Píosaí liom in áiteanna eile:

Posts mit dem Label raidió werden angezeigt. Alle Posts anzeigen
Posts mit dem Label raidió werden angezeigt. Alle Posts anzeigen

2020-01-08

Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge - Úna Ní Mhaoileóin

Thar an Nollaig, nuair a ghéill mise do falsacht, bhí sraith bhreá ar an Raidió a rinne Máiréad Uí Dhomhnaill le maoiniú ón Údarás Craolacháin. Bhí fhios agam go raibh an sraith le teacht, ach idir seo is siúd níor éirigh liom éisteacht beo. Bhí deacrachtaí agam teacht ar na cláir ar an seinnteoir - agus d'fhiosraigh mé an scéal ar Twitter. Bhí spéis ar leith agam sa chlár an Úna Ní Mhaoileoin a scríobh trí leabhair taistil ar bhain mé an sult astu nuair a tharraing Réaltán m'aird orthu.

Tá cuardach a aimsíonn ocht gclár - níl mé cinnte an sin an t-iomlán - anseo - a bhuí le Caitríona Ní Bhaoill (@RTERnaG). Is dóigh liom go bhfuil srian sé seachtaine le na cláir a bheith ar fáil. Ach seans nach bhfuil. Shamhlóinn go mbeidh athchraoladh i gceist.

D'éist mé aréir leis an gclár faoi Úna Ní Mhaoileóin . Plé spéisiúil idir Máiréad, Roisín Ní Ghairbhí agus Réaltán Ní Leannáin faoin dóigh ar spreag a deirfiúr Bríghid Uí Éigeartaigh í chun na litreacha abhaile a fhoilsiú sa chéad leabhar "Le Grá ó Úna". Tá tagairtí san réamhrá spleodrach a chuir Bríghid leis an leabhar do saothar liteartha a n-athair Séamas Ó Maoileoin. Foilsíodh a chuimhní cinn siúd i "B'fhiú an Braon Fola". Poblachtach agus smaointeoir neamhspleách ab ea é, a raibh deacrachtaí dá réir a ghairm mar oide a chleachtadh i ndiaidh Cogadh na gCarad. Bhí a lorg sin ar saoirse intinne a chlann agus luaigh Róisín Ní Ghairbhí gur raibh col ag boic móra áirithe leis an meon a léirigh Úna ina tuairiscí, ainneoin go raibh moltóirí Oireachtais agus eile tógtha léi.

Tá snas níos mó ar an dá leabhar eile a scríobhadh le haghaidh foilsiú - An maith leat spaigití agus Turas go Túinis ach is í an bhean óg neamhspleách géarintinneach chéanna atá le fáil iontu.

Tréith eile atá i gcoitinne iontu ná flúirse léaráidí phinn Úna féin. Ainneoin nár foilsíodh aon saothair eile léi, bhí baint aici le léiriú leabhar eile de chuid Sáirséal agus Dill.

Chomh maith leis an allagar sa chlár léigh Áine Ní Ghlinn sleachta as na leabhair a léirigh an méid a bhí ráite sna hagallamh.

Ba mhithid na leabhair a athfhoilsiú!

Tá súil agam éisteacht leis na cláir eile sa sraith - tá dornán údar luaite nach bhfuil aon eolas agam orthu, agus dornán eile a bhfuil saothair leo léite agam ach nach bhfuil eolas agam orthu iad féin. Tharlódh sé go spreagfar smaoineamh fánach nó dhó eile....

2012-07-18

Drithleoga dóchais?

