Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label raidió na life werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label raidió na life werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2014-05-03

An stuif as a fáisctear Ceol Baile ...

Bhí mé i láthair tráthnóna Lá Bealtaine nuair a chuir Colm Ó Snodaigh Marcus Mac Conghail faoi agallamh san Siopa Leabhar do Raidió na Life.
Tá seanaithne ag Colm ar Mharcus agus an cúlra céanna acu beirt - rud a  d'fhág ar a chumas ceisteanna a chuir a mheall as Marcus na cúiseanna a spreag é le scríobh agus le ceol.
Agallóir chumasach é Colm dar liom - é ag cuir ceisteanna oscailte a thug deis do Mharcus an stuif - focal atá sé ceanúil air - a spreag é a nochtadh. 
Bhí níos mó ná agallamh i gceist, áfach - reic Marcus roinnt dá dhánta, agus rinne an dís ceol agus canadh le chéile.
Bhí dán nua ag Marcus dúinn, Union Jack, dán a d'eascair as a iarracht dul i ngleic leis an col a bhraith sé in a phutóga do Bhratach na Ríochta Aontaithe. Smaoineamh thar a bheith samhlaíoch a bhí ann miangas agus macnas a nascadh leis an ngiobal, d'fhonn an deamhan díbirt a dhéanamh ar an gcol.
Sílim gurbh aréir a craoladh an t-agallamh, ach tá sé le bheith ar SoundCloud amach anseo.

Aguisín 2014-0507: Ar fáil ar soundcloud anois

agus píosa físe ón ócáid:

2011-09-05

Léirmheas: An Cuimhin Leat?

D'éist mé le dráma a scríobh Brian Ó Tiomáin ar podchraoladh ar maidin. Pléann An Cuimhin Leat? le tromaíocht, agus leis an iarracht a dhéanann fear a scriosadh ag tromaíocht ar scoil dul i ngleic leis na deamhain atá á chrá - iad a dhíbirt.
Ón gcéad nóiméad, geal leis, bhí greim ag an reacaireacht orm: Bhí Seán McDonagh cumhachtach i bpáirt an íospartaigh, réimse iomlán na mothúcháin le sonrú ina ghuth - eagla, déistin, fearg. Bhí an bheirt aisteoir eile ana mhaith freisin. Tá drogall orm barraíocht a rá faoin ndráma chun gan an scéinséir a mhilleadh ar aoinne eile a mbeadh fonn acu cluas a thabhairt dó.  Bhíos ar bís ag éisteacht leis áfach - agus gach lúb agus casadh san scéal á éisteacht go géar agam.
Éistigí! Súil agam go bhfuil níos mó den gcineál seo i ndán dúinn ar Raidió na Life!

2011-08-31

Beidh lá eile ann amanathar, ambaist!

Ós rud é go bhfuil sraith drámaí Ghabriel Rosenstock, Amanathar, ar fáil anois mar phodchraoltaí, bhí deis agam éisteacht leis na drámaí is déanaí seo ó Raidió na Life. Cé gur foilsíodh dráma ar an téama céanna faoin dteideal céanna, tuigim gur athscríobhadh iad don raidió. Cinnte bhí úire agus tráthúlacht le sonrú iontu.
Tugann nuachtán Gaeilge samhlaithe an fráma do na drámaí;  rud a thugann scóip do ghreann dubh agus aoir.
Tá féidearthachtaí ar léith ar dráma ar raidió - áit a oibríonn samhlaíocht an éisteora le spreagadh agus nodanna ón mbrat fuaime san dráma. 
Agus baintear feidhm éifeachtach astu sna léirithe gairmiúla, snasta seo. Bhíos tógtha ach go háirithe leis an úsáid éifeachtach a bhaineadh as tost sna drámaí. Tost iomlán, gan fiú ceol sa chúlra. Spreagann sin an inchinn leis an mbearna a líonadh!
B'é "Anocht" an dráma is mó a thaitin liom - dráma a sheasadh leis féin. Níl de nasc aige leis an nuachtán ach go bhfuil an dís sa dráma tar éis fógra "croí uaigneach" a chuir ann agus a fhreagairt. Shíl mé go raibh an rud ar fad thar a bheith glic agus greannmhar. An fear tútach, cíocrach, leibideach; an bhean fuarchúiseach, cúramach - ach cineál cíocras le braith uaithi freisin, ach gan an fear in ann é a shásamh. 
Bhí na carachtar sna drámaí ar fad forbartha go maith; áfach: An t-eagarthóir éadóchasach, ciniciúil;  an t-eagarthóir cúnta díograiseach, ina mháistir an an gcaighdeán ach beag beann ar an mbrí; rúnaí lán sprid; file soi-disant; léirmheastóir dóite; agus mar sin de. Iad uilig so-aitheanta agus go hiomlán inchreidte laistigh de fhráma na drámaí.
Treaslaím a saothar leis an athair a scríobh agus leis an mac a léirigh - agus leis an haisteoirí a raibh Marcus Lamb, Doireann Ní Chorragáin, Aodh Ó Domhnaill agus Damhnait Ní Thuama ina measc.
Bígí ag éisteacht!