Tá leagan Gearmáinise den Edda agam ar mo leabhragán le fada, aistriúchán a chuimsíonn idir Edda phróis Snorri Sturulson agus na dánta eile atá ar marthain. Tá go leor atá dorcha agus coimhthíoch ann, agus tá sé blianta fada ó d'amharc mé air.
B'é a chuir Snorri roimhe ná na scéalta a chnuasach de bhrí go raibh eochair iontu ar go leor de na meafair agus samhla a bhí in úsáid ag lucht éigse. Cineál Uraiceacht na hÉigeas.
Is iomaí údar a bhain tairbhe as pantheon samhlaíochta an Tuaiscirt ó shin, oidhreacht a bhí ag na pobail ar fad go bhfuil teanga Gearmánach acu, cé gur leis na Lochlannaigh is mó a luaitear é. Is ann is faide a mhair na sean tuiscintí, agus ar ndóigh is san Íoslainn a bhí Snorri ag saothrú.
I measc na n-údar sin tá Neil Gaiman. Scríobh sé úrscéilín sách dílis - Odd and the Frost Giants. Fuair sé tinfeadh ann freisin dá mhór shaothar American Gods, athimirt na seanscéalta ar fhearann Mheiriceá a iniúchann imeascadh na pobail ann agus athrú cultúrtha tríd phriosma seanscéalta na pobail. (Tá Suibhne Geilt féin ann).
Anois tá a athinsint ar bogha iomlán na scéalta curtha ar fáil aige, ó chruthú na cruinne go clapsholas na nDéithe, an cogadh deireadh agus an tús nua.
Insint dílis atá ann, ach a ealaíon sainiúil féin agus féith grinn i bhfeidhm air. Is fusa go mór é léamh ná an Edda, agus tá na carachtar níos beoga ann. Mhothaigh mé go raibh aithne de chineál áirithe á chuir agam ar Thor (láidir, díreach ach rud beag dúr) agus Loki (glic - ró ghlic go hiondúil - agus mioscaiseach).
Ón leabharlann a fuair mé an leabhar, agus is mór an pléisiúr a bhain mé as an léamh.
Níl a leithéidí de taipéis fite as miotais na nGael, mór an trua.