Píosaí liom in áiteanna eile:

2020-01-08

Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge - Úna Ní Mhaoileóin

Thar an Nollaig, nuair a ghéill mise do falsacht, bhí sraith bhreá ar an Raidió a rinne Máiréad Uí Dhomhnaill le maoiniú ón Údarás Craolacháin. Bhí fhios agam go raibh an sraith le teacht, ach idir seo is siúd níor éirigh liom éisteacht beo. Bhí deacrachtaí agam teacht ar na cláir ar an seinnteoir - agus d'fhiosraigh mé an scéal ar Twitter. Bhí spéis ar leith agam sa chlár an Úna Ní Mhaoileoin a scríobh trí leabhair taistil ar bhain mé an sult astu nuair a tharraing Réaltán m'aird orthu.

Tá cuardach a aimsíonn ocht gclár - níl mé cinnte an sin an t-iomlán - anseo - a bhuí le Caitríona Ní Bhaoill (@RTERnaG). Is dóigh liom go bhfuil srian sé seachtaine le na cláir a bheith ar fáil. Ach seans nach bhfuil. Shamhlóinn go mbeidh athchraoladh i gceist.

D'éist mé aréir leis an gclár faoi Úna Ní Mhaoileóin . Plé spéisiúil idir Máiréad, Roisín Ní Ghairbhí agus Réaltán Ní Leannáin faoin dóigh ar spreag a deirfiúr Bríghid Uí Éigeartaigh í chun na litreacha abhaile a fhoilsiú sa chéad leabhar "Le Grá ó Úna". Tá tagairtí san réamhrá spleodrach a chuir Bríghid leis an leabhar do saothar liteartha a n-athair Séamas Ó Maoileoin. Foilsíodh a chuimhní cinn siúd i "B'fhiú an Braon Fola". Poblachtach agus smaointeoir neamhspleách ab ea é, a raibh deacrachtaí dá réir a ghairm mar oide a chleachtadh i ndiaidh Cogadh na gCarad. Bhí a lorg sin ar saoirse intinne a chlann agus luaigh Róisín Ní Ghairbhí gur raibh col ag boic móra áirithe leis an meon a léirigh Úna ina tuairiscí, ainneoin go raibh moltóirí Oireachtais agus eile tógtha léi.

Tá snas níos mó ar an dá leabhar eile a scríobhadh le haghaidh foilsiú - An maith leat spaigití agus Turas go Túinis ach is í an bhean óg neamhspleách géarintinneach chéanna atá le fáil iontu.

Tréith eile atá i gcoitinne iontu ná flúirse léaráidí phinn Úna féin. Ainneoin nár foilsíodh aon saothair eile léi, bhí baint aici le léiriú leabhar eile de chuid Sáirséal agus Dill.

Chomh maith leis an allagar sa chlár léigh Áine Ní Ghlinn sleachta as na leabhair a léirigh an méid a bhí ráite sna hagallamh.

Ba mhithid na leabhair a athfhoilsiú!

Tá súil agam éisteacht leis na cláir eile sa sraith - tá dornán údar luaite nach bhfuil aon eolas agam orthu, agus dornán eile a bhfuil saothair leo léite agam ach nach bhfuil eolas agam orthu iad féin. Tharlódh sé go spreagfar smaoineamh fánach nó dhó eile....