus is dócha go bhfuil fós) ar fáil in aice le Stáisiún fo-thalún Yorckstrasse, i gcroílár Kreuzberg. Tig liom é bhlaiseadh anois...