Ní scoláire ná staraí mé, mar sin murach gur chuir Cló Iar Chonnacht cóip léirmheasa chugham den leabhar 'An Ghaeilge i Maigh Nuad' caolseans go mbeadh mé tar éis é léamh.
Cuir síos atá ann ar na sagairt i Maigh Nuad a bhí ina scoláirí Gaeilge ó aimsir Uí Ghramhnaigh ar aghaidh. Tá fathaigh ina measc, gan amhras Ó hIcí, Ó Fiannachta, Ó Doibhlinn. Scata eile nach raibh aithne agam orthu, agus roinnt a raibh iomra cloiste agam orthu ach nár thuig mé go raibh siad sna sagairt tráth.
Is cosúil gur mar thráchtas ollscoile a scríobhadh an saothar seo. Tá nótaí bheathaisnéise ann, agus meascán de chuir síos agus léirmheas ar saothair na fir faoi chaibidil ann.
Tá an t-uafás eolas luachmhar san leabhar, ach is trua nach ndearnadh eagarthóireacht air chun é dhéanamh níos feiliúnaí do phobal léitheoireachta níos ginearálta. Tá cuid mhaith athrá ann, réamhrá le gach caibidil de réir rúibricí acadúla. Déantar talamh slán de go minic go bhfuil fhios ag an léitheoir cén teoiric maidir le gearrscéal ┐rl ar a bhfuil an údar ag trácht. Bhí nithe fánacha eile a chuir as dom: uimhir caibidil i saothar a lua le uimhreacha rómhánacha ┐orduimhreacha don saothar céanna, agus corr bhotúin ann san ord. Breith á thabhairt ag an údar ar saothar, gan an bunús lena bhreith bheith soiléir.
Bhraith mé uaim amlíne a dhéanfadh soiléiriú idir caidreamh na bhfear - cé a bhí ina dhalta ag cé, cé a bhí ag saothrú le chéile sa Chuallacht agus araile.
Mar sin féin, measaim gur foinse luachmhar do staraithe atá sa leabhar, go leor tagairtí do foinsí ann.
An Ghaeilge i Maigh Nuad
Seán Ó hÉanacháin
Cló Iar Chonnacht