Le tamall anuas bhí mé ag cluinstin rianta ón CD seo ar Raidió na Gaeltachta. Thaitin siad go mór liom agus bheartaigh mé iarracht a dhéanamh an CD a fháil. Níorbh léir conas, ach le cuidiú Hannah Rua a bhfuil ríomhaithne agam uirthi tríd Twitter, fuair mé cóip. Tá sé ar fáil sna siopa thart fá Ghaoth Dobhair, ach níl fhios agam conas teacht ar seachas sin - agus is mór an trua sin, mar tá sé thar barr!
Dhá CD atá i gceist - "Na Drithleoga Ceoil" le amhráin agus píosaí ceoil, agus "Na Drithleoga Cainte" - filíocht, reacaireacht agus trí chlár raidió den scoth. Is léir go bhfuil an ithir as ar fás macasamhail Clannad, Enya agus Altan fós torthúil! Coinnígí súil agus cluas amach do Emma Ní Fhíoruisce atá i measc na réalta ar an CD ceoil.
Meascán de amhrán nua aimseartha (uilig, faraor, aistrithe ón mBéarla, fiú ceann a scríobh daltaí de chuid na scoile iad féin) agus traidisiúnta, agus cúpla giota ceoil uirlise atá ar an CD.
Tá meascán deas reacaireachta ar an CD eile, filíocht nua agus sean, greannmhar agus brónach, agus trí chlár raidió thar a bheith gairmiúla, le meascán de ceoil, giotaí cainte stairiúla agus insint. Ceann ar Ghaoth Dobhair, ceann ar Rann na Feirste agus ceann faoin scríbhneoir Máire (Séamas Ó Grianna).
Sa bhreis ar sin tá leabhrán deá dheartha lán d'eolas - focail na n-amhráin, beathaisnéis na n-oirfideach agus araile ann, maisithe le saothar ealaíona na ndaltaí. Tá an leabhrán seo ar fáil i formáid mór chomh maith le mar mion-leabhráin ar aon mhéid leis an clúdach CD.
Tríd is tríd, saothar den scoth. Is léir an tionchar dearfach atá ag RnaG go háitiúil agus ansin dar ndóigh tá an comórtas reacaireachta "An Béal Binn" (tá's agam é bheith ann de bharr tuairiscí ar RnaG - níor chaith mé mórán ama i dTír Chonaill agus ní cuimhin liom riamh bheith i nGaoth Dobhair - is mithid sinn a athrú!)

An t-aon chúis imní dom na ainmneacha na n-oirfideach - Emma, Majella, Michelle ... an bhfuil tuar ansin?

2012-02-05

Cé leis Raidió na Gaeltachta?

Bhí plé ghairid agam ag tús na seachtaine le Tiarnán de Hál ar twitter maidir le RnaG, an clár Glór Anoir ach go háirithe. Tá Tiarnán den tuairim nach bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal mar ba cheart ar Ghaeilgeoirí Oirthear na hÉireann. Bhain cuid dá argóint le cúrsaí spóirt; dá laghad mo spéis iontu is lú fós mo scil, mar sin níl faic le rá agam faoin réimse sin. Is le Lyric a éistimse ag an deireadh seachtaine ar mhaithe le cúrsaí spóirt a sheachaint! Ach seachas sin is le RnaG  a éistim, go háirithe agus mé ag taisteal ar an DART idir Cluain Tairbh agus an baile. Ní fear Gaeltachta mise, gan amhras, agus ní dóigh liom gur chaith mé níos mó ná coicís nó b'fhéidir trí seachtain i gceantar ar bith sa Ghaetacht Oifigiúil. Ach de bharr mo shuim sa Ghaeilge tá suim agam sa Ghaeltacht. Táim go láidir den tuairim go mbeidh seala an bháis go críochnúil ar an nGaeilge má theipeann uirthi mar theanga pobail. Dá thábhachtaí pobail na Gaeilge san Iar Ghaeltacht i ndán na teanga,  ní pobal dlúth muid agus beidh bearnaí suntasacha sna réimsí teanga a chlúdaíonn muid. Caithfidh aon straitéis don nGaeilge na difríochtaí seo a chuir san áireamh agus thar rud ar bith eile seachadadh an teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht a neartú.
Sin is dócha, an chomhthéacs do mo chuid tuairimí maidir le RnaG. Ar an gcéad dul síos, cé go bhfuil fáil ar Raidió na Gaeltachta go náisiúnta, ní craoltóir náisiúnta atá ann. Is ar Údarás Craolacháin na hÉireann (Alt 25/2/h) agus RTÉ (Alt 114) a leagann AN tACHT CRAOLACHÁIN 2009 na dualgais a bhaineann leis an nGaeilge a chuir chun cinn mar teanga labhartha. Níl ról RnaG amháin atá ann. Raidió Pobail is ea RnaG, raidió a d'eascair as gluaiseacht Ceárta Sibhialta na Gaeltachta agus Saor Raidió Chonamara. Bhíodh rannóg bisiúil ar RTÉ1 ag plé leis an nGaeilge, ach tá sin á siar imeallú, agus pé imir den nGaeilge atá fágtha a bhrú faoi fhreagracht RnaG, ag am go bhfuiltear ag ciorrú acmhainní orthu sin. Sin rud nach mian liomsa tacú leis a bheag ná a mhór. Ní maith an rud, fágaim, nach bhfuil clár dá gcuid féin le bheith ag Maigh Eo níos mó de bhrí go bhfuil Máirtín Mac Donnchadha ag dul amach ar pinsean. Agus n'fheadar a bhfuair na Déise, Músgraí, Teileann, Uíbh Ráthach agus a leithéidí a gceart riamh.

