Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label cluasraon werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label cluasraon werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2017-11-24

Tae

San eagrán is déanaí de Chluasraon bhí Natalia ag trácht ar thae, agus an réimse leathan deochanna te a chuimsíonn sin di.

Agus mise a fás aníos b'annamh fáil ar rud ar bith seachas tae dubh, málaí nó duilleoga. Lyons nó Barry's. Is cuimhin liom mo mháthair ag ól tae duilleoga sú craobh, ach bhí sé deacair teacht air.

Nuair a chuaigh mé chun na Gearmáine i dtosach, agus go deimhin fad a bhí mé ann, bhíodh málaí tae Lyons á bhreith anall agam liom. Tá cara liom atá ann le breis is scór bliain fós á dhéanamh, seachas gur do Barry's atá sé siúd dílis.

Níor tháinig mé ar tae thall a bhí blasta le bainne ann, cé go dtagann Ostfriesisentee gar dó.

Ach tá saibhreas tae thall, idir dubh, glas agus luibheanna agus siopaí ar a dtugtar Teeladen orthu fairsing ar teampaill tae iad.

D'ól mé go leor tae dubh gan rud ar bith a chuir leis. (D'éirigh mé as siúcra i mo chuid tae Carghas éigin is mé sna fichidí, níor ól le siúcra tae ná caife ó shin).

Tae dubh le seasmain abair. Táim fós ceanúil ar Earl Grey, tae dubh le hola beirgeamat abair, a bhfuil fáil éasca air abhus.

Bhíodh an samhraidh te thall, agus bhí faoiseamh le fáil ó tae luibheanna, fiú agus é te.

Bhíodh cumaisc iontacha de tae na sceiche rua le fáil, le lusanna agus seacláid fiú. Tá rooibos sách leadránach ann féin ach go maith i gcoinne tart. Ní thuigim áfach an nós abhus bainne (fiú bainne cnó) a chuir ann.

Is maith liom tae torthaí, mórgóir ach go háirithe, nuair atá slaghdán orm. Agus tá tae cearbhas gránna le n-ól ach ana mhaith do ghoile corraithe.

Tá réimse níos leithne tae sna hollmhargaí anois, agus siopa tae nó dhó sa chathair a fhágann rogha deas tae abhus, cé nach bhfuil sé inchurtha fós le Teeläden na Gearmáine.

Tae le tae....

2017-10-09

Dé an chúis tósta?

B'shin ceann de na hábhar a tharraing Natalia Danzmann anuas sa chéad eagrán de phodchraoladh Cluasraon.

Tuigim di, go pointe. Níl sárú arán maith úr, agus baineann é a thíoradh go leor den blas agus den uigeacht as.

Ach agus mise ag fás aníos sna 70í agus 80í is beag rogha aráin a bhí ar fáil. An builín slisnithe geal an gnáth arán. Bhí leagan lán ghrán de ar fáil freisin, ach bhí sé beagnach chomh leamh céanna. Tá cúis gur Toastbrot a thugann na Gearmánaigh ar arán dá leithéid. Baineann tíoradh roinnt den leimhe as.

Bhí arán sóid ann, cinnte. Donn go hiondúil. Tá sin iontach blasta agus é úr ach téann sé chun leimhe go gasta. Cuireann tíoradh roinnt beocht ar ais ann.
Is cuimhin liom fós an féasta a chóiríodh mo Nana as cáca donn baile agus cáis cheddar leáite ag an greille ina sorn leictreach.

Thairis sin, bhí arán maith daor agus do ócáidí ar leith. Bhí bácús i Tír an Iúir, tí Eaton. Bhíodh arán bán iontach acu ar thug siad Vienna Roll. Bhí builín téagartha arán donn acu freisin. Anois is arís fuair muid bairín breac éadrom, geal.

I ndiaidh dom mo chéim a bhaint amach, bhog mé go Beirlín ar feadh deich mbliana. Oscailt súil an éagsúlacht agus fairsinge bia a bhí thall, i gnáth ollmhargaí. Tá cúrsaí athraithe abhus ó shin ar ndóigh, buíochas le hinimirce na bPolannach, Lidl agus Aldi agus nithe eile. Ach ag tús na nóchaidí bhí difríocht shuntasach ann. Chomh maith leis sin bhí bácúis coitianta thall agus lear mór builíní éagsúla ar fáil ó dubh dorcha go mín geal.

Thosaigh muid ag déanamh arán muid féin fiche éigin bliain ó shin le taos géar agus meascán plúr geal, lán ghráin agus bran. Slam síolta go hiondúil freisin, lus gréine agus puimcín.

É sin agus arán seagail ó Lidl is mó a ithim anois.

Fós féin, nuair atá an t-arán cúpla lá d'aois is féidir le tíoradh é athbheochan. Agus b'fhearr liom sin ná é chaitheamh amach!

Dé an chúis tósta?
Ní hansa. Athbheochan aráin!