Maidir leis an Údaras, agus an foras a bhí ann roimhe, bíonn méid áirithe ar bun acu. Maoinítear cláir tríd an scéim Fuaim agus Fís - mar shampla, an dráma iontach úd An Cuimhin leat? Bíonn clár i nGaeilge ar Newstalk - Splanc. Tá clár freisin ar an stáisiúin pobail Near FM - Muin na Muice. Agus, gan amhras, tá stáisiún pobail ag Gaeilgeoirí Átha Cliath - Raidió na Life. Tá comhoibriú idir an Údarás Craolacháin agus an Comhdháil - Cogar.
Tá gníomhaíochtaí eile ann, mar shampla Raidió RíRá.
Is mó i bhfad na deiseanna ag Gaeilgeoirí seilbh a ghlacadh ar na meáin ná mar a bhí sna 1970í a bhuí leis an idirlíon. Rudaí gur féidir a dhéanamh ar bheagán costas, agus neamhspleách, i ngan fhios, agus gan buíochas don bpárlathas! Seachas baint ó luach Raidió na Gaeltachta do phobail na Gaeltachta, is ceart dúinne san Iar Ghaeltacht a bheith ag tacú leo, agus san am céanna ag briseadh fearainn nua don teanga.
Tá lúb ar lár suntasach i gcuir chuige RTÉ mar chraoltóir seirbhís poiblí go ginearálta.  Níl siad iomlán Stát maoinithe. Tá fógraíocht i gceist. Gnó. Agus téann sin chun dochar don ról seirbhís poiblí. Fágann sé freisin gur beag suim atá san ardbhainistíocht i conas atá RnaG ag cruthú, toisc nach gcraoltar fógraí ar an stáisiún. Níl iontu, mar sin, ach costas dar leo. Ní fiú iad a chuir san áireamh in san JNLR, mar nach mbeidh brabach le gnóthú as. Mar sin, níl eolas cruinn ar fáil maidir le héisteoirí RnaG. Níl againn ach suirbhé fánach thall is abhus fearacht an chinn seo. Mar sin, tá sonraí in easnamh chun plé ceart a dhéanamh ar an gceist.
Maidir leis an ceist sonrach, an féidir le  Cormac Ó hEadhra, fear Gaeltachta, a bheith ionadaíoch ar Ghaeil Bhaile Átha Cliath, sílim gur féidir. Ar an gcéad dul síos, ní hé féin amháin a chuireann an clár le chéile ná i láthair, agus is Bleá Cliathaigh ó dhúchas cuid mhaith den foireann.  Ar an dara dul síos, más féidir le - abair - Donncha Ó hÉallaithe nó Pádraig Ó hAoláin labhairt ar cheisteanna mar ionadaí Gaeltachta, tuige nach féidir le fear atá a chaitheann a shaol gairmiúil abhus labhairt ar son Gaeilgeoirí Oirthear na hÉireann? Tar éis an tsaoil, cuid suntasach de phobal na Gaeilge abhus muintir na Gaeltachta ar deoraíocht!

Mar sin: Treise le RnaG ag freastal ar Muintir na Gaeltachta, agus ar aghaidh leis an Ríomhlóid abhus!


2011-08-31

Beidh lá eile ann amanathar, ambaist!

Ós rud é go bhfuil sraith drámaí Ghabriel Rosenstock, Amanathar, ar fáil anois mar phodchraoltaí, bhí deis agam éisteacht leis na drámaí is déanaí seo ó Raidió na Life. Cé gur foilsíodh dráma ar an téama céanna faoin dteideal céanna, tuigim gur athscríobhadh iad don raidió. Cinnte bhí úire agus tráthúlacht le sonrú iontu.
Tugann nuachtán Gaeilge samhlaithe an fráma do na drámaí;  rud a thugann scóip do ghreann dubh agus aoir.
Tá féidearthachtaí ar léith ar dráma ar raidió - áit a oibríonn samhlaíocht an éisteora le spreagadh agus nodanna ón mbrat fuaime san dráma. 
Agus baintear feidhm éifeachtach astu sna léirithe gairmiúla, snasta seo. Bhíos tógtha ach go háirithe leis an úsáid éifeachtach a bhaineadh as tost sna drámaí. Tost iomlán, gan fiú ceol sa chúlra. Spreagann sin an inchinn leis an mbearna a líonadh!
B'é "Anocht" an dráma is mó a thaitin liom - dráma a sheasadh leis féin. Níl de nasc aige leis an nuachtán ach go bhfuil an dís sa dráma tar éis fógra "croí uaigneach" a chuir ann agus a fhreagairt. Shíl mé go raibh an rud ar fad thar a bheith glic agus greannmhar. An fear tútach, cíocrach, leibideach; an bhean fuarchúiseach, cúramach - ach cineál cíocras le braith uaithi freisin, ach gan an fear in ann é a shásamh. 
Bhí na carachtar sna drámaí ar fad forbartha go maith; áfach: An t-eagarthóir éadóchasach, ciniciúil;  an t-eagarthóir cúnta díograiseach, ina mháistir an an gcaighdeán ach beag beann ar an mbrí; rúnaí lán sprid; file soi-disant; léirmheastóir dóite; agus mar sin de. Iad uilig so-aitheanta agus go hiomlán inchreidte laistigh de fhráma na drámaí.
Treaslaím a saothar leis an athair a scríobh agus leis an mac a léirigh - agus leis an haisteoirí a raibh Marcus Lamb, Doireann Ní Chorragáin, Aodh Ó Domhnaill agus Damhnait Ní Thuama ina measc.
Bígí ag éisteacht! 
 

2011-06-25

Is ait an mac an Saol: Léirmheas

Betelgeuse mar a chonaic Hubble é
"Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochantóir Gaeilge! Sin go díreach atá  sa tsraith nua drámaí raidió 'Is ait an mac an saol', a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora Emer Ní Rónáin. Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Suite i bhfad sa todhchaí, tabharfar an t-éisteoir ar chamchuairt idir-réaltach agus Vobara sa tóir ar 'thaisceadán rúnda na Gaeilge'."
Mar sin a chuirtear síos ar an dráma seo de chuid Raidió na Life. D'éist mé leis na podchraoltaí, atá ar fáil anseo.
Thaitin rudaí áirithe faoin sraith liom. Is deacair an raidió a shárú mar spreagadh don tsamhlaíocht - pointe atá buanaithe ag an freagra a thug 'Rita' in 'Oiliúint Rita' maidir conas plé leis an dúshláin a bhaineann le Peer Gynt a stáitsiú - 'Dhéanfainn ar an Raidió é'. Tá an fuaimrian éifeachtach agus samhlaíoch san dráma. Tá na carachtar ceaptha go maith, agus iomlán inchreidte ainneoin cuid acu a bheith ina scigléiriú ar chineál nó aicme daoine. Baintear feidhm éifeachtach as na Gaeilgí uirbeacha  atá ann; an cumasc canúintí agus críol atá i mBÁC. Mar sin féin, chuir an sraith díomá áirithe orm. Ainneoin é bheith ceaptha a bheith san todhchaí, bhí an Éire a cuireadh i láthair sioctha san fichiú aois. Agus is an inbhreathnú chúng céanna maidir leis an 'cúis' atá i gceist leis an dráma. Sa mhullach ar sin, níorbh léir domsa aon phlota a bheith ag sníomh na radhairc - a bhí ana mhaith - le chéile. Nithe fónta sa dhráma, ach sílim go bhfuil forbairt le déanamh